Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Vítneam, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Vítneam

Má tá tú ag taisteal go Vítneam, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chuig Vítneam

Thosaigh Vítneam víosaí a eisiúint agus cead isteach do náisiúnaigh choigríche a chur ar fáil arís. Níl aon riachtanas ann cáipéisí sláinte phoiblí COVID-19 a sholáthar chun críocha taistil chuig Vítneam.

Molann An Roinn Gnóthaí Eachtracha go hard go bhfaigheann do gach saoránach atá ag taisteal chuig Vítneam árachas taistil cuimsitheach a fháil roimh thaisteal.

Ní gá a thuilleadh dearbhú leighis réamh-imeachta a chomhlánú ná feidhmchlár rianaithe móibíleach COVID-19 de chuid Vítneam a úsáid fad atáthar ar cuairt in Vítneam.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Iompar Poiblí agus Eitiltí Inmheánacha

Is féidir go gcuirfear isteach ar iompar poiblí agus eitiltí inmheánacha, nó go gcuirfear ar ceal iad ar gearrfhógra.

Ba cheart duit seiceáil go cúramach le do sholáthraí iompair áitiúil agus leis na húdaráis áitiúla ag do cheann scríbe maidir le riachtanais tástála PCR, vacsaínithe nó cruthúnas téarnaimh COVID-19.

Seirbhísí Éigeandála

Tá uimhreacha teagmhála do sheirbhísí éigeandála mar seo a leanas:

Póilíní – 113

Briogáid Dóiteáin – 114

Otharcharr – 115

Cuardach agus Tarrtháil - 112

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Moltar duit gan tuairimí láidre polaitiúla a chur in iúl nó páirt a ghlacadh i léirsithe polaitiúla i Vítneam. Ba chóir duit léirsithe agus cruinnithe móra daoine, atá in ann a bheith achrannach uaireanta, a sheachaint agus fanacht amach ó ionaid mhíleata – d’fhéadfadh sé go bhfuil cosc ar ghrianghraif a thógáil d’ionaid mhíleata nó slándála, agus roinnt foirgneamh poiblí nó in gar dóibh fiú.

Sceimhlitheoireacht

Cé nach bhfuil ach bagairt bheag sceimhlitheoireachta i Vítneam tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal i Vítneam ach tá méadú ag teacht ar líon na gcásanna gadaíochta nithe pearsanta, lena n-áirítear pasanna agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh.

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Mionghadaíocht

Tharla roinnt ionsaithe le déanaí ar mhná agus iad ag taisteal inar baineadh úsáid as tacsaithe ar ghluaisrothair iad (ar a dtugtar xe oms) nó ricseánna (ar a dtugtar cyclos), go déanach san oíche.  Tá lucht goidte málaí ar ghluaisrothair ina fhadhb chomh maith agus tuairiscíodh le déanaí go bhfuil siad ag gearradh strapaí na málaí agus ag tógáil málaí.

Bí an-chúramach le do ghiuirléidí i gcathair Ho Chi Minh agus nuair atá tú ag taisteal d’aer, bus nó traein, bí ag faire amach do mhionghadaíocht, go háirithe i stáisiúin iarnród agus bus agus in aerfoirt phlódaithe.

Pasanna goidte

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, cuirfidh sé moill mhór ar do phleananna taistil, agus cosnóidh sé airgead ort. Chomh maith leis an méid ama a thógfaidh sé pas nua a fháil, beidh ort víosa nua a fháil ón oifig inimirce, rud a ghlacann trí lá oibre ar an laghad.

Tacsaithe

Ba chóir duit tacsaithe ceadúnaithe a úsáid san oíche chun an baol ionsaí ó cyclo nó tiománaithe gluaisrothar a laghdú.

Bain úsáid as tacsaithe ceadúnaithe nó cinntigh go bpiocfar suas ag an óstán agus tú ag aistriú ó na haerfoirt. Ná glac le tairiscintí tú a thabhairt chuig óstáin saor in aisce mar d’fhéadfadh siad a bheith bréagach.  

