Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSeoirsia, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

an tSeoirsia

Má tá tú ag taisteal chun na Seoirsia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimí

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tSeoirsia nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin tSeoirsia sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa tSeoirsia, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Sóifia sa Bhulgáir.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

I ndiaidh na coinbhleachta leis an Rúis in 2008, tá cúrsaí polaitíochta cobhsaí ach tá teannas ann fós. Cé gur tháinig laghdú mór ar an trodaíocht a chonacthas in 2008 agus go bhfuil an saol in Tbilisi mar a bhíodh roimhe, chruthaigh an choinbhleacht géarchéim dhaonnúil mhór do mhuintir na Seoirsia.

Tharla pléascanna beaga in áiteanna sa phríomhchathair Tbilisi. Cé nár tharla sin le roinnt míonna anuas, moltar duit a bheith ar an airdeall.

An Oiséit Theas agus an Abcáis

Tá na réigiúin scarúnaíocha an Oiséit Theas agus an Abcáis faoi smacht ag fórsaí na Rúise i gcónaí agus moltar duit gan iarracht a dhéanamh taisteal chucu. Moltar duit freisin gan taisteal go dtí na réigiúin gar do Línte Teorann Riaracháin (ABL) na réigiún sin, mura bhfuil sé riachtanach, mar gur féidir ionsaithe tarlú anois is arís fós.Tuairiscítear go bhfuil ordanáis nár pléascadh fós sna háiteanna sin agus ba chóir iad a sheachaint go dtí go ndearbhaítear iad a bheith glan.

Trasnú teorainneacha

Ná déan iarracht dul isteach sa tSeoirsia nó í a fhágáil via na teorainneacha talún le Cónaidhm na Rúise (i.e. an Dagastáin, an tSeisnia, an Iongúiséit, an Oiséit Thuaidh) ar chúis ar bith.

Tá sé in aghaidh an dlí an tSeoirsia a fhágáil tríd an Abcáis nó tríd an Oiséit Theas mar nach bhfuil rialú teorann oifigiúl ann. Má dhéanann tú amhlaidh d’fhéadfaí ionchúiseamh coiriúil agus téarma príosúin suas le ceithre blianaa bheith romhat. Má tá stampaí iontrála/fágála ó údaráis réigiúin scarúnaíocha na hAbcáise nó na hOiséite Theas, d’fhéadfadh údaráis na Seoirsia féachaint air sin mar iontráil neamhdhleathach sa tSeoirsia via trasnú teorann nach n-aithnítear.

Léirsithe

Tá agóidí sách coitianta sa tSeoirsia, go háirithe nuair a bhíonn ardteannas polaitíochta ann. Moltar duit áiteanna ina mbailíonn sluaite a sheachaint mar sin, mar is féidir le trioblóid eascairt go tobann. Moltar duit a bheith ar an airdeall faoina bhfuil ar siúl timpeall ort agus monatóireacht a dhéanamh ar tuairiscí ó na meáin áitiúla.

Coiriúlacht

Cé go meastar gur cathair sách sábháilte í Tbilisi, ba chóir gnáthréamhchúram a dhéanamh is tú ag tabhairt cuairte ar áiteanna turasóireachta agus ar áiteanna ina mbíonn eachtrannaigh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná caith seodra tarraingteach.
  • Ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Bain úsáid as tacsaithe ceadúnaithe agus ná siúl leat féin
  • Bí níos cúramaí tar éis thitim na hoíche mar go mbíonn droch-shoilse in áiteanna

Mionghadaíocht

Tuairiscíodh mugálacha gar do Dhaingean Narikala agus Mother Georgia i Tbilisi agus moltar duit gan siúl leat féin sa cheantar sin.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSeoirsia, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Sóifia má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa tSeoirsia, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Bíonn caighdeán athraitheach tiomána sa tSeoirsia agus castar gan choinne, scoitear go tobann agus tiomáintear ró-thapa go minic. Moltar duit gan a bheith ag tiomáin san oíche más féidir é a sheachaint. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán nó do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Seoirsia, mar shampla luasteorainneacha, atá 60km/uair i gceantair uirbeacha agus 80km/uair lasmuigh díobh, mura luaitear a mhalairt
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Ní mór do leanaí faoi seacht mbliana d’aois suí i suíocháin sábháilte leanaí
  • Bíonn droch-shoilse agus droch-chomharthaí ar go leor de na bóithre sa tSeoirsia

Trealamh sábháilteachta

Bíonn tionchar ag báisteach throm agus ag tuilte ar bhóithre agus ar dhroichid, rud a fhágann go mbíonn sé thar a bheith deacair nó indéanta taisteal (go háirithe in áiteanna iargúlta). Má bhíonn tú ag taisteal lasmuigh de Tbilisi ba chóir go mbeadh d’fheithicil feistithe go hoiriúnach le déileáil le raon cúinsí dúshlánacha.

Coisithe

Ba chóir do choisithe a bheith thar a bheith cúramach, fiú ag trasbhealaí marcáilte do choisithe, mar is minic nach ngéilleann carranna slí dóibh.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tacsaithe

Má tá tú chun tacsaithe a úsáid i Tbilisi, agus i gcathracha eile, tá sé níos sábháilte tacsaithe ceadúnaithe a úsáid. Ní bhíonn méadar ar gach tacsaí. Má bhíonn tú i dtacsaí gan méadar, ba chóir duit praghas an aistir a chomhaontú sular dtosaíonn tú air. Má tá tú ag fanacht in óstán, moltar duit do thacsaí a chur in áirithint trí fháiltiú an óstáin.

