Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSín, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSín

Má tá tú ag taisteal chun na Síne, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chuig an tSín

Tá bac ar náisiúnaigh choigríche teacht isteach chuig Daon-Phoblacht na Síne go fóill. Níl aon dáta deiridh beartaithe don bheart seo go fóill. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil de chumas ag saoránaigh na hÉireannach dul isteach sa tSín ó thíortha eile, seachas i gcásanna sonracha atá aontaithe ag Údaráis Inimirce na Síne. 

Is féidir teacht ar an bhfógra ábhartha iomlán ó Rialtas na Síne anseo: https://www.fmprc.gov.cn/mfa_eng/wjbxw/t1761867.shtml

Chun teacht ar a thuilleadh eolais maidir le sonraí an bhirt seo agus ar aon eisceacht fhéideartha i gcás náisiúnach coigríche, déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is cóngaraí duit.

I gcás aon duine a bhfuil cead acu taisteal chun na Síne, éilíonn Údaráis Inimirce na Síne raon tástálacha lena n-áirítear torthaí ó thástáil COVID-19 a dhéantar achar gairid ama sula dtéann duine ar bord eitilte chun na Síne agus próiseas réamh-cheadaithe ‘Cód Sláinte’. Ba cheart sonraí maidir leis na riachtanais shonracha a iarraidh ón Ambasáid nó Consalacht Síneach is cóngaraí duit.

Féach tuilleadh eolais ó Ambasáid na Síne i mBaile Átha Cliath anseo le do thoil: http://ie.china-embassy.org/eng/tz/t1827647.htm.   

Ba cheart d’aon saoránach de chuid na hÉireann a bhfuil sé de phlean acu teacht chun na Síne na fógraí ábhartha uile ar shuíomh idirlín a nAmbasáid nó Consalacht Síneach áitiúil a léamh go cúramach.

Tá coraintín óstáin lárnach éigeantach i bhfeidhm le haghaidh aon duine a bhíonn ag teacht isteach sa tSín, agus bíonn difríocht idir an tréimhse a bhíonn i gceist in áiteanna éagsúla. Ba cheart go mbeadh daoine a bhíonn ag taisteal i ngrúpa a bheith ar an eolas go scartar daoine fásta a bhíonn ag teacht isteach sa tSín le haghaidh coraintín lárnach aonair.  Ba cheart go mbeadh teaghlaigh ar an eolas go gcaitear le páistí os cionn 14 bliana d’aois mar dhaoine fásta ó thaobh an leighis de agus go scartar iad siúd chomh maith le haghaidh coraintín lárnach.

Cuirtear aon duine a mbíonn tástáil dheimhneach COVID-19 acu le linn coraintín faoi bhreathnóireacht leighis in ionad speisialaithe.  Táimid ar an eolas faoi chásanna inar cuireadh leanaí óga faoi chúram dochtúra leo féin tar éis toradh deimhneach ar COVID-19 a fháil ar theacht isteach chun na Síne dóibh. 

Cuireann na húdaráis rialacha speisialta i bhfeidhm le haghaidh aon duine a bhíonn ag teacht isteach chun na Síne a raibh COVID-19 orthu cheana, fiú má tá biseach tagtha orthu ón ionfhabhtú sin. Ba cheart d’aon duine a raibh COVID-19 orthu cheana agus atá ag smaoineamh ar thaisteal chun na Síne gach fógra ábhartha ar shuíomh idirlín na hAmbasáide nó Consalacht Síneach is cóngaraí dóibh a léamh.

Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh aon saoránach de chuid na hÉireann a bheith ar an eolas nach srianta iontrála amháin atá i gceist.  Leanann an tSín orthu ag cur polasaí i bhfeidhm gan aon Covid a bheith sa tír agus ag troid in aghaidh ráigeanna COVID-19 eadrannacha ar fud na tíre. Mar thoradh air seo d’fhéadfaí diansrianta maidir le gluaiseacht, tástáil éigeantach, tástáil fhorleathan agus tréimhsí coraintín eile, lena n-áirítear coraintín lárnach, a chur i bhfeidhm go tobann.  Bíonn na bearta ar leith faoi réir athruithe ar bhonn leanúnach, agus ní i gcónaí a bhíonn réamhfhógra maidir le bearta nua.  Molaimid do shaoránaigh de chuid na hÉireann treoir na n-údarás áitiúil sa tSín a leanúint maidir leis na cúrsaí seo.  

