Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Spáinn, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Spáinn

Má tá tú le taisteal chun na Spáinne, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Spáinne

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Spáinne ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo:

Suíomh Gréasáin oifigiúil na Turasóireachta – Spain.info 
Heileo, na hOileáin Chanáracha

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Léirsithe

Uaireanta is féidir tionóil phoiblí agus léirsithe tarlú gan mórán foláirimh nó gan rabhadh ar bith. Molaimid duit léirsithe a sheachaint agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

D’fhéadfadh go gcuirfeadh agóidí isteach ar chúrsaí iompair agus seirbhísí eile. Bí réidh do phleananna taistil a athrú ar ghearrfhógra más gá, agus tabhair am breise duit féin faoi choinne do thuras. Ba cheart duit seiceáil freisin le haghaidh nuashonruithe taistil nó moilleanna iompair roimh do thuras chun na Spáinne agus lena linn. 

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt ghinearálta ann den sceimhlitheoireacht san Eoraip, agus meastar gur ard leibhéal na bagartha sa Spáinn. Ó bhí 2015 ann, tá an leibhéal foláirimh frithsceimhlitheoireachta náisiúnta ó Rialtas na Spáinne fós ag leibhéal a ceathair (ard) ar scála 1 go 5.

Toisc go bhféadfadh sceimhlitheoirí tabhairt faoi ionsaithe breise, agus go bhféadfadh áiteanna a dtugann eachtrannaigh cuairt orthu a bheith san áireamh in ionsaithe dá leithéid, moltar do shaoránaigh na hÉireann a bhfeasacht ar shlándáil a ardú agus a bheith cúramach. Sa chás go dtarlaíonn aon teagmhais slándála, ba chóir duit treoracha na bpóilíní áitiúla agus do thionscnóir turas a leanúint.

Ar an 17 agus an 18 Lúnasa 2017, tharla dhá ionsaí sceimhlitheoireachta a raibh baint acu  lena chéile sa limistéar Las Ramblas de Barcelona agus i mbaile Cambrils, timpeall 100km ó Barcelona. Mar thoradh ar na heachtraí seo, inar dhírigh feithiclí ar choisithe d’aon ghnó, fuair 16 duine bás agus gortaíodh breis agus 100 duine.

I mí an Mhárta 2004, phléasc buamaí ar thraenacha comaitéireachta i Maidrid, agus maraíodh 192 duine. Leagadh an fhreagracht as an ionsaí seo ar an líonra sceimhlitheoireachta Al Qaeda.

D’fhógair eagraíocht sceimhlitheoireachta na mBascach, ETA, a díscaoileadh i mBealtaine 2018. Ní dhearna sé aon ionsaí le blianta beaga anuas.

Sábháilteacht ar bhalcóiní

Tharla roinnt timpistí thromchúiseacha le blianta beaga anuas a bhain le titim ó bhalcóiní.  Bás nó gortú tromchúiseach do shaoránach Éireannach a bhí mar thoradh ar roinnt díobh seo. Tá sé tábhachtach a bheith cúramach agus balcóiní óstáin agus árasáin á n-úsáid agat, go háirithe má ghlac tú alcól nó drugaí, agus chun rioscaí nach bhfuil gá leo a sheachaint. Má ghortaítear tú i dtitim bhalcóin agus tú faoi thionchar alcóil nó drugaí, féadfaidh do chomhlacht árachais diúltú aon chostais iarmhartach dá bharr a chlúdach. Ba cheart duit a bheith ar an eolas freisin go bhféadfadh údaráis na Spáinne fíneálacha a ghearradh orthu siúd atá i mbun iompraíocht chontúirteach ar bhalcóiní, lena n-áirítear dreapadóireacht orthu nó léim uathu.