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Vítneam, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Hanoi má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Vítneam, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá caighdeáin sábháilteachta na mbóithre an-íseal, go háirithe lasmuigh de na bailte agus na cathracha. Tarlaíonn timpistí go minic mar gheall ar dhrochthiomáint, feithiclí nach bhfuil cothabháil déanta orthu (lena n-áirítear iompar poiblí) agus soilsiú neamhdhóthanach. Bí ar an eolas i gcás timpiste, tá seans ann nach mbeidh árachas ar bith nó fíor-bheagán árachais ag tríú páirtithe.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Beidh ort ceadúnas tiomána a fháil chun carr nó gluaisrothar a thiomáint ó Roinn na nOibreacha Poiblí Hanoi (teil: 00 84 4 3843 5325) nó ó Roinn na nOibreacha Poiblí agus Iompair (teil: 00 84 8 3829 0451 nó 0452).
  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort. D’fhéadfadh sé do chlúdach árachais a dhíbhailíochtú má bhíonn timpiste agat.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Vítneam, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Coisithe

Ní mór do choisithe a bheith an-chúramach agus iad ag dul trasna an bhóthair i gcathracha móra. Tá tiománaithe in ann a bheith dainséarach. Tá tacsaithe coitianta ach d’fhéadfadh caighdeáin tiomána a bheith go dona.

Gluaisrothair agus scútair

Tarlaíonn timpistí lena mbaineann gluaisrothair nó scútair go rialta agus is minic go ngortaítear go dona nó go maraítear daoine. Má bheartaíonn tú gluaisrothar nó scútar a fháil ar cíos nó a cheannach glac na réamhchúraimí céanna amhail a bheadh agat sa bhaile. Áirítear orthu sin clogad a chaitheamh, aird a thabhairt ar theorainneacha luais agus géilleadh do rialacha an bhóthair.

Mianaigh talún

Tá riosca ag baint i gcónaí le mianaigh agus ordanáis neamhphléascaithe ar iar-mhachairí catha, go háirithe i lár Vítneam agus feadh an teorann le Laos.  Fan ar na príomhbhealaí in áiteanna iargúlta agus seiceáil le do thionscnóir turas sula dtéann tú ag taisteal chuig na réigiúin lean mbaineann.

Alcól

Bí airdeallach ar dheochanna spíceáilte, go háirithe go déanach san oíche i mbeáir, agus ná fág bia nó deoch gan duine ina mbun agus ná glac le deoch ó strainséirí.

D’fhéadfadh baictéir nó ceimiceáin tocsaineacha ó lotnaidicídí a bheith in alcóil baile agus ba chóir iad a sheachaint.  

Deochanna fuinnimh

Tá roinnt deochanna fuinnimh a bhfuil toirmisc orthu san Eoraip mar gheall ar na leibhéil arda spreagthóirí a bhíonn iontu, ar fail i Vítneam. Bíonn rabhaidh sláinte ar roinnt acu ach ní bhíonn sé orthu go léir. Má óltar péire nó níos mó de na deochanna sin in aghaidh an lae, leo féin nó le halcól, d’fhéadfadh baol sláinte tromchúiseach a bheith mar thoradh orthu, go háirithe do dhaoine a bhfuil riochtaí cairdiacha nó sláinte orthu cheana.

Spóirt eachtraíochta faoin aer

Sula nglacann tú páirt in aon spóirt nó gníomhaíochtaí faoin aer nó uisce, mar shampla cadhcáil, ailleadóireacht, faoileoireacht foluana, srl., seiceáil go gclúdóidh d’árachas taistil tú i gcás go ngortófaí tú nó tríú páirtí, nó go bhfaighfeá nó tríú páirtí bás.

Ba chóir duit a bheith eolach nach bhfuil na riachtanais shláinte agus shábháilteachta sa Vítneam chomh dian is atá in Éirinn agus is minic nach gcloítear leo agus nach gcuirtear i bhfeidhm iad. Ciallaíonn sé sin go bhfuil baol níos mó ann go dtarlóidh timpiste thromchúiseach nó mharfach agus tú i mbun na ngníomhaíochtaí sin.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Ba chóir duit aon bhaint le drugaí a sheachaint. Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear pionós an bháis, a chuirtear i bhfeidhm i Vítneam. Tá seans ann go bhfuil dochtúireacht nó spíceáil déanta ar dhrugaí neamhdhleachacha. 

