Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do na hOileáin Sholomón, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Oileáin Sholomón

Má tá tú ag taisteal go hOileáin Sholomón, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Oileáin Sholomón nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Oileáin Sholomón sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann ar Oileáin Sholomón, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh, áfach, le Ambasáid na hÉireann i gCanberra san Astráil má theastaíonn cúnamh uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun comhairle, tacaíocht agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá an staid slándála ar Oileáin Sholomón réasúnta seasmhach ó bhí an chorraíl shibhialta ansin sa bhliain 2006.  Mar sin féin, ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach i gcónaí agus cruinnithe poiblí agus sluaite móra a sheachaint.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht ar Oileáin Sholomón íseal, tá baol domhanda ann i gcónaí ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Cé go bhfuil eachtraí a ghoilleann ar thurasóirí neamhchoitianta go maith, d’fhéadfadh sé go dtarlódh trioblóid mar gheall ar chorraíl shibhialta agus iompar dhaoine meisciúla. Bí cúramach faoi do shlándáil phearsanta, go háirithe in Honiara agus lean na treoirlínte bunúsacha sábháilteachta seo a leanas: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéad taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat ar fhaitíos go gcaillfeá do phas nó go ngoidfí é. Fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse agus socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú ar Oileáin Sholomón, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn in Ambasáid na hÉireann i gCanberra san Astráil má theastaíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint ar Oileáin Sholomón, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Níl mórán bóithre ann agus tá 90% acu ar Guadalcanal agus Malaita. Níl ach líon beag de na príomhbhóithre atá ar chaighdeán réasúnta, tá linntreoga go leor sa chuid eile acu agus tá na droichid tite i roinnt áiteanna. Tá caighdeáin tiomána agus cothabháil feithiclí íseal go maith.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta ar Oileáin Sholomón, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá sé in aghaidh an dlí drugaí a úsáid ar Oileáin Sholomón, agus d’fhéadfaí téarma príosúin a ghearradh ar dhaoine a mbéarfaí orthu leo. 

Eascaine

Is coir é a bheith ag eascainí agus d’fhéadfadh éilimh mhóra ar chúiteamh nó fiú amháin príosún a bheith mar thoradh air.

Feisteas agus iompar

Gnás gléasta coimeádach atá ann, go háirithe do mhná, agus ba chóir duit éadaí cuí a chaitheamh. In áiteanna áirithe, tá suíomhanna ‘geise’ nach dtugann aon duine ach fir cuairt orthu.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí i go leor de thíortha an Aigéin Chiúin. Bí discréideach agus seachain gean a léiriú go poiblí, mar go bhféadfadh sin muintir na háite a mhaslú.

Faisnéis Bhreise

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal chuig Oileáin Sholomón, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +61 2 62140000
If you call outside normal working hours, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.


You may also wish to call the Department of Foreign Affairs in Dublin directly at 00353-1-4082000.

Embassy of Ireland
20 Arkana Street
Yarralumla
ACT 2600
Australia

Tel: +61 2 6214 0000
Fax: +61 2 6273 3741

Monday to Friday 09:30-12:30 and 14:00-16:00

Contact us