Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Téalainn, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Téalainn

Má tá tú ag taisteal chun na Téalainne, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun na Téalainne 

Níl gá níos mó cead a fháil chun dul chun na Téalainne (Pas na Téalainne).

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Téalainne ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Nuair atá taistealaithe sa Téalainn, moltar dóibh ar fad na caighdeáin áitiúla sláinte agus sábháilteachta a leanúint.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Ba cheart tú féin a choinneáil ar an eolas faoin eolas is déanaí ar na suíomhanna gréasáin maidir le hÚdarás Eitlíochta Sibhialta na Téalainne.

Moltar do gach saoránach Éireannach sa Téalainne an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. Déan cinnte go bhfuil tú cláraithe le hAmbasáid na hÉireann sa Téalainn trí sheirbhís Chlárúchán na Saoránach -   www.dfa.ie/travel/citizens-registration/
  2. Lean ár gcainéil mheán sóisialta chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Facebook: https://fb.me/IrishEmbassyThailand/
Twitter: https://twitter.com/IrlEmbBangkok

I gcás éigeandála, ba cheart duit glaoch a chur i dtosach ar Phóilíní Turasóireachta na Téalainne ag 1155. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann ag +66 (0) 2 0161360. I gcás éigeandála bailí taobh amuigh d’uaireanta oibre, is féidir leat teachtaireacht a fhágáil.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl Pholaitiúil

Moltar duit gan taisteal chuig teampaill i Preah Vihear, Ta Kwai agus Ta Muen in aice le teorainn na Téalainne/na Cambóide. Baineann díospóid maidir le heilimintí na teorann idir an Chambóid agus an Téalainn agus tá caismirtí idir an dá stát ag tarlú ó am go chéile le roinnt blianta anuas. Tharla roinnt eachtraí cogaíochta in 2011 agus maraíodh sibhialtaigh agus lucht mhíleata ar an dá thaobh. D’fhéadfadh rudaí éirí níos measa arís ar gearrfhógra.

Moltar duit chomh maith gan taisteal chuig nó trí Chúigí Dheisceart na Téalainne seo a leanas, Pattani, Yala, Narathiwat agus Songkhla mar gheall ar mhíshocracht leanúnach agus gníomhaíocht sceimhlitheoireachta sa réigiún sin. Tá dlí airm i bhfeidhm sna cúigí sin. Ba chóir duit cúram ar leith a ghlacadh agus tú ag taisteal in aice le nó trasna teorann na Téalainne agus Burma (Maenmar).

Léirsithe

San am atá caite, chuir lucht tacaíochta an rialtais agus iad siúd in aghaidh an rialtais léirsithe ollmhóra ar bun sa Téalainn. Tharla roinnt léirsithe móra i Bangkok ó thús mhí na Samhna 2013.  Príomhláithreacha na léirsithe ná thart ar Shéadchomhartha an Daonlathais, ag foirgnimh an rialtais agus feadh Ascaill Rachadamnoen, ach féadfaidh léirsithe tosú gan rabhadh ag áiteanna éagsúla.

Tá an tAcht um Shlándáil Inmheánach curtha i bhfeidhm i ngach cuid de Bangkok agus Nonthaburi, i gceantar Bang Phil de Samut Prakan agus i gceantar Lat Lum Kaep de Pathum Thani, i ndiaidh ardú teacht ar an líon léirsithe, lena n-áirítear lucht agóide ag timpeallú agus ag gabháil seilbh ar roinnt foirgneamh rialtas, an Aireacht Airgeadais ina measc. Mar thoradh ar an Acht sin, beidh dianslándáil le braith, tabharfar cumhachtaí do na póilíní agus don lucht míleata chun cuirfiúnna a chur i bhfeidhm, seicphointí a oibriú, srian a chur ar ghluaiseachtaí lucht agóide, airm a chuardach agus fórsa a úsáid i gcás foréigin.

Tharla caismirtí foréigneacha mar thoradh ar na hagóidí agus tuairiscíodh gunnalámhach agus fuair roinnt daoine bás. Bhain na póilíní úsáid as deorghás agus canónacha uisce in aghaidh an lucht agóide, agus tuairiscíodh gur baineadh úsáid as piléir rubair chomh maith. Tá cúrsaí luaineach sa Téalainn fós agus ba chóir do shaoránaigh Éireannacha cruinnithe móra, léirsithe agus agóidí a sheachaint, agus ba chóir cloí le treoracha na n-údarás. Ba chóir a thabhairt ar aird freisin go bhféadfadh cur isteach mór ar thrácht agus iompar a bheith ann.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh. Tá roinnt madhmthaí déanta ó am go ham ar fheistí pléascacha beaga i Bangkok agus i gcathracha Téalannacha eile le blianta beaga anuas. In 2012, tharla trí phléasc mar thoradh ar eachtra a bhain le náisiúnaigh choigríche i gceantar Klong Tan i lár Bangkok.

