Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Maracó, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Maracó

Má tá tú ag taisteal go Maracó, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chuig Maracó

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chuig Maracó ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Mar sin féin, is gá do phaisinéirí leanúint orthu ag líonadh foirm sláinte poiblí paisinéara (FSP) ar líne tríd an nasc seo a leanas: http://www.onda.ma/form.php a chaithfear a phriontáil agus a shíniú sula rachaidh tú ar bord eitilte. Tá díolúine ag páistí faoi bhun 12 bhliain d’aois ón riachtanas seo.

Ní ghlactar le Cárta pas le haghaidh taisteal chuig Maracó:  Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig Maracó. Ní ghlactar le cárta pas toisc gur le haghaidh taisteal laistigh den AE, Stáit LEE (An Íoslainn, Lichtinstéin, agus an Iorua), an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe é. Más mian leat dul isteach i Maracó ar chárta pas, d’fhéadfaí tú a choimeád taobh an aeir san aerfort ar feadh roinnt laethanta go dtí an chéad eitilt dhíreach eile ar ais go hÉirinn.

Ba cheart do thaistealaithe a bhfuil sé ar intinn acu dul chuig Maracó a chinntiú go seiceálann siad suíomhanna gréasáin Aireacht Sláinte Mharacó agus suíomh gréasáin oifigiúil Oifig Náisiúnta Thurasóireachta Mharacó roimh an dáta fágála atá beartaithe acu.

Comhairle Taistil Ghinearálta

​Moltar do shaoránaigh Éireannacha atá ag pleanáil taisteal chuig Maracó a bheith ar an airdeall agus a bheith cúramach i gcaitheamh a dtréimhse fanachta. Bíodh agus nach bhfuil Maracó slán ó ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, léiríonn an tuairisc is déanaí de chuid an Innéacs Sceimhlitheoireachta Domhanda go bhfuil baol sceimhlitheoireachta íslithe sa tír seo. Mar sin féin, moltar do shaoránaigh cruinnithe móra poiblí a sheachaint agus aon agóidí polaitiúla a sheachaint, agus réamhchúraim á nglacadh acu chun a sábháilteacht phearsanta féin a chinntiú.

Má theastaíonn cúnamh uait, is féidir teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Rabat trí ríomhphost a chur chuig RabatEmbassyExternalMail@dfa.ie.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá forbairtí réigiúnacha in ann corraíl phoiblí a spreagadh i Maracó. Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó do thionscnóir turas. Agus seachain léirsithe agus tionóil phoiblí, atá in ann éirí achrannach uaireanta. 

Sceimhlitheoireacht

Tá baol tromchúiseach ó sceimhlitheoireacht i Maracó agus dá bhrí sin moltar duit a bheith go mór ar an airdeall le linn do chuairte. Tharla ionsaí sceimhlitheoireachta ar an mbialann Argana i Marrakech in 2011, inar maraíodh 16 duine, agus ba turasóirí eachtrannacha a bhformhór siúd. Mar gheall ar an áit a tharla an eachtra, meastar go bhféadfadh go ndíreofaí ionsaithe ar áiteanna a gcruinníonn turasóirí.

Tharla go leor ionsaithe in 2007, lena n-áirítear ceann in aice le bus plódaithe i gcathair Meknes. In 2003, maraíodh 45 duine i scata ionsaithe sceimhlitheoireachta in Casablanca.

Coiriúlacht

Bíonn turais formhór na gcuairteoirí chuig Maracó réasúnta saor ó thrioblóid. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Maracó, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Rabat má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Maracó, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Níl sábháilteacht ar na bóithre go maith i Maracó, agus ba chóir duit fanacht go maith laistigh de na luasteorainneacha. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Mharacó, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Snámh

Má tá tú ag dul chuig ionaid shaoire Agadir, bí ar an eolas go mbíonn sruthanna cuilitheála contúirteacha go minic san fharraige amach ón bpríomhionad saoire.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Cultúr Moslamach

Is tír Mhoslamach é Maracó. Ba chóir duit a bheith measúil ar nósanna agus íogaireachtaí áitiúla i gcónaí, go háirithe le linn mí chráifeach Ramadan. Tarraingíonn mná aird, go háirithe nuair a bhíonn siad ag taisteal astu féin. Moltar duit meas a léiriú le do chuid éadaí agus gan éadaí a chaitheamh a mheasfaí a bheith gríosaitheach, seachas ar an trá.

Le linn Ramadan, níl cead ag Moslamaigh, a dhéanann suas mórchuid de dhaonra Mharacó, aon rud a ithe, a ól ná tobac a chaitheamh i rith an lae. Níor chóir duit a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac go poiblí le linn an ama ionas nach maslófar aon duine.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Iompraíocht ghnéasach

Is cion coiriúil é homaighnéasachas i Maracó. De réir an dlí, féadfar pionós a ghearradh i ndáil le caidreamh collaíochta lasmuigh de phósadh. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Faisnéis Bhreise

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Weather text removed

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the duty number, +212666 933 599, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Alternatively, you can call the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs at 00353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Centre Mahaj Ryad, Batiment 8, 5eme Etage
Rabat
Morocco

Tel: +212 (0)53 013 4082

Monday to Friday 09:00-18:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mohammed Chafik Mahfoud Filali
Honorary Consul of Ireland
Hotel Kenzi Europa
Boulevard du 20 Aoút
BP. 808,
Agadir
Morocco

Tel: + 212 5 2882 1212
Fax: + 212 5 2882 3435

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Ghali Bennanni
Honorary Consul of Ireland
57, Bd Abdelmoumen
Rue Salim Cherkkaoui,
Résidence Al Hadi B20,
5ème étage
Casablanca
Morocco

Tel: + 212 5 2227 2721
Fax: + 212 5 2220 4265

Email: Email us