Sa chás seo, is é comhairle na Roinne ná taisteal chuig nó laistigh den tSín a sheachaint mura bhfuil sé riachtanach, fad is a leanann na bearta seo agus fad is a bhíonn athrú ag teacht ar an gcás. Leanfaimid ag coimeád súil ar an gcás agus ag nuashonrú comhairle taistil a bhaineann le ráigeanna COVID-19.

Ba cheart d’áititheoirí agus dóibh siúd atá ag taisteal aire ar leith a thabhairt maidir le sábháilteacht bia agus réamhchúraimí taistil agus molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go láidir go gcaithfí maisc aonúsáide agus go nífí lámha le gallúnach alcól-bhunaithe go rialta.

Tá eolas maidir le COVID-19, lena n-áirítear comhairle don phobal maidir le bearta cosanta, ar fáil ar shuíomh idirlín na hEagraíochta Domhanda Sláinte ag an nasc seo a leanas anseo nó ar shuíomh idirlín FSS: https://www.hpsc.ie/a-z/respiratory/coronavirus/novelcoronavirus/

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal 

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhísí éigeandála na Síne ach glaoch ar na huimhreacha seo a leanas:

Na Póilíní 110

An tSeirbhís Dóiteáin 119

An tSeirbhís Otharcharr 120

Más gá duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i mBéising, is féidir amhlaidh a dhéanamh ag +86 10 85316200.

Ba cheart do shaoránaigh de chuid na hÉireann in Shanghai, Zhejiang, Jiangsu, Jiangxi agus Anhui teagmháil a dhéanamh leis an gConsalacht Ghinearálta in Shanghai ag +86 21 60101360.

Féadfaidh saoránaigh de chuid na hÉireann i Hong Cong agus Macau teagmháil a dhéanamh lenár gConsalacht Ghinearálta i Hong Cong ag +852 2535 0700.

Seans gur mhaith leat Ambasáid na hÉireann sa tSín a leanúint ar Twitter nó ar a cainéil meán sóisialta Síneacha ar Weibo agus WeChat. I gcás géarchéime, cuirfimid comhairle ar fáil maidir le taisteal ó @IrlEmbChina, bunaithe ar nuashonraithe a eisíonn na húdaráis in Éirinn agus sa tSín.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leat oibriú sa tSín mura bhfuil Z-víosa agus ceadúnas oibre bailí agat. Ní féidir leat oibriú le víosa gnó, turasóireachta nó gearrchuairte. Ná fan i ndiaidh tréimhse do víosa nó ná oibrigh go mídhleathach riamh. Déantar póilíniú dian ar dhlíthe inimirce sa tSín agus cuirtear i bhfeidhm go dian iad. D’fhéadfadh pionóis dhiana, lena n-airítear gabháil, coimeád, fíneáil shuntasach, díbirt agus bac ar theacht isteach chun na Síne arís a bheith mar thoradh ar shárú na ndlíthe sin.

Pasanna Caillte agus Fanacht i ndiaidh Tréimhse Víosa

Caithfidh aon saoránach eachtrach a chaill pas tuairisc póilíní, pas sealadach ón Ambasáid ábhartha agus víosa fágála a fháil ionas gur féidir leo an tSín a fhágáil. Roimh an bpaindéim, d’fhéadfadh suas le coicís a bheith i gceist leis an tréimhse phróiseála, agus bheadh ar an duine a bheith in ann íoc as lóistín dóibh féin agus iad féin a chothú i gcaitheamh na tréimhse sin.

Dá bhfanfadh saoránach eachtrach i ndiaidh tréimhse a víosa, d’fhéadfadh go nglacfadh sé suas le 30 lá nó níos faide ar an údarás áitiúil an fíneáil rófhanachta víosa a phróiseáil. Arís, caithfidh go mbeadh an duine in ann íoc as lóistín agus iad féin a chothú i gcaitheamh an ama seo.