Sábháilteacht Aeir

Más féidir, téigh díreach chuig Tbilisi ar eitilt idirnáisiúnta sceidealta. I measc na n-aerlínte idirnáisiúnta a fhreastalaíonn ar an tSeoirsia tá Austrian Airlines, BMI British Midlands, Czech Airlines, KLM Royal Dutch Airlines, Lufthansa agus Turkish Airlines.

Sléibhteoireacht

Bíonn sé deacair, uaireanta, eolas cruinn a fháil maidir le coinníollacha na sléibhte sa tSeoirsia agus má bhíonn deacrachtaí agat agus tú i mbun sléibhteoireachta nó fánaíochta, d’fhéadfadh sé a bheith deacair an leibhéal cúnaimh éigeandála/tarrthála a mbeifeá ag súil leis in áiteanna turasóireachta forbartha a eagrú.

Má tá tú ag smaoineamh ar sléibhteoireacht nó fánaíocht a dhéanamh, moltar duit dul i dteagmháil leis na cuideachtaí a chuireann sain-treoraithe ar fáil sa tSeoirsia. Cinntigh, le do thoil, go gcuireann tú duine éigin ar an eolas maidir le do mhionsonraí teagmhála, do chúrsa taistil agus an t-am a mheasann tú a bheidh tú ag filleadh.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Grianghrafadóireacht

Seachain grianghraif a thógáil ag áiteanna íogaireacha mar bhunáiteanna míleata nó ionaid mhíleata agus smaoinigh ar íogaireachtaí cultúrtha má bhíonn tú ag tabhairt cuairte ar láithreáin reiligiúnda nó ag tógáil grianghraf díobh.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Crith talún

Tá an tSeoirsia suite i gcrios a bhíonn gníomhach go seismeach agus mar sin, má tá tú ag taisteal chun na Seoirsia nó i do chónaí ann, bí cinnte go bhfuil a fhios agat cad le déanamh i gcás creatha talún.

Sa bhliain 2002 a tharla an crith talún is deireanaí i Tbilisi. Bhí sé idir 4.3 agus 6.0 phointe ar scála Richter. Maraíodh seisear agus rinneadh damáiste mór infreastruchtúir. 

Tharla crith talún 6.2 phointe ar scála Richter 156km siar ó thuaidh ó Tbilisi in 2009.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní theastaíonn víosa ó shealbhóirí pas de chuid na hÉireann le dul isteach sa tSeoirsia agus féadfaidh siad fanacht sa tír ar feadh suas le 90 lá.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat má bhíonn tú ag taisteal chun na Seoirsia. Ba chóir duit fótachóip de do phas a thabhairt leat an t-am ar fad le linn do chuairte.

Cead Cónaithe

Má tá tú ag iarraidh fanacht níos faide ná 90 lá, ba chóir duit cur isteach ar chead cónaithe sealadach nó buan ó Ghníomhaireacht Clárúcháin Shibhialta Aireacht Dlí agus Cirt na Seoirsia.

Má fhantar níos faide ná an tréimhse ceadaithe ar chead cónaithe is féidir tú a dhíbirt láithreach agus cosc a chur ort dul isteach sa tSeoirsia arís ar feadh tréimhse suas le bliain amháin.

Taisteal le leanaí

Má théann tú chun na Seoirsia le leanbh ar bith seachas do leanbh féin, ní mór duit fianaise ar thoiliú thuismitheoirí nó chaomhnóirí an linbh a bheith agat.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Seoirsia.

Saoráidí Liachta

Tá saoráidí liachta ar fáil i Tbilisi ach tá siad costasach. Tá saoráidí liachta teoranta taobh amuigh de Tbilisi. Bí cinnte go bhfuil do dhóthain leighis agat do thréimhse do thurais agus d’aon mhoilleanna a d’fhéadfadh tarlú.

Caighdeán an aeir

Má tá fadhbanna riospráide agat, bí cinnte go dtabharfaidh tú leat aon análóirí a bheidh de dhíth ort ar do thuras, mar bíonn droch-chaighdeán aeir i Tbilisi uaireanta.

Confadh

Tá confadh coitianta sa tSeoirsia, mar sin bí cinnte go mbeidh an vacsaíniú ábhartha faighte agat.

Uisce

Moltar duit gan uisce sconna a ól.

Airgead

De réir dlí na Seoirsia, ba chóir íoc as gach earra agus seirbhís san airgeadra áitiúil (Lari na Seoirsia), cé go luaitear praghsanna i ndollair SAM go minic. Ní féidir Lari a cheannach taobh amuigh den tír ach is féidir dollair SAM agus Euro a mhalartú don airgeadra áitiúil go héasca.

Avoid carrying large amounts of cash. Ná bíodh méideanna móra airgead tirim ar iompar agat. Ní ghlactar go forleathan le seiceanna taistil.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of an emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, +359 2 985 3425 in order to receive further information on emergency consular assistance.

Embassy of Ireland
Platinum Business Centre
26-28 Bacho Kiro Street
Sofia 1000
Bulgaria

Tel: +359 2 985 3425
Fax: +359 2 983 3302

Monday to Friday 09:15 - 16:45

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr Jeffrey Carden Kent,
Honorary Consul of Ireland,
11 Ioseb Grishashvili Street
Tbilisi 0105
Georgia

Tel: + 995 322 147719

Email: Email us