Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/local-laws-and-customs.

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Mar chuairteoir chuig tír iasachta ba chóir meas a léiriú i gcónaí do dhlíthe agus gnásanna áitiúla na tíre a bhfuil tú ar cuairt uirthi. Léigh ár gcomhairle le haghaidh leideanna conas deacrachtaí a sheachaint, leis an dlí nó trí olc a chur ar na daoine áitiúla.

Roinnt Leideanna

  • Léigh ár gcomhairle taistil ar leith do gach tír, cuir tú féin ar an eolas roimh duit taisteal agus faigh comhairle áitiúil nuair a bhaineann tú an tír amach.
  • Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin.
  • Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Gnásanna Áitiúla

Bíodh aird agat ar ghnásanna áitiúla agus tú thar lear. I roinnt áiteanna, is fearr tú féin a iompar ar bhealach atá coimeádach. Seachain léiriú geana poiblí agus gléas go humhal, go háirithe in ionaid adhartha.

Cultúr Moslamach

Tá snáitheanna coimeádacha Ioslam agus creidimh eile ann ar fud an domhain. Agus tú ag taisteal sna háiteanna sin, ba chóir gléasadh go humhal agus cinnte a dhéanamh gan cur isteach ar chultúr áitiúil agus creidimh reiligiúnacha, go háirithe le linn mhí beannaithe Ramadan agus féilte reiligiúnacha eile. Tabhair aird ar do chuid éadaí agus iompair má bhíonn sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar ionaid adhartha.

Le linn Ramadan, níl cead ag Moslamaigh ithe, ól ná tobac a chaitheamh le linn uaireanta le solas an lae. Ionas nach gcuirfí isteach orthu, ba chóir duit féin gan ithe, ná hól ná tobac a chaitheamh go poiblí le linn an ama seo.

Is féidir le treoirleabhair, lucht óstáin agus treoraithe turais áitiúla a bheith mar acmhainní eolais maithe maidir le hiompar agus gléasadh go measúil.

Dlí Sharia

Is corpas dlí agus cód morálta Ioslamach é Dlí Sharia. D’fhéadfadh pionóis faoi dhlí Sharia a bheith dian, go háirithe i gcomhair cionta amhail goid agus adhaltranas. Más ag taisteal go háit atá faoi dhlí Sharia, tugaimid comhairle duit meas a léiriú do thraidisiúin reiligiúnacha áitiúla agus gan olc a chur ar íogaireachtaí áitiúla. Ba chóir do thaistealaithe gléasadh go humhal agus tugtar comhairle do mhná a gcosa, a lámha agus a gceann a chlúdach.

Taistealaithe Ban

D’fhéadfadh go mbeadh ar thaistealaithe ban dul i ngleic le fadhbanna ar leith maidir le slándáil agus creidimh reiligiúnacha agus chultúrtha sna tíortha a mbíonn siad ar cuairt orthu (go speisialta más ag taisteal ina n-aonar atá siad). Tugaimid comhairle duit do thaighde a dhéanamh roimh thaisteal, ionas go bhfuil a fhios agat cad a bheidh romhat sa tír a mbeidh ar cuairt uirthi.

Seo a leanas roinnt leideanna:

  • Glac réamhchúraimí sábháilteachta pearsanta i gcónaí, amhail gan siúil i d’aonar san oíche nó in áiteanna ciúine.
  • Ná fág do bhia nó deoch gan aon duine á bhfaire
  • Ná roinn sonraí faoi do phleananna taistil nó faoin áit a bhfuil tú ag fanacht
  • Gléas go humhal más i dtír Mhoslamach nó tír atá coimeádach go sóisialta atá tú.

Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach, Aiteach, agus Idirghnéasach+ (LADTAI+)

Tá homaighnéasacht agus iompar homaighnéasachta in aghaidh an dlí i go leor tíortha. I roinnt tíortha eile, níl sí in aghaidh an dlí ach tá leibhéal íseal caoinfhulaingthe iontu. Déan do thaighde ar an gceann scríbe roimh duit taisteal. Tá eolas ar leith ar chomhairle taistil LADTAI+, agus treoracha eile, amhail an treoir atá ag Comhlachas Taistil Aerach & Leispiach Idirnáisiúnta, agus is acmhainn úsáideach í.