Coiriúlacht

Bí ar an eolas faoin mbaol go dtarlóidh mionchoiriúlacht, lena n-áirítear peasghadaíocht, goid málaí agus lucht eagraithe camscéimeanna a bhíonn dírithe ar thurasóirí agus déan gnáth-réamhchúram:  

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Tá goid pasanna agus cártaí creidmheasa ina fhadhb sa Téalainn. Fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.  Goidtear pasanna ó chuairteoirí agus iad ag taisteal ar thurais fhadscríbe bus thar oíche.

Camscéimeanna turasóirí

Tarlaíonn camscéimeanna do thurasóirí agus iad ag fáil trealamh scairsciála ar cíos. Faigh comhairle ó mhuintir na háite maidir le clú aon chíosghnólachta sula dtéann tú chucu. Moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil riamh agus tú ag fáil trealamh scairsciála nó gluaisrothair ar cíos.

Má théann tú tríd Aerfort Suvarnabhumi, déan cinnte gur íoc tú le haghaidh na nithe ar fad atá i do sheilbh agat, agus go bhfuil admhálacha agat dóibh, sula bhfágann tú an díoltóir.

Bí cúramach má dhéanann strainséir iarracht geamanna a dhíol leat.

Sábháilteacht phearsanta

Tharla eachtraí inar ionsaíodh agus ar éigníodh náisiúnaigh choigríche. Ní mór do thaistealaithe ban go háirithe a bheith an-chúramach maidir lena sábháilteacht phearsanta. Tharla roinnt eachtraí inar cuireadh drugaí isteach i ndeochanna turasóirí (ceantair turasóireachta agus ceantair shoilse dearga). Bí cúramach agus tú ag glacadh le deochanna ó strainséirí agus bí an-chúramach ag cóisirí cosúil leis an gcóisir Lán Gealaí ar Oileán Phangan.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Téalainn, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.

Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag na Consal Oinigh i Bangkok nó Phuket nó le Ambasáid na hÉireann i Kuala Lumpur má tá cúnamh ag teastáil uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Téalainn ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá drochbhail ar na bóithre.

  • Beidh ceadúnas tiomána idirnáisiúnta nó Téalannach ag teastáil uait. Bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Téalainne, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Gluaisrothair

Bí an-chúramach agus tú ag úsáid gluaisrothair – maraíodh roinnt daoine i dtimpistí sa Téalainn. Tá clogaid sábháilteachta éigeantach.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil nó gluaisrothar á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tacsaithe

Má tá tú ag taisteal d’aer, bain úsáid as tacsaithe ceadúnaithe ó sheastáin tacsaithe oifigiúla. Níl árachas ceart ag feithiclí neamhcheadúnaithe (uimhirphlátaí dubha agus bána) chun paisinéirí a iompar.

Snámh

Bí cúramach nuair atá tú ag snámh – maraíodh roinnt saoránach Éireannach i dtimpistí sa Téalainn.  Tuairiscíodh go bhfuil smugairle róin nimhiúil san uisce amach ó chóstaí Koh Pha-ngan, Phuket, Krabi, Koh Lanta agus Koh Phi Phi. Má fhaigheann tú ga uathu, lorg coir leighis láithreach.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo. Ní féidir le hAmbasáid na le Consalacht na hÉireann cur isteach ar chur i bhfeidhm dhlí na Téalainne.
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Alcól agus tobac

Tá teorainneacha dochta maidir leis an líon deochanna alcólacha, toitíní, todóg agus tobac gur féidir leat a thabhairt isteach chun na Téalainne. Coinníodh agus cuireadh fíneáil mhór ar thurasóirí agus iad ag déanamh iarrachta toitíní de bhreis ar an teorainn dlíthiúil a thabhairt isteach chun na Téalainne.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis dhiana ar shealbhú, dáileadh agus tógáil drugaí sa Téalainn lena n-áirítear príosúnacht saoil agus pionós an bháis. Gearrtar téarmaí príosúnachta fiú mura bhfaightear  ach méid an-bheag drugaí i do sheilbh agat. Tá údaráis na Téalainne i ndiaidh faireachas ar na daoine a bhíonn páirteach i ngníomhaíocht drugaí aindleathacha a mhéadú agus déanann póilíní faoi cheilt spotseiceálacha i mbeáir, bialanna agus discónna i gceantair turasóireachta agus timpeall orthu. Áiríonn na seiceálacha sin cuardach ar mhálaí, sparáin agus pócaí. D’fhulaing roinnt turasóirí fadhbanna síciatracha mar thoradh ar úsáid drugaí sa Téalainn.

