Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Tóga, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Tóga

Má tá tú ag taisteal go Tóga, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun Tóga

Ní gá do phaisinéirí atá go hiomlán vacsaínithe tástáil PCR a bheith acu chun teacht isteach i dTóga nó chun é a fhágáil. Ní mór cód QR a bheith áirithe ar do theastas vacsaínithe COVID-19, nó ní mheasfar go bhfuil an paisinéir vacsaínithe.

Ní mór do phaisinéirí atá ag taisteal go Tóga toradh diúltach de thástáil PCR a chur ar fáil, toradh PCR nach bhfuil níos sine ná 5 lá sula rachaidh siad chun Tóga. Ina theannta sin, ar a laghad 24 uair an chloig roimh theacht isteach do phaisinéirí i dTóga, ní mór dóibh siúd nach bhfuil vacsaín faighte acu foirm inimirce agus slándála ar líne a chomhlánú agus ní mór dóibh íoc as tástáil PCR (ar an suíomh gréasáin céanna) agus í a dhéanamh ar theacht isteach dóibh i dTóga. Tá asphrionta d’admháil leictreonach de dhíth ar thaistealaithe chun iad a ligean ar bord.

Ní mór do thaistealaithe féinleithlisiú a dhéanamh ina lóistín féin go dtí go bhfaightear an dara toradh de thástáil PCR trí ríomhphost laistigh de 24 go 48 uair an chloig.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Molaimid gan taisteal laistigh 5km den teorainn le Buircíne Fasó.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht Éireannach i dTóga, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair de dhíth ort, áfach, déan teagmháil leis an Aonad um Chabhair Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 1 408 2000.

Níos mó comhairle

Níl Ambasáid ná Consalacht ag Éirinn i dTóga agus mar sin ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a dhearbhú chun a chinntiú go bhfuil sé cruinn, ábhartha agus cothrom le dáta. Spreagaimid tú chun do thaighde féin a dhéanamh, áfach, agus chun na naisc seo a leanas faoi chomhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile a léamh:

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Pasanna

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun Tóga agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua

Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil. Féadfaidh castachtaí breise a bheith ann i bpróiseáil iarratais le haghaidh doiciméad taistil nua de thoradh nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht ag Éirinn i dTóga.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Éireannach Abuja sa Nigéir chun a fháil amach cad is gá duit a dhéanamh chun doiciméad taistil nua a fháil.

Eolas breise

Is féidir leat taighde a dhéanamh ar thuilleadh eolais ar dTóga trí na naisc seo a leanas ar chomhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile a léamh:

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000. The Duty Officer will refer the matter to the Embassy.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama District
Abuja
Nigeria

Tel: +234 9 462 1080
Fax: +234 9 4131805

Monday to Thursday 09:00-16:00; Friday 09:00-12:00

Contact us