Coireacht

Is measartha an ráta coireachta ag formhór na Spáinne. Mar sin féin, mar gheall ar an líon an-ard turasóirí a thugann cuairt ar an Spáinn, cuirtear bearta slándála breise i bhfeidhm i limistéir phoiblí ag buaicthréimhsí, mar shampla i rith an tsamhraidh agus um Nollaig. Ba cheart go mbeadh a fhios agat go bhfuil riosca i bhfad níos airde ag baint le peasghadaithe agus mugáil i limistéir amhail aerfoirt, stáisiúin bus, stáisiúin iarnróid, limistéir turasóireachta agus cathracha móra ar nós Maidrid agus Barcelona. Molaimid duit réamhchúraimí bunúsacha a ghlacadh:

• Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil, pas ná airgead le chéile san áit amháin, mar shampla bagáiste nó do mhála. Fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte 

• Ná bíodh do phas ar iompar agat mura bhfuil fíorghá leis, agus smaoinigh ar do Chárta Pas a thabhairt leat. Fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile

• Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná húsáid UMBanna i ndiaidh dó dul ó sholas, go háirithe má tá tú i d’aonar. Seiceáil nár lean aon duine thú tar éis duit do ghnó a dhéanamh

• Coinnigh súil ghéar ar do chuid earraí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí ar nós caiféanna, stáisiúin traenach agus bus, beáir, bialanna, srl.

• Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan solas, socraigh go mbaileofar nó go scaoilfear amach thú chomh gar agus is féidir le príomhdhoras d’óstáin nó d’árasáin

Mionchoireacht

Bí airdeallach faoin mionchoireacht: baineann go leor de na cásanna a ndéileálaimid leo le pasanna agus cártaí creidmheasa a ghoidtear.

I stáisiúin meitreo, seachain dul ar bord na traenach in aice leis an mbealach amach/bealach isteach chuig an ardán, mar go minic is anseo a shuíonn na peasghadaithe iad féin. Féadfaidh gadaithe oibriú i ndronganna agus d’fhéadfadh duine acu iarracht a dhéanamh do shúil a tharraingt ionas gur féidir le comhchoirí tú a ghoid níos éasca.

Coireacht bóthair

Bí aireach i gcónaí nuair a thagann duine a mhaíonn gur póilíní iad i dteagmháil leat, bíodh sé i ngnáthéadaí nó ag taisteal i bhfeithiclí gan mharcáil.

I ngach ábhar tráchta, beidh na póilíní in éide.  Beidh comhartha leictreonach gealánach ag feithiclí gan mharcáil ar an bhfuinneog cúil, ar a léitear ‘Policía’ nó ‘Guardia Civil’, agus de ghnáth beidh soilse gealánacha gorma ionchorpraithe sna ceannsoilse.

In ábhair nach mbaineann le trácht, féadfaidh póilíní gnáthéadaí a chaitheamh. Tá sé de cheart agat, áfach, iarraidh ar phóilíní iad féin a chur in aithne duit. Chomh maith leis sin, ní iarrfaidh fíorphóilíní go dtabharfaidh tú ar láimh do mhála nó sparán. Má iarrann siad ort aitheantas a thabhairt, taispeáin cáipéis aitheantais fhótagrafach dóibh amhail do phas, Cárta Pas nó ceadúnas tiomána. Má bhíonn aon amhras ort, ba cheart duit labhairt trí fhuinneog an chairr agus teagmháil a dhéanamh le húdaráis na Spáinne ar 112 agus iarraidh orthu a dheimhniú gurb ionann uimhir chláraithe na feithicle agus feithicil oifigiúil póilíní.

Coireacht feithicle

Is coitianta an ghadaíocht ó fheithiclí sa Spáinn. Agus tú ag tiomáint, ná déan dearmad do dhoirse a choinneáil faoi ghlas, fuinneoga a choinneáil druidte agus earraí luachmhara a choinneáil as radharc.

Bí ar an eolas go bhfuil 'píoráidí na mbóithre' ann a dhíríonn ar charranna atá cláraithe thar lear agus ar cíos. Tá tuairiscí ar a leithéid de ghníomhaíocht, in aice le haerfoirt, go háirithe. Déanfaidh roinnt acu iarracht tú a stopadh, ag rá go bhfuil rud éigin cearr le do charr nó go ndearna tú damáiste do charr s’acusan. I gcásanna áirithe, déanfaidh siad fiú imbhualadh a phleanáil d’aon ghnó sa chaoi go stopfaidh tú agus go bhfágfaidh tú do charr, roimh d’earraí pearsanta a ghoid.

