Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSlóivéin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSlóivéin

Má tá tú ag taisteal chun na Slóivéine, tugann an comhairle taistil atá cothrom le dáta leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid gach iarracht an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall ar chomh tapa is a thagann athrú ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil seo i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe ó thaobh slándála, seiceáil an leagan Béarla freisin, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chuig an tSlóivéin

Níl srianta COVID-19 ann maidir le taisteal chun na Slóivéine ó Éirinn. Ní gá teastais vacsaínithe/tástála maidir le COVID-19 a thaispeáint, nó Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Ba cheart do phaisinéirí taighde a dhéanamh ar na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair ar an gcúrsa taistil atá beartaithe acu le taisteal chun na Slóivéine sula bhfágann siad.

Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir leis na riachtanais a bhaineann le paisinéirí idirnáisiúnta a bhfuil de mhian acu dul isteach sa tSlóivéin anseo: Faisnéis maidir le dul isteach sa tSlóivéin – Rialtas na Slóivéine

Moltar do shaoránaigh sa tSlóivéin treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint. Tabhair faoi dearadh go bhfuil sé éigeantach masc aghaidhe (máinliachta nó FFP2) a chaitheamh laistigh de thimpeallachtaí cúraim shláinte, poitigéireachta agus cúraim shóisialta sa tSlóivéin. Is féidir teacht ar chomhairle agus ar eolas breise trí na naisc seo a leanas:

Comhairle rialtas na Slóivéine maidir le COVID-19 (Béarla)

Faisnéis de chuid rialtas na Slóivéine maidir le COVID-19 (Slóivéinis)

Institiúid Náisiúnta na Slóivéine um Shláinte Phoiblí i dtaca le COVID-19 (Béarla)

Fógra de chuid Aireacht Gnóthaí Baile na Slóivéine maidir le taisteal chun na Slóivéine (SL/EN)

Aerfort Liúibleána

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Níl víosa de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha le dul isteach sa tSlóivéin, ach cinntigh, le do thoil, go bhfuil do phas bailí le haghaidh tréimhse d’fhanachta.

Is féidir moill fhada a bheith ann ag pointí trasnaithe teorann idir an Chróit agus an tSlóivéin.

Agus tú ag taisteal ón tSlóivéin isteach sa Chróit, molann an Ambasáid go láidir go mbeireann tú pas nó cárta pas Éireannach leat toisc go mbeidh tú ag fágáil an Limistéir Schengen. Ba cheart go mbeadh do phas bailí le haghaidh tréimhse d’fhanachta ar a laghad.

Ba cheart do phaisinéirí a bpas a choimeád leo nó é a bheith stóráilte go sábháilte agus iad ag gabháil do ghníomhaíochtaí ar nós snámha. D’fhéadfaí fíneálacha a ghearradh ar dhuine sa tSlóivéin nach soláthraíonn cáipéis aitheantais a d’eisigh stát agus le grianghraf den duine a ainmnítear d’oifigeach. Is féidir fíneálacha a bheith idir €400 agus €800, agus bíonn laghdú 50% ar fhíneálacha a íoctar laistigh d’ocht lá.

Má bhíonn tú ag taisteal chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ba cheart go mbeadh an pas bailí ar feadh 90 lá ar a laghad ón dáta a fhágfar an tír sin.

Tá an tSlóivéin laistigh de limistéar gníomhaíochta seismeach. Tá roinnt eolais cúlra úsáideach ullmhaithe ag roinn cosanta sibhialta aireacht cosanta na Slóivéine, agus tá sé ar fáil anseo

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa tSlóivéin trí ghlaoch a chur ar 112. 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Cuimhnigh go mbaineann dlíthe áitiúla leat agus tú i do chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar rialacháin, ar ghnásanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Sceimhlitheoireacht

Bíodh agus gur beag an baol sceimhlitheoireachta sa tSlóivéin, tá riosca fós ann maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú ar fud an domhain, rud a d’fhéadfaí a bheith dírithe ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann eachtrannaigh go minic.

