Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Poblacht na hAfraice Láir, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Poblacht na hAfraice Láir

Má tá tú ag taisteal go Poblacht na hAfraice Láir, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Comhairle Taistil Ghinearálta

Ba chóir go mbeadh a dhóthain socruithe slándála gairmiúla leanúnacha ag saoránaigh Éireannacha a mheasann go bhfuil a lonnaíocht i bPoblacht na hAfraice Láir go hiomlán riachtanach agus ba chóir go gcinnteoinn siad go ndéanfar athbhreithniú orthu go rialta.

Ba cheart monatóireacht a dhéanamh ar chomhairle ​sláinte agus taistil arna eisiúint ag na húdaráis áitiúla i bPoblacht na hAfraice Láir. Tá beolíne COVID-19 (Fraincis agus Sango) cruthaithe ag Poblacht na hAfraice Láir - cuir scairt ar 1212 agus cuir ceist ar bith.

Treoir an Aontais Eorpaigh ar Chosaint Chonsalach

Faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Chonsalach, d’fhéadfadh náisiúnaigh Éireannacha cabhair a iarraidh ó Ambasáid nó Consalacht d’aon bhallstát eile an Aontais i dtír nach bhfuil Ambasáid na hÉireann nó ionadaíocht bhuan ar Éirinn ann.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Corraíl

Tá stádas slándála an-chontúirteach i bPoblacht na hAfraice Láir agus tá baol an-ard d’ionsaithe sceimhlitheoireachta ann.

Sceimhlitheoireacht

Tá tréimhse mhíshocrachta fhaidréiseach ag Poblacht na hAfraice Láir agus leibhéil arda tuairiscí de choir dháiríre agus sáraithe ar chearta an duine ar fud na tíre.

Léirsithe

Ba cheart bailiúcháin phoiblí a sheachaint chomh maith le réigiúin a bhféadfaidh léirsithe a tharlú iontu de bharr go bhféadfadh foréigean a tharlú iontu.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.

D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun Poblacht na hAfraice agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua

Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil. Féadfaidh castachtaí breise a bheith ann i bpróiseáil iarratais le haghaidh doiciméad taistil nua de thoradh nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht ag Éirinn i bPoblacht na hAfraice.

Embassy contact

Embassy Contact

Please contact our Consular Assistance Unit if you need guidance on the nearest assistance and we will help you as best we can.

Our number is: +353 1 408 2000.

Department of Foreign Affairs
Iveagh House
80 St Stephen’s Green
Dublin 2
D02 VY53

Tel: + 353 (0) 1 408 2000

24 hours a day, 7 days a week

Contact us