Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Libéir, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Libéir

Má tá tú ag taisteal chun na Libéire, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Ráig den Ghalar Víris Ebola (EVD)

Tá sé deimhnithe go bhfuil ráig d’fhiabhras fuilreatha Ebola i Siarra Leon, i nGuine agus sa Libéir. Sa Libéir, is i gContae Lofa i dtuaisceart na tíre atá formhór na gcásanna deimhnithe, agus tuairiscíodh cásanna deimhnithe sa phríomhchathair, Monrovia, agus i gcontaetha eile ar fud na tíre chomh maith.

Fad atáthar sa Libéir, moltar duit a bheith an-chúramach agus an chomhairle sláinte thíos a leanúint.

An 27 Iúil, dhún rialtas na Libéire formhór dá tailte críche, seachas na príomhphointí trasnaithe. Tá Aerfort Idirnáisiúnta Roberts agus Aerfort Spriggs Payne fós oscailte. Tá eitiltí chuig an Libéir agus aisti curtha ar fionraí go sealadach ag British Airways, ag Asky agus ag Arik Air mar fhreagairt ar an ráig Ebola. Tá roinnt aerlínte idirnáisiúnta fós ag freastal ar an tír, agus níl an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ag déanamh aon mholtaí i leith srianta taistil ná i leith srianta trádála. Moltar do shaoránaigh na hÉireann atá sa Libéir nó atá ar intinn taisteal chuig nó as an tír, monatóireacht a dhéanamh ar na meáin agus fanacht i dteagmháil lena n-aerlínte le haghaidh eolas a fháil ar aon fhorbairtí a thagann chun cinn.

Tá an baol go nochtfar thú don víreas Ebola thar a bheith íseal mura raibh tú ag obair laistigh de na saoráidí sláinte. Ba chóir go ndéanfadh na bearta coisctheacha seo a leanas an riosca ionfhabhtaithe a chur as an áireamh:

  • teagmháil dhíreach le fuil nó le sreabháin choirp othair nó le marbhán agus le nithe eile a d’fhéadfadh a bheith éillithe a sheachaint;
  • dlúth-theagmháil le hainmhithe fiáine agus le caitheamh ‘feoil toir’ a sheachaint;
  • caidreamh collaí neamhchosanta a sheachaint.

Comhairle do dhaoine a thaistil ó Ghuine, ón Libéir nó ó Siarra Leon

Tá an baol go raibh tú nochta don víreas Ebola thar a bheith íseal mura raibh tú ag obair laistigh de na saoráidí sláinte.

Má mhothaíonn tú fiabhrasach áfach, nó má mhothaíonn tú traochta agus tuirse thar cuimse, nó má bhíonn an bhuinneach ort nó má bhíonn aon chomharthaí sóirt tromchúiseacha eile agat sna seachtainí i ndiaidh duit ceantar trópaiceach a fhágáil, ba chóir duit: cóir leighis a fháil ar an toirt agus cuntas a thabhairt ar do chuid taistil, d’fhéadfaí go mbeadh tú ag fulaingt le hionfhabhtú maláire a éilíonn fiosrúchán agus cóir leighis ar an toirt.

Má bhí tú i dteagmháil go díreach le sreabháin choirp ó dhuine nó ó ainmhí beo nó marbh, lena n-áirítear caidreamh collaí neamhchosanta le hothair atá anois feabhsaithe, ba chóir duit:
Cóir leighis a fháil ar an toirt agus cuntas a thabhairt ar do chuid taistil.

Teagmháil a dhéanamh leis an tsaoráid chóir leighis ar ghuthán roimh ré, chun go mbeidh na pearsanra leighis in ann cosaint chuí a úsáid ag am a nglacfar leat.
Ta eolas breise ar fáil ó shuíomh gréasáin an ionaid Faireachais cosanta Sláinte.

Tagair don táb ‘Eolas Breise’ le haghaidh breis eolais.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Libéir nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Toisc nach bhfuil Ambasáid an hÉireann sa Libéir, moltar do shaoránaigh na hÉireann a gcuid sonraí a chlárú le ceann Mhisin an AE i Monrovia.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Libéir sula dtéann tú ann. Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Má theastaíonn cúnamh uait áfach, is féidir teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann in Siarra Leon.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá feabhas tagtha ar shlándáil agus cobhsaíocht sa Libéir ó tháinig deireadh leis an  gcoimhlint inmheánach sa tír in 2003. Tá teannas agus baol foréigin sa tír fós, áfach. Molaimid go láidir duit a bheith thar a bheith cúramach agus tú ag taisteal chun na Libéire agus aon taisteal atá beartaithe agat a dhéanamh a bhreithniú agus a phleanáil go cúramach.

Staid slándála

Ní féidir an staid slándála san Libéir a thuar, go háirithe taobh amuigh de Monrovia, an phríomhchathair, go háirithe i ngar do na teorainneacha le Côte d’Ivoir. Ná taisteal chuig contaetha Grand Gedeh, Abhann Ghee agus Maryland.

