Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Úisbéiceastáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Úisbéiceastáin

Má tá tú ag taisteal chun na hÚisbéiceastáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach 

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Úisbéiceastáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Úisbéiceastáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann san Úisbéiceastáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Moscó i gCónaidhm na Rúise má tá cabhair uait.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Seachain taisteal chuig aon cheantar a bhfuil teorainn acu leis an Afganastáin, an Táidsíceastáin agus leis an gCirgeastáin mura bhfuil sé riachtanach agus úsáid pointí trasnaithe údaraithe agus sin amháin. Is splancphointí poitéinsiúla iad teorainneacha na hÚisbéiceastáine agus tá teannas ann maidir le haitheantas teorann na hÚisbéiceastáine/na Cirgeastáine. Tuairiscíodh eachtraí slándála ó cheantair teorann agus tá mianaigh i roinnt ceantar.

Más mian leat taisteal go Termez agus go codanna eile de réigiún Surkhandarya, beidh ort iarratas a dhéanamh ar chead ón Aireacht Gnóthaí Eachtracha in Tashkent.

Léirsithe

Seachain léirsithe agus tionóil phoiblí mhóra. Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó do thionscnóir turas.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ó sceimhlitheoireacht san Úisbéiceastáin. Tá roinnt ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha déanta le roinnt blianta anuas agus bhí cuid díobh dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn eachtrannaigh. Ba chóir duit a bheith ar an airdeall go háirithe in áiteanna poiblí agus tabhair aird ar aon fhógraí slándála de chuid údarás na hÚisbéiceastáine. Uaireanta, cuireann rialtas na hÚisbéiceastáine ar thaisteal chuig codanna áirithe den tír mar fhreagairt d'imní slándála.

Tá go leor teannais i Fergana Valley agus ba chóir duit a bheith cúramach.

Coiriúlacht

Níl fadhb thromchúisceach le coiriúlacht san Úisbéiceastáin. Ach, tharla corrmhugáil agus beagán mionchoiriúlachta in aghaidh eachtrannach agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat - fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná tabhair leid go bhfuil airgead agat, go háirithe i gceantair thuaithe
  • You should carry your passport with you at all times as this is a legal requirement in Uzbekistan. The police often carry out checks.
  • Seachain a bheith ag siúl asat féin san oíche. Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse agus socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Seachain a bheith ag taisteal i dtacsaithe neamhoifigiúla, go háirithe san oíche agus asat féin, nó má tá paisinéir eile sa charr romhat

Oifigigh de chuid na bpóilíní

Tá líomhaintí déanta go ndearna póilíní nach raibh ar dualgas nó daoine ar ligean orthu féin gur póilíní iad coireanna. Ba chóir go dtaispeánfadh fíor-oifigigh de chuid na bpóilíní a ndintiúir féin nuair a iarrann siad cruthúnas céannachta ar dhuine. Má tá amhras ort, téigh chuig an stáisiún póilíní is gaire duit.

Pas caillte nó goidte

Má chailleann tú do phas déan é a thuairisciú láithreach do na póilíní agus faigh deimhniú den chaillteanas i scríbhinn. Beidh sé sin ag teastáil nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar phas éigeandála ó Ambasáid na hÉireann i Moscó. Is féidir leis an Ambasáid glacadh le hiarratais ar phasanna nua, a d’fhéadfadh idir ceithre agus sé seachtaine a thógáil le próiseáil i mBaile Átha Cliath, ach ní fhéadfar pasanna iomlána nua a eisiúint i Moscó.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Úisbéiceastáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Moscó má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint san Úisbéiceastáin, bí cúramach – tá go leor bóithre go dona agus drochshoilse orthu.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Ní ghlactar in aon chor leo siúd a bhíonn ag tiomáint faoi tionchar an óil
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hÚisbéiceastáine mar shampla luasteorainneacha
  • Bítear ag tiomáint ar thaobh na láimhe deise den bhóthar san Úisbéiceastáin agus tá ceart slí ag feithiclí ag déanamh ar thimpeallán orthu sin atá ar thimpeallán cheana féin
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Sábháilteacht ar Bhóithre

Tá seicphointí slándála ag teorainneacha cathracha Tashkent agus bailte eile ar fud na tíre agus dá bhrí sin d’fhéadfaí moill a chur ort má bhíonn tú ag taisteal i gcarr.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Iompar Poiblí

Tá sé níos sábháilte tacsaithe oifigiúla a úsáid in Tashkent agus taisteal i bhfeithiclí nua-aimseartha. Ní mholtar feithiclí giofóg príobháideacha a fhruiliú in ionad tacsaithe ceadúnaithe.

Ritheann go leor busanna agus tacsaithe ar Ghás Nádúrtha Comhbhrúite (CNG) agus ní leantar rialacháin shábháilteachta i gcónaí. Phléasc bus in Tashkent in 2010, agus maraíodh seisear. Ba chóir duit feithiclí nua-aimseartha a roghnú nuair a bhíonn tú ag taisteal ar bhus nó i dtacsaí nuair is féidir.

Sábháilteacht Aeir

Má tá sé i gceist agat taisteal ó agus chun na hÚisbéiceastáine nó ann, seachain taisteal ar aerlínte a liostaítear faoi thoirmeasc oibriúcháin an AE. Ní fios an gcloítear i gceart le rialacháin chothabhála d’aerárthaí a úsáidtear d’eitiltí intíre. Nuair is féidir, úsáid eitilt dhíreach a thagann ó áit éigin lasmuigh d'Oirthear na hEorpa agus an Áise Láir.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

You should carry your passport with you at all times as this is a legal requirement in Uzbekistan. The police often carry out checks.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá sé neamhdhleathach drugaí áirithe a bheith i do sheilbh agus is féidir le téarmaí príosúin a bheith fada.

