Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Úcráin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Úcráin

Má tá tú ag taisteal chun na hÚcráine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Foláireamh Taistil is Déanaí

Tá An Roinn Gnóthaí Eachtracha ag déanamh dlúth-mhonatóireacht ar chúrsaí san Úcráin in éineacht lenár gcomhpháirtithe san EU agus ár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.

Molann muid gan a bheith ag taisteal chun na hÚcráine ar chúis ar bith. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha san Úcráin imeacht má tá sé sábháilte sin a dhéanamh. Má chreideann tú nach féidir leat imeacht go sábháilte, ba cheart duit dul ar foscadh in áit shlán agus súil ghéar a choinneáil ar fhorbairtí. Coinnigh faoi athbhreithniú leanúnach do chás agus do chuid pleananna imeachta agus cinntigh go bhfuil do chuid doiciméad taistil cothrom le dáta. Coinnigh i gcuimhne go bhféadfar cur as do línte cumarsáide (fón, idirlíon).

Anuas air sin, molann an Roinn go láidir gan socruithe máthairionadaíochta a dhéanamh san Úcráin. Tá an cas ar fud na hÚcráine, in Kyiv agus sna réigiúin iartharacha chomh maith, fíordhainséarach go fóill agus tá ionsaithe diúracáin ag tarlú go fóill ar fud na tíre. Bhuail ionsuithe diúracáin go leor targaidí sibhialtacha, lena n-áirítear scoileanna, bloic árasán agus ospidéil mháithreachais, agus tá siad á mbuaileadh go fóill. Tá cumas na Roinne cabhair chonsalachta a chur ar fáil do shaoránaigh san Úcráin thar a bheith teoranta.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí ganntanas leictreachais agus uisce i roinnt codanna den tír mar thoradh ar an damáiste a rinne ionsuithe forleathana diúracáin san Úcráin don bhonneagar criticiúil. Tá tuairisciú déanta ar ghanntanas géar leictreachais agus clistí cumhachta i gcathair agus i réigiún Lviv. D’iarr údaráis chathair Kyiv ar an bpobal srian a chur le húsáid an leictreachais idir 5pm agus 10pm. Ba cheart duit a bheith aireach go bhféadann ganntanas leictreachais agus/nó uisce tarlú ar gearrfhógra áit ar bith sa tír.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha san Úcráin nach bhfuil sé déanta acu cheana féin a gcuid sonraí féin agus sonraí aon chleithiúnaithe a chlárú anseo. Is féidir le saoránach ar bith a bhfuil cabhair chonsalachta éigeandála ag teastáil uathu glaoch a chur ar an Roinn ar +353 1 408 2000.

Tá aerspás na hÚcráine dúnta. Tá cur isteach ar fhormhór na mbealaí thar tír amach ón Úcráin agus is baol go fóill iad moilleanna fada ag teorainneacha. Féadfaidh roinnt bealaí dúnadh ar gearrfhógra.

Féach ar ár gcomhairle taistil d’aon tír máguaird a bhfuil sé ar intinn agat taisteal chuici nó tríthi ag www.dfa.ie/travel. Tá naisc úsáideacha thíos:

Fógraíodh dlí míleata san Úcráin. Ba cheart do shaoránaigh súil ghéar a choinneáil ar chomhairle na n-údarás áitiúil agus ar fhoinsí iontaofa sna meáin.

Molann an Roinn do gach saoránach Éireannach cloí le gach ceann de na rialacháin, cuirfiúnna san áireamh, atá i bhfeidhm in Kyiv nó áit ar bith eile san Úcráin. Tá sé thar a bheith dainséarach cuirfiú a shárú agus dul timpeall na cathrach le linn do choinbhleacht ghníomhach a bheith ar siúl nó le linn d’fhéidearthacht a bheith ann go dtarlóidh sé seo gan aon rabhadh.  Dúirt na húdaráis go soiléir go nglacfar leis gur baill de ghrúpaí sabaitéireachta iad daoine a théann taobh amuigh. 

Chuir an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce beolínte eolais agus tacaíochta ar bun do dhaoine atá ag iarraidh imeacht ón Úcráin. Is féidir le haon duine san Úcráin glaoch ar 527 (saor in aisce ó ghutháin phóca), 0800505501 (saor in aisce ó línte talún) agus tá eolas ar fáil anseo maidir le glaoch a chur ó thíortha máguaird.