Má shocraíonn tú taisteal chun na Libéire, bí airdeallach i gcónaí agus cinntigh go bhfuil do theaghlach ar an eolas faoi do phleananna taistil. Bí ar an eolas i gcónaí faoin méid atá ag tarlú thart ort trí bhreathnú ar na meáin áitiúla agus trí bheith i dteagmháil le d’óstán nó le d’eagraí turas. Faigh comhairle áitiúil sula dtéann tú ag taisteal agus cinntigh go bhfuil sé de chumas ag d’eagraíocht óstach áitiúil do shábháilteacht a chinntiú. 

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil ráta sceimhlitheoireachta sách íseal sa Libéir, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh. 

Coiriúlacht

Tá leibhéil arda coiriúlachta sa Libéir, lena n-áirítear coiriúlacht fhoréigneach, robálacha armtha agus ionsaithe gnéis. Is gadaíocht fhaillí a bhíonn i gceist i bhformhór coireanna, leis an té a dhéanann an choir armtha le sceana nó airm tine. Méadaíonn an baol a bhaineann le gadaíocht nó mugálacha den chineál sin thart ar am na Nollag, ó mhí na Samhna go dtí an bhliain nua.  Bí airdeallach i gcónaí, go háirithe nuair a éiríonn sé dorcha nuair a bhíonn leibhéal coireachta níos airde agus déan réamhchúram ciallmhar i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Ná téigh ag siúl i d’aonair san oíche, go háirithe ar sráideanna dorcha gan soilse, ar an trá nó in áiteanna a bhfuil líon beag daoine iontu.
  • Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Cinntigh go bhfuil do chóiríocht agus d’fheithiclí daingnithe go maith, agus na doirse agus na fuinneoga faoi ghlas i gcónaí.

Calaois Gnó

Is fadhb fhorleathan í calaois gnó i gcoinne eachtrannach chomh maith. Má tá sé beartaithe agat infheistíocht a dhéanamh nó dul i gconradh, molaimid duit taighde cúramach a dhéanamh ar an duine nó ar an gcuideachta lena mbaineann sula ndéantar aon ghealltanas. Bí an-chúramach má tháinig na deiseanna gnó chun cinn mar thoradh ar  theagmháil gan iarraidh nó ar ghealltanais ar thoradh airgeadais tapa.

Éilliú

Is fadhb choitianta í éilliú sa Libéir, cé go bhfuil na húdaráis ag déanamh iarrachtaí chun dul i ngleic léi.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Libéir, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Ba chóir duit a bheith ar an eolas, áfach, go bhfuil cumas na bpóilíní teoranta maidir le coireanna a fhiosrú go héifeachtach. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann sa Siarra Leon má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé beartaithe agat a bheith ag tiomáint, ní mór duit a bheith an-chúramach mar is beag sábháilteacht atá ar na bóithre. Tá baol ard timpistí tráchta ann agus meallann timpistí sluaite  daoine naimhdeacha, agus d’fhéadfadh círéibeacha tarlú. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Libéire, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Ná téigh ag taisteal lasmuigh d’uaireanta sholas an lae
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Sábháilteacht ar Bhóithre

Bíonn staid na mbóithre sa Libéir an-dona de ghnáth. Éiríonn siad i bhfad níos measa i rith séasúr na báistí (Bealtaine go dtí Deireadh Fómhair) mar go ndéanann báisteach throm damáiste do dhromchlaí bóthair, cruthaítear linntreoga móra agus ní féidir an bóthar a thrasnú go minic. Níl soilsiú sráide, tarmac ná marcanna péinteáilte ag formhór na mbóithre. Má tá tú ag taisteal lasmuigh de Monrovia, molaimid feithicil faoi thiomáint ceithre roth.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Iompar poiblí

Molaimid go láidir duit gan tacsaithe príobháideacha, tacsaithe ar ghluaisrothair iad ná busanna áitiúla a úsáid. Bíonn cothabháil feithiclí agus caighdeáin tiomána an-lag, bíonn feithiclí plódaithe go minic agus tá baol gadaíochta ar bord.

Sábháilteacht san aerfort

Má tá sé i gceist agat teacht isteach go dtí Aerfort Idirnáisiúnta Roberts, molaimid go láidir duit gan an t-iompar poiblí ná na tacsaithe atá ar fáil ansin a úsáid. Cinntigh go bhfuil do chuid iompair socraithe roimh ré agus go mbeidh feithicil (agus tiománaí) ó d’eagraíocht nó d’óstán, nó ó cuideachta gluaisteán chreidiúnach, ag fanacht leat.

Sábháilteacht san uisce

Tá sruthanna abhann agus sruthanna cuilitheála láidir ar thránna na Libéire agus ní féidir iad a thuar, rud a chiallaíonn go bhfuil coinníollacha snámha an-chontúirteach. Is minic go mbíonn na tonnta ró-láidir do na canúnna agus na báid iascaireachta a bhíonn ag tairiscint seirbhísí paisinéirí feadh an chósta agus ba chóir iad sin a sheachaint.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bíodh meas agat ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Dlíthe áitiúla

Déantar saoránaigh na hÉireann a dhéanann cionta coiriúla a ionchúiseamh agus a chur i bpríosún nó a dhíbirt as an Libéir. Tá coinníollacha príosúin sa tír thar a bheith dian.