Má shocraíonn tú stopadh chun riocht d’fheithicil/a bhfeithicil a sheiceáil, déan iarracht stopadh i limistéar ina bhfuil soilse agus daoine, cosúil le stáisiún seirbhíse, agus bí an-fhaichilleach d’aon duine a thugann cabhair.

Drugaí éigniú coinne

Tá foláireamh tugtha ag údaráis na Spáinne go n-úsáidtear drugaí éigniú coinne, lena n-áirítear GBH (gámahiodrocsabútaráit) agus eacstais leachtach. Ná déan do chuid airdeall ar na rioscaí seo a ísliú gan chuimhneamh díreach toisc go bhfuil tú ar saoire.

Camscéimeanna crannchuir

Tá roinnt camscéimeanna crannchuir ar bun sa Spáinn. Molaimid duit a bheith airdeallach má dhéanann eagraíocht teagmháil leat ag maíomh gur crannchur Spáinneach í. Ná tabhair sonraí pearsanta amach agus ná híoc aon airgead, ar féidir cur síos air mar ‘réamhtháille’, ‘cáin’ nó ‘árachas’. Má chuir tú isteach ar chrannchur agus iarrtar ort rud éigin a íoc roimh ré nó más fón póca an uimhir theagmhála dó, is dócha gur camscéim atá ann.

De réir Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, bíonn duaiseanna Chrannchur na Spáinne saor ó chánacha i dtólamh, agus tá cuid de na baill de ghrúpaí a bhí ag feidhmiú ón Spáinn gafa cheana féin ag póilíní na Spáinne agus faoi réir imeachtaí dlí.

Dá bhrí sin, nuair a thairgtear ‘duaiseanna’ duit a bhfuil an chuma orthu go bhfuil baint acu le Crannchur na Spáinne, ná híoc airgead ar bith. Chomh maith leis sin, seol cóip den cháipéisíocht bhréagach chuig an seoladh seo a leanas:

Loterías y Apuestas del Estado - Seirbhís Comhairle Dhlí

c/ Guzmán el Bueno nº137

28003 Maidrid, an Spáinn

Nó chuig uimhir facs 34 91 533 51 36

Póilíní

Tá dhá phríomhfhórsa póilíneachta sa Spáinn:

• Is í an Policía National (Póilíní Náisiúnta) gníomhaireacht phóilíneachta uirbeach na Spáinne ar fud na tíre. Pléann sé le cúrsaí coiriúla, breithiúnacha, sceimhlitheoireachta agus inimirce. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ach glaoch ar 091.

• Is i gceantair thuaithe go príomha a fheidhmíonn an Guardia Civil (Garda Sibhialta). Tá idir fheidhmeanna míleata agus sibhialtacha aige. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ach glaoch ar 062.

I bhformhór na gceantar uirbeach, tá an Policia Local (glaoigh ar 092), atá freagrach as trácht laistigh de na cathracha agus mionchoireacht.

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Spáinn, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach trí ghlaoch a chur ar na seirbhísí éigeandála ar 112 - bíonn Béarla ag na hoibreoirí freagartha ar fad.

Bí cinnte go bhfaigheann tú cóip den ‘denuncia’ (tuairisc na bpóilíní) nuair a thuairiscíonn tú an choir. Mar shampla, má goideadh do chuid earraí, beidh tuairisc na bpóilíní uait chun críocha árachais. Má chailltear nó má ghoidtear do phas, coinnigh tuairisc na bpóilíní le haghaidh d’éileamh árachais, chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniú taistil éigeandála agus chun iarratas a dhéanamh ar phas athsholáthair nuair a fhilleann tú ar Éirinn.

Tuairisc póilíní a dhéanamh

Is féidir leat tuairisc póilíní a dhéanamh ar thrí bhealach éagsúla:

1. I láthair go pearsanta:  Ag an stáisiún póilíní is gaire. Ní bhíonn ateangairí Béarla ar fáil faoi ghearrfhógra i gcónaí, mar sin ba cheart duit smaoineamh ar dhuine a labhraíonn Spáinnis a thabhairt leat.