Moltar do shaoránaigh de chuid na hÉireann sa tSín an-aire a thabhairt maidir lena bpasanna a chosaint óna gcailliúint, óna ngoid, nó óna milleadh, agus a bheith ar an airdeall maidir leis na tréimhsí fanachta a cheadaíonn an víosa atá acu.

Baic Fágála sa tSín

Féadfaidh údaráis na Síne bac fágála a chur ar dhuine chun cosc a chur orthu an tír a fhágáil. D’fhéadfaí bac fágála a chur ar dhuine i dtaca le fiosrúchán maidir leis an duine sin, maidir lena theaghlach nó le fostóir dá gcuid; nó i gcás coiriúil nó sibhialta, lena áirítear aighneas gnó. Is cuid de phróiseas dlí na Síne iad baic dá leithéid atá difriúil le coimeád nó príosúnacht agus d’fhéadfaidís maireachtáil le haghaidh míonna, nó níos faide. Bíonn siad ceangailte le réiteach an phróisis dlí a bhíonn i gceist agus ní bhíonn sé soiléir i gcónaí go bhfuil tú faoi réir bac fágála go dtí go ndéanann tú iarracht an tír a fhágáil. Má chuirtear cosc ort an tír a fhágáil de bharr bac fágála, ba cheart duit comhairle dhlí a lorg láithreach. Déan teagmháil le hAmbasáid nó le Consalacht Ghinearálta na hÉireann le haghaidh cúnamh consalachta chomh maith, le do thoil. 

Béarla a Mhúineadh sa tSín

Molann an Ambasáid go láidir go ndéanfadh aon duine atá ag cuimhneamh ar mhúineadh sa tSín taighde cuimsitheach a dhéanamh ar scoileanna agus ionaid teangacha a d’fhéadfadh iad a fhostú agus a gcuid bona fide a dhearbhú. Ba cheart do gach duine atá ag iarraidh a bheith ina mhúinteoir a chinntiú go bhfuil an víosa ceart acu oibriú i scoil Shíneach. Is ar an saoránach de chuid na hÉireann, seachas ar an scoil, a leagfaidh údaráis na Síne an fhreagracht má sháraíonn siad téarmaí a víosa.

Agus fostaíocht á glacadh agat i scoil (phoiblí nó phríobháideach) caithfidh tú a chinntiú gceadaíonn do víosa oibre (Z-víosa) agus do cheadúnas oibre duit oibriú san eagraíocht áirithe sin. Má athraíonn an fostóir atá agat, nó an t-ionad, nó má ghlacann tú aon chineál fostaíochta páirt-aimseartha sa bhreis ba cheart duit seiceáil le húdaráis na Síne an bhfuil víosa oibre agus ceadúnas oibre nua de dhíth ort.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Corraíl Shóisialta

Tá an cás polaitiúil sa tSín réasúnta socair ach féadfaidh taomanna corraíola sóisialta tarlú ó am go chéile. Seachain tionóil agus léirsithe móra, a d’fhéadfadh éirí foréigneach agus a bhféadfadh deacrachtaí dlí a bheith mar thoradh orthu. Tá rialacháin, a chuirtear i bhfeidhm go dian, in aghaidh aon léirsithe poiblí nach bhfuarthas faomhadh dóibh roimh ré ó na húdaráis. D’fhéadfadh daoine a ghlacann páirt iontu a bheith faoi réir caingean ghéar dlí. Fan amach ó láithreáin mhíleata – d’fhéadfadh pionós a bheith mar thoradh ar ghrianghraif a ghlacadh de shuiteáin mhíleata nó slándála, agus roinnt foirgnimh phoiblí, nó mar thoradh ar ghrianghraif a ghlacadh in aice leo.

Teannas ar Leithinis na Cóiré

D’fhéadfadh méadú teacht ar an teannas ar Leithinis na Cóiré, atá in aice láimhe, gan mórán foláirimh a bheith ann agus d’fhéadfadh an cás slándála dul in olcas go tobann. D’fhéadfadh méadú teacht ar an teannas roimh, le linn nó i ndiaidh tástálacha núicléacha agus diúracán nó cleachtaí mílítheacha de chuid Chóiré Thuaidh nó mar thoradh ar theagmhais nó gníomhaíochtaí mílítheacha ag nó in aice leis an teorainn idir an dá Chóiré. Coimeád súil ar fhorbairtí, bí ar an airdeall agus lean treoracha na n-údarás áitiúil. 