Go dtí seo, tá lóistín atá á sholáthar ag an Stát á lorg ag líon suntasach daoine ón Úcráin atá ag teacht isteach go hÉirinn faoin Treoir um Chosaint Shealadach.  Tá lóistín anois á sholáthar ag an Stát do 58,000 duine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu, ar Úcránaigh iad formhór acu, i gcomparáid le 7,500 an t-am seo anuraidh. Tá ganntanas géar lóistín ann anois mar thoradh ar an méadú an-mhór seo.  Tá tuartha maidir le lóistín a bheith ar fáil an-dúshlánach go fóill.  Moltar dóibh siúd atá ag cuimhneamh ar thaisteal go hÉirinn a bheith go hiomlán ar an eolas faoi na cúinsí deacra seo a chiallaíonn nach mbeidh gach duine a thagann isteach go hÉirinn agus a bhfuil lóistín atá á sholáthar ag an Stát á lorg aige/aici ábalta an lóistín sin a fháil ar theacht isteach go hÉirinn ar dtús dó/di. 

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig: gov.ie - Lóistín (www.gov.ie) le do thoil.

Víosaí d’Éirinn 

Cuireadh deireadh leis na riachtanais víosa idir an Úcráin agus Éirinn. Tá feidhm leis seo mar bheart éigeandála do na hÚcránaigh ar fad atá ag taisteal go hÉirinn. Tá níos mó eolais ar fáil anseo ón Roinn Dlí agus Cirt, ceisteanna coitianta ina measc sin: Ceisteanna Coitianta – do Náisiúnaithe na hÚcráine agus Chónaitheoirí na hÚcráine - Soláthar Seirbhíse Inimirce (irishimmigration.ie)

Bearta Sláinte Poiblí COVID-19

Tá plean “coraintín oiriúnaitheach” ceithre leibhéal á chur i bhfeidhm ar bhonn réigiúnach ag Rialtas na Úcráine.

Má tá tú san Úcráin ba cheart duit súil a choinneáil ar fhorbairtí go rialta agus comhairle ó na húdaráis áitiúla a leanúint.

Féach na naisc thíos le haghaidh eolais.

Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine

Suíomh gréasáin maidir leis an gCoróinvíreas de chuid Aireacht Shláinte na hÚcráine

Ionad Sláinte Poiblí na hÚcráine

An Chrimé

Ní féidir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha cabhair chonsalachta a chur ar fáil do shaoránaigh Éireannacha sa Chrimé. Molann muid gan a bheith ag taisteal chun na Crimé. Tá rialú oibríochtúil iomlán bunaithe sa Chrimé ag fórsaí na Rúise agus ag grúpaí atá ar son na Rúise.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

An Chrimé

Moltar do gach saoránach atá sa Chrimé faoi láthair fágáil láithreach fad agus is féidir é seo a dhéanamh. Tuairiscítear go bhfuil bealaí bus agus traenach ag feidhmiú amach as an réigiún go fóill. Níl aon Ambasáid ag Éirinn san Úcráin agus níl aon Chonsalacht sa Chrimé, mar sin ní dócha go mbeidh seans ann go mbeimid ábalta aon chúnamh consalachta a chur ar fáil do shaoránaigh Éireannacha a shocraíonn fanacht sa Chrimé.

Léirsithe

Tionóltar léirsithe níos minice i rith an tsamhraidh san Úcráin ach molaimid duit aon léirsiú nó cruinniú poiblí a sheachaint toisc go bhfuil siad in ann a bheith achrannach. Bí ar an eolas i gcónaí faoin méid atá ag tarlú thart ort trí súil a choinneáil ar na meáin áitiúla agus fanacht i teagmháil le d’óstán nó le d’eagraí turas.

Sceimhlitheoireacht

Cé nach bhfuil baol ard ó sceimhlitheoireacht san Úcráin, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Cé nach mbíonn mórán trioblóide ag baint le cuairteanna chun na hÚcráine, tá méadú tagtha ar líon na mugálacha agus ionsaithe eile a tuairiscíodh i gCív agus in ionaid uirbeacha eile. Déan réamhchúraimí ciallmhara:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Déan cóipeanna de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) agus coinnigh in áit shábháilte iad, nó le do theaghlach nó cairde sa mbaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná fág deoch nó bia gan duine ina mbua agus ná glac le deochanna ó strainséirí nó ó daoine nach bhfuil mórán aithne agat orthu.