Dlíthe Áitiúla

Agus tú thar lear tá tú faoi réir dlíthe áitiúla, lena n-áirítear iad sin nach bhfuil i bhfeidhm in Éirinn. Más gá duit dul i ngleic le cúrsaí dlí, tugaimid comhairle duit comhairle dhlí ghairmiúil áitiúil a fháil. Ní féidir linn comhairle dhlí a chur ar fáil duit, ná ionadaíocht a dhéanamh duit sa Chúirt, ach is iondúil gur féidir le hAmbasáid nó Consalacht na hÉireann liosta de dhlíodóirí a labhraíonn Béarla a chur ar fáil duit.

Aitheantas pearsanta

I go leor tíortha, is gá duit aitheantas pearsanta a bheith ort i gcónaí. Mura luann an dlí nach mór duit do phas bunaidh a chaitheamh i gcónaí, molaimid duit fótachóipeanna de na leathanaigh ábhartha i do phas a thabhairt leat agus coinnigh an pas bunaidh in áit shábháilte. Is féidir leis an gcárta pas a bheith ina ionadaí úsáideach seachas do leabhar pas a thabhairt leat.

Drugaí mídhleathacha

Tá dianphionóis ag baint le húsáid drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúnachta, agus fiú i roinnt tíortha, pionós an bháis. Bí cúramach le do bhagáiste agus le do ghiuirléidí agus tú ag taisteal agus seachain aon teagmháil le drugaí coiscthe.

Alcól

Ná hól riamh i dtíortha a bhfuil cosc air. I dtíortha eile, úsáid alcól go freagrach. Is minic a mbíonn ól i limistéir phoiblí in aghaidh an dlí agus d’fhéadfadh na húdaráis déileáil le meisceoireacht le dianphionóis

Ná fág do chuid deochanna gan aon duine á bhfaire agus ná glac le deochanna ó strainséirí riamh. Ná tiomáin faoi thionchar an alcóil, mar d’fhéadfadh dianphionóis a bheith i gceist. Ba chóir duit gan dul i bhfeithicil le tiománaí a cheapann tú a bhí ag ól.

Coinnigh súil amach do do chairde agus tabhair aire dá chéile.

Táirgí nach bhfuil ceadaithe

D’fhéadfadh cosc a bheith ag roinnt tíortha ar iompórtáil agus táirgí ar leith a úsáid, amhail alcól, táirgí muiceola agus ábhar pornagrafach. Más rud é go bhfuil aon cheann de na rudaí seo i do sheilbh agat, d’fhéadfadh tréimhse phríosúnachta a bheith i ndán duit. Déan taighde ar do cheann scríbe roimh duit taisteal chun deacrachtaí a sheachaint.

Ag pósadh

Más ag dul ag pósadh atá tú nó ag iontráil i bpáirtnéireacht shibhialta thar lear, cinntigh go ndéanann tú an taighde riachtanach. Bíonn riachtanais dhifriúla ag tíortha difriúla agus déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire duit den tír ábhartha le haghaidh tuilleadh eolais.

Bí ar an eolas faoi phósadh le náisiúnach coigríche mar d’fhéadfadh sé cur isteach ar do chearta dlíthiúla sa tír sin, go háirithe maidir le fadhbanna faoi pháistí agus saoirse ghluaiseachta.

Is fiú cuimhneamh nach gcinntíonn pósadh le saoránach Éireannach go mbronnfar víosa ar chéile nach Éireannach é/í.

Bíonn gá le Teastas Saoirse Pósadh i roinnt tíortha. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Réadmhaoin a cheannach

Má tá sé ar intinn agat réadmhaoin a cheannach thar lear, molaimid go láidir duit dul i gcomhairle le comhairleoir neamhspleách dlíthiúil ó thús an phróisis. Tá na próisis maidir le réadmhaoin a cheannach thar lear an-éagsúil leis na cinn in Éirinn agus moltar d’infheisteoirí taighde a dhéanamh ar an ábhar sula ndéanfaidh siad aon chomhaontú.

