Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Paragua, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Paragua

Má tá tú ag taisteal go Paragua, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Pharagua nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Pharagua sula dtéann tú ann. Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht na hÉireann i bParagua, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má bhíonn cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Buenos Aires, san Airgintín.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil ráta sceimhlitheoireachta sách íseal i bParagua, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh. 

Coiriúlacht

Cé nach mbíonn aon trioblóid ag baint le turas go Paragua de ghnáth, tá méadú ag teacht ar choiriúlacht fhoréigneach in áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh. 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin seodra costasacha, ná bíodh málaí láimhe ar iompar agat, ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • In Asunción, ná téigh ag siúl i ngar do Phálás an Uachtaráin nó don Chomhdháil san oíche, toisc iad a bheith suite in aice le sluma ina ndéantar ionsaithe ar eachtrannaigh.
  • Bí cúramach sna cúigí Amambay agus Canindeyu san oirdheisceart, áit ina bhfuil smuigleáil coitianta agus ina dtarlaíonn eachtraí foréigneacha ó am go ham. 

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i bParagua, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Buenos Aires má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i bParagua, bí ar an eolas cé go bhfuil príomhbhóithre na tíre pábháilte, bíonn caighdeán an dromchla éagsúil. Is conairí garbha neamhphábháilte iad formhór na mionbhóithre , nach féidir a thrasnú uaireanta.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Pharagua, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar gháinneáil drugaí nó iad a bheith i do sheilbh agat. Bí an-chúramach le do bhagáiste agus do nithe pearsanta agus seachain aon teagmháil a bheith agat le drugaí a bhfuil cosc orthu.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Aeráid fhothrópaiceach atá sa réigiún Paraneña den tír agus aeráid thrópaiceach atá sa Chaco. Tá réigiún Paraneña tais den chuid is mó, le neart báistí i rith na bliana agus ní thagann mórán athrú ar an teocht idir na séasúir.

I rith an tsamhraidh, bíonn tionchar mór ag na gaotha te sirocco a shéideann anuas ón oirthuaisceart ar aeráid Pharagua. I rith an gheimhridh, bíonn tionchar ag gaoth fhuar an pampero ón Atlantach Theas, a shéideann trasna na hAirgintíne agus a shraontar siar ó thuaidh ag na Aindéis i ndeisceart na tíre.

Mar gheall ar an easpa bacainní topagrafacha laistigh de Pharagua, tagann athrú tobann agus neamhrialta ar an aimsir a bhíonn measartha de ghnáth mar thoradh ar na gnáthghaotha sin a thagann ó mhalairt treo.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Pharagua, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid Pharagua is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Paragua. 

Fiabhras buí

Moltar do gach duine os cionn bliana d’aois atá ag tabhairt cuairte ar réigiúin iargúlta agus foraoise Pharagua, lena n-áirítear Eas Iguaç,  vacsaíniú fiabhras buí a fháil. 

Maláire

Tá baol maláire i ranna oirdheiscirt Alto Paraná, Canindeyú, Caaguazú, Caazapá, agus Guaira. Sula dtéann tú ag taisteal, moltar duit comhairle liachta cothrom le dáta a fháil maidir le cibé an mbeidh cógais frith-mhaláire ag teastáil uait nó nach mbeidh. Nuair a thagann tú, seachain greamanna ó mhuiscítí trí eangacha leapa agus éarthach a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí fada agus brístí a chaitheamh.

Fiabhras deinge

Tá baol láidir Fiabhrais Dheinge sa Pharagua, go háirithe i rith na míonna is teo (Samhain go dtí Aibreán) agus go háirithe i gceantair uirbeacha.  Déan réamhchúraimí ciallmhara i gcoinne greamanna muiscítí.

Embassy contact

Embassy Contact

Outside office hours, for genuine emergencies involving Irish citizens, which cannot wait until the next working day, please call +54 9 11 5945 7483.

You may also wish to contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000

Embassy of Ireland
Edificio Bluesky
6th Floor
Avenida del Libertador 1068
Recoleta
Buenos Aires
Argentina

Tel: +54 11 5787 0801
Fax: +54 11 5787 0802

Monday to Friday 09:00-13:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Conor McEnroy
Plaza Center Santa Teresa, 6th Floor
2351 Avenida Aviadores del Chaco
Asunción 1771, Paraguay

Tel: +595 (0) 21 608 255
Fax: +595 (0) 21 608 256

Email: Email us