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt bhunaidh ann ó sceimhlitheoireacht dhomhanda. D’fhéadfadh go mbeadh ionsaithe gan idirdhealú ann, fiú áiteanna ina mbíonn easaoránaigh agus taistealaithe ó thíortha eile.

Coireacht

Is ceann scríbe réasúnta sábháilte í an tSín maidir le mionchoireacht ach moltar duit a bheith aireach mar sin féin: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.
  • Fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Níl peasghadaíocht agus goid chomh comónta agus atá i roinnt áiteanna eile ach ba cheart duit a bheith ar d’aire maidir leis an timpeallacht ina bhfuil tú agus maidir le slándáil phearsanta i gcónaí.

Nótaí Bainc Bréige

Bíodh agus go bhfuil úsáid airgead tirim ag éirí níos annamh agus níos annaimhe sa tSín, bhíodh nótaí bainc bréige, go háirithe nótaí RMB100 bréige, comónta san am atá caite. Iarr orthu sa bhanc, nó san áit ina n-aistríonn tú do chuid airgid, conas nótaí bréige a aithint. Seiceáil nótaí bainc sula nglacann tú leo, mar a fheicfidh á dhéanamh ag go leor úinéirí siopaí agus tiománaithe tacsaí.

Camscéimeanna do thurasóirí

Tá go leor camscéimeanna ann le haghaidh turasóirí, go háirithe sna ceantair a dtugann turasóirí cuairt orthu go minic i gcathracha móra, a bhfuil sé d’aidhm acu airgead a bhaint d’eachtrannaigh leis an lámh láidir. Tagann daoine i dtreo taistealaithe agus iad ag tabhairt cuireadh dóibh tae a ól, cuairt a thabhairt ar thaispeántas ealaíne nó Béarla a chleachtadh; cuirtear iallach ar an taistealaí ansin saothar ealaíne costasach (nach bhfuil luach leis i bhfírinne) a cheannach nó tugtar bille an-mhór dóibh le haghaidh an tae. In aighneas tráchtála dá leithéid, ní dócha go ndéanfaidh póilíní áitiúla aon bheart mar sin bíonn sé níos sábháilte gan glacadh le cuirí dá leithéid.

Ba cheart a bheith cúramach agus rothar ar cíos á fhruiliú agat agus úsáid á baint as cód QR. Seiceáil greamáin QR go cúramach toisc go raibh cásanna ann inar malartaíodh na cóid chearta le cinn bhréige.

Alcól bréagach

Is rud an-chomónta é do bheáir agus do chlubanna oíche alcól bréagach a thabhairt do dhaoine, a bhféadfadh iompar foréigneach agus díchuimhne a bheith mar thoradh air agus a d’fhág saoránaigh de chuid na hÉireann i gcásanna fíor-leochaileacha cheana. Molaimid duit a bheith ar an airdeall maidir leis an méid alcóil a ólann tú.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa tSín, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBéising nó ag ár gConsalachtaí má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Más in Shanghai atá tú, nó i gcúigí Anhui, Jiangsu, Jiangxi nó Zhenjiang, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár gConsalacht Ghinearálta in Shanghai.

Más i Hong Cong atá tú, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gConsalacht Ghinearálta i Hong Cong.

Tiomáint / Sábháilteacht ar Bhóithre

Má tá sé ar intinn agat tiomáint nó rothaíocht sa tSín, ba cheart duit a bheith fíorchúramach toisc go bhféadfaidh sábháilteacht ar bhóithre a bheith fíorlag sa tSín. 

Caithfidh gach tiománaí ceadúnas tiomána Síneach a bheith acu agus ba cheart dóibh árachas cuimsitheach a cheannach. Níl ceadúnais tiománaí eachtracha nó Ceadúnais Tiomána Idirnáisiúnta bailí i mórthír na Síne. Féadfaidh áititheoirí fadtéarmacha cur isteach ar cheadúnas tiomána ag an Oifig um Bhainistiú Feithiclí sa chathair ina bhfuil cónaí orthu.

Iompar poiblí

Molaimid gan tacsaithe nó busanna mídhleathacha a úsáid.

