Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Deiseanna Gairme

Career opportunities

Tá nósanna imeachta earcaíochta sainiúla ag an Roinn. Ar aon dul le Ranna Rialtais eile, líontar formhór na bpost buan sa Roinn as painéil iarrthóirí a roghnaítear trí scrúdú iomaíoch. An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), an comhlacht earcaíochta lárnach do státseirbhís iomlán na hÉireann, a reáchtálann na scrúduithe sin.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi róil státseirbhíse, lena n-áirítear iad sin a bhaineann go sonrach leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ar láithreán gréasáin PASlá. Tá moratóir ar earcaíocht chuig an earnáil phoiblí faoi láthair áfach, dá bhrí ní dóigh go mbeidh poist ar fáil go luath.

Bíonn deiseanna intéirneachta ar fáil leis an Roinn agus molaimid duit fanacht i dteagmháil leis an Oifig Gairmeacha i d’Ollscoil.

Bíonn Deiseanna le Cúnamh Éireann ar fáil ó am go ham.

EU Jobs Ireland

Sheol an Rialtas an feachtas EU Jobs Ireland in 2012 agus é mar aidhm aige líon na nIarrthóirí Éireannacha a bhí ag cur isteach ar chomórtais earcaíochta an AE agus ag daingniú post buan laistigh de na hinstitiúidí a mhéadú. Arna comhordú ag Roinn an Taoisigh, baineann an feachtas úsáid as saineolas phríomh-gheallsealbhóirí AE na hÉireann chun eolas riachtanach a sholáthar duit faoi na cineál post atá ar fáil agus conas iad a dhaingniú.

Cuireann EU Jobs Ireland réimse seirbhísí eolais ar fáil – lena n-áirítear nuachtlitir tiomanta EU Jobs Ireland, fotha Twitter (@eujobsireland) agus leathanach Facebook (EUjobs.ie) chun tú a choinneáil cothrom le dáta leis an nuacht is déanaí faoi Phoist san AE. Eagraíonn an feachtas cainteanna rialta agus seisiúin eolais ag Ollscoileanna agus Aontaí Gairme ar fud na hÉireann agus sa Bhruiséil. Ar deireadh, cuireann sé sainchomhairle agus oiliúint ar fáil d’iarrthóirí Éireannacha chun tosaigh ar na comórtais earcaíochta AE chun a ndeiseanna rathúlachta a mhéadú.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach www.eujobs.ie nó cláraigh chun nuachtlitir an fheachtais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig eujobs@taoiseach.ie

 

There are no vacancies at this time

There are no vacancies at this time

There are no vacancies at this time

There are no vacancies at this time

There are no vacancies at this time

There are no vacancies at this time