Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Tíomór-Leste, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Tíomór-Leste

Má tá tú ag taisteal go Tíomór-Leste, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Thíomór-Leste nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Thíomór-Leste sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turais nó le bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i dTíomór-Leste, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Singeapór.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit ina bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí thíortha eile AE, chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá an staid slándála leochaileach i dTíomór-Leste. Is féidir go mbeadh foréigean ann a bheadh spreagtha ag an bpolaitíocht agus d’fhéadfadh cúrsaí dul in olcas ar ghearrfhógra. Aistríodh an fhreagracht do riail agus reacht ó Phóilíní na Náisiún Aontaithe (UNPOL) go dtí na póilíní áitiúla (PNTL) in 2011. Bhí roinnt corraíola in Dili tar éis toghcháin Parlaiminte a reáchtáladh in Iúl 2012.

Seachain léirsithe agus sluaite móra agus más léir duit clampar de chineál ar bith a bheith ar siúl fág an láthair láithreach. Bí an-aireach faoi do shlándáil phearsanta i gcónaí.

Cinntigh go bhfuil do dhoiciméid taistil cothrom le dáta ar fhaitíos go mbíonn ort an tír a fhágáil ar ghearrfhógra. Coinnigh ar an eolas faoina bhfuil ar siúl thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí fhanacht i dteagmháil le d’óstán nó leis an tionscnóir turais.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht i dTíomór-Leste íseal, tá baol domhanda ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha i gcónaí ann a bhféadfadh a bheith dírithe ar spriocanna sibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna a mheallann turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Is fadhb í an choiriúlacht i dTíomór-Leste i gcónaí, lena n-áirítear foréigean bainteach le buíonta, robáil (armtha i gcásanna áirithe), ionsaí agus ionsaithe ar fheithiclí.  Ba chóir duit a bheith aireach má bhíonn tú ag dul amach tar éis thitim na hoíche agus réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir. 
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i dTíomór-Leste, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Singeapór má bhíonn cúnamh uait. 

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint i dTíomór-Leste, ba chóir duit a bheith an-aireach mar go bhfuil drochbhail ar na bóithre. Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort má bheirtear ort 
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Thíomóir-Leste, teorainneacha luais mar shamplas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Reiligiún

Is tír Chaitliceach í Tíomór-Leste don chuid is mó ach tá pobail Phrotastúnacha i gceantair áirithe i dTíomór, mar oileán Autaro. Is ceantar Protastúnach freisin é Tíomór-Leste – oidhreacht ó choilíneachas na hÍsiltíre. Tá líon beag Moslamach ina gcónaí anseo freisin. Le taobh na príomhreiligiún, tá creideamh láidir san anamachas agus in adhradh sinsir i measc an phobail. 

Teangacha

Is iad Tetum agus an Phortaingéilis na teangacha oifigiúla – áirítear gur teangacha oibre iad an Béarla agus Bahasa freisin. Thairis sin tá thart ar 12 teanga áitiúla a labhraítear ar fud na tíre. Daoine ilteangacha iad muintir an Tíomóir-Leste, agus bíonn siad in ann trí theanga nó níos mó a labhairt, ag céimeanna éagsúla inniúlachta.

Is í Tetum an teanga aonair is úsáidí. Is teanga Astráil-néiseach í le mórchuid focal ón bPortaingéilis ar iasacht inti agus labhraíonn thart ar 80% den phobal í, cé nach bhfuil sí mar chéad teanga ach ag 19%. Is teanga í atá éasca go maith le foghlaim ar dtús, ach tá claonadh aici a bheith doiléir agus neamhbheacht. Tá sé beagnach dodhéanta conradh a scríobh i Tetum, mar shampla.

Faisnéis Bhreise

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Aeráid

Tá aeráid thrópaiceach ag Dili le séasúr tirim ó Aibreán go Samhain, agus teocht 25-35C ann i rith an lae. Is iad Meitheamh agus Lúnasa na míonna is fionnuaire agus Deireadh Fómhair/Samhain an t-am is teo roimh thús séasúr na báistí a ritheann ó Nollaig go Márta.

I rith an tséasúir thirim d’fhéadfadh nach mbeadh aon bháisteach chor ar bith ar leibhéal na farraige. I rith séasúr na báistí bíonn doirteáin mhonsúin ann san iarnóin uair amháin nó trí huaire in aghaidh na seachtaine agus tréimhsí níos faide báistí ag amanna. Bíonn claonadh aici a bheith níos fionnuaire (sna fichidí) sna tráthnónta. Féadfaidh sé a bheith an-fhuar istoíche sna sléibhte.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +62 (0) 21 2809 4300. If you call outside normal working hours with an emergency involving an Irish citizen, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.
If you have a consular assistance query while travelling in Timor Leste please email jakartaconsularassistance@dfa.ie (not monitored outside normal working hours).

You may also wish to call the Department of Foreign Affairs in Dublin directly at +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
World Trade Centre 1
L-14
Jl.Jend. Sudirman kave 29-31
Jakarta 12920
Indonesia

Tel: +62 21 280 94300
Fax: +62 21 521 1622

Monday to Friday 09:00-13:00 and 13:30-16:00

Contact us