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineáil urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú. Molaimid duit leibhéal ard aire a chleachtadh de bharr an bhaoil atá ann go gcuirfí dlíthe áitiúla i bhfeidhm gan chúis.

Clárú

Caithfidh eachtrannaigh clárú leis an mBiúró Slándála Poiblí áitiúil laistigh de 24 uair an chloig den am a thagann siad isteach sa tSín. Má tá tú ag fanacht in óstán nó i mbrú, cuirfidh siad an nós imeachta seo i gcrích ar do shon. Má tá tú ag fanacht le cairde nó le gaolta, caithfidh tú clárú tú féin.

Gabháil nó coinneáil

Má ghabhtar tú nó má choinnítear tú, iarr ar na póilíní nó ar oifigigh phríosúin Ambasáid na hÉireann i mBéising, an Consalacht Ghinearálta in Shanghai, nó an Consalacht Ghinearálta i Hong Cong a chur ar an eolas láithreach.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcaithfidh tú an fhíneáil a íoc laistigh den tréimhse a shonraítear má choinnítear tú nó má ghearrtar fíneáil ort. Mura n-íoctar an fhíneáil in am, d’fhéadfaí tú a chur in ionad coinneála. Molaimid go ndéanfá teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht Ghinearálta láithreach chun cabhair a fháil má choinnítear tú go sealadach nó má ghearrtar fíneáil ort. Féadfaidh sé a bheith deacair déileáil leis an gcóras breithiúnach mura labhraíonn tú Sínis go líofa. Is féidir leis an Ambasáid nó an Chonsalacht Ghinearálta cabhrú leat agus tú ag déileáil leis na húdaráis agus is féidir leo eolas a chur ar fáil duit maidir leis an áit a bhféadfá teacht ar dhlíodóir a labhraíonn Béarla.

Mura bhfuil víosa bailí agat nó má tá tú tar éis fanacht níos faide ná tréimhse an víosa atá agat, d’fhéadfadh údaráis na Síne fíneáil a ghearradh ort, tú a choimeád agus/nó tú a dhíbirt. Tabhair faoi deara, le do thoil go bhfuil tréimhse phróiseála 30 lá ar an meán le haghaidh fíneálacha rófhanacht víosa, a bhféadfaí a shíneadh chuig 60 lá.  Ní féidir le hAmbasáid na hÉireann sa tSín tionchar a bheith acu ar an am próiseála seo nó luas a chur faoi.  Beidh an-chostas i gceist le rófhanacht, toisc go mbeidh ar dhuine sa chás seo go leor airgid a bheith acu iad féin a chothú agus lóistín a fháil dóibh féin i gcaitheamh na tréimhse próiseála seo.    

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leat oibriú sa tSín murach go bhfuil Z-víosa agus ceadúnas oibre bailí agat, agus go bhféadfaí tú a choinneáil nó fíneáil a ghearradh ort mura bhfuil an dá cháipéis seo agat.

Aighnis Tráchtála agus Shibhialta

Má bhíonn amhras ann go ndearna tú coir, nó má tá baint agat le haighneas pearsanta nó gnó, d’fhéadfadh na húdaráis seilbh a ghabháil ar do phas, chun bac a chur ort an tír nó an réigiún áirithe ina bhfuil tú a fhágáil go dtí go réiteofar an cás. Má choinnítear do phas ar aon chúis, cuir an Ambasáid nó an Chonsalacht Ghinearálta ar an eolas go bhfuil údaráis na Síne ag coimeád do phas.

I gcás aighneas a bhaineann le dlí tráchtála, ba cheart seirbhísí dlíodóir áitiúil a ghlacadh chugat féin ar bhonn tosaíochta. Ní féidir leis an Ambasáid idirghabháil a dhéanamh in aighnis tráchtála.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara ag dul le húsáid agus le sealbhú drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha, díbirt, tréimhsí fada príosúnachta nó pionós an bháis fiú i gcásanna áirithe, beag beann ar náisiúntacht an duine. Déanann póilíní na Síne ruathar ar bheáir agus clubanna go rialta chun seiceáil an bhfuil substaintí neamhcheadaithe iontu, agus tuigtear go ndéantar ruathar ar áiteanna cónaithe príobháideacha chomh maith.