2. Ar an bhfón: Is féidir leat tuairisc póilíní a dhéanamh ar an bhfón i mBéarla trí ghlaoch a chur ar 901 102 112. Tá an tseirbhís Bhéarla ar fáil ó 9 r.n – 9 i.n, seacht lá na seachtaine. Nuair a bheidh do thuairisc déanta agat, tabharfar treoir duit cóip shínithe den tuairisc a fháil ag an stáisiún póilíní is gaire duit. Mar sin féin, ní féidir roinnt coireanna, go háirithe coireanna níos tromchúisí nó coireanna a bhaineann le foréigean, a thuairisciú ach i láthair go pearsanta.

3. Ar líne: Is féidir leat tuairisc póilíní a dhéanamh ar líne freisin. Ní mór coireanna áirithe, go háirithe coireanna níos tromchúisí a bhaineann le foréigean fisiciúil, a thuairisciú go pearsanta.

Aeráid: Baoil shéasúracha

Falscaithe 

Le linn tréimhsí tirime nó tréimhsí teochtaí arda, tá baol ann go mbeidh dóiteáin foraoise i go leor áiteanna sa Spáinn. Is féidir go ndúnfar bóithre agus iarnróid dá bharr. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an caighdeán aeir dul i ndonacht in áiteanna in aice le tinte gníomhacha agus tionchar diúltach a imirt ar thaistealaithe, go háirithe iad siúd a bhfuil tinnis riospráide orthu. Ba cheart do shaoránaigh na hÉireann súil ghéar a choinneáil ar an nuacht mar is féidir leis an scéal athrú go gasta, agus a bheith cúramach go háirithe gan dul i mbun aon ghníomh a d’fhéadfadh cur le riosca dóiteáin foraoise agus iad amuigh faoin aer.

Má fheiceann tú tine nó deatach, moltar duit glaoch a chur ar an uimhir éigeandála 112. Bíonn Béarla ag na hoibreoirí, agus beidh siad in ann cabhrú leat. Tá faisnéis cothrom le dáta ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair maidir le dóiteáin foraoise ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sibhialta agus Éigeandálaí agus ar a gcuid cainéil meán sóisialta. 

Bolcáin agus gníomhaíocht sheismeach

Ar an 19 Meán Fómhair 2021, bhí brúchtadh bolcánach ann ar an Oileán Canárach La Palma sa bhaile bardais El Paso. Tá foláireamh ‘buí’ i bhfeidhm faoi láthair ann. Tá faisnéis faoi na limistéir atá buailte ar fáil ar láithreán gréasáin an Rialtais La Palma .(Spáinnis amháin)

Tá faisnéis i mBéarla ar mholtaí don phobail le linn brúchtadh bolcánach ar fáil ar shuíomh gréasáin  https://riesgovolcanico-lapalma.hub.arcgis.com/pages/recomendaciones.

Is féidir le gníomhaíocht bholcánach agus sheismeach tarlú sa Spáinn, go háirithe sna hOileáin Chanáracha. Mar sin féin, is annamh a bhíonn eachtraí móra ann. Déanann Rialtas na nOileán Canárach monatóireacht ghéar ar ghníomhaíocht den sórt sin agus soláthraíonn sé faisnéis nuashonraithe don phobal ar a suíomh gréasáin.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus nósanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Alcól

Is gnách go ndíoltar biotáillí alcólacha i dtomhais i bhfad níos mó i mbeáir agus bialanna sa Spáinn ná mar a dhíoltar in Éirinn. Go ginearálta ní cheadaítear alcól a ól in áiteanna poiblí, seachas beáir agus bialanna ceadúnaithe, agus d’fhéadfadh fíneáil a bheith mar thoradh air.

Drugaí mídhleathacha

Maraíodh saoránaigh Éireannacha a ghlac drugaí mídhleathacha sa Spáinn. Caitheann údaráis na Spáinne go tromchúiseach le seilbh na ndrugaí mídhleathacha i gcainníocht ar bith agus d’fhéadfadh príosúnacht a bheith mar thoradh ar a leithéid de ghníomhaíocht. Tá na húdaráis i Mallorca agus Ibiza gníomhach go háirithe i bhforfheidhmiú an dlí frithdhrugaí, agus is dócha go ndéanfaidh siad ionchúiseamh i gcásanna úsáide nó seilbh drugaí.