Gníomhaíochtaí neamhdhleathacha

Tá na pionóis a bhaineann le seilbh, úsáid agus gáinneáil ar dhrugaí agus le smuigleáil diamant an-dian agus níor chóir go mbeadh baint agat leis na gníomhaíochtaí sin in aon bhealach.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí sa Libéir agus moltar duit a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Táirgí faoi Chosc

Tá allmhairiú arm isteach sa Libéir in aghaidh an dlí faoi smachtbhannaí an AE.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá an aeráid sa Libéir te agus tais ar feadh na bliana go léir. Méadaíonn teochtaí agus taise le linn an tséasúir thirim (Samhain go dtí Aibreán), agus bíonn báisteach an-trom agus stoirmeacha toirní ann le linn séasúr na báistí (Bealtaine go dtí Deireadh Fómhair). 

Tuilte

Bí cúramach agus tú ag taisteal le linn shéasúr na báistí mar gur féidir le maidhmeanna tuile agus smionagar a bhíonn ag titim a bheith guaiseach.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní mór do shaoránaigh na hÉireann pas, víosa agus teastas vacsaínithe fiabhras buí bailí a bheith acu chun dul isteach sa Libéir. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Ambasáid na Libéire i Londain, a dhéileálann le hiarratais ar víosaí ó chónaitheoirí na hÉireann.

Clárú

Má bheartaíonn tú dul chun cónaithe sa Libéir, ní mór duit clárú leis an mBiúró Inimirce agus Eadóirseachta i Monrovia.  

Pasanna

Moltar duit fótachóip de do phas agus céannacht eile le grianghraf a thabhairt leat i gcónaí agus do phas a choinneáil in áit shlán. 

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Libéire. Tá vaicsaíniú don fiabhras buí ina riachtanas iontrála don tír.

Áiseanna leighis

Tá infhaighteacht agus caighdeán na seirbhísí leighis sa Libéir íseal. Is beag soláthairtí ná trealamh atá sna hospidéil, agus níl aon seirbhísí éigeandála i bhfeidhm.  Má theastaíonn cóir leighis uait, d’fhéadfaí go n-iarrfaí ort é a íoc láithreach. 

Má tá riocht sláinte agat cheana nó má bhí imní sláinte ort roimhe seo, moltar go láidir duit gan taisteal chun na Libéire. Má shocraíonn tú taisteal, déan cinnte go bhfuil do dhóthain cógas a thabhairt lean a mhairfidh an t-achar a bheidh tú ar cuairt, mar seans nach mbeadh tú in ann na drugaí nó an cóir leighis chuí a fháil sa Libéir.

Maláire

Tá maláire, lena n-áirítear maláire cheirbreach atá in ann a bheith marfach laistigh de 72 uair an chloig, eindéimeach sa tír agus moltar go láidir duit próifiolacsas maláire agus eangach muiscítí a úsáid, chomh maith le éarthach feithidí a úsáid agus do ghéaga a choinneáil clúdaithe san oíche. Tabhair do dhóthain cóireála frith-mhaláire leat a mhairfidh an t-achar a bheidh tú ar cuairt.

Galair uisce-iompartha

Tá galair uisce-iompartha ar nós buinneach, giardia, dinnireacht agus tíofóideach coitianta, mar sin ná hól agus ná húsáid ach uisce buidéalaithe chun do fhiacla a ghlanadh, agus seachain torthaí, sailéid, bia mara agus feoil nach bhfuil cócaráilte.

Tinnis eile

Tá tinnis eile lena n-áirítear calar, confadh, VEID, heipitíteas A agus B, meiningíteas agus fiabhras Lassa, in ann tú a chur i mbaol.

Airgead

Tá geilleagar na Libéire bunaithe ar airgead tirim; is annamh a úsáidtear cártaí creidmheasa, cártaí dochair agus seiceanna taistil agus ba chóir duit do dhóthain airgead tirim a thabhairt leat chun do chuid caiteachais a chlúdach. Is é dollar Mheiriceá an t-airgeadra eachtrach is mó a nglactar leis. Bí cúramach le do shábháilteacht phearsanta agus tú ag iompar airgead tirim.

ATManna

Tá roinnt ATManna i Monrovia a ghlacann le cártaí Visa, ach ní féidir slándáil na n-idirbheart a chinntiú.

Airgeadra a allmhairiú

Tá srianta ar an méid airgid thirim gur féidir leat a thabhairt isteach sa Libéir, agus ba chóir duit na riachtanais is déanaí ó Ambasáid na Libéire i Londain a fháil amach sula dtéann tú ann.

Teanga

Is é an Béarla teanga oifigiúil sa Libéir.

Embassy contact

Embassy Contact

Embassy of Ireland,
LCL Compound,
12/13th Street,
Sinkor,
Monrovia,
Liberia

Tel: +231-77-675-5707

Monday to Thursday 09:00-17:00; Friday 09.00 – 13.00

Contact us