I bhfianaise na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla i gcathracha Eorpacha eile, moltar do shaoránaigh Éireannacha comhairle na bpóilíní agus na n-údarás áitiúil a leanúint agus ardleibhéal cúraim a chleachtadh, go háirithe agus iad ag taisteal ar iompar poiblí, má bhíonn siad ag freastal ar chruinnithe móra poiblí nó áiteanna eile ina mbíonn sluaite. Léiríonn na hionsaithe in áiteanna go bhféadfaidís tarlú ag aon am agus go bhféadfaidís a bheith dírithe ar shuíomhanna a mheallann turasóirí, ar bhialanna, ar mhoil taistil nó ar áiteanna poiblí eile. Ba cheart do shaoránaigh a bheith airdeallach maidir lena bhfuil timpeall orthu agus a chinntiú go mbíonn rochtain acu ar shlite amach nó ar bhealaí éalaithe i gcónaí.

Coireacht

Tá an leibhéal coireachta íseal sa tSlóivéin ach ba cheart réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh. 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil agus d’airgead á n-iompar agat lena chéile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte. 
  • Ná bíodh do phas á iompar agat mura gá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná húsáid UMBanna sa dorchadas, go háirithe má bhíonn tú i d’aonar. Seiceáil nár lean aon duine thú i ndiaidh duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coimeád súil ghéar ar do chuid giuirléidí agus beir greim orthu agus tú in áiteanna poiblí ar nós caiféanna idirlín, agus stáisiúin traenach agus busanna.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan solas, déan socrú go mbaileofaí tú nó go bhfágfaí amach tú chomh gar don tslí isteach chuig d’óstán nó d’árasán agus gur féidir.

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa tSlóivéin, ba cheart é a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach agus tuairisc a fháil. Is é 113 uimhir ghutháin na bpóilíní agus is é 112 an uimhir éigeandála ghinearálta. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Liúibleána chomh maith má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Tiomáint

Tá na rialacha bóithre sa tSlóivéin cosúil leis na rialacha in Éirinn, a bheag nó a mhór, agus bíonn na bóithre nua-aimseartha agus caomhnaithe go maith. Ní bhíonn soilse ar na bóithre lasmuigh de cheantair uirbeacha de ghnáth mar sin glac tuilleadh cúraim agus tú ag tiomáint istoíche.

Tá córas leictreonach dolaí nua-aimseartha tugtha isteach ag an tSlóivéin le haghaidh feithiclí troma (meáchan > 3.5 tonna). Faoin gcóras seo, is iad na feithiclí atá cláraithe leis an gcóras DarsGo, atá feistithe le hAonad DarsGo agus a bhfuil clúdach airgeadais bailí acu le haghaidh íocaíochtaí dola leictreonacha amháin a bheith inniúil mótarbhealaí agus luasbhealaí na Slóivéine a úsáid.

Chun teacht ar thuilleadh eolais maidir le clárú etc., cliceáil ar an nasc seo a leanas le do thoil: www.darsgo.si

Más mian leat tiomáint:

  • Beir leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas imleor agus oiriúnach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí agus bíonn tú i mbaol coimeádta, fíneála nó toirmeasc tiomána a bheith curtha ort má bheirtear ort.
  • Bá ar an eolas maidir le dlíthe tráchta na Slóivéine, ar nós teorainneacha luais.
  • Bíonn ar an tiománaí agus ar an bpaisinéir ar ghluaisrothar nó rothar a bhfuil mótar air clogaid chaighdeánaithe a bhfuil strapa orthu a chaitheamh agus tá sé in aghaidh an dlí páistí faoi bhun 12 bhliain d’aois a iompar ar ghluaisrothar.  
  • Tá fíneálacha géara ar an bpointe i bhfeidhm le haghaidh coireanna tráchta ar nós tiomáint róthapa, tiomáint faoi thionchair alcóil agus gutháin a úsáid gan gléas lámhshaor. Tá fíneálacha ann i gcás fiarlaoideachta.
  • Is gá tiomáint le ceannsoilse maolaithe i gcónaí, le linn an lae fiú amháin.

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineál urrúis. Má ligeann tú leo fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil). Má bhíonn carr á thógáil ar cíos agat i dtír eile, caithfidh tú a rá leis an gcomhlacht cíosa go bhfuil sé de phlean agat taisteal chun na Slóivéine chun go bhfaighidh tú clúdach árachais ceart.

