Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Intéirneachtaí san Aonad um Chearta an Duine de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Cuirtear fáilte roimh iarratais ar intéirneachtaí san Aonad um Chearta an Duine de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus Buan-Mhisean na hÉireann chuig na Náisiún Aontaithe, Geneva.

Tugtar tosaíocht ard do Chearta an Duine i mbeartas eachtrach na hÉireann. Déanann an tAonad um Chearta an Duine comhordú ar bheartas na hÉireann i dtaobh chearta idirnáisiúnta an duine, agus cinntíonn sé go ndéantar léiriú iomlán ar ábhair chúraim a bhaineann le cearta an duine i ngach réimse de bheartas eachtrach an Rialtais.

Is ar feadh tréimhse suas go dtí aon mhí dhéag a mhairfidh na poist san Aonad um Chearta an Duine agus Geneva, agus beidh an chéad phost ag tosú i mí Aibreáin 2017. D'fhéadfadh roinnt post eile a bheith ar fáil freisin. Bunófar gearrliosta d'iarrthóirí oiriúnacha as a líonfar na poist intéirneachta.

Beidh na cáilíochtaí agus an taithí seo a leanas ag na hiarrthóirí a cheapfar:

  • Tá céim le céad nó dara honóracha sa Dlí, sa Chaidreamh Idirnáisiúnta, i gCearta an Duine, sa Pholaitíocht nó i ndisciplín ábhartha eile de dhíth.
  • Tá sé inmhianaithe cáilíocht iarchéime nó cáilíocht ghairmiúil a bheith ag na hiarrthóirí.
  • Ní mór eolas maith a bheith acu ar an Dlí Idirnáisiúnta agus/nó na Dlíthe i leith Chearta an Duine.
  • Ní mór an-spéis a bheith acu i gcearta an duine, sa bheartas eachtrach agus i gcúrsaí reatha.
  • Bheadh sé inmhianaithe taithí oibre 6 mhí ar a laghad a bheith ag na hiarrthóirí le heagraíochtaí a bhíonn ag plé le cearta an duine.
  • Ní mór dea-scileanna ríomhaireachta a bheith acu.
  • Ní mór dóibh a bheith solúbtha, tionscnaíoch, agus dea-bhreithiúnas agus scileanna dréachtaithe den scoth a bheith acu, mar aon leis an gcumas a bheith ag obair le foireann.
  • Cé nach bhfuil sé riachtanach na hiarrthóirí a bheith inniúil sa Fhraincis, is inmhianaithe é.

Tabhair faoi deara, i gcás iarrthóirí a bhfuil intéirneacht nó fostaíocht sé mhí nó níos faide déanta acu cheana féin sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála nó i Misean Taidhleoireachta de chuid na hÉireann thar lear, nach bhfuil siad incháilithe chun dul san iomaíocht.

Iarrthóirí ar mian leo cur isteach ar na poist intéirneachta, ba chóir dóibh ríomhphost hruintern[ag]DFA[ponc]ie foirm iarratais a iarraidh (tá leagan Béarla agus leagan Gaeilge di ar fáil; NÁ cuir isteach CV le do thoil). Bain úsáid as cló ríomhaire soléite le do thoil agus an fhoirm seo á comhlánú agat. Ní ghlacfar le hiarratais i lámhscríbhinn. Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe, agus IARRATAS AR INTÉIRNEACHT marcáilte go soiléir orthu, a chur isteach faoi am scoir gnó, dé hAoine an 17 Feabhra 2017 chuig:

Martina Feeney
An Stiúrthóir
An tAonad um Chearta an Duine
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
79-80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: hruintern[at]dfa[dot]ie

Is féidir iarratais a chur isteach ar an bpost nó tríd an ríomhphost.

Trí fhaisnéis a chur isteach go leictreonach, glacann páirtithe leis go bhféadfadh sé nach bhfuil na sonraí iomlán slán. Aon fhaisnéis phearsanta a chuirfear isteach chugainn, ní bhainfear leas aisti ach amháin le haghaidh na gcríoch dá bhfuil sí beartaithe agus scriosfar í nuair nach mbeidh sí ag teastáil a thuilleadh. Ní ceadmhach aon phróiseáil ná aon nochtadh eile a dhéanamh ar shonraí pearsanta ach amháin in imthosca eisceachtúla dá bhforáiltear faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Iarratais a gheofar i ndiaidh an dáta deiridh d'iarratais, ní dhéanfar iad a mheas. Is ar bhonn agallamh iomaíoch a líonfar an post nó na poist. Más rud é go bhfaighfear líon mór iarratas, cuirfear iarrthóirí ar ghearrliosta le haghaidh agallaimh ar bhonn na faisnéise a bheidh sonraithe ina n-iarratais. Cuirfear freagra chuig na hiarrthóirí ar éirigh leo laistigh de dhá sheachtain ón dáta deiridh. Is dócha go mbeidh na hagallaimh ar siúl i mBaile Átha Cliath le linn na seachtaine dar tús an 6 Marta 2017.

Faisnéis faoin gconradh:

Is é an ráta pá is infheidhme maidir le gach intéirneach an chéad phointe ar ghrád an Oifigigh Feidhmiúcháin sa Státseirbhís. Níl aon teidlíocht chun stádas Státseirbhíse.

Incháilitheacht:

Níl saoránaigh de chuid Stát nach bhfuil sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch incháilithe chun dul san iomaíocht. Cuimsíonn an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ballstáit an Aontais Eorpaigh mar aon leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Má tá amhras ar aon iarrthóir ina leith sin, ba chóir dó nó di dul i gcomhairle leis an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Fostóir comhdheiseanna is ea an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go ndícháileofar aon iarrthóir a dhéanfaidh iarracht ar bith, bíodh sí díreach nó neamhdhíreach, tionchar a imirt ar an bpróiseas roghnóireachta.