Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

An Chairt um Chúnamh Chonsalachta

Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha réimse tacaíochtaí agus cúnaimh ar fáil do shaoránaigh a bhíonn trína chéile thar lear. Leagann an Chairt um Chabhair Chonsalachta amach an méid is féidir a bheith ag súil uainn agus na céimeanna ba chóir do mhuintir na hÉireann a leanúint agus iad ag taisteal thar lear.

Bíonn an tacaíocht a chuirimid ar fáil neamhbhreithiúnach agus bíonn sí bunaithe ar do chuid riachtanas. Roinnfimid aon eolas a fhaightear maidir le do chás, agus geallaimid go mbeidh muid oscailte faoin méid a dhéanfaimid. Is tábhachtach dúinn go bhfuil muinín agat asainn agus coinneoimid do chuid sonraí go hiomlán faoi rún. Ní roinnfimid eolas faoi do chás, le do theaghlach fiú, gan cead a fháil uait.

Táimid tiomanta don bhealach atá againn ár modhanna oibre a fheabhsú go leanúnach agus a chinntiú go n-iompraíonn an fhoireann atá againn thar ghréasán domhanda na Ambasáidí agus na gConsalachtaí dár gcuid iad féin go gairmiúil i gcónaí. Áirítear sa ghairmiúlacht seo seirbhís a chur ar fáil do chustaiméirí atá idir íogair agus truachroíoch, agus eolas maidir leis an tacaíocht chuí atá ar fáil.

Tá fáil 24/7 orainn i mBaile Átha Cliath. Is féidir glaoch a chur ar +353 (0)1 4082527 le linn uaireanta oifige nó glaoigh ar +353 (0)1 4082000 i gcás éigeandála lasmuigh d’uaireanta oifige.

Cuirimid cabhair ar fáil trínar nAmbasáidí agus Consalachtaí ar fud na cruinne freisin. Le sonraí teagmhála na nAmbasáidí a fháil, téigh chuig www.dfa.ie/travel.

Cuirimid comhairle taistil ar fáil atá soiléir, suas chun dáta agus iontaofa i gcomhair 200 tír ar fud na cruinne. Tá an t-eolas seo ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus ar Twitter @dfatravelwise.

Cliceáil anseo chun an Chairt um Chabhair Chonsalachta a fheiceáil ina hiomláine.