Aois fásta de réir an dlí

Sa tSín, caitear le duine atá os cionn 14 bliana d’aois ar nós duine fásta de réir an dlí.

Reiligiún

Tá sriantar ar sheanmóireacht a dhéanamh agus ar ábhar reiligiúnach a dháileadh. Tá cosc ar an ngluaiseacht Falung Gong sa tSín.

Dénáisiúntacht

Ní aithníonn údaráis na Síne dénáisiúntacht. Má bhíonn náisiúntacht de chuid na Síne agus de chuid na hÉireann agat agus má théann tú isteach sa tSín ar phas Éireannach seans nach n-aithneodh na húdaráis do shaoránacht de chuid na hÉireann agus d’fhéadfadh nach mbronnfaidís rochtain ar chabhair chonsalachta ort. Sa chás gur thréig iar-náisiúnach de chuid na Síne a náisiúntacht Síneach seans go mbeadh orthu fianaise go bhfuil amhlaidh déanta acu a bhreith leo.

Náisiúntacht de chuid na Síne agus páistí

Cuireann dlí na Síne in iúl gur náisiúnaigh de chuid na Síne iad páistí a bheirtear do náisiúnaigh de chuid na Síne, beag beann ar shaoránacht an tuismitheora eile. Mar sin is faoi na tuismitheoirí a bhíonn sé a chinntiú go gcláraítear a bpáistí i gceart i ndiaidh a mbreithe. Ní féidir le hAmbasáid na hÉireann idirghabháil a dhéanamh chun cabhrú i gcásanna ina bhfuil an páiste mar shaoránach de chuid na Síne go príomha.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Creathanna Talún

Tá an tSín suite i limistéar atá gníomhach go seismeach agus bíonn creathanna talún móra ann go tréimhsiúil. Ba cheart duit tú féin a chur ar an eolas maidir leis na treoirlínte seo ó Chumann na Croise Deirge ionas go mbeidh a fhios agat conas freagairt do chás éigeandála.

Is féidir teacht ar na rabhaidh is déanaí maidir le súnámaithe ar shuíomh idirlín Ionad Rabhaidh Súnámaithe an Aigéin Chiúin.

Tuilte

Bíonn tuilte comónta i gcodanna áirithe den tSín, go háirithe in Abhantrach na hIaing-tsí, le linn an tséasúir fhliuch (mí na Bealtaine go dtí mí na Samhna). I gcás tuilte, ba cheart duit bogadh chuig talamh níos airde agus fan ann go dtí go dtránn na tuilte. Imríonn arm na Síne ról in aslonnú daoine as ceantair faoi thuile; má bhuailtear tú, ba cheart duit a gcuid treoracha a leanúint go cruinn ar mhaithe le do shábháilteacht féin. Ba cheart do shaoránaigh a bheith ar an eolas, mar sin féin, gur féidir le tuilte tarlú i gceantair eile chomh maith, mar a tharla le tuilte Zhengzhou (Cúige Henan) in Iúil na bliana 2021. 

Tíofúin

Bíonn tíofúin comónta ar fud chósta thoir-theas na Síne idir mí na Bealtaine agus mí na Samhna. Seiceáil an nuacht áitiúil agus idirnáisiúnta sula dtaistealaíonn tú chun a chinntiú nach mbeidh tú sáinnithe i gceantar a bhfuil tíofún ag imirt tionchar air. Seachain a bheith ag tabhairt cuairt ar cheantair iargúlta má thuartar córas tíofúin. Ba cheart duit comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Pas

Caithfear pas bailí a bheith agat chun dul isteach sa tSín, a bhfuil dáta bailíochta atá ar a laghad sé mhí i ndiaidh dáta deiridh inmhianaithe do thréimhse fanachta air. Is inmholta roinnt fótachóipeanna de do phas a bhreith leat, agus pictiúr de na sonraí (aitheantas pearsanta) agus de na leathanaigh i do phas a bhfuil víosa Síneach orthu a stóráil ar do ghuthán. Is inmholta chomh maith cóip de leathanach sonraí do phas agus cóip den leathanach leis an víosa Síneach a fhágáil le ball clainne nó le cara sa bhaile.

