Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Andóra, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Andóra

Má tá tú ag taisteal go hAndóra, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Andóra nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Andóra sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Ní chuireann an Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC), atá tagtha in áit na foirme E111, clúdach sláinte in Andóra ar fáil, de bharr nach cuid den Aontas Eorpach é.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Mionsonraí teagmhála éigeandála

  • Otharcharr/Briogáid Dóiteáin – 118     
  • Póilíní ­– 110  
  • Tarrtháil Sléibhe – 112   
  • Seirbhís Liachta Éigeandála – 116  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann in Andóra, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Maidrid sa Spáinn.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé nach bhfuil baol ard ó sceimhlitheoireacht in Andóra, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Albáin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte

Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.

Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.

Seachain sráideanna agus staighrí gan soilse

Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú in Andóra, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Maidrid má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint in Andóra, ba chóir duit gnáth-réamhchúram a dhéanamh agus cuimhnigh go gcaithfidh tú tiomáint ar thaobh na láimhe deise in Andóra. Más mian leat a bheith ag tiomáint

Tabhair leat do cheadúnas tiomána iomlán idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat

Tá dlíthe Andóra maidir le tiomáint faoi thionchar an óil in níos géire ná i dtíortha eile san Aontas Eorpach. Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort

Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta in Andóra, mar shampla luasteorainneacha

Caith crios sábhála i gcónaí

Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Ná húsáid fón póca gan ‘fearas lámhshaor’ má bhíonn tú ag tiomáint

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo

Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Alcól

Tá sé in aghaidh an dlí alcól a ól go poiblí in Andóra agus bíonn pionós €300 i gceist leis.

Nithe saor ó dhleacht

Ní ball den Aontas Eorpach é Andóra agus mar sin, má cheannaíonn tú tobac, licéar nó só-earraí saor ó dhleacht ann, beidh ort cáin agus dleacht a íoc orthu nuair a théann tú isteach i dtír de chuid an Aontais Eorpaigh arís.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Maidhmeanna Sneachta

Má tá tú ag taisteal go háit ina ndéantar scíáil, glac comhairle maidir le coinníollacha aimsire agus maidhmeanna sneachta sula n-imíonn tú agus le linn do shaoire. (féach:www.avalanches.org).

Bí ar an airdeall faoin mbaol ó mhaidhmeanna sneachta agus lean na treoracha sábháilte a thugann na húdaráis ag áiteanna scíála i gcónaí.

Embassy contact

Embassy Contact

As there is no Irish Embassy or Consulate in Andorra, assistance is provided through the Embassy of Ireland, Madrid.
Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, you should call the main Embassy number, +34 91 4364093, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox.

This mailbox is monitored regularly.

Embassy of Ireland
Ireland House
Paseo de la Castellana 46-4
28046 Madrid
Spain

Tel: +34 91 436 4093
Fax: +34 91 435 1677

Monday to Friday from 10am-2pm

Contact us