Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Díbirt

Gach bliain, cabhraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha le neart saoránach Éireannach a ndéantar iad a dhíbirt as an tír in bhfuil siad ag fanacht. Is iomaí cúis a bhaineann leis seo, lena n-áirítear a bheith bainteach le gníomhaireacht choiriúil, deireadh tagtha le seal príosúnachta, tréimhse ama a víosa a shárú, nó gníomh a dhéanamh a mbíonn cailleadh an chirt dhlíthiúil fanacht sa tír mar thoradh air.

Cuirimid tacaíocht phraiticiúil agus neamhbhreithiúnach ar fáil i gcásanna mar seo, agus tá sé mar aidhm againn an t-ualach maorlathach a laghdú don duine agus dá theaghlach. Ní dhéanaimid ionadaíocht ar son an duine chun ordú díbeartha a chur ar ceal, agus ba chóir duit a bheith ar an eolas nach mbíonn aon dul thar na cinntí a dhéanann údaráis imirce go hiondúil.

An méid gur féidir linn a dhéanamh

  • Is féidir linn cabhrú leat eolas maidir le coinneáil nó socruithe díbeartha a fháil.
  • Is féidir linn sonraí teagmhála i gcomhair dlíodóirí áitiúla a labhraíonn Béarla a thabhairt duit.
  • Is féidir linn teaghlaigh a chur ar an eolas faoi na socruithe sa tír ina bhfuil a mball teaghlaigh á coinneáil, socruithe a bhaineann le díbirt, príosún agus socruithe dlíthiúla.
  • Is féidir linn cabhrú leat teagmháil a dhéanamh le do chairde nó le do theaghlach agus socruithe a dhéanamh chun airgead a chuireann siad ar fáil a aistriú chugat go slán sábháilte, ag brath ar thoil na n-údarás áitiúil.
  • Tá sé mar aidhm againn a chinntiú nach ndéanfar idirdhealú ort mar shaoránach eachtrannach.

An méid nach féidir linn a dhéanamh

  • Ní féidir linn cur isteach ar chinntí imirce na n-údarás áitiúil, i gcás ar bith.
  • Ní féidir linn íoc as cosaint dhlíthiúil nó comhairle dhlí a chur ar fáil.

Cáipéisíocht Taistil Éigeandála

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil ár misin faoi oibleagáid cáipéisí taistil a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha atá ag fanacht lena ndíbirt óna limistéir chreidiúnaithe de réir an ghealltanais gan cur isteach ar chinntí imirce áitiúla, agus nach bhfuil cead an tsaoránaigh ag teastáil chun é seo a dhéanamh.