Drugaí ar oideas

Tabhair oideas dochtúra leat má tá sé i gceist agat taisteal le drugaí ar oideas agus luaigh iad ar d'Fhoirm Dhearbhaithe Chustaim. Mura luann tú iad nó má tá níos mó ná an tairseach dleathach ar iompar agat, d’fhéadfadh imeachtaí riaracháin nó coiriúla a bheith romhat, fiú má tá oideas dochtúra agat. Tá cásanna ann inar coinníodh náisiúnaigh eachtracha ag pointe trasnaithe teorann Khusaily in aice Nukus as cógas a bheith ina seilbh nach ndéanfaí suntas ar bith de i dtíortha eile de ghnáth.

Homaighnéasachas

Tá homhaighnéasachas neamhdhleathach faoi dhlí na hÚisbéiceastáine.  Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Grianghrafadóireacht

Tá sé in ann cur isteach ar na húdaráis grianghraif a thógáil de rudaí atá in ainm is a bheith neamhurchóideach agus ba chóir duit seiceáil sula n-úsáideann tú ceamara, go háirithe in aice le haerfoirt, beairic mhíleata agus stáisiúin mhíleata.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Creathanna talún

Tá an Úisbéiceastáin i gcrios seismeach gníomhach agus tarlaíonn creatháin talún. Tharla crith talún, 6.2 ar an scála Richter réigiún Batken in iardheisceart na Cirgeastáine in 2011 agus bhí na creatháin le haireachtáil in Tashkent. Tuairiscíodh gur maraíodh agus gur gortaíodh roinnt daoine.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na hÚisbéiceastáine, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Ambasáid na hÚsbéiceastáine i Londain. 

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Más mian leat taisteal go Termez agus go codanna eile de réigiún Surkhandarya, beidh ort iarratas a dhéanamh ar chead ón Aireacht Gnóthaí Eachtracha in Tashkent.

Pasanna

You should carry your passport with you at all times as this is a legal requirement in Uzbekistan. The police often carry out checks. Déan cinnte go líonann tú amach sonraí neasghaoil ar na leathanaigh cúil.

Custaim

Ní mór d’eachtrannaigh Dearbhú Custaim a chomhlánú i ndúblach nuair a thagtar isteach san Úisbéiceastáin. Breathnóidh oifigigh chustaim ar an dá chóip agus cuirfidh siad stampa orthu. Coinneoidh an tÚdarás Custaim ceann díobh, coinneoidh tusa an ceann eile agus taispeánfaidh tú é nuair a fhágfaidh tú an tír.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hÚisbéiceastáine.

Saoráidí liachta

Tá an caighdeán cúram liachta go dona agus ba chóir duit gach uile chóireáil seachas cóireáil bhunúsach nó éigeantach i gcás éigeandála a sheachaint. Tá árachas liachta cuimsitheach, lena n-áirítear aslonnú otharcharr aeir, riachtanach.

Maláire

Tá cásanna deimhnithe maláire i gcúige Sukhandarya ó dheas agus i gceantair teorann. Sula dtéann tú ag taisteal, faigh comhairle cothrom le dáta maidir lena mbeidh cógas frith-mhaláire ag teastáil uait. Nuair a shroichfidh tú an Úisbéiceastáin déan muiscítí a sheachaint trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Tinnis eile

Tá ráigeanna de heipitíteas A, de mheiningíteas agus diftéire tarlaithe san Úisbéiceastáin. Tuairiscíodh cásanna polaimiailítis i gceantair teorann agus tá imní faoi eitinn chomh maith.

Sláinteachas bia

Bain an craiceann de thorthaí agus de ghlasraí, seachain feoil nach bhfuil cócaráilte i gceart, táirgí déiríochta nach bhfuil paistéartha agus formhór an bhia a dhíoltar ar na sráideanna.

Uisce

Moltar duit gan ach uisce beirithe nó buidéalaithe a ól agus seachain oighear i ndeochanna le linn do chuairte.

Airgead

Tabhair leat do dhóthain airgid le haghaidh do chuairte agus ná malartaigh airgead ach trí bhotháin malairte oifigiúla agus sin amháin. Beidh ort foirm dhearbhaithe airgeadra coigríche a chomhlánú nuair a thiocfaidh tú chun na hÚisbéiceastáine, agus coinnigh cóip tú féin. Ní fhéadfaidh tú imeacht le níos mó airgeadra coigríche ná mar a bhí agat ag teacht. Níl ATManna coitianta san Úisbéiceastáin.

Tuilleadh comhairle taistil

Mar gheall nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht againn san Úisbéiceastáin, ní féidir linn comhairle taistil cothrom le dáta a thabhairt. Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar na haireachtaí eachtracha seo a leanas, áfach, chun eolas níos mionsonraithe a fháil: 

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out-of-hours service for Irish citizens requiring emergency assistance. If you are in need of emergency assistance, please ring the Embassy Duty Officer at +7 985 928 7615

Embassy of Ireland to the Russian Federation
Grokholski Perulok 5
Moscow 129010
Russia

Tel: +7 495 937 5911
Fax: +7 495 680 0623

Contact us