Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Cuáit, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Cuáit

Má tá tú ag taisteal go Cuáit, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Chuáit nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Chuáit sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i gCuáit, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann in Abú Daibí in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tharla roinnt agóidí le saothraithe easaoránacha i gCuáit mar gheall ar choinníollacha fostaíochta. D’fhéadfadh imeachtaí idirnáisiúnta agus forbairtí polaitíochta (toghcháin san áireamh) léirsithe a spreagadh i gCuáit chomh maith.

Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas. Agus seachain léirsithe agus tionóil phoiblí, atá in ann éirí achrannach uaireanta.

Sceimhlitheoireacht

Bíonn formhór na dturas go Cuáit saor ó thrioblóid. Mar sin féin, ba chóir go mbeifeá ar an eolas faoin mbaol ó sceimhlitheoireacht sa réigiúin i gcoitinne. D’fhéadfadh ionsaithe a bheith neamh-idirdhealaitheach, agus in aghaidh leasanna an Iarthair, mar a bhí in áiteanna eile sa réigiún.

Mianaigh talún

Tá mianaigh talún agus ordanáis ghuaiseacha eile fós sa Chuáit. Má tá tú ag taisteal lasmuigh de Chathair Chuáit, ba chóir duit fanacht ar bhóithre tarmac. Bí cúramach ar thránna agus ag láithreacha picnicí. Tá contúirt fós ó ordanáis neamhphléasctha, fiú in áiteanna a nglantar go hoifigiúil iad.  Ná pioc suas aon ábhair aisteacha déanta as miotal, plaisteach ná eile a bhíonn caite thart.  Ná téigh ar thóir earraí cuimhneacháin cogaidh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal i gCuáit ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Tacsaithe

Moltar duit gan tacsaí a fháil ar an mbóthar i gCuáit, go háirithe más bean tú. Tuairiscíodh roinnt eachtraí ciaptha paisinéirí agus iad á dhéanamh sin. Moltar duit tacsaí a chur in áirithe trí ghlaoch teileafóin roimh ré ó chuideachta tacsaithe chreidiúnach agus aitheanta.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i gCuáit, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann Abú Daibí má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i gCuáit, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá sé in ann a bheith contúirteach tiomáint mar go dtéann go leor tiománaithe thar an luasteorainn agus athraíonn siad lánaí gan choinne. Déanann siad neamhaird de shoilse tráchta go minic agus bíonn siad ar a bhfón póca agus iad ag tiomáint agus is beag aird a bhíonn acu ar úsáideoirí eile an bhóthair. Tá sé riachtanach a bheith ar an airdeall seasta. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Chuáit, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Ag dul trasna na teorann

Ná húsáid ach pointí údaraithe bóthair trasna na teorann chun na hIaráice agus na hAraibe Sádaí. Tá aon ghluaiseacht neamhúdaraithe eile i bhfoisceacht teorainneacha neamhdhleathach agus contúirteach: bíonn gardaí armtha ag patrólú limistéar na teorann. Má tá sé i gceist agat dul trasna na teorann ó Chuáit chun na hIaráice, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil an páipéarachas ceart agat.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Cultúr Moslamach

I stát Moslamach é Cuáit agus cloítear go daingean le custaim Ioslamacha. Bí measúil ar thraidisiúin, ar nósanna, ar dhlíthe agus ar reiligiúin áitiúla. Caith éadaí coimeádacha – is dócha go dtarraingeodh mná a chaitheann brístí gearra nó éadaí fáiscthe, go háirithe i ngnócheantair, aird nach bhfáilteofaí roimhe. Bíodh fios do ghnóthaí agat agus bí cúramach gan cultúir ná creidimh reiligiúnda eile a mhaslú, go háirithe le linn mí bheannaithe Ramadan agus féilte beannaithe eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar áiteanna beannaithe.

Ní cheadaítear do Mhoslamaigh a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac i rith an lae le linn Ramadan. Níor chóir duit a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac go poiblí le linn an ama ionas nach maslófar aon duine.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Alcól

Féadfar pionós i bhfoirm fíneála nó príosúnachta agus/nó ionnarbtha agus tarraingt siar do cheadúnais tiomána a ghearradh as iompar meisciúil poiblí nó tiomáint faoi thionchar an óil.

Iompraíocht ghnéasach

Tá iompraíocht homaighnéasach neamhdhleathach. Tá léiriú geana poiblí de shaghas ar bith idir fir agus mná neamhdhleathach freisin. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Táirgí faoi chosc

Tá allmhairiú agus úsáid támhshuanach, alcóil, táirgí muiceola, agus ábhar gáirsiúil toirmiscthe agus d’fhéadfaí téarma príosúin a ghearradh ina leith.

Gníomhaíochtaí gnó/tráchtála

D’fhéadfaí aon duine a bhfuil baint acu le díospóid tráchtála nó eile le cuideachta nó duine de chuid Chuáit a chosc ón tír a fhágáil nó a chur faoi choimeád, ar feitheamh réiteach na díospóide. Tá seiceanna obtha neamhdhleathach i gCuáit agus d’fhéadfaí téarma príosúin agus/nó fíneáil a ghearradh mar gheall orthu.  Ní fhoráiltear sa dlí do chiontóirí a ligean amach ar bhannaí. Féadfar seiceanna ‘iardhátaithe’ a chur sa bhanc láithreach.

Cóchónaí

Tá cóchónaí neamhdhleathach i gCuáit. Más mian leat cónaí le do chéile sa teach céanna, caithfidh tú a bheith pósta.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá an aeráid sa Chuáit te agus tirim an chuid is mó den bhliain.

Stoirmeacha gainimh

Bíonn corr stoirm ghainimh ann agus cé go gcuireann siad isteach ar infheictheacht, de ghnáth ní bhíonn siad chomh dona sin is go gcuireann siad isteach ar an saol ó lá go lá.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Chuáit, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid Chuáit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Cuáit.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Kuwait, please contact Embassy of Ireland United Arab Emirates on +971 (0) 2 4958200.

If you require emergency assistance at the weekend or on a public holiday, you will be asked to leave a message on the answering machine. The answering machine is monitored regularly, and the Duty Officer at the Embassy will contact you as soon as possible.

Embassy of Ireland
Al Yasat Street off 6th Street
Al Bateen
P.O. Box 61581
Abu Dhabi
United Arab Emirates

Tel: +971 (0)2 4958200
Fax: +971 (0)2 6819233

Monday - Thursday 09:00-13:00

Friday 09:00-11:00

Contact us