Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Bás thar lear

Is olc mar a ghoilleann sé ar dhaoine má fhaigheann duine muinteartha nó cara leo bás thar lear, agus déanfaidh ár bhfoireann gach rud is féidir chun cabhrú leat déileáil leis na húdaráis choigríche.

An méid is féidir linn a dhéanamh

  • Is féidir linn socruithe a dhéanamh leis an nGarda Síochána ionas go gcuirfear an teagmhálaí éigeandála ainmnithe in Éirinn ar aon eolas láithreach.
  • Is féidir linn déileáil le húdaráis áitiúla chun deimhnithe báis agus deimhnithe eile a fháil.
  • Is féidir linn tú a chur i dteagmháil le hadhlacóirí áitiúla, ar féidir leo dul i gcomhairle le d'adhlacóir in Éirinn.
  • Is féidir linn dul i gcomhairle leis na póilíní nó na húdaráis bhreithiúnacha ar do shon i gcás bás amhrasach nó timpiste.

An méid nach féidir linn a dhéanamh

  • Ní féidir linn íoc as an duine a fuair bás a thabhairt abhaile go hÉirinn – ach is féidir linn tú a chur i dteagmháil le heagraíochtaí a d'fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat.
  • Ní féidir linn íoc as costas na sochraide ná as turas a dhéanfaidh daoine muinteartha go dtí an áit inar tharla an bás, ná as turas a dhéanfaidh siad ar ais go hÉirinn leis an té atá básaithe.
  • Ní féidir linn imscrúdú a dhéanamh ar aon choireanna ná a bheith páirteach in imeachtaí breithiúnacha i ndlínsí eile.
  • Ní féidir linn comhairle dlí a chur ort ná ionadaíocht a dhéanamh ort sa chúirt.

Filleadh abhaile

Ba chóir duit a bheith ar an eolas go mbeidh an tréimhse ama is gá chun an corp a thabhairt ar ais go hÉirinn ag brath ar na foirmiúlachtaí atá leagtha síos i dtíortha éagsúla, agus freisin ar na cúinsí ar leith a bhaineann leis an mbás. Tógann sé idir 7 lá agus 10 lá ar an meán corp a thabhairt abhaile, cé go bhféadfadh níos mó ama a bheith i gceist go minic.

Socruithe sochraide

I dtaobh socruithe sochraide, déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go ndéanfar mianta an duine a fuair bás agus dhaoine muinteartha an té sin a urramú.

Is féidir linn dul i mbun teagmhála idir an teaghlach, na húdaráis áitiúla agus adhlacóirí a bheidh in ann socrú a dhéanamh maidir le hadhlacadh (nó créamadh) i dtír an bháis, nó socrú a dhéanamh an corp a thabhairt ar ais go hÉirinn ar eitleán. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé nach féidir i gcónaí cloí le mianta an teaghlaigh, mar gheall ar an dlí áitiúil, an aimsir nó cúinsí eile gan choinne.

Imscrúdú coiriúil

Is iad na póilíní agus na húdaráis bhreithiúnacha áitiúla atá freagrach as gach imscrúdú agus fiosrúchán i dtaobh coireanna thar lear. Is féidir linn tú a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn, ach ní féidir linn a bheith páirteach in aon imscrúduithe.

Cróinéir na hÉireann

Má tá imthosca mínádúrtha i gceist leis an mbás (foréigean nó gníomhaíocht choiriúil, mar shampla), d'fhéadfadh cróinéir na hÉireann (agus an teaghlach) a bheidh ag iarraidh go ndéanfaí scrúduithe breise nuair a fhilleann an duine básaithe ar Éirinn.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi ról agus ceangaltais an Chróinéara nuair a fhilleann an duine básaithe ar Éirinn ach dul i dteagmháil le coroners@dublincity.ie.