Tá dualgas ort de réir an dlí do phas a iompar leat an t-am ar fad agus tú ag taisteal sa tSín agus, má bhíonn cónaí ort sa tSín, do chárta cónaitheachta.

Má chailleann tú do phas agus tú sa tSín, beidh ort na póilíní a chur ar an eolas agus eiseoidh siad siúd tuairisc um phas caillte duit. Beidh ort pas éigeandála a fháil ó Ambasáid na hÉireann i mBéising agus do thuairisc póilíní a sholáthar le d’iarratas.  Caithfidh víosa fágála a bheith i do phas sular féidir leat an tSín a fhágáil. Is próiseas maorlathach fadálach é seo a d’fhéadfadh moill suas le coicís a chur ar fhágáil na Síne duit.  Bí cinnte go bhfuil go leor airgid agat chun tú féin a chothú, agus go mbeidh rochtain agat ar airgead éigeandála más gá. 

Víosa

De réir mar a míníodh thuas agus tuileadh sonraí san áireamh, ní féidir le formhór náisiúnaigh choigríche dul isteach sa tSín. Bíonn víosa de dhíth ar shaoránaigh de chuid na hÉireann chun cuairt a thabhairt ar an tSín. Chun víosa a fháil, ba cheart teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na Síne i mBaile Átha Cliath ag ie@mfa.gov.cn tamall fada sula bhfuil sé de phlean agat dul ar cuairt. Cinntigh, le do thoil, go bhfuil an víosa ceart agat sula dtaistealaíonn tú chun na Síne agus go bhfágann tú an tír sula dtéann do víosa in éag. Má bhíonn sé de mhian agat síneadh a chur le do víosa nó iarratas a dhéanamh ar athrú ar do víosa agus tú sa tSín caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an mBiúró Seirbhísí Poiblí áitiúil. D’fhéadfadh pionóis ghéara a bheith mar thoradh ar shárú dlíthe inimirce na Síne lena n-áirítear gabháil, príosúnacht, fíneáil agus díbirt.

Roimh phaindéim COVID-19, d’fheadfadh saoránach de chuid na hÉireann cuairt a thabhairt ar an tSín le haghaidh tréimhse ghairid (nárbh ionann í agus níos mó ná 144 uair) trí leas a bhaint as scéimeanna taistil gan víosa éagsúla i gcathracha áirithe sa tsín, lena n-áiríodh Béising, Shanghai agus Guangzhou. Mar sin féin, ag an am sin fiú bhí an Ambasáid ar an eolas faoi chásanna inar diúltaíodh rochtain ar bhonn taistil gan víosa chuig an tSín do shaoránaigh de chuid na hÉireann in ainneoin gur chomhlíon siad na riachtanais uile a foilsíodh. Mholfadh an Ambasáid go leanfadh saoránaigh orthu ag lorg víosa sula dtugann siad aon chuairt ar an tSín.

Má bhíonn sé de phlean agat oibriú sa tSín agus do theaghlach a bhreith leat, d’fhéadfadh go mbeadh ort teastas breithe agus pósta fíordheimhnithe a leagan isteach le do chuid iarratas ar chónaitheacht. D’fhéadfadh go n-éileofaí ort na cáipéisí eile uile a fhíordheimhniú chomh maith. Ní féidir le hAmbasáid na hÉireann cáipéisí a fhíordheimhniú; ní féidir le haon dream ach amháin Roinn na nGnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath do chuid teastas a fhíordheimhniú, agus chun go mbeidís bailí ó thaobh an dlí de sa tSín ba cheart d’Ambasáid na Síne i mBaile Átha Cliath iad a dhlisteanú ansin. Molaimid go seiceálann tú na riachtanais seo le d’fhostóir sula dtaistealaíonn tú.

