Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Peiriú, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Peiriú

Má tá tú ag taisteal go Peiriú, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chuig Peiriú

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chuig Péiriú ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Ba chóir do phaisinéirí a théann isteach i dtír go dtí Peiriú ó Eacuadór a chinntiú go bhfuil a bpas stampáilte le stampa iontrála Peiriúch ag an oifig inimirce áitiúil. D'fhéadfadh nach dtabharfadh údaráis inimirce cead  chun Peiriú a fhágáil gan stampa scoir bailí ón tír dheireanach ar tugadh cuairt uirthi.

​Molaimid do shaoránaigh Éireannacha i bPeiriú cloí le rialacháin agus riachtanais sláinte poiblí a leanúint.​ 

Cuireann údaráis áitiúla vacsaínithe COVID-19 agus úsáid maisc chun cinn, ach tá an dá cheann roghnach.  Chun na srianta reatha a fháil amach, téigh i gcomhairle le El Peruano (Spáinnis) nó seiceáil foinsí meán áitiúil.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus i réigiún Mhuir Chairib. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC).

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i Peiriú trí ghlaoch a chur ar (911)

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i bPeiriú, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an gConsalacht Onórach in Lima nó ag Ambasáid na hÉireann i Sile, áfach, má theastaíonn cabhair uait.

Tá oifigí Cosanta Turasóireachta oscailte ag rialtas Pheiriú i go leor cinn scríbe turasóireachta inar féidir le turasóirí gearáin a chlárú nó cabhair a fháil trí bheolíne 24 uair an chloig. Is í an uimhir theagmhála ná 424 2053 i Lima agus 01 424 2053 nuair atá sé lasmuigh de chathair Lima. Tá oibrithe a labhraíonn Béarla ar fáil.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Is féidir le cúrsaí slándála dul in olcas go tapa i bPeiriú agus d’fhéadfadh nithe contúirteacha tarlú. Bí ar an eolas faoin méid atá ag tarlú thart ort trí bhreathnú ar na meáin áitiúla agus trí bheith i dteagmháil le d’óstán nó d’eagraí turas.

Léirsithe

Tarlaíonn léirsithe polaitiúla agus léirsithe a bhaineann le hobair go minic agus is féidir leo éirí foréigneach go han-tapa, go háirithe sna ranna Amazonas, Apurímac, Ayacucho, Arequipa, Cuzco, Huancavelica, Huanuco, Junin, Lambayeque, Loreto, Piura, Puno agus San Martín. Seachain aon áit a bhfuil sluaite móra daoine bailithe le chéile, coinnigh súil ar na meáin áitiúla chun eolas cothrom le dáta a fháil agus seiceáil le do chuideachta taistil nó le d’aerlíne sula dtéann tú ag taisteal. Cuireann agóidí isteach ar aerfoirt agus ar sheirbhísí iarnróid ó am go ham. D’fhéadfadh cuirfiúnna a bheith i bhfeidhm chomh maith agus d’fhéadfadh aerfoirt a bheith dúnta mar fhreagra ar chorraíl.

Bacanna tráchta

D’fhéadfadh bacanna tráchta tarlú ar phríomhbhóithre a chuireann isteach ar an trácht. Ná déan iarracht na bacanna a thrasnú, fiú má tá an chosúlacht air nach bhfuil aon duine ina bhfeighil.

Réigiún na teorann

Molaimid gan taisteal chuig réigiún na teorann idir Peiriú agus an Cholóim,  áit a ndéanann arm Pheiriú patrolú agus monatóireacht do bhuíonta támhshuanach armtha agus grúpaí armtha neamhdhleathacha  eile. D’fhéadfadh taobhaitheoirí an ghrúpa reibiliúnach Shining Path fós a bheith á thearmannú i gceantair iargúlta sna Garbhchríocha Theas lena n-áirítear San Martin, Huanuco, Pasco, Junin, Ucayali, Huancavelica, Ayacucho agus Apurimac. Molaimid duit do chuid riachtanas maidir le taisteal chuig na réigiúin sin a mheas go cúramach.

Staideanna Éigeandála

Tá Staideanna Éigeandála a fógraíodh blianta fada ó shin chomh maith leis na cinn a fógraíodh le déanaí i bhfeidhm ar fud iliomad réigiún i bPeiriú. Cuireann Staid Éigeandála a fhógraítear ar chúiseanna slándála freagracht as dlí agus ord ar na fórsaí cosanta. Ciallaíonn Staid Éigeandála a fhógraítear mar gheall ar thubáistí nádúrtha nó foláirimh sláinte nach féidir leis na gnáthsholáthraithe seirbhíse sa réigiún sin a ghealladh go mbeidh gnáthsheirbhísí ann agus teastaíonn cúnamh uathu go minic ón rialtas láir. Ní bhíonn na fórsaí armtha freagrach as dlí agus ord sna cásanna sin, áfach.