Aighnis Thráchtála

I roinnt tíortha, má tá baint agat le haighneas tráchtála le comhlacht nó duine aonair, d’fhéadfadh na húdaráis cosc a chur ort an tír a fhágáil go dtí go réiteofar an t-aighneas.

Bia a Iompórtáil

Ní cheadaíonn formhór na dtíortha do thaistealaithe táirgí úr a iompórtáil. Ar na hearraí seo tá:

  • Uibheacha agus táirgí uibheacha.
  • Táirgí déiríochta.
  • Feoil nach bhfuil i gcannaí.
  • Síolta agus cnónna.
  • Torthaí agus glasraí úra.

Más iompórtálaí tráchtála thú, is dócha go mbeidh cead ag teastáil chun bia a iompórtáil. Seiceáil sula ndéanfaidh tú bia a phacáil i do bhagáiste mar d’fhéadfadh sé go mbainfí díot é ar dhul isteach i dtír. Más gá duit dearbhú a dhéanamh cibé an bhfuil aon earraí bia i do bhagáiste nó nach bhfuil, cinntigh go dtugann tú freagra cruinn mar d’fhéadfadh pionóis a bheith i gceist.

Airgead

Uathmheaisíní Bainc (UMBanna)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ort fógra a thabhairt do do bhanc roimh imeacht duit go mbeidh tú ag taisteal go tír iasachta agus go mbeidh rochtain uait ar do chuntas. Tugann an chuid is mó de chártaí dochair cead airgead a aistarraingt agus tú thar lear.

I roinnt tíortha, d’fhéadfadh na huathmheaisíní bainc rith amach as airgead, a bheith as ord nó a bheith faoi réir teorainneacha aistarraingtí ar feadh tréimhsí fada ama agus seans go dteastódh breis airgid uait.

Bíonn sé deacair teacht ar Uathmheaisíní Bainc i roinnt tíortha agus ní bhíonn siad le fáil ar chor ar bith i dtíortha eile. Mar sin, ba chóir duit aimsitheoir UMB Visa agus aimsitheoir UMB Mastercard a fhiosrú roimh duit taisteal.

Bí ar d’airdeall agus tú ag úsáid UMBanna. Seachain iad a úsáid nuair a bhíonn sé dorcha, go háirithe leat féin agus cinntigh nach leanann aon duine thú tar éis duit airgead a aistarraingt. Ba chóir duit roinnt réamhchúraimí a ghlacadh chun d’uimhir aitheantais phearsanta (UAP) a chosaint faoi mar a dhéanfá sa bhaile.

Cártaí Creidmheasa

Glactar go forleathan le cártaí creidmheasa i roinnt mhaith tíortha ach ba chóir duit an méid sin a chinntiú le d’institiúid airgeadais roimh duit imeacht.

Seiceanna Taistil

Más ag taisteal chuig tír nach bhfuil mórán uathmheaisíní bainc agus nach nglactar le cártaí creidmheasa inti, is rogha eile iad Seiceanna Taistil. Is iondúil go n-athraíonn bainc agus bureau de change seiceanna taistil le haghaidh airgeadra áitiúil, nó airgeadra amhail euro nó dollair.

Airgeadra a iompórtáil nó a easpórtáil

Bíonn dianrialacha ag roinnt tíortha faoi iontráil agus fágáil na tíre le hairgeadra iasachta agus/nó airgeadra na tíre féin. Seiceáil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre a mbeidh tú ar cuairt uirthi le haghaidh breis eolais.

D’fhéadfaí iarraidh ort a fhógairt ar theacht isteach nó ar imeacht ón tír cé mhéad airgeadra atá ort. Ba chóir iad a fhreagairt go macánta i gcónaí mar go mbaineann dianphionóis.

Nasctha go Domhanda

I roinnt tíortha, ní bhíonn cead meáin shóisialta nó líonraí ar leith a úsáid, fiú cinn a úsáidtear go coitianta in Éirinn. Sna tíortha seo, cinntigh go bhfuil cainéil chumarsáide eile agat chun teagmháil le do theaghlach nó le do chairde sa bhaile.