Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Treoirlínte maidir lenár gcóras grádú slándála

Cad is grádú slándála ann?

Is bealach soiléir é grádú slándála chun ár dtuairim maidir le sábháilteacht tíre ar leith ó thaobh turasóireachta de a léiriú, agus chun cabhrú leat cinntí eolacha a dhéanamh maidir le taisteal thar lear. Chomh maith le grádú slándála, cuirimid eolas mionsonraithe ar fáil maidir le víosaí, cúrsaí sláinte, slándáil, dlíthe gnásanna áitiúla agus eolas eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach.

Déan cinnte chun an chomhairle a chuirimid ar fáil a léamh agus a thuiscint, ach molaimid díobh chun an oiread agus is féidir a fhoghlaim faoi do cheann scríbe trí fhoinsí eile, amhail treoirleabhair agus comhlachtaí taistil. Is ortsa an fhreagracht maidir le cinneadh ar bith taisteal chuig, fanacht i nó imeacht ó thír.

Níl an Roinn Gnóthaí Eachtracha freagrach as ceisteanna maidir le haisíocaíocht nó téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le heitiltí, pacáistí saoirse nó polasaithe árachais, agus ba chóir do shaoránaigh na ceisteanna seo a phlé lena n-aerlíne, a gcomhlacht taistil nó a n-árachóir.  

Conas a dhéantar na grádaithe slándála a mheasúnú?

Is meastachán ar shábháilteacht agus slándáil tíre ag am ar leith é an grádú slándála. Cuireann ár ngrádaithe impleachtaí sláinte poiblí ó thaobh phaindéim an choróinvíris de san áireamh freisin. Déanaimid monatóireacht ar fhorbairtí idirnáisiúnta, tríd an ngréasán misin dár gcuid ar fud na cruinne go príomha, agus trí chomhairle a lorg ónár gcomhpháirtithe AE agus idirnáisiúnta.

Tá ceithre leibhéal a bhaineann lenár ngrádaithe slándála:

1)    Gnáth Réamhchúraim

Tá timpeallacht slándála cosúil leis an timpeallacht atá againn in Éirinn le haimsiú sa tír seo. Tá forlámhas an dlí agus seirbhísí poiblí curtha i bhfeidhm go héifeachtach sa tír seo. Bá chóir duit a bheith aireach chun coireacht a chosc, ach níl an suíomh i bhfad níos baolaí ná atá an méid seo sa bhaile.

Is féidir tuilleadh bearta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:

  • Déan seiceáil ar ár gcomhairle thaistil de réir tíre: dfa.ie/taisteal/comhairle-taistil-de-reir-tire/
  • Cláraigh linn: dfa.ie/taisteal/claruchan-saoranach/
  • Polasaí árachais taistil cuimsitheach a cheannach lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe agat.
  • Fiosraigh na meáin áitiúla chun eolas a fháil maidir le bagairtí sábháilte nó slándála nua agus cloígh le comhairle na n-údarás áitiúil.

2)    Ardleibhéal Cúraim

Tá rioscaí sa bhreis le haimsiú i dtíortha na catagóire seo, lena n-áirítear coireacht agus/nó sceimhlitheoireacht, atá dírithe go sonrach ar dhaoine eachtrannacha, galair nó adhaimsir. Bí cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoi na rioscaí sula n-imíonn tú, agus go gcloíonn tú le comhairle agus treoirlínte na n-údarás áitiúil. Ba chóir duit a bheith aireach agus a bheith an-chúramach agus an turas seo á phleanáil agat.

Tugann go leor Éireannach cuairt ar thíortha na catagóire seo gach bliain, ach eisímid rabhadh den chineál seo chun aird a tharraingt ar na rioscaí a d’aithníomar.