An teaghlach ríoga

Is cionn coiriúil sa Téalainn é tuairimí criticiúla nó clúmhillteacha a roinnt maidir leis an Rí nó an teaghlach ríoga.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Báisteach agus Tuile

Maireann séasúr na báistí i gcuid mhór den Téalainn ó mhí na Bealtaine go dtí mí Dheireadh Fómhair.  Tarlaíonn tuilte troma agus dáinséaracha mar thoradh ar bháisteach agus stoirmeacha monsúin go minic. Tharla tuilte ollmhóra agus damáiste tuilte suntasach ar fud na gcúigí i lár, tuaisceart agus oirthear na Téalainne mar thoradh ar choinníollacha drochaimsire go déanach in 2011. Maireann séasúr na báistí in oirdheisceart leithinis na Téalainne ó mhí na Samhna go dtí mí an Mhárta. Is féidir leat eolas áisiúil maidir le coinníollacha aimsire sa Téalainn a fháil ó láithreáin ghréasáin cosúil le Phuket Weather Forecasts, Thai Meteorological Department  nó Tourism Authority of Thailand News.

Creathanna talún

Tá an Téalainn suite ar chrios creathanna talún agus tarlaíonn creatháin talún ó am go ham. Tugtar foláirimh súnámaithe mar thoradh orthu uaireanta.  Téigh i dtaithí ar nósanna imeachta sábháilteachta i gcás crith talún, agus bí ar an aird maidir le treoracha a bhaineann le súnámaithe ó d’óstán agus ó na húdaráis áitiúla. In 2012, tharla dhá chrith talún i Phuket agus rinneadh roinnt damáiste do mhaoin.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire duit sa Téalainn maidir riachtanais iontrála chun na Téalainne.

Pasanna

Bíonn pas bailí de dhíth chun dul isteach sa Téalainn, a bhfuil sé mhí bailíochta ar an laghad air. Bí ar an eolas gur díbríodh roinnt saoránach de chuid na hÉireann ón Téalainn toisc iarracht a dhéanamh dul isteach sa tír ar phas damáistithe.  Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Éilítear ar gach cuairteoir a bpasanna a iompar an t-am ar fad.

Víosaí

Tá sé in aghaidh an dlí fanacht thar téarma do víosa sa Téalainn agus ní mór duit tréimhse fanachta arna ceadú ag údaráis na Téalainne nuair a thagann tú. Má bhíonn ort tú féin a ‘ghéilleadh’ chuig na húdaráis inimirce ag an aerfort nó chuig aon biúró inimirce eile i ndiaidh duit fanacht thar tréimhse ar feadh achar gear, caithfidh tú fíneáil a íoc do gach lá breise.  Bí ar an eolas, áfach, i gcás tréimhsí fanachta thar téarma a mhaireann achar níos faide, tá sé go hiomlán faoi dhiscréid inimirce na Téalainne cibé an gcaithfidh tú fíneáil fanachta thar téarma a íoc nó an a dhéanfar tú a dhíbirt. Seans nach mbeidh na húdaráis an-solúbtha nuair a stopann na póilíní cuairteoir agus iad i ndiaidh fanacht thar téarma.  D’fhéadfadh tréimhse coinneála in Ionad Coinneála Inimirce a bheith mar thoradh ar chásanna den chineál sin fhad a bhíonn an cás á phróiseáil.

Tá sé fógartha ag údaráis na Téalainne chomh maith go bhfuil pionóis nua le gearradh orthusan a fhanann sa tír thar thar thréimhse cheadaithe a víosaí. Má fhanann tú sa tír thar thréimhse ceadaithe do víosa d’fhéadfaí toirmeasc a chur ort teacht chun na Téalainne ar feadh roinnt blianta.

Sláinte

Éiríonn céatadán ard cuairteoirí ón Eoraip chun na Téalainne tinn mar gheall ar an teas agus fachtóirí eile. Seiceáil i gcónaí le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Téalainne.

Fliú na muc AH1N1

Tuairiscíodh na mílte cás fliú A/H1N1 sa Téalainn agus roinnt básanna chomh maith.

Fiabhras deinge agus maláire

Tá fiabhras deinge agus maláire forleathan sa Téalainn, go háirithe i ndeisceart na tíre. Sula dtéann tú ag taisteal, moltar duit comhairle liachta cothrom le dáta a fháil maidir le cibé an mbeidh cógais frith-mhaláire ag teastáil uait nó nach mbeidh. Nuair a thagann tú, seachain greamanna ó mhuiscítí trí eangacha leapa agus éarthach a úsáid, agus trí bróga dúnta, muinchillí fada agus brístí a chaitheamh.

Uisce

Moltar duit duit gan ach uisce atá fiuchta nó uisce buidéalaithe a ól le linn do chuairte.

Embassy contact

Embassy Contact

Out of hours Emergency Contact Details

After business hours, Irish Citizens seeking emergency consular assistance should contact the Duty Officer number at +662-016-1360

Please leave a message with your name, contact number and details of the emergency.

Please note that this is for after-hours emergency cases only that cannot wait until the Embassy re-opens.

Embassy of Ireland
12th Floor, 208 Wireless Road
Lumpini, Pathumwan
Bangkok 10330

Tel: +66 2 016 1360
Fax: +66 2 675 3933

Monday - Thursday 09:30-12:00 and 14:30-15:30; Friday 09:30-12:00

Contact us