Coiriúlacht  spreagtha ag ciníochas

Ba chóir go mbeadh gach cuairteoir cúramach ach má tá tú de shliocht Áiseach nó Afra-Chairibeach agus/nó má bhaineann tú le creideamh mionlach, bí thar a bheith cúramach san Úcráin, mar tuairiscítear go dtarlaíonn roinnt ionsaithe ar chuairteoirí mar gheall ar chiníochas.

Camscéimeanna turasóirí

Camscéim coitianta is ea nuair a thiteann sparán nó carn airgead ó chaimiléir os comhair turasóra. Má thagann duine i do threo ar an mbealach seo, ná labhair leis/léi agus coinnigh ort ag siúl.

Coiriúlacht ar iompar poiblí

Bí cúramach ag taisteal ar iompar poiblí toisc go mbíonn tóir ag peasghadaithe agus lucht goidte málaí orthu. Bí an-chúramach ar thraenacha thar oíche. Molaimid, más féidir é, taisteal le duine eile agus in urrann gur féidir a dhaingniú ón taobh istigh.

Pasanna caillte nó goidte

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, ní mór duit é a thuairisciú láithreach do na póilíní. Beidh sé níos éasca pas nua a fháil má bhíonn tú in ann cóip den ceann a cailleadh nó a goideadh a sholáthar. Mar sin coinnigh cóip de do phas.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Úcráin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Consalacht na hÉireann i gCív má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat dul ag tiomáint san Úcráin, ní mór duit a bheith an-chúramach. Tá coinníollacha na mbóithre, go háirithe i gceantair iargúlta, san Úcráin an-chontúirteach, go mór mhór san oíche. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Ní ghlactar le tiomáint ar meisce san Úcráin.  
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hÚcráine, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Iompar poiblí

Tá líonra cuimsitheach busanna, bus tralaithe agus tramanna i bhformhór na mbailte. De ghnáth, is féidir leat ticéid (bilet) a cheannach ag bothanna ag na stadanna bus is mó. Murar féidir, féadfaidh tú ticéad a cheannach ó stiúrthóir nó tiománaí an bhus nuair a théann tú isteach air. Go hiondúil, caithfear ticéid, lena n-áirítear na cinn a cheannaítear ón stiúrthóir, a bhailíochtú  trí iad a “phuinseáil”. Gearrtar fíneáil ar an láthair ar an té a bhíonn ag taisteal gan ticéad nó le ticéad neamhbhailí.

Bíonn líonra leathan mionbhusanna agus a dtáillí ar taispeáint ar an bhfuinneog istigh sa mbus. Bíonn na táillí idir 1.50 agus 3.00 Hryvnia. Is minic a n-íocann paisinéirí a gcuid táillí trí airgead a thabhairt don tiománaí via paisinéirí eile.

Tacsaithe

Uaireanta gearrann tiománaithe tacsaí neamhrialaithe praghas ró-ard agus molaimid duit gan ach tacsaithe oifigiúla a úsáid. Beidh ain magus uimhir gutháin na cuideachta ar thaobh an dorais nó ar bharr an tacsaí. Seo a leanas dhá chuideachta tacsaí a mbíonn Béarla bunúsach ag a gcuid tiománaithe de ghnáth:

Express taxi – Tel: +380-44-239-15-15

Etalon taxi – Tel: +380-44-501-55-01/502-54-54

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Céannacht phearsanta

Bíodh do phas ar iompar agat i gcónaí mar is minic go ndéanann na póilíní seiceálacha ar phasanna náisiúnaigh choigríche.

Ní ghlacfaidh na póilíní ach le pasanna bunaidh in imthosca den chineál sin toisc go mbíonn  siad ag iarraidh do stádas san Úcráin a fháil amach. Má choinnítear tú, ba chóir duit tuairisc oifigiúil a iarraidh ar na póilíní. 

Ní mór do phóilíní iad féin a chur in aithint de réir ainm, post, rang agus an fáth a bhfuil siad ag déanamh seiceáil ort a insint duit (céannacht a sheiceáil). Ní mór dóibh cáipéis a bhailíochtaíonn a gcéannacht a thaispeáint duit.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis dhiana ar chionta drugaí. Tá díol agus dáileadh drugaí ar an tsráid in aghaidh an dlí agus go minic is góchumthaí guaiseacha iad.

