Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Comhairle faoin mBruitíneach don Eoraip

Baol na Bruitíní agus tú ag taisteal san Eoraip

In 2017, tá méadú tagtha tríd is tríd ar líon na gcásanna bruitíní a tuairiscíodh i dtíortha Eorpacha. Tá sé tuairiscithe ag an Ríocht Aontaithe, an Iodáil agus an Rómáin gur tharla na ráigeanna is mó den víreas go dtí seo.

I measc na dtíortha a bhfuil sé tuairiscithe acu gur tháinig méadú ar líon na gcásanna bruitíní i mbliana tá an Ostair, an Bheilg, an Chróit, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn.

Cosc

Is é an bealach is fearr chun tú féin agus do theaghlach a chosaint ón mbruitíneach ná an vacsaín MMR (i gcoinne na bruitíní, na leicní agus na bruitíní deirge) a fháil.
Más tuismitheoir thú, níor chóir duit aon mhoill a dhéanamh i dtaobh vacsaíniú MMR a fháil déanta ar do leanbh ag an am ceart. Ba cheart an chéad dáileog den vacsaín a thabhairt ag 12 mhí d'aois, agus an dara dáileog in aois réamhscoile, ag 4-5 bliana d'aois.

Má tá tú ag taisteal le leanbh in aois idir 6-11 mhí chuig tíortha agus réigiúin inar tuairiscíodh ráigeanna bruitíní, molann an HPSC duit socrú a dhéanamh go bhfaighidh an naíonán an vacsaín MMR atá molta. Má fhaigheann do leanbh dáileog sula mbeidh sé nó sí 12 mhí d'aois, ba chóir duit a chinntiú go bhfaighidh sé nó sí an ghnáthdháileog ag 12 mhí d'aois freisin. Má fhaightear dáileog luath den vacsaín MMR, ní thógann sí áit na dáileoige ag 12 mhí.

I gcás leanaí níos sine nó daoine fásta óga nach bhfuil an vacsaín faighte acu, ba cheart dóibh labhairt leis an dochtúir teaghlaigh faoin vacsaín a fháil.

Cad a tharlóidh má thagann an bhruitíneach orm agus mé thar lear?

Má tá roinnt de na comharthaí tinnis seo a leanas ortsa nó ar dhuine den teaghlach, d’fhéadfadh sé go bhfuil an bhruitíneach ort nó ar an té sin:

  • srón ag síleadh nó srón phluctha, súile ag síleadh, mogaill súile ata agus sraothartach
  • súile dearga agus íogaireacht i leith an tsolais
  • teocht nó fiabhras éadrom nó trom
  • spotaí beaga liathbhána sa bhéal nó sa scornach
  • tuirse, cantal agus easpa fuinnimh
  • tinneas agus pianta
  • goile lag
  • casacht thirim
  • gríos dearg nó rua (bíonn na spotaí le feiceáil go hiondúil 2-4 lá tar éis na gcomharthaí tinnis eile).

Má bhí tú féin nó do leanbh i gcuideachta duine a bhfuil an bhruitíneach air nó uirthi agus nach bhfuil imdhíonacht agaibh ina leith cheana féin, tá baol mór ann go dtiocfaidh an bhruitíneach oraibh. Má cheapann tú go bhfuil an bhruitíneach ort féin nó ar dhuine den teaghlach, ba chóir duit dul chuig do dhochtúir, nó chuig dochtúir sa tír a bhfuil tú ag tabhairt cuairte uirthi.

Má tá an bhruitíneach ortsa nó ar do leanbh, ní bheidh tú in ann eitilt ar feadh cúig lá ar a laghad tar éis don ghríos a theacht ort, agus go dtí go mbeidh tú ag aireachtáil sách maith le dul ag taisteal. Ba chóir duit d'aerlíne a chur ar eolas chomh luath agus a bheidh sé diagnóisithe go bhfuil an bhruitíneach ort nó ar do leanbh.

Ba chóir duit é a chur in iúl do d'árachóir taistil má bhí an bhruitíneach ortsa nó ar do leanbh nó má bhí sibh i gcuideachta duine a bhfuil an bhruitíneach air nó uirthi. Ní mór duit a chinntiú go gclúdóidh an t-árachóir thú más gá duit do shaoire a chur siar nó a chur ar ceal, nó más gá duit síneadh a chur le do thréimhse ama thar lear go dtí go mbeidh do leanbh ag aireachtáil sách maith le taisteal abhaile.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi víreas na bruitíní, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin FSS. Is féidir leat an t-eolas is nuaí faoin ngalar a chuardach freisin roimh thaisteal duit ag http://www.hpsc.ie/ agus http://ecdc.europa.eu/en/Pages/home.aspx.