Coiriúlacht

Gearrtar téarmaí fada príosúin nó pionós an bháis ar chionta gnéis agus calaoise. Níl cead ag cuairteoirí cuireadh a thabhairt do náisiúnaigh Vítneam teacht isteach ina gcuid seomraí óstáin.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tíofúin

Maireann séasúr na dtíofún i Lár agus Tuaisceart Vítneam ó mhí an Mheithimh go dtí mí na Nollag go hiondúil. Ba chóir duit aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Tuilte

Tarlaíonn tuilte troma agus dainséaracha mar thoradh ar stoirmeacha, go háirithe sa réigiún lair agus i Mekong Delta.

Athraíonn séasúr na báistí ar fud na tire ach de ghnáth maireann sé ó mí an Mheithimh go dtí mí Dheireadh Fómhair. Déantar damáiste do naisc taistil agus fágtar réigiúin iomlána scoite amach, lena n-áirítear pointí trasnaithe teorann isteach go dtí Laos. Seiceáil na meáin, tuairiscí aimsire, seirbhísí iompair le do thionscnóir turas sula dtéann tú taobh isteach faoin tír.   

Dreapadóireacht

Tarlaíonn timpistí le linn turais dreapadóireachta sléibhe i dtuaisceart na tire. Moltar duit taisteal le treoraithe cáilithe.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Caithfidh saoránaigh na hÉireann víosa a fháil sula dtéann siad ag taisteal i Vítneam, agus beidh Ambasáid Vítneam is gaire – do dhaoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, sí í an Ambasáid i Londain – in ann cabhrú leat.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach bhfuil sealbhóirí pasanna Éireannacha sealadacha i dteideal a víosaí a bhailiú ar aerfoirt idirnáisiúnta Hanái, Ho Chi Minh, nó Danang a bhaint amach i gcás ar bith, agus d’fhéadfadh nach mbeadh ar a gcumas víosa a fháil roimh ré. Má tá tú ag smaoineamh ar thaisteal chuig Vítneam ar phas sealadach, bí cinnte le do thoil go ndéanann tú teagmháil le d’Ambasáid Vítneamach áitiúil le tuilleadh eolais a fháil roimh imeacht duit.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na tíre seo.

Airgead

Ba chóir duit do dhóthain airgid a thabhairt leat a mhairfidh fhad a bheidh tú sa tír. De ghnáth bíonn sé éasca dollair Stáit Aontaithe Mheiriceá a athrú go héasca go dtí dong Vítneam (VND). Tá cártaí creidmheasa ag éirí níos forleithne, ach taobh amuigh de na príomhchathracha d’fhéadfaí nach nglacfaí ach amháin le hairgead tirim agus d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat seiceanna taistil a bhriseadh. Is beag ATM a bhíonn le fáil agus bíonn siad teoranta do na cathracha móra agus na ceantair turasóireachta. Féadfaidh tú airgead a aistriú go Vítneam trí chuideachtaí aistrithe airgid idirnáisiúnta. Féadfaidh sealbhóirí pasanna coigríche luach suas le US$500 de dong Vítneam a aistriú ar ais go dtí dollair Stáit Aontaithe Mheiriceá ar imeacht dóibh.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy’s working hours are 9:00am to 4:30pm Monday to Friday, with a one hour break between 12pm and 1pm. If you require information outside these hours, please refer to the following options:

- If you are an Irish National who requires assistance in the case of a genuine emergency while the Embassy is closed, please contact us on +84 24 3974 3291 where you will be given details on how to proceed and how to contact a consular officer if needed.

- Alternatively, you can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
2nd floor
41A Ly Thai To
Hoan Kiem District
Hanoi
Vietnam

Tel: +84 24 3974 3291

Contact us