Cionta maidir le ord poiblí

Tá toirmeasc oifigiúil ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí cosúil le hiompar poiblí, stadanna bus, trasrianta faoi thalamh, áiteanna súgartha, páirceanna, ionaid chultúir agus spóirt agus ionaid rialtais.

Grianghrafadóireacht

Níl cead grianghraif a thógáil in gar do ionaid rialtais nó mhíleata.

Déantáin chultúir

Baineann rialacha dochta le honnmhairiú seandachtaí agus míreanna a bhfuil leas stairiúil ag baint leo. Má bhíonn amhras ort, faigh cead ó na húdaráis custaim sula ndéanann tú iarracht aon mhír a onnmhairiú as an tír. Mura gcomhlíontar leis na rialacha áitiúla d’fhéadfaí fíneálacha a ghearradh, an mhaoin a choigistiú nó moill a chur ar thaisteal.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá aeráid measartha ilchríochach ag an Úcráin, le aimsir Mheánmhuirí i roinnt ceantar ar chósta na Crimé. Bíonn an samhradh teolaí seachas te agus sroichtear 20°C i mí Iúil agus Lúnasa. Bíonn an geimhreadh fada agus sách fuar agus ní éiríonn treochtaí i rith an lae mórán níos airde ná -3°C go minic. Is é an réigiún intíre an chuid is fuaire agus is teo den tír.

Creathanna talún

Tá an Úcráin suite i ar chrios seismeach atá gníomhach agus tarlaíonn creatháin talún bheaga ó am go ham.  Faigh comhairle ó dhaoine áitiúla agus ó d’óstán faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás creatha talún.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na hÚcráine, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid is gaire duit de chuid na hÚcráine.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal chun na hÚcráine agus ba chóir duit do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Galar gnéas-tarchurtha

Tá leibhéal ard galar gnéas-tarchurtha as Úcráin agus tuairiscítear go bhfuil VEID forleathan ann. Ba chóir duit a bheith cúramach má théann tú i mbun gníomhaíochtaí a bhféadfá ionfhabhtú a fháil uathu. Má cheapann tú go bhfuil seans ann go bhfuil tú nochta d’ionfhabhtú , ní mór duit cóir leighis a lorg láithreach. 

Truailliú radaighníomhach

Níl riosca ró-shuntasach ag baint leis an truailliú radaighníomhach a tharla mar gheall ar an timpiste i Searnóbail i 1986, seachas laistigh den chrios eisiamh atá díreach thart ar láthair Searnóbail agus níl aon gá duit réamhchúraimí speisialta a ghlacadh.

Uisce

Molaimid duit uisce buacaire a fhiuchadh sula n-ólann tú é. Tá uisce i mbuidéil ar fáil go héasca.

Airgead

Is é an Hryvnia (UAH) airgeadra oifigiúil na hÚcráine. Is iad an Euro agus dollair na Stát Aontaithe an t-airgeadra is éasca a mhalartú san Úcráin, ach ná bain úsáid ach as bainc agus bothanna malairte oifigiúla amháin. Ag brath ar an méid atá le malartú agat, d’fhéadfadh gá a bheith le pas agus/nó céannacht eile. Agus tú ag malartú airgeadra, ba chóir duit admháil oifigiúil, ar a dtugtar foirm NBU № 377, a fháil. Coinnigh an admháil sin mar d’fhéadfadh sé a bheith ag teastáil uait chun Hryvnia a mhalartú chuig airgeadra eile nuair a fhágann tú an tír.

Tá ATManna ar fáil san Úcráin agus baintear úsáid fhorleathan as cártaí creidmheas ach ní ghlactar leo go huilíoch sna cathracha. Molaimid duit do dhóthain den airgeadra áitiúil a bheith ar iompar agat chun freastal ar do chuid riachtanas lasmuigh de na hionaid uirbeacha móra.

Bí an-chúramach agus tú ag malartú airgid chun do phas agus cártaí creidmheasa/ATM a chosaint agus ná lig as do radharc iad le linn idirbheart.

Embassy contact

Embassy Contact

Any citizen requiring emergency consular assistance in Ukraine can call the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000.