Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Catar, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Catar

Má tá tú ag taisteal go Catar, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal go Catar

Ba cheart do phaisinéirí atá ag taisteal go Catar féachaint ar an suíomh gréasáin maidir le Beartas Chatar ar Thaisteal agus Filleadh do na riachtanais is déanaí.

Ní gá do chuairteoirí toradh diúltach thástáil PCR nó mearthástála antaiginí Covid-19 a thaispeáint a thuilleadh roimh thaisteal go Catar.

Is gá Cárta Hayya a bheith agat le teacht isteach go Catar is cuma má tá nó mura bhfuil tú ag freastal ar Chorn Domhanda 2022. Féadfaidh an riachtanas seo a bheith i bhfeidhm go dtí 23 Eanáir 2023. Is gá d’aon duine a bhfuil sé ar intinn aige/aici taisteal go Catar le linn na tréimhse seo cur isteach air. Cuir isteach ar do Chárta Hayya a luaithe agus is féidir roimh thaisteal duit agus ná fág go dtí an nóiméad deireanach an próiseas clárúcháin.

Ní gá do chuairteoirí ar Chatar réamhchlárú a thuilleadh ar an Aip Ehterez roimh theacht, moltar do chuairteoirí, áfach, é a íoslódáil agus a ghníomhachtú. Is féidir seo a dhéanamh ar theacht isteach duit trí úsáid a bhaint as cárta SIM áitiúil nó idirnáisiúnta. Tá sé éigeantach an Aip Ehterez a bheith íoslódáilte agus ag obair ar d’fhón cliste agat nuair a bhíonn tú taobh amuigh de do lóistín i gCatar agus ar theacht isteach go saoráid leighis duit.

An Taisteal trí Chatar

Is féidir le paisinéirí idirthurais atá ag taisteal go ceann scríbe eile taisteal trí Chatar.

Ba cheart do phaisinéirí seiceáil lena n-aerlíne nó comhlacht taistil chun an t-eolas is déanaí a fháil má tá sé ar intinn acu idirthuras a dhéanamh trí Chatar. Féadfar eitiltí a athrú nó a chur ar ceal ar gearrfhógra.

Ní gá do phaisinéirí atá ag déanamh idirthurais trí Doha agus nach bhfuil ag fágáil an aerfoirt aon toradh tástála nó teastas a thaispeáint taobh amuigh de riachtanais a dtíre imeachta nó a dtíre cinn scríbe. Ní féidir le paisinéirí fanacht sa limistéar idirthurais ar feadh níos mó ná 24 uair an chloig idir eitiltí.

Comhairle Taistil Ghinearálta 

Rinne údaráis Chatar roinnt beart a thabhairt isteach d’fhonn leathadh an víris a laghdú. Ba cheart duit cloí le haon bhearta scagtha nó riachtanais bhreise atá curtha i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla.  Faoi láthair, níl maisc aghaidhe riachtanach ach ar an gcóras iompair phoiblí agus in ionaid sláinte.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha i gCatar súil a choinneáil ar fhorbairtí go rialta agus comhairle ó na húdaráis áitiúla a leanúint Aireacht Sláinte Poiblí Chatar - leathanach eolais maidir le COVID-19.

Tá teannas réigiúnach leanúnach ann, agus, i gcás aon teagmhas, ba cheart duit súil a choimeád ar thuairiscí áitiúla nuachta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Leanann sceimhlitheoirí ar aghaidh ag bagairt go ndéanfar ionsaithe ar cheantar na Murascaille. Áirítear i measc na mbagairtí seo tagairtí d’ionsaithe ar leasanna an iarthair agus ar áiteanna a gcónaíonn, a n-oibríonn, agus a bhfreastalaíonn náisiúnaithe an iarthair orthu. Ba cheart do shaoránaigh ardleibhéal feasachta a choimeád ar chúrsaí slándála go fóill, go háirithe in áiteanna poiblí.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha i gCatar iad féin agus a dteaghlaigh a chlárú le hAmbasáid na hÉireann in Abú Daibí.

Lean @dfatravelwise chun na nuashonruithe taistil is déanaí do shaoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí agus ag taisteal thar lear a fháil. Is féidir Ambasáid na hÉireann in Abú Daibí a leanúint ar Twitter @IrelandEmbUAE.