Mianaigh talún

Má bhíonn tú ag taisteal thar tír chuig Eacuadór nó sa réigiún teorann Peiriú-Eacuadór, go háirithe réigiú Cordillera del Cóndor, ní chóir duit ach pointí trasnaithe teorann oifigiúla a úsáid toisc mianaigh agus ordanáis neamhphléascaithe a bheith ansin. Má shocraíonn tú taisteal chuig na háiteanna sin, fan ar na príomhbhealaí agus seiceáil le do thionscnóir turas sula dtéann tú ag taisteal chuig na réigiúin lena mbaineann.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol domhanda ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha i bPeiriú, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn easaoránaigh. Tá imní leanúnach ann chomh maith go bhféadfadh gníomhaíocht sceimhlitheoireachta ó ghrúpaí treascracha tosú arís, lena n-áirítear iarsmaí ón ngrúpa Shining Path.  Tharla eachtraí sceimhlitheoireachta aonair i gceantair agus i gcathracha iargúlta sna ranna Puno, Piura, Lambayeque, La Libertad, Junín, Ayacucho, Cuzco, Ucayali, San Martín, Huanuco, Huancavelica agus Apurímac. Robálacha, táthcheangail shealadacha bailte beaga agus, go fíor-annamh, foréigean (lena n-áirítear buamáil) nó bagairtí foréigin i gcoinne na bhfórsaí cosanta nó dhaoine ón bpobal áitiúil is mó a bhí i gceist. Tá taisteal thar tír sna réigiúin sin in ann a bheith contúirteach.

Sna príomhchathracha, tá an ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta teoranta do bholscaireacht. Má bhíonn tú i bPeiriú, ba chóir duit sluaite móra daoine agus áiteanna poiblí a sheachaint, go háirithe áiteanna a gcruinníonn eachtrannaigh.

Coiriúlacht

Tá leibhéal ard coiriúlachta tromchúisí i bPeiriú agus ní mór duit a bheith aireach maidir le do shábháilteacht phearsanta agus réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí.

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Ná téigh ag siúl i d’aonair san oíche, go háirithe tar éis duit an teach tábhairne nó club oíche a fhágáil.

Coiriúlacht fhoréigneach

Tá fadhb sa tír maidir le coiriúlacht fhoréigneach, lena n-áirítear ionsaithe gnéis, robálacha armtha, mugálacha agus eachtraí goidte carranna, go háirithe i gcathracha Lima, Cusco agus Arequipa.

Mná ag taisteal

Ba chóir do mhná a bheith an-chúramach i gcríochfoirt bus agus nuair a théann siad isteach i tacsaithe agus ba chóir dóibh áiteanna iargúlta a sheachaint, go háirithe san oíche.

Oibreoirí tacsaithe neamhcheadúnaithe

Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna coireanna tromchúiseacha, lena n-áirítear robáil, ionsaí agus éigniú, i gcoinne taistealaithe a bhaineann úsáid as oibreoirí tacsaithe neamhcheadúnaithe, go háirithe i Lima agus Cusco. Is minic go ligeann gadaithe orthu féin gur tiománaithe tacsaí nó oibreoirí turas iad. 

Má tá tú ag teacht isteach chuig aerfort idirnáisiúnta Lima, molaimid duit d’iompar a shocrú ag cuntair tacsaí laistigh den chríochfort idirnáisiúnta nó iompar a chur in áirithe roimh ré trí d’óstán. Ba chóir duit cúnamh a fháil ón bhfoireann in óstáin, brúnna, bialanna nó áiteanna siamsaíochta chun tacsaí nó turas ceadúnaithe a chur in áirithe duit.

Busanna

Tharla ionsaithe ar bhusanna idir-chúige i gceantair iargúlta, lena n-áirítear éigniú ar phaisinéirí agus ar chriú baineann. Tuairiscíonn póilíní go dtarlaíonn formhór na gcoireanna i gcoinne paisinéirí bus idir 10pm agus 5am, mar sin má shocraíonn tú dul ag taisteal ar bhus fad-achair san oíche, bí ar an airdeall agus cinntigh go bhfuil d’earraí luachmhara (pas, airgead, cártaí creidmheasa, srl.) in áit shábháilte má tá sé ar intinn agat dul a chodladh.

