Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Lucsamburg, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Lucsamburg

Má tá tú ag taisteal go Lucsamburg, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Taisteal chun Lucsamburg

Ba cheart d’aon duine atá ag smaoineamh ar thaisteal chun Lucsamburg an t-eolas is déanaí a sheiceáil maidir le COVID-19 mar gheall go bhfuil rialacha faoi réir athrú ar gearrfhógra. Tá an t-eolas is déanaí ar fáil anseo. Níl riachtanas ann, faoi láthair, chun cruthúnas ar vacsaíniú/thástáil COVID-19 a thaispeáint chun taisteal ó Éirinn (agus Ballstáit eile an Aontais) chun Lucsamburg.

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní bhíonn fadhb bainteach le formhór na gcuairteanna chun Lucsamburg.  Roinneann Lucsamburg baol sceimhlitheoireachta leis an gcuid eile den Eoraip. Moltar duit na réamhchúraim ghnácha chiallmhara a dhéanamh maidir le do chuid rudaí luachmhara agus do dhoiciméid taistil.

Cuirtear i gcuimhne do shaoránaigh Éireannacha atá i Lucsamburg gur cheart foirm bhailí d’aitheantas grianghrafadóireachta a bheith acu i gcónaí, ar nós pas nó paschárta.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i Lucsamburg trí scairt a chur ar 112.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Bíodh agus gur beag an baol sceimhlitheoireachta san Eastóin, tá riosca fós ann maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú ar fud an domhain, rud a d’fhéadfaí a bheith dírithe ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann turasóirí agus easaoránaigh go minic.

Coireacht

Tá an leibhéal coireachta réasúnta íseal i Lucsamburg go fóill ach ba cheart duit réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.
  • Moltar do phas a bhreith leat – nó ar a laghad fótachóip shoiléir de – i gcónaí má iarrfar ort foirm aitheantais a chur ar fáil ag póilíní Lucsamburg.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú i Lucsamburg, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach. Is féidir glaoch a chur ar na póilíní i Lucsamburg trí scairt a chur ar 112.

Tiomáint

Má bheartaíonn tú a bheith ag tiomáint i Lucsamburg, ba cheart duit na réamhchúraim chéanna a dhéanamh agus a dhéanfá in Éirinn ach cuimhnigh go dtiomáineann gluaisteáin ar an taobh deas den bhóthar. Más mian leat tiomáint, bíodh do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta leat agus bí cinnte go bhfuil árachas imleor agus oiriúnach agat.

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineál urrúis. Má ligeann tú leo fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara i gceist le húsáid agus le sealbhú drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Sláinte

Sláinte

Árachas Taistil

Ní féidir linn a íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó costais mar thoradh ar chás éigeandála pearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, fad agus nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha sáraithe agat.

Is féidir le ceannach árachais shláinte chuimsithigh neart airgid a shábháil duit féin agus do do chlann má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfaighidh tú an cúram sláinte a bheidh de dhíth ort nuair a bhíonn sé de dhíth ort. Is féidir le costas billí ospidéil cnuasach go mear ina mílte Euro, agus is féidir na mílte Euro eile a bheith mar chostas ar aslonnú sláinte ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí na himeachtaí ar fad a bhfuil sé de phlean agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Árachas Éireann go gceannaíonn tú polasaí a sholáthraíonn íosmhéid €1 mhilliún clúdach sláinte.

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí an méid seo a leanas:

  • Gach cúram sláinte thar lear, lena n-áirítear aslonnú ar aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fhanachta níos faide gan choinne.
  • Do thuras ar fad, ó fhágann tú go dtí go bhfilleann tú. Cuimhnigh ar pholasaí ilthurais bliantúil má bhíonn níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat san aon bhliain amháin.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (ar eagla go gcuirfí cás cúirte i do choinne i dtaca le tú a bheith freagrach as gortú nó damáiste réadmhaoine a dhéanamh).
  • Sealúchais a cailleadh nó a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá i gceist agat a dhéanamh nach gcuimsítear i ngnáthpholasaithe (e.g. gníomhaíochtaí spórt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Ba cheart duit a bheith ar an eolas nach gclúdaíonn formhór polasaithe árachais tarluithe a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram leighis tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má thagann tinneas ort nó má ghortaítear thú agus tú ar fhanacht shealadach ansin. Cinntigh go bhfaigheann tú CÁSE (ainm an E111) nó go ndéanann tú athnuachan air sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Cuir iarratas isteach do do CÁSE agus faigh tuilleadh eolais.

Ní ionadaí é an CÁSE le haghaidh árachas taistil ceart a chuireann árachóir creidiúnach ar fáil. Ní chlúdaíonn sé aisdúichiú ar bhonn sláinte, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí nach nglacfaidh roinnt ospidéil phríobháideacha leis an CÁSE, agus mar sin ba cheart duit seiceáil a dhéanamh leis an riarthóir ospidéil roimh ré.

 

 

Embassy contact

Embassy Contact

In case of a genuine emergency (death, serious illness, arrest, etc.) a message can be left on the Embassy's answering machine which is monitored regularly. Tel. (+352) 450610

This is an emergency number and only for cases that cannot wait until the office reopens.

Alternatively you may contact the duty officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Résidence Christina (2nd floor)
28 route d'Arlon
L-1140 Luxembourg

Tel: +352 450 610
Fax: +352 458 820

Monday to Friday 10:00-12:30

Contact us