Réamhchúraim gur chóir do shaoránaigh Éireannacha a ghlacadh:

  • Dean seiceáil ar ár gcomhairle thaistil de réir tíre: dfa.ie/taisteal/comhairle-taistil-de-reir-tire/
  • Cláraigh linn: dfa.ie/taisteal/claruchan-saoranach/
  • Agóidí agus léirsithe a sheachaint.
  • Bí aireach an t-am ar fad agus cuir bearta breise i bhfeidhm chun do shlándáil phearsanta a chosaint.
  • Smaoinigh ar do pleananna taistil agus turais a roinnt le do theaghlach agus le cairde chun go mbeadh siad ar an eolas faoin áit ina bhfuil tú, go garbh, ag am ar leith.
  • Polasaí árachais taistil cuimsitheach a cheannach lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe agat.
  • Fiosraigh na meáin áitiúla chun eolas a fháil maidir le bagairtí sábháilte nó slándála nua agus cloígh le comhairle na n-údarás áitiúil.
  • Bí aireach faoi scéiméireacht a dhírítear ar eachtrannaigh.

3)    Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Molaimid díobh taisteal chuig an tír seo a chur ar atráth mura bhfuil sé de dhíth, toisc go bhfuil seans maith go bhfuil baol soiléir agus gníomhach ann a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh duit ó thaobh sláinte nó sábháilte de mar gheall ar an mbaol coiriúlachta, tubaiste nádúrtha, sceimhlitheoireachta nó coinbhleachta armtha. Seo an dara rabhadh is diana dár gcuid, agus is beag Éireannach a thugann cuairt ar thíortha na catagóire seo.

D’fhéadfadh nach mbíonn an stádas slándála seo i bhfeidhm ar bhonn buan, ach ba chóir duit uasdátaithe a lorg agus do chuid taistil á phleanáil agat. Cuimhnigh go bhféadfar nach mbeidh muid in ann ach cabhair chonsalachta teoranta a chur ar fáil má bhíonn deacracht agat.

Réamhchúraim gur chóir do shaoránaigh Éireannacha a ghlacadh:

  • Dean seiceáil ar ár gcomhairle thaistil de réir tíre: dfa.ie/taisteal/comhairle-taistil-de-reir-tire/
  • Cláraigh linn: dfa.ie/taisteal/claruchan-saoranach/
  • Bí réidh do chuid pleananna a athrú agus imeacht faoi ghearrfhógra.
  • Má tharlaíonn tubaiste nádúrtha nó imeacht slándála ag do cheann scríbe, cuir do theaghlach agus cairde ar an eolas go bhfuil tú sábháilte chomh luath agus is féidir.
  • Roinn do pleananna taistil agus turais le do theaghlach agus do chairde chun go mbeadh siad ar an eolas faoin áit ina bhfuil tú ag am ar leith.
  • Agóidí agus léirsithe a sheachaint.
  • Bí aireach an t-am ar fad agus cuir bearta breise i bhfeidhm chun do shlándáil phearsanta a chosaint.
  • Polasaí árachais taistil cuimsitheach a cheannach lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe agat (seans nach mbeidh sé seo indéanta i dtíortha na catagóire seo).
  • Fiosraigh na meáin áitiúla chun eolas a fháil maidir le bagairtí sábháilte nó slándála nua agus cloígh le comhairle na n-údarás áitiúil.
  • Bí aireach faoi scéiméireacht a dhírítear ar eachtrannaigh.

4)    Ná Taisteal

Seo an leibhéal rabhaidh is airde dár gcuid. Mar gheall ar choinbhleacht armtha, tubaiste nádúrtha, galar, corraíl shibhialta nó cúiseanna a mbaineann baol báis leo, molaimid díobh do chuid pleananna taistil chuig an tír seo a chur ar ceal.

Is beag Éireannach a théann chuig na tíortha seo, agus is minic a bhíonn fíor-deacrachtaí acu siúd a théann.

Más rud é go bhfuil tú sa tír cheana, molaimid duit smaoineamh ar an tír a fhágáil ar bhealach tráchtála de réir mar is féidir. Má théann an cás in olcas, ní féidir linn a chinntiú go mbeidh muid in ann cabhair chonsalachta a chur ar fáil duit má shocraíonn tú fanacht ann.