Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/viosai-deirinn.

Working Holiday Authorisation Notice

The ongoing COVID-19 pandemic has affected the operation of the Working Holiday Authorisation arrangement. Please contact the relevant Embassy for more information.

Socruithe saoire oibre

Ceadaíonn socruithe saoire oibre atá ag Éirinn le rialtais eile do dhaoine óga ón dá thír fad a chur lena saoire agus sin a mhaoiniú trí obair shealadach.

Saoránaigh na hÉireann

Más saoránach na hÉireann tú agus más mian leat dul ar saoire oibre go tír a bhfuil comhaontú againn leo, caithfidh tú iarratas ar údarú a dhéanamh leis an tír sin agus a chinntiú go gcomhlíonann tú critéir na tíre.

Saoránaigh nach saoránaigh na hÉireann iad

Más mian leat obair a dhéanamh i rith do shaoire in Éirinn, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar Údarú Saoire Oibre (USO) ón Ambasáid/Consalacht de chuid na hÉireann is gaire duit, nó ó eagraíocht ábhartha.

Coimeádann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ár n-ionadaithe agus ár ngníomhairí, an ceart chucu chun tuilleadh doiciméadúchán a lorg agus/nó diúltú d’aon iarratas ar Údarú Saoire Oibre (USO).

Maoiniú dóthanach

Caithfidh tú go leor airgid a bheith agat chun tú féin a chothabháil don chéad chuid de do shaoire ar a laghad ar fhaitíos nach bhfaigheann tú obair. Féadfaidh oifigigh inimirce cruthúnas a lorg go bhfuil maoiniú do dhóthain agat ar shroicheadh Éire duit.

Árachas liachta

Moltar go láidir duit árachas liachta príobháideach a fháil chun aon chostais a chlúdach sa chás go mbeadh timpiste agat nó go n-éireofá breoite agus tú in Éirinn.

Obair a fháil

Tá an margadh d’obair ócáideach ghearrthéarma in Éirinn an-iomaíoch agus tá soláthar leordhóthanach aige ón líon mór den lucht fágála scoile agus náisiúnaigh Éireannacha agus AE atá ar thóir oibre. Ní hionann do USO a fháil agus ráthaíocht go bhfaighidh tú obair.

Rialúcháin inimirce

Fiú má bhíonn USO agat tá tú fós faoi réir gnáthrialúchán inimirce ar shroicheadh Éire duit. Mar náisiúnach neamh-AE caithfidh tú clárú le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce. Tá táille €150 ar eisiúint chárta clárúcháin an Gharda Síochána (póilíní).  

Conas iarratas a dhéanamh

Tír/Réigiún

Déanann saoránaigh nach saoránaigh na hÉireann iad iarratas chuig:

Déanann saoránaigh n hÉireann iarratas chuig:

An Airgintín

Ambasáid na hÉireann i mBuenos Aires

FAQs an Airgintín

An Astráil

Ambasáid na hÉireann i gCanberra 

Oifig Víosa na hAstráile i Londain

Ceanada

Clár Oibre Mac Léinn Thar Lear  (thar ceann Ambasáid na hÉireann in Ottawa)

Eispéireas Idirnáisiúnta Cheanada – Ambasáid Cheanada

Hong Cong

Consalacht Oinigh na hÉireann i Hong Cong

Roinn Inimirce Hong Cong

An tSeapáin

Ambasáid na hÉireann i Tóiceo

Ambasáid na Seapáine i mBaile Átha Cliath

An Nua-Shéalainn

Consalacht Oinigh na hÉireann in Auckland

Inimirce na Nua-Shéalainne

An Chóiré Theas

Ambasáid na hÉireann i Súl

Ambasáid Phoblacht na Cóiré i mBaile Átha Cliath  

An Téaváin

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

Oifig Ionadaíochta Taipei in Éirinn

SAM

Ambasáidí nó Consalachtaí na hÉireann i SAM

Ambasáid na SA i mBaile Átha Cliath