Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Monacó, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Monacó

Má tá tú ag taisteal go Monacó, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-réamhchúraimi

Taisteal chun Monacó

Taistealóidh taistealaithe ó Éirinn go Monacó tríd an Fhrainc ar dtús de ghnáth. Féach ar ár gcomhairle taistil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar cheanglais maidir le teacht isteach i Monacó.

Féach ar shuíomh gréasáin Phrionsacht Mhonacó chun eolas iomlán, cothrom le dáta a fháil ar cheanglais maidir le teacht isteach i Monacó é féin.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i Monacó, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an gConsal Onórach i Monacó nó ag Ambasáid na hÉireann i bPáras, áfach, má theastaíonn cabhair uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Tá baol bunaidh ar sceimhlitheoireacht ann i Monacó.

Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Drugaí mídhleathacha

Baineann pionóis dhiana le húsáid drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga).

Réadmhaoin a cheannach i Monacó

Má tá sé ar intinn agat réadmhaoin a cheannach i Monacó, molaimid go láidir duit dul i gcomhairle le comhairleoir neamhspleách dlíthiúil ó thús an phróisis.

Ní féidir leis an Ambasáid comhairle a chur ort maidir le réadmhaoin a cheannach ná ní féidir leis eadráin a dhéanamh in aighneas maidir le réadmhaoin.

Sláinte

Sláinte

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú éigeandála leighis, aisdúichiú coirp nó costais a bhaineann le héigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí cuí árachais taistil, clúdófar na costais seo, ar an gcoinníoll nach bhfuil aon téarmaí nó coinníollacha sáraithe agat.

Is féidir leat agus le do theaghlach go leor airgid a shábháil má théann cúrsaí in aimhréidh nuair a cheannaítear árachas taistil cuimsitheach. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an chóir leighis a theastaíonn uait, nuair a theastóidh sé uait. Is féidir billí ospidéil méadú go dtí na mílte euro go han‑ghasta, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ag baint le haslonnú leighis go hÉirinn.

Ní hionann na polasaithe ar fad, agus d’fhéadfadh an ceann is saoire a bheith saor ar chúis faoi leith. Déan cinnte go gclúdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad a bhfuil sé ar intinn agat iad a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú an polasaí a chuireann an clúdach íosta leighis de €1 milliún ar fáil.

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí na nithe seo a leanas:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n‑áirítear aslonnú le haerárthach othar, nó nósanna imeachta éigeandála eile, agus aon chostas a bhaineann le fanacht níos faide gan choinne.
  • Do thuras iomlán, ó thús go deireadh. Cuimhnigh ar pholasaí bliantúil ilturas má dhéanann tú níos mó ná turas amháin in aghaidh na bliana.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (ar eagla go dtabharfar cás i d’éadan as gortú nó damáiste a dhéanamh do réadmhaoin).
  • Giuirléidí caillte nó goidte.
  • Cealú agus giorrú.
  • Aon ghníomhaíochtaí breise a bhfuil sé ar intinn agat iad a dhéanamh agus nach gcuirtear san áireamh sna polasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce amhail scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiamh: Ba cheart duit a thuiscint nach gclúdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Faisnéis Bhreise

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 0033(0) 1 44 17 67 00, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
12 ave Foch
75116 Paris
France

Tel: +331 44176700
Fax: +331 4417 6750

Monday to Friday 09:30-12:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Dr. Michael Smurfit
Consulat Honoraire d'Irlande,
Le Sardanapale,
2 Avenue Princesse Grace,
MC98000
Monaco

Tel: + 33 6 14 10 00 79
Fax: + 37 7 93 15 70 01

Email: Email us