Cinntigh go gcoimeádann tú súil ar dháta éaga do víosa. Más gá duit síneadh a chur le do víosa nó cur isteach ar víosa nua agus tú sa tSín, caithfidh tú iarratas a dhéanamh tríd an mBiúró Slándála Poiblí áitiúil. Tabhair do d’aire nach féidir le síneadh ar víosa téarma an víosa bunaidh a shárú, mar sin ní féidir le taistealaithe ar eisíodh víosa 30 lá dóibh cur isteach ach ar shíneadh 30 lá aon uair amháin. Tabhair faoi deara, le do thoil go bhfuil tréimhse phróiseála 30 lá ar an meán le haghaidh fíneálacha rófhanacht víosa, a bhféadfaí a shíneadh chuig 60 lá.  Ní féidir le hAmbasáid na hÉireann sa tSín tionchar a bheith acu ar an am próiseála seo nó luas a chur faoi.  Beidh an-chostas i gceist le rófhanacht, toisc go mbeidh ort a chinntiú go leor airgid a agat chun tú féin a chothú agus toisc go mbeidh ort lóistín a fháil duit féin i gcaitheamh na tréimhse próiseála seo.

Clárú

Caithfidh eachtrannaigh clárú leis an mBiúró Slándála Poiblí áitiúil laistigh de 24 uair an chloig den am a thagann siad isteach sa tSín. Má tá tú ag fanacht in óstán nó i mbrú, cuirfidh siad an nós imeachta seo i gcrích ar do shon. Má tá tú ag fanacht le cairde nó le gaolta, caithfidh tú clárú tú féin.

Sainréigiúin Riaracháin Hong Cong agus Macau

Tá Comhairle Taistil le haghaidh Sainréigiúin Riaracháin Hong Cong agus Macau ar fáil ar an leathanach tiomanta, anseo:  https://www.dfa.ie/travel/travel-advice/a-z-list-of-countries/china-hong-kong-macau/

An Tibéid

Tá srian ar thaisteal chuig an Tibéid agus ní féidir é a dhéanamh ach amháin má bhíonn ceadúnas taistil agat. Laistigh den tSín, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig Oifig Gnóthaí Eachtracha Cheantar Féinrialaitheach na Tibéide. Má bhíonn iarratas á dhéanamh agat ó thar lear, téigh i gcomhairle leis an Ambasáid Shíneach áitiúil nó le do ghníomhairí taistil.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir tamall fada sula dtaistealaíonn tú chun féachaint an bhfuil aon vacsaín de dhíth ort chun dul chun na Síne.

Caighdeán aeir
Feadfaidh ardleibhéil truaillithe aeir a bheith ann i go leor ceantar sa tSín. Molaimid do gach cuairteoir Éireannach agus do chónaitheoirí súil a choimeád ar nuashonraithe agus ar chomhairlí ón Innéacs Sláinte maidir le Caighdeán Aeir.

Réamhchúraimí Sláinte Eile

Mar réamhchúram, ba cheart duit cuairteanna ar mhargaí ainmhithe beo, feirmeacha éanlaith chlóis agus áiteanna eile ina bhféadfá a bheith i ndlúth-theagmháil le héin bhaile, éin cháis nó le héin fhiáine a sheachaint; agus cinntigh go mbíonn miasa éineola agus uibheacha cócaráilte go hiomlán.

Tá eolas suas chun dáta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ar a suíomh idirlín: www.who.int/

 

Embassy contact

Embassy Contact

Embassy of Ireland
3 Ritan Dong Lu
Chaoyang District
Beijing 100600
People's Republic of China

Tel: +86 10 8531 6200
Fax: +86 10 6532 6857

Monday to Friday 09:00-12:30 and 13:30-17:00 Irish Citizens seeking emergency consular assistance outside office hours (including weekends and holidays) should contact the Embassy duty phone on +86 13801056774.

Contact us

Consulate Contact

Consulate General of Ireland Shanghai
Unit 903, JC Plaza
1225 Nanjing Road West
Shanghai 200040
People's Republic of China

Tel: +86 21 6279 8729
Fax: +86 21 6279 8739

For out of hours emergency consular assistance in Shanghai and surrounding provinces Anhui, Jiangsu, Jiangxi and Zhejiang, Irish citizens can call +86 13601676870.
Monday to Friday 09:30-12:30 and 13:30-16:30

Contact us

Consulate Contact

Consulate General of Ireland Hong Kong
20/F, 33 Des Voeux Road,
Central,
Hong Kong

Tel: +(852) 2535 0700
Fax: +(852) 2528 9330

Monday to Friday 10.00 - 12:00 and 14:00 - 16:30

Contact us