Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Mósaimbíc, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Mósaimbíc

Má tá tú ag taisteal go Mósaimbíc, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

 Moltar go láidir do gach saoránach de chuid na hÉireann a bhfuil sé beartaithe acu taistil go Mósaimbíc a chuid mionsonraí a chlárú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Mhósaimbíc sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turas nó le bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Má bhíonn géarchéim ann nó má bhíonn cúnamh nó comhairle uair féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Mapútó.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineálcúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Coiriúlacht

Níl fadhb thromchúiseach choiriúlachta ag Mósaimbíc mar atá ag roinnt tíortha eile sa réigiún. Is tír bhocht í áfach, agus costas ard maireachtála inti agus dírítear uaireanta ar dhaoine a fheictear ina ndaoine saibhre. Má tá tú ar cuairt chun na tíre glac comhairle áitiúil faoi na ceantair is fearr a sheachaint agus déan an réamhchúram ciallmhar bunúsach seo a leanas:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir. 

Mionghadaíocht

Tarlaíonn coiriúlacht sráide, mar pheasghadaíocht nó robáil le bagairt an fhoréigin, i Mósaimbíc agus, mar a tharlaíonn in áit ar bith, tagann méadú ar an mbaol tar éis thitim na hoíche. 

Tá coiriúlacht ghluaisteán, lena n-áirítear fuadach gluaisteán, ag dul i méid. Coinnigh doirse an ghluaisteáin faoi ghlas agus tú ag tiomáint agus bí ag faire amach do dhuine atá do do leanúint. Páirceáil an gluaisteán in áiteanna sábháilte, oscailte. Má thairgeann duine súil a choinneáil ar do ghluaisteán duit, ná diúltaigh é. Bí cairdiúil agus tabhair airgead éigin don duine nuair a fhilleann tú ar an gcarr. Athraíonn an praghas cuí ach bheadh thart ar 5 meticais air de ghnáth (thart ar €0.15).

Ní bhaineann foréigean gan ghá leis an gcoiriúlacht i Mósaimbíc. Mar sin má dhéantar mugáil ort nó má fhuadaítear do charr ba chóir duit a bheith socair, gan cur ina choinne agus do shealúchas a thabhairt ar láimh gan ceist.

Pas caillte/goidte

Má ghoidtear do phas cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Ba chóir duit na húdaráis imirce áitiúla a chur ar an eolas freisin agus cóip den tuairisc a thug tú do na póilíní a thaispeáint dóibh. Má dhéantar teagmháil le hAmbasáid na hÉireann féadfaidh siad pas ionaid a chur ar fáil.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Mósaimbíc, cuir in iúl do na póilíní láithreach é agus faigh tuairisc uathu.Déan teagmháil linn ag Ambasáid na hÉireann i Mapútó má bhíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Mósaimbíc, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá fíor-dhrochbhail ar fhormhór na mbóithre. Tá droch-chaighdeán tiomána ann tríd is tríd agus ní bhíonn árachas ag formhór na dtiománaithe áitiúla.

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Mósaimbíc, bí thar a bheith cúramach. Tá drochbhail ar bhóithre nuair a fhágann tú na príomhbhealaí mar sin bí cinnte de go bhfuil d’fheithicil in ann déileáil le bóthar sula dtugann tú faoi. Níl soilsiú leordhóthanach ann, fiú i gceantair uirbeacha, is minic nach mbíonn feithiclí coinnithe go maith agus ní bhíonn ardchaighdeán tiomána ann. Bíodh coinne agat le hiompar neamhthuartha ó úsáideoirí bóithre eile, lena n-áirítear scoitheadh ag cúinní caocha agus tiomáint istoíche gan soilse.

De bharr eachtraí a tharla le déanaí moltar duit comhairle áitiúil a fháil roimh thaisteal ar bhóthar EN1 i gcúige Sofala.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat. Moltar freisin go mbeadh Cead Tiomána Idirnáisiúnta leat chomh maith
  • Caithfidh tú doiciméid chéannachta agus doiciméid feithicle bhunaidh a bheith ar iompar agat i gcónaí ( ní ghlactar le cóipeanna a bhfuil nótaireacht déanta orthu) agus is féidir go n-iarrfadh na húdaráis ort iad a chur ar fáil. Bí cinnte go bhfaigheann tú na doiciméid ar ais i gcónaí.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Mhósaimbíc s
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar láimh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí agus coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Iompar poiblí

Tabhair aird ar staid na feithicle sula gcinneann tú úsáid a bhaint as iompar poiblí agus déan socruithe eile má bhíonn aon imní ort.

Aer iompróirí

Ó 2011, tá an Coimisiún Eorpach tar éis cosc oibriúcháin a chur ar aer iompróirí deimhnithe i Mósaimbíc agus cuirimid comhairle ort gan dul ag eitilt le haon iompróir atá faoi réir an choisc seo.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Céannacht phearsanta

Bíodh doiciméid chéannachta bhunaidh leat i gcónaí (ní ghlactar le cóipeanna a bhfuil nótaireacht déanta orthu). D’fhéadfadh go n-iarrfadh na húdaráis ort iad seo a thaispeáint. Bí cinnte i gcónaí go dtugtar na doiciméid ar ais duit.