Cáipéis aitheantais

Faoi dhlí na Spáinne, caithfidh tú comhartha aitheantais fótagrafach arna eisiúint ag an stát a iompar ort i dtólamh. Baineann an dlí seo go cothrom le cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí araon. Má theipeann ort aitheantas sásúil a thabhairt ar láimh nuair a iarrann fórsaí póilíneachta na Spáinne é (Garda Sibhialta, Póilíní Náisiúnta/Réigiúnach/Áitiúla) féadfar tú a choinneáil ag stáisiún póilíní go dtí go ndeimhnítear d’aitheantas. Má dhéantar neamhaird ar iarratais dhíreacha nó má dhéantar agóid i gcoinne póilín, féadfar breathnú air mar ‘easumhlaíocht’, ar cion coiriúil é.

I gcás saoránaigh Éireannacha, áirítear pas nó Cárta Pas ar fhoirmeacha inghlactha d’aitheantas fótagrafach arna eisiúint ag an stát. Chun míchaoithiúlacht a sheachaint maidir le do leabhar pas Éireannach a iompar, molaimid dár saoránaigh Cárta Pas a fháil, ar féidir é a iompar go héasca i do vallait nó sparán. Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Pas ar shuíomh gréasáin Oifig na bPasanna.

Gabháil agus coinneáil

Má ghabhtar thú ag póilíní na Spáinne ag am ar bith, cinntigh le do thoil go réitítear gach ábhar breithiúnach i do choinne sula bhfágann tú an Spáinn agus gur íoc tú as aon fhíneáil. Seachas sin, d’fhéadfaí tú a choinneáil nuair a thagann tú ar ais go dtí an Spáinn agus d’fhéadfá fíneálacha breise nó fiú tréimhse príosúnachta a thabhú ort. Tá eolas faoin gcúnamh consalachta atá ar fáil duit má ghabhtar thú le fáil ar láithreán Gréasáin Ambasáid na hÉireann.

Réadmhaoine a cheannach sa Spáinn

Má tá sé ar intinn agat réadmhaoin a cheannach sa Spáinn, molaimid go láidir duit dul i gcomhairle le comhairleoir dlíthiúil neamhspleách a bhfuil saineolas aige ar dhlí na maoine ó thús an phróisis.

Bíodh a fhios agat, in áiteanna sa Spáinn, go háirithe Valencia, go bhfuil dlíthe ann a thugann ceart do na húdaráis áitiúla seilbh a ghlacadh ar mhaoin tuaithe le haghaidh forbartha agus táille a ghearradh ar úinéirí maoine as cuid de chostas na forbartha sin.

Ba cheart d’úinéirí maoine ionchasacha agus úinéirí reatha a chinntiú go bhfuil a dteideal dlíthiúil ar an maoin in ord agus eagar iomlán, ós rud é go mbraitheann a gcearta maidir le, mar shampla, réamhfhógra faoi phleananna forbartha, ar an maoin a bheith cláraithe i gceart. Níor cheart do cheannaitheoirí réadmhaoine, ag pointe ar bith san idirbheart, suimeanna móra airgid a iompar leo.

Sláinte

Sláinte

Ceanglais Sláinte Poiblí i bhfeidhm ar theacht chun na Spáinne

Athraíonn srianta sa Spáinn ag brath ar réigiún. Tá sé éigeantach masc a chaitheamh i ngach ceantar den Spáinn nuair a bhíonn tú i gcógaslanna agus i suíomhanna cúraim sláinte eile.

Leighis

Moltar do shaoránaigh an bhileog pacáiste a chuirtear ar fáil lena gcógas a léamh i gcónaí agus aon imní a bhféadfadh a bheith orthu maidir le cógais atá ordaithe nó a úsáideann siad a phlé le gairmí cúram sláinte (m.sh. dochtúir, cógaiseoir nó altra).

Agus iad ag taisteal thar lear, ba cheart do shaoránaigh a chinntiú go bhfuil sonraí iomlána faoina gcógas rialta, stair leighis, ailléirgí agus mothálachtaí drugaí acu, ionas gur féidir iad a phlé le gairmí cúram sláinte