Drugaí éignithe coinne

Ceannaigh do dheochanna féin i gcónaí agus bíodh siad le feiceáil agat i gcónaí lena chinntiú nach gcuirtear drugaí éignithe coinne nó drugaí eile isteach iontu.

Calaois ATM

Baintear airgead turasóirí amach as a gcuntas tar éis dóibh meaisíní ATM a úsáid, go háirithe i gceantar Cusco agus ní mór duit na réamhchúraimí céanna a dhéanamh ag úsáid na meaisíní seo agus a dhéanfá in Éirinn. Murab ionann agus na meaisíní ATM in Éirinn, ní scaoileann na cinn i bPeiriú do chárta creidmheasa nó dochair amach go huathoibríoch nuair a fhaigheann tú do chuid airgid. Caithfidh tú cnaipe a bhrú chun é a fháil ar ais agus cuimhnigh é sin a dhéanamh nuair a chríochnaíonn tú an t-idirbheart. Tá treoracha i mBéarla ar iliomad ATManna sna príomhchathracha.

Pasanna caillte nó goidte

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, d’fhéadfá a bheith ag fanacht coicís ar cheann nua. Coinnigh do cháipéisí taistil slán i gcónaí. Beidh sé níos éasca pas nua a fháil má tá tú in ann cóip den cheann caillte nó goidte a sholáthar. Mar sin coinnigh fótachóipeanna de do phas.

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, caithfear cárta inimirce na nAindéas (féach an rannán a bhaineann le riachtanais iontrála chun tuilleadh eolais a fháil) agus stampa iontrála nua ar an bpas nua a phróiseáil in Oifig Inimirce Pheiriú i Lima:

Dirección General de Migraciones y Naturalización (DIGEMIN)

Seoladh: Prolongación Av. España 734, Breña, Lima

Teileafón (ó Lima): 433 0789

Uaireanta gnó: Luan go hAoine ó 08:00-12:00

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i bPeiriú, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  D’oscail rialtas Pheiriú oifigí um Chosaint Turasóirí in iliomad ceannphointí turasóireachta inar féidir le turasóirí gearáin a chlárú nó cúnamh a fháil via beolíne 24-uair an chloig. Is í an uimhir theagmhála ná 424 2053 i Lima agus 01 424 2053 lasmuigh de chathair Lima. Tá oibreoirí le Béarla ar fáil. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i na tSile má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat dul ag tiomáint i bPeiriú ní mór duit a bheith an-chúramach. Tá caighdeáin sábháilteachta na mbóithre an-íseal, go háirithe lasmuigh de na bailte agus na cathracha. Tarlaíonn timpistí go minic mar gheall ar dhrochthiomáint, feithiclí nach bhfuil cothabháil déanta orthu agus soilsiú neamhdhóthanach. Más mian leat a bheith ag tiomáint

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Pheiriú, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Ná taisteal ar an mbóthar lasmuigh de na príomhchathracha san oíche.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Busanna

Tarlaíonn timpistí bus go minic, go háirithe san oíche agus maraíodh daoine agus bhain gortuithe tromchúiseacha do dhaoine mar thoradh ar thimpistí idirchathracha. Ní chóir duit ach amháin cuideachtaí iompair creidiúnacha a úsáid agus tú ag taisteal idir na príomhionaid turasóireachta agus caith crios sábhála i gcónaí agus tú ag taisteal ar bhus idirchathrach. Nuair is féidir é, ná téigh ag taisteal thar oíche, go háirithe i réigiúin sléibhtiúla agus iargúlta. Déan fiosrúcháin agus tú ag pleanáil turas fada ar bhus agus nuair is féidir é, tóg bus a oibríonn le dhá chriú, rud a thugann deis do thiománaithe sos a ghlacadh agus baol timpistí de bharr tuirse tiománaí a laghdú.

Aershábháilteacht

Tharla roinnt timpistí agus cásanna éigeandála inar maraíodh daoine, lena n-áirítear turasóirí, a bhain le aerárthaí beaga ag eitilt thar Línte Nazca thar na mblianta. Ná glac leis go bhfuil oibreoirí ag leanúint na gcaighdeán sábháilteachta agus cothabhála cuí.

