Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Eacuadór, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Eacuadór

Má tá tú ag taisteal go hEacuadór, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh ardleibhéal cúraim a ghlacadh agus iad ag tabhairt cuairte ar Eacuadór agus ar Oileáin Galapagos.

Molaimid gan taisteal laistigh den limistéar eisiaimh 20km le hais na teorann leis an gColóim ar aon chor, seachas le haghaidh an bhaile trasnaithe teorann oifigiúil Tulcan i gcúige Carchi, de dheasca an chais slándála. Molaimid chomh maith go seachnaítear aon taisteal neamhriachtanach chuig cúigí Sucumbios agus Esmeraldas lasmuigh den limistéar eisiaimh 20km.

Ar an 31 Deireadh Fómhair agus an 1 Mí na Samhna 2022, bhí sraith pléascaí i dtuaisceart agus in iarthuaisceart Guayaquil, chomh maith le pléascaí i gcodanna thuaigh agus theas de chathair Esmeraldas. Fógraíodh stad éigeandála 45 lá (ón 1 Mí na Samhna chuig an 15 Nollaig 2022) i gcúigí Guayas agus Esmeraldas, agus tá cuirfiú 9i.n. go dtí 5r.n. i bhfeidhm.

Taisteal chuig Eacuadór

Níl aon riachtanais vacsaínithe i gceist chun dul isteach in Eacuadór. Caithfidh gach paisinéir atá ag dul isteach in Eacuadór, nó ag idir-thaisteal trí Eacuadór, Foirm Fógartha Sláinte a líonadh.

D’fheadfaí tástáil antaigine a éileamh ar aon phaisinéir a bhfuil siomptóim COVID-19 amhrasta á léiriú aige ar theacht isteach chuig Eacuadór dó, de réir mar a chinneann oifigeach sláinte aerfoirt. Má bhíonn tástáil dheimhneach ag an bpaisinéir déarfar leis masc a chaitheamh (ní chaithfear leithlisiú) agus déanfaidh an Aireacht Sláinte Poiblí monatóireacht ar a chuid sláinte trí ghlaonna gutháin.

Bíodh agus nach gcaithfear maisc aghaidhe a chaitheamh in Eacuadór a thuilleadh, d’fhéadfaí iarradh ar thaistealaithe iad a chaitheamh in áiteanna príobháideacha. Moltar masc agus cruthúnas ar vacsaíniú a bhreith leat i gcónaí.

Teastaíonn stampa oifigiúil iontrála dóibh siúd a thagann isteach in Eacuadór ó theorainn talún le Peiriú nó an Cholóim. D’fheadfadh oifigigh imirce Eacuadór cead isteach a dhiúltú do thaistealaithe nach bhfuil stampa fágála acu ó Pheiriú nó ón gColóim.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha in Eacuadór súil a choimeád ar fhorbairtí ar bhonn rialta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Féach ar na nascanna chuig suíomhanna gréasáin ábhartha thíos:

An Aireacht Sláinte Poiblí/Ministerio de Salud Pública (i Spáinnis)

An Aireacht Sláinte ar Twitter (i Spáinnis)

Quito Municipality ar Twitter (i Spáinnis, le haghaidh nuashonruithe maidir le srianta in Quito)

Guayaquil Municipality ar Twitter (i Spáinnis, le haghaidh nuashonruithe maidir le srianta in Guayaquil)

Aerfort Idirnáisiúnta Quito

Comhairle Taistil Ghinearálta

Coireacht

Bíonn coireanna foréigneacha agus gadaíocht comónta. Ba cheart duit a bheith fíor-airdeallach agus cúramach maidir leis na rudaí atá timpeall ort agus tú ag taisteal timpeall ar Eacuadór. Is riosca é an ghadaíocht armtha ar fud Eacuadór, ach in Quito, in Guayaquil agus i gceantair iargúlta go háirithe. Tá méadú tagtha ar an mbaol coireachta le blianta beaga anuas. Tá an leibhéal coireanna foréigneacha ard in Guayaquil and Quito fós, agus tá tuairiscí ar dhúnbhásuithe, gadaíocht le gunnaí agus ionraí tithe baile. Tá gadaithe armtha tar éis feithiclí a thascradh agus bagairt ar phaisinéirí. Cosúil le ceantair eile sa tír, tá méadú tagtha ar rátaí coireachta ginearálta agus ar eachtraí a bhaineann le buíonta in Guayaquil. Ba cheart cúram ar leith a ghlacadh i ngnócheantair agus i gcodanna ó dheas sa chathair.

Creathanna talún agus tubaistí nádúrtha

Tá Eacuadór suite in áit atá tugtha do ghníomhaíocht seismeach. Féach ar an roinn Tubaistí Nádúrtha agus Aeráide le do thoil chun teacht ar thuilleadh eolais.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat.

Coiriúlacht

Is féidir le coiriúlacht tarlú in Eacuadór agus ní mór duit réamhchúraimí ciallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Thromchoireacht

Tá baol leanúnach ann go dtarlóidh coireanna foréigneacha dírithe ar náisiúnaigh choigríche agus tuairiscítear go ndéantar ionsaithe, robálacha agus ionsaithe gnéis ar náisiúnaigh ón Eoraip.  

Ba chóir duit a bheith airdeallach agus aireach faoin méid atá timpeall ort agus tú ag taisteal timpeall Eacuadór, go háirithe agus tú ag teacht isteach sa tír.