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Bí ar an eolas faoin mbaol ó sceimhlitheoireacht sa réigiúin i gcoitinne. D’fhéadfadh ionsaithe a bheith neamh-idirdhealaitheach, agus in aghaidh leasanna an Iarthair.

Coiriúlacht

Bíonn formhór na dturas go Catar saor ó thrioblóid agus tá ráta coiriúlachta sách íseal ann. Ba chóir duit gnáth-réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i gCatar, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann Abú Daibí má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i gCatar, ba chóir duit a bheith cúramach. Níl caighdeáin tiomána go maith. Tá ainmhithe ar fánaíocht agus gainimh aistreach ina nguaiseacha breise ar an mbóthar. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Ní ghlactar in aon chor le tiomáint faoi thionchar an óil i gCatar. Féadfar ciontóirí a choinneáil, féadfar fíneáil a ghearradh orthu agus iad a thoirmeasc ó bheith ag tiomáint
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Chatar, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí

Tiomáint eisbhóthair

Tá tiomáint eisbhóthair, go háirithe turais san fhásach, in ann a bheith contúirteach, mura bhfuil feithicle 4x4 lánfheistithe agus dea-chothabháilte agat. Taistil i gconbhua le carranna eile, bíodh soláthar uisce agus fón póca agat agus inis do phleananna taistil do chairde nó gaolta.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Cultúr Moslamach

Is tír Mhoslamach é Catar agus cuirtear dlí Ioslamach i bhfeidhm ann. Ba chóir duit meas a léiriú le do chuid éadaí, bí cúirtéiseach agus bí measúil ar nósanna agus íogaireachtaí áitiúla.

Alcól

Tá sé in aghaidh an dlí alcól a ól nó a bheith ar meisce go poiblí i gCatar, agus áirítear ar phionóis téarma príosúin nó ionnarbadh. Tá alcól ar fáil, áfach, ag bialanna agus beáir cheadúnaithe in óstáin, agus féadfaidh easaoránaigh atá ina gcónaí i gCatar alcól a fháil trí chóras ceada. Níor chóir duit alcól a bheith ar iompar agat, lena n-áirítear i do charr (seachas é a thógáil abhaile nuair a bhailíonn tú é ón stór).  

Drugaí neamhdhleathacha

Tá na pionóis as drugaí a bheith i do sheilbh nó a thrádáil dian, go minic is téarmaí príosúin a bhíonn i gceist.

Táirgí faoi chosc

Tá sé toirmiscthe támhshuanaigh, alcól, pornagrafaíocht, táirgí muiceola agus ábhar agus leabhair chráifeacha a allmhairiú. Tá DVDanna agus físeáin faoi réir ag grinnscrúdú agus d'fhéadfaí cinsireacht a dhéanamh orthu.

Iompraíocht ghnéasach

Tá iompraíocht homaighnéasach neamhdhleathach i gCatar. D’fhéadfadh gabháil leanúint as aon dlúthchaidreamh idir fir agus mná (lena n-áirítear déagóirí).

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá an aeráid i gCatar te agus tirim an chuid is mó den bhliain. Ba chóir duit réamhchúram cuí a dhéanamh le dó gréine agus díhiodráitiú a sheachaint. Ná déan dearmad gur cion atá ann a bheith ag ithe agus ag ól go poiblí idir éirí agus luí na gréine le linn Ramadan.

Stoirmeacha gainimh

Bíonn corr stoirm ghainimh ann agus cé go gcuireann siad isteach ar infheictheacht, de ghnáth ní bhíonn siad chomh dona sin is go gcuireann siad isteach ar an saol ó lá go lá.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Chatar, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid Chatar i Londain.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal go Catar. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Embassy contact

Embassy Contact

If you need emergency assistance from the Embassy, then contact us immediately. Our telephone number is: +971 (0) 2 4958200.
If you require emergency assistance at the weekend or on a public holiday, you will be asked to leave a message on the answering machine. The answering machine is monitored regularly, and the Duty Officer at the Embassy will contact you as soon as possible. When you leave a message, remember to state your name, the nature of the problem, where you are now, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying). If necessary, contact the police also. Please note that the Duty Officer will deal with emergencies only.

Embassy of Ireland
Al Yasat Street off 6th Street
Al Bateen
P.O. Box 61581
Abu Dhabi
United Arab Emirates

Tel: +971 (0)2 4958200
Fax: +971 (0)2 6819233

Monday - Thursday 09:00-13:00

Friday 09:00-11:00

Contact us