Homaighnéasachas

Níl an homaighnéasachas mídhleathach i Mósaimbíc ach ní dearcadh báúil atá ag daoine ina leith, go háirithe lasmuigh de na cathracha móra.

Grianghrafadóireacht

Tá srianta ar na cearta grianghraif a ghlacadh d’fhoirgnimh rialtais, d’aerfoirt, d’ionaid mhíleata, d’áitribh nó d’oifigigh.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Séasúr na báistí agus séasúr tirim

Tá séasúr tirim ag aeráid Mhósaimbíc a mhaireann ó thart ar Aibreán go Deireadh Fómhair, agus séasúr báistí a mhaireann ó amach i nDeireadh Fómhair go dtí Aibreán, cé go mbíonn éagsúlachtaí ann ó bhliain go bliain.

Tuilte

Is féidir tuile tromchúiseach a bheith ann thart ar abhantracha i rith séasúr na báistí. Tabhair aird ar thuairiscí nuachta agus ar réamhaisnéisí na haimsire.

Cioclón

Is féidir le cioclóin dul i gcion ar réigiúin cois chósta i rith séasúr na báistí, tráth gaoth arda agus mórbháistí. Arís, ba chóir aird a thabhairt ar thuairiscí nuachta agus ar réamhaisnéisí aimsire, lena n-áirítear réamhaisnéisí ar líne.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Visa

Ní ligtear náisiúnaigh na hÉireann isteach i Mósaimbíc gan víosa.  Bíonn taistealaithe a thagann as tíortha gan ionadaíocht Mhósaimbíc, mar Éire, in ann víosaí cuairteora iontrála shingil atá bailí ar feadh 30 lá a cheannach ag an aerfort nó ag pointí iontrála eile.  Molann Ambasáid na hÉireann go láidir do náisiúnaigh na hÉireann áfach, víosaí a fháil roimh ré ó Ard-Choimisiún Phoblacht Mhósaimbíc, 21 Fitzroy Square, Londain W1T 6EL, guthán: +44(0)20 7383 3800.

Teastas vacsaínithe

Má bhí tú i dtír ina bhfuil an fiabhras buí eindéimeach caithfidh tú teastas vacsaínithe don fhiabhras buí a bheith agat le dul isteach i Mósaimbíc. Coinníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte liosta de thíortha dá leithéid a bhfuil a bhformhór san Afraic nó i Meiriceá Laidineach. Mura mbíonn teastas bailí agat tá an ceart ag na húdaráis tabhairt ort vacsaíniú a fháil ar do chostas féin sula dtéann tú isteach sa tír.

Sláinte

Tá roinnt rioscaí sláinte tromchúiseacha i Mósaimbíc agus tá áiseanna liachta lasmuigh de Mhapútó bocht ar an iomlán. I gcás tinneas nó gortaithe tromchúisí d’fhéadfadh go mbeadh gá le haslonnú liachta go dtí an Afraic Theas nó go dtí áit éigin eile.

Bí cinnte go seiceálann tú le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú nó bearta coisctheacha eile (e.g. leigheas frith-mhaláire) ag teastáil roimh dhul go Mósaimbíc.

Maláire

Tá maláire eindéimeach ar fud na tíre, Mapútó san áireamh. Roimh thaisteal cuir ceist ar do dhochtúir faoi leigheas frith-mhaláire oiriúnach. Agus déan réamhchúram nuair a shroichfidh tú Mósaimbíc le muiscítí a sheachaint trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Calar

Tá an calar agus galair eile a mbíonn toscaí míshláintíochta mar bhun leo forleathan ar fud Mhósaimbíc, go háirithe i rith séasúr na báistí (thart ar dheireadh Dheireadh Fómhair – Aibreán). Ba cheart duit uisce buidéalaithe nó beirithe agus scagtha a ól agus bia a ithe má bhíonn sé cócaráilte go maith agus aird tugtha ar bhun-réamhchúraim sláinteachais.

VEID agus SEIF

Tá ráta ard ionfhabhtaithe VEID agus SEIF ag Mósaimbíc. Ba chóir réamhchúram iomchuí a dhéanamh leis an riosca go n-iomprófaí é trí theagmháil fola nó gnéis a theorannú. Má bhíonn amhras ort go bhféadfadh gur nochtadh tú d’ionfhabhtú ba cheart cóir leighis a lorg láithreach.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the Duty Officer at +258-82-3091430.

Embassy of Ireland
Avenida Julius Nyerere 3630
CP 4654
Maputo
Mozambique

Tel: +258 21 501 700

Monday to Thursday 08:00-16:30; Friday 08:00-13:00

Contact us