Tá méadú ag teacht ar choiriúlacht ag tiománaithe tacsaí neamhchláraithe. Má bhíonn tacsaí ag teastáil uait, cinntigh go bhfaigheann tú tacsaí raidió údaraithe (tacsaí buí); bíonn greamán clárúcháin tacsaí ar taispeáint ar ghaothscáthanna agus doirse na dtacsaithe sin agus bíonn plátaí ceadúnais acu.

Coiriúlacht thromchúiseach

Má fhulaingíonn tú coir agus tú in Eacuadór, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBuenos Aires má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint in Eacuadór, ba chóir duit a bheith an-chúramach.  Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Eacuadór, mar shampla luasteorainneacha 
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Is fadhb mhór í gháinneáil ar dhrugaí in Eacuadór. Ná láimhseáil drugaí aindhleathacha, agus ná hiompair pacáistí ar ais go hÉirinn i do bhagáiste do dhuine ar bith, fiú má tá aithne mhaith agat ar an duine sin. Gabhtar daoine mar gheall ar gháinneáil ar dhrugaí go minic agus gearrtar pionóis dhiana, lena n-áirítear suas go dtí dhá bhliain athchuir faoi choimeád roimh phianbhreith a ghearradh agus pianbhreitheanna príosúnachta fada i bpríosúin Eacuadór a bhfuil coinníollacha crua agus contúirteacha iontu.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

 

Bí ar an eolas go bhfuil Eacuadór suite ar chrios creathanna talún agus go bhfuil sé faoi réir brúchtaí bolcánacha. Ba chóir do dhaoine a bhíonn ag taisteal láithreán gréasáin National Ecuadorian Geophysics Institute a sheiceáil chun an eolas is déanaí a fháil.

Aeráid

Tá aeráid an-fhadréimseach ag an tír. Is iad na ceithre réigiún is mó sa tír ná La Sierra (Ardchríocha), La Costa (Isealchríocha Cois Cósta), El Orienta (réigiún na hAmasóine) agus Oileáin Galápagos agus teochtaí, aeráidí agus séisiúir éagsúla ag gach réigiún díobh.

Bíonn aimsir níos fionnuaire i La Sierra (Ardchríocha) agus athraíonn an teocht ag brath ar an airde. Sna hAindéis, athraíonn an teocht de réir an ingearchló agus tréimhse na bliana. Is ionann an teocht san oíche i Quito agus  7ºC, 26ºC ag mean lae; is ionann an méanteocht agus thart ar 16ºC. Is iondúil go mbíonn aeráid La Costa (Ísealchríocha cois cósta) an-te le meánteocht idir 25ºC go dtí 31ºC ar feadh na bliana. Maireann séasúr na báistí ó mhí na Nollag go dtí mí na Bealtaine agus bíonn an séasúr te agus an-tais. Bíonn an séasúr tirim beagán tais. Bíonn an aeráid i Piedra Blanca (atá suite idir an talamh ard agus an talamh íseal) an-taitneamhach. Aeráid the, bháistiúil agus thais a bhíonn in El Oriente (réigiún na hAmasóine). Bíonn an meánteocht i rith an lae idir 23ºC agus 25ºC. Aeráid the agus thirim a bhíonn sna hOileáin Ghalápagos a mhaireann ar feadh na bliana, agus is ionann an meánteocht agus 28ºC.

Is é an feisteas a theastaíonn sna tailte arda ná éadaí níos teo. I gceantair fhothrópaiceacha, moltar fabraicí nádúrtha éadroma.

 

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Eacuadór, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chuig Eacuadór.

Fiabhras Deinge

Tá baol ann go mbeidh an fiabhras deinge i láthair in Eacuadór. Ní mór duit réamhchúraimí a dhéanamh i gcoinne greamanna ó mhuiscítí a iompraíonn an fiabhras deinge, a bhíonn gníomhach i rith an lae.

Maláire

Tá baol maláire i láthair ar fud formhór na tíre. Ba chóir duit comhairle liachta a fháil ó do dhochtúir maidir cógais frith-mhaláire sula dtéann tú ag taisteal agus ní mór duit réamhchúraimí dóthanacha a dhéanamh i gcoinne greamanna ó mhuiscítí.

Breoiteacht Airde

Cruthaíonn breoiteacht airde fadhbanna, go háirithe i Quito atá suite 2,800 méadar os cionn leibhéal na farraige. Ba chóir duit comhairle liachta a fháil maidir leis na rioscaí a bhaineann le breoiteacht airde sula dtéann tú ag taisteal in Eacuadór.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance outside of hours, on weekends and on public holidays. If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +56 2 3304 6600. The emergency message system is checked regularly outside of office hours and a member of the Embassy staff will contact you as soon as possible.
When you leave a message, remember to state your name, the nature of the problem, where you are now, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying).

Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Apoquindo 2929
Piso 18
Las Condes
Santiago
Chile

Tel: Tel: +56 2 3304 6600
Monday to Friday 9.00-13.00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. George McCabe,
Honorary Consulate of Ireland,
Samborondon Business Center,
Torre B, Piso 3, Ofic. 301,
Km 1.5 via Samborondon,
Guayaquil – Ecuador.

Tel: +593 99569 7020

Monday to Friday 09:00 – 12:00
By appointment only.

Email: Email us