Alcól

Tá sé in aghaidh an dlí do thiománaithe gairmiúla (aicme C, D agus E) tiomáint agus aon alcól acu ina gcórais. Is é 0.05 an teorainn fuil/alcóil le haghaidh gach tiománaí feithicle agus gluaisrothair phríobháidigh. In Éirinn is é 0.08 an teorainn.

Caithfidh aon duine a bhfuil amhras ann go raibh sé ag tiomáint faoi thionchair alcóil nó drugaí géilleadh do thástáil anála nó scrúdú leighis a dhéanamh air. Glactar le fios go raibh aon tiománaí a dhiúltaíonn tástáil anála a dhéanamh ag tiomáint agus é faoi thionchar alcóil nó drugaí.

Tiomáint ar an mótarbhealach

Tá córas fínéid ag an tSlóivéin le haghaidh taisteal ar an mótarbhealach. Caithfidh gach feithicil faoi bhun 3.5 tonna fínéad a bheith acu chun tiomáint ar mhótarbhealaí agus ar luasbhealaí. Tá fínéid sheachtainiúla, mhíosúla agus bhliantúla ar fáil. Déanann na póilíní maoirseacht ar úsáid an mhótarbhealaigh, agus stopann siad tiománaithe nach bhfuil fínéad acu. Beidh fíneáil suas le €800 ar an bpointe mar thoradh ar gan fínéad a bheith agat nó gan é a bheith ar taispeáint. Is féidir teacht ar eolas maidir le praghsanna agus ionaid inar féidir na fínéid a cheannach ar shuíomh idirlín Chomhlacht Mótarbhealaí Phoblacht na Slóivéine (DARS).

Trealamh geimhridh

Ó lár mhí na Samhna go dtí lár mhí an Mhárta agus le linn aimsir geimhridh lasmuigh de na dátaí seo, caithfidh feithiclí suas le 3.5 tonna a bheith feistithe le boinn gheimhridh. Faoi choinníollacha áirithe, déanfaidh slabhraí sneachta cúis. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar shuíomh idirlín Chumann Gluaisteán na Slóivéine.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus nósanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann dlíthe náisiúnta agus áitiúla i gceantair bhardais ar nós Bled agus áiteanna turasóireachta eile leat agus tú i do chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú. Gearrtar fíneálacha ar ghníomhaíochtaí a mheastar a bheith frithshóisialta, ar nós caitheamh bruscair. 

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara i gceist le húsáid agus le sealbhú drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

 

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Sláinte

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó costais mar thoradh ar chás éigeandála pearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, fad agus nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha sáraithe agat.

Is féidir le ceannach árachais shláinte chuimsithigh neart airgid a shábháil duit féin agus do do chlann má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfaighidh tú an cúram sláinte a bheidh de dhíth ort nuair a bhíonn sé de dhíth ort. Is féidir le costas billí ospidéil cnuasach go mear ina mílte Euro, agus is féidir na mílte Euro eile a bheith mar chostas ar aslonnú sláinte ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí na himeachtaí ar fad a bhfuil sé de phlean agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Árachas Éireann go gceannaíonn tú polasaí a sholáthraíonn íosmhéid €1 mhilliún clúdach sláinte.

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí an méid seo a leanas:

  • Gach cúram sláinte thar lear, lena n-áirítear aslonnú ar aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fhanachta níos faide gan choinne.
  • Do thuras ar fad, ó fhágann tú go dtí go bhfilleann tú. Cuimhnigh ar pholasaí ilthurais bliantúil má bhíonn níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat san aon bhliain amháin.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (ar eagla go gcuirfí cás cúirte i do choinne i dtaca le tú a bheith freagrach as gortú nó damáiste réadmhaoine a dhéanamh).
  • Sealúchais a cailleadh nó a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá de phlean agat a dhéanamh nach gcuimsítear i ngnáthpholasaithe (e.g. gníomhaíochtaí spórt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Ba cheart duit a bheith ar an eolas nach gclúdaíonn formhór polasaithe árachais tarluithe a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram leighis tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má thagann tinneas ort nó má ghortaítear thú agus tú ar fhanacht shealadach ansin. Cinntigh go bhfaigheann tú CÁSE (ainm an E111) nó go ndéanann tú athnuachan air sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Cuir isteach ar do CÁSE agus faigh tuilleadh eolais.

