Stádas Slándála
- Gnáth-réamhchúraimí
- Bí an-chúramach
- Seachain taisteal neamhriachtanach
- Ná taistil
- Forbhreathnú
- Sábháilteacht agus Slándáil
- Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
- Sláinte
- Faisnéis Bhreise
- Embassy Contact
Forbhreathnú
Forbhreathnú
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas Slándála
Bí an-Chúramach
Taisteal chun Oileáin Chomóra
Tá paisinéirí atá go hiomlán vacsaínithe díolmhaithe ó cheanglais tástála COVID-19 sula dtagann siad isteach chun Oileáin Chomóra agus ar fhágáil dóibh.
Is gá do phaisinéirí nach bhfuil vacsaínithe toradh diúltach ar thástáil PCR a thaispeáint agus an tástáil a bheith déanta laistigh de 72 uair an chloig ó theacht isteach dóibh. Tá gá le tástáil PCR sula bhfágtar Oileáin Chomóra (beag beann ar an gcéad ceann sprice eile). Tá praghas 15,000 fhranc Oileáin Chomóra ar thástáil PCR sna hOileáin Chomóra.
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Comhairle phraiticiúil
- Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
- Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.
Sláinte
Sláinte
Sláinte
Faigh árachas taistil agus leighis
Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.
Vacsaíní
Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.
D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.
Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.
Cógas
Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Tá víosa de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha chun teacht isteach nó chun taisteal chun Oileáin Chomóra mar chuairteoir. Is féidir víosa a fháil ar theacht isteach duit ag aerfort Hahaya nó ag pointí iontrála eile ar €30. Tá sonraí ar fáil i bhFraincis ar shuíomh gréasáin aerfort Hahaya.
Ba cheart do phas a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí ón dáta a thagann tú i dtír.
Embassy contact
Embassy Contact
Embassy of Ireland
Toure Drive
Plot No. 353
Masaki
P.O.Box 9612,
Dar es Salaam
Tanzania
Tel: +255 22 221 3800
Fax: + 255 22 2602 362
Monday to Thursday 08:00 - 16:30, Friday 08:00 - 14:00
In cases of an emergency outside of regular office hours, the Embassy can be contacted by calling the Duty Officer directly on +255 754 783 455.