Bugaithe gainimh

Bhain gortuithe do thurasóirí agus iad ag taisteal i mbugaithe gainimh áineasa, go háirithe sna dumhcha gainimh thart ar Ica agus Loch Huacachina. Níl na bugaithe seo rialaithe agus ní ghlacann na tiománaithe freagracht as leas a bpaisinéirí.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá fadhb mhór gáinneála drugaí i bPeiriú agus gearrtar pionós géar ar smuigléirí drugaí, go hiondúil téarmaí príosúnachta fada. Pacáil do bhagáiste tú féin agus bíodh sé ar iompar agat i gcónaí. Ná hiompar aon rud trí custaim do dhuine eile. Molaimid duit gan duilleoga/tae cócó a thógáil amach as an tír.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Crith talún

Tá Peiriú suite ar chrios creathanna talún agus tarlaíonn creathanna go minic. Ba chóir duit seiceáil le do thionscnóir turas nó le húdaráis áitiúla chun nuashonraí a fháil sula dtéann tú chuig an gceantar.

Sciorrthaí talún

Tarlaíonn sciorrthaí talún, sleamhnaithe talún agus tuilte le linn séasúr na báistí i bPeiriú (Samhain go dtí Aibreán). Bíonn sé deacair taisteal dá mbarr, go háirithe i gceantair sléibhtiúla agus go minic maraítear daoine agus baintear gortaithe tromchúiseacha do dhaoine. Má tá sé i gceist agat dul ag taisteal i bPeiriú, coinnigh suas chun dáta leis an aimsir láithreach via do threoraí áitiúil, do ghníomhaire taistil nó do pointe eolais turasóireachta áitiúil. Éist le comhairle na ndaoine áitiúil i gcónaí má tá tú ag taisteal thar talamh in áiteanna a bhfuil tuilte agus déan teagmháil le d’oibreoir turas sula gcuireann tú tús le do thuras le fáil amach an bhfuil an bealach atá pleanáilte agat oscailte.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Pheiriú, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid Pheiriú is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Cárta Inimirce na nAindéas

Cé nach bhfuil víosa turasóireachta ag teastáil uait chun cuairt a thabhairt ar Pheiriú, tugtar Cárta Inimirce na nAindéas do gach taistealaí nuair a thagann siad isteach sa tír. Caithfidh tú an cárta sin a thaispeáint agus tú ag fágáil Pheiriú – má theipeann ort sin a dhéanamh d’fhéadfaí moill a chur ort agus tú ag imeacht go dtí go bhfaigheann tú cárta nua.

Stampa iontrála

Nuair a thagann tú isteach go Peiriú de thalamh, beidh ort stampa iontrála a fháil ar do phas. Má theipeann ort sin a dhéanamh, d’fhéadfadh Oifigigh Inimirce Pheiriú éilimh ort dul ar ais go dtí an teorainn chun an stampa a fháil sula bhfágann tú Peiriú.

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, caithfear stampa iontrála nua ar an bpas nua a phróiseáil in Oifig Inimirce Pheiriú i Lima:

Dirección General de Migraciones y Naturalización (DIGEMIN)

Seoladh: Prolongación Av. España 734, Breña, Lima

Teileafón (ó Lima): 433 0789

Uaireanta gnó: Luan go hAoine ó 08:00-12:00

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Peiriú. 

Airde

Cruthaíonn an airde i Cusco, Machu Picchu, Puno agus Loch Titicaca fadhbanna do thaistealaithe, go háirithe iad siúd a bhfuil fadhbanna scamhóige, croí nó cliabhraigh acu. D’fhéadfadh an easpa ocsaigine cur isteach ar thaistealaithe sláintiúla chomh maith.

Fiabhras buí

Má tá sé i gceist agat dul ag taisteal i Meiriceá Laidineach d’fhéadfadh sé go mbeadh Teastas Fiabhras Buí ag teastáil uait. Deimhnigh leis na húdaráis ag an gcéad cheannphointe eile cibé an dteastaíonn teastas uathu tar éis do thuras go Peiriú nó nach dteastaíonn.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance outside of hours, on weekends and on public holidays. If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +56 2 3304 6600. The emergency message system is checked regularly outside of office hours and a member of the Embassy staff will contact you as soon as possible.
When you leave a message, remember to state your name, the nature of the problem, where you are now, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying).

Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000.


Embassy of Ireland
Apoquindo 2929
Piso 18
Las Condes
Santiago
Chile

Tel: Tel: +56 2 3304 6600
Monday to Friday 9.00-13.00

Contact us

Consulate Contact

Mr. Eduardo Benavides Torres,
Honorary Consulate of Ireland
Estudio Berninzon & Benavides Abogados,
Av. Camino Real 390,
Torre Central, Oficina 801,
Centro Camino Real, San Isidro,
Lima 27,
Peru

Tel: 00 (511) 222 5252
Fax: 00 (511)421 4816

Email: Email us