Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Guadalúip, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Guadalúip

Má tá tú ag taisteal go Guadalúip, tá leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil le fáil sa mhír comhairle taistil agus nuashonraithe.

 

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun Guadalúip

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun Guadalúip ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Moltar duit suíomh rialtais na Fraince a sheiceáil le haghaidh aon srianta áitiúla is féidir a bheith ann fós.

De ghnáth maireann séasúr hairicíní an Atlantaigh ó mhí Meithimh go deireadh mhí na Samhna gach bliain agus d’fhéadfadh sé freisin oirthear agus deisceart SAM a bhualadh le báisteach throm, tuilte, agus gaotha an-arda.

Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé ar intinn acu a bheith sa réigiún atá buailte le linn na tréimhse seo machnamh a dhéanamh ar an ngá le taisteal bunaithe ar eolas maidir le réamh-mheastacháin ar adhaimsir.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalach Éireannach i Guadalúip, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin. 

Má bhíonn éigeandáil i gceist, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár nAoad Cúnaimh Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachracha i m Baile Átha Cliath ar +353 1 408 2000.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Séasúr na hairicíní

Tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí Iúil go mí na Samhna go hiondúil sa Mhuir Chairib. Ba cheart duit an-aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta chomh maith le comhairle a leanúint ó na húdaráis áitiúla. Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar shuíomh gréasáin Ionad Hairicíní Idirnáisiúnta de chuid SAM.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.

Víreas Zika 

Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus sa réigiún Mhuir Chairib. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin  An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint.

 

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 0033(0) 1 44 17 67 00, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox.

This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
12 ave Foch
75116 Paris
France

Tel: +331 44176700
Fax: +331 4417 6750

Contact us