Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/embassies.

Ag dul i dteagmháil le hAmbasáidí

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má bhíonn fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin. Más gá duit teagmháil a dhéanamh linn, áfach, táimid sásta cabhrú leat.

Roinnt Leideanna

  • Déan nóta de shonraí teagmhála na hAmbasáide ábhartha sula dtaistealaíonn tú.
  • Cláraigh do chuid sonraí linne ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála.

Dul i dteagmháil linn agus tú thar lear

Má bhíonn baint agat le héigeandáil thar lear, is féidir leat dul i dteagmháil le hAmbasáid, Consalacht nó Consalacht Oinigh na hÉireann chun cabhrú leat.

Tá sonraí teagmhála na dtíortha ar leith ar fáil ar na leathanaigh a bhaineann le comhairle taistil ar ár suíomh gréasáin.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Chabhair Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 1408 2527.

Gan aon Ambasáid nó Consalacht na hÉireann?

I dtíortha nach bhfuil aon ionadaíocht fhoirmeálta ag Éirinn, is féidir cabhair chonsalachta, comhairle agus tacaíocht éigeandála a lorg trí oifigí cónaithe na mballstát eile de chuid an AE.

Más rud é go bhfuil tú i mballstát laistigh den AE nach bhfuil ionadaíocht ag Éirinn ann, is féidir leat eolas a fháil faoi mhisin AE eile sa tír ina bhfuil tú trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Threoir um Chosaint Consalachta.

Cláraigh linn roimh duit taisteal

Cláraigh do chuid sonraí linne ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat má tharlaíonn géarchéim nach bhfuil coinne léi, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh agus tú thar lear. Más gá, cuirfimid cúnamh ar fáil duitse agus do do theaghlach.