Ní ionadaí é an CÁSE le haghaidh árachas taistil ceart a chuireann árachóir creidiúnach ar fáil. Ní chlúdaíonn sé aisdúichiú ar bhonn sláinte, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, seans nach nglacfadh roinnt ospidéil phríobháideacha leis an CÁSE, mar sin ba cheart duit seiceáil leis an riarthóir ospidéil roimh ré.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní bhíonn víosa de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha chun dul isteach sa tSlóivéin ach cinntigh go bhfuil do phas bailí ar feadh tréimhse d’fhanachta. Éilíonn roinnt aerlínte go mbeadh pas bailí ar dháta na heitilte fillte chomh maith i gcaitheamh an phróisis seiceála isteach.  Mar sin is inmholta do phas a athnuachan chun a bhailíocht i gcaitheamh tréimhse iomlán an taistil agus aon víosa nó aon riachtanas eile a chinntiú.

Má tá sé de phlean agat fanacht sa tSlóivéin ar feadh tréimhse fhada, molaimid go gcláraíonn tú le hAmbasáid na hÉireann sa tSlóivéin.

Clárú

Bíonn ar gach saoránach eachtrach clárú leis na póilíní laistigh de 72 uair an chloig dóibh teacht chun na Slóivéine. De ghnáth déantar é seo go huathoibríoch ag an lóistín. D’fhéadfaí táille chaighdeánach tuairim agus €1 a chur le do bhille.

Bíodh sin amhlaidh, má bhíonn tú ag fanacht i lóistín príobháideach, ar nós a bheith ag fanacht le cairde nó le gaolta, caithfidh tú clárú ag an stáisiún póilíní áitiúil, in éineacht le d’óstach, laistigh de thrí lá i ndiaidh duit teacht isteach sa tír. Mura ndéanann tú amhlaidh d'fhéadfaí fíneáil suas le €400 a ghearradh ort ag an aerfort agus tú ag fágáil na tíre, nó d’fhéadfadh go mbeadh ar d’óstach an fhíneáil a íoc i ndiaidh duitse fágáil.

Tuigtear go ndéanann na póilíní seiceáil ar thurasóirí sa tSlóivéin agus mura soláthraítear cruthúnas cláraithe cuí d’fhéadfaí fíneáil ar an bpointe a ghearradh.

Caithfidh tú cruthúnas aitheantais a bhreith leat i gcónaí (pas, cáipéis aitheantais náisiúnta nó ceadúnas tiomána). D’fhéadfaí fíneáil ar an bpointe a ghearradh ar aon duine nach soláthraíonn cáipéis aitheantais nuair a iarrtar amhlaidh a dhéanamh. Is féidir fíneálacha a bheith idir €400 agus €800, agus bíonn laghdú 50% ar fhíneálacha a íoctar laistigh d’ocht lá. Molaimid go mbeireann tú fótachóip de do phas nó de cháipéis aitheantais eile leat i gcónaí, ar a laghad, agus na buncháipéisí nuair is féidir.

Airgead

Úsáidtear an euro sa tSlóivéin. Tá UMBanna ar fáil go forleathan agus glactar le gach mórchárta creidmheasa/seiceanna taistil. Is féidir leat airgead tirim a aistarraingt as do chuntas Éireannach má tá siombail Maestro nó Cirrus ar do chárta. Aistreoidh bainc agus bureaux de change seiceanna taistil, steirling agus príomhshaghsanna airgeadra eile.

 

 

Embassy contact

Embassy Contact

In the event of an emergency situation in Slovenia or Bosnia and Herzegovina, you can contact the Embassy in Ljubljana on +386 (0)1 300 8970. The mobile telephone number of the officer on duty will be available on the answering machine.

The out of hours service is strictly for genuine emergencies only. Queries or requests that can wait until normal office hours will not be dealt with by the duty officer.

Alternatively, you can contact the Consular Assistance Unit at the Department of Foreign Affairs in Dublin at (+353) 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Palača Kapitelj, 1st floor
Poljanski nasip 6
1000 Ljubljana
Slovenia

Tel: +386 1 300 8970
Fax: +386 1 282 1096

Monday to Friday 09:00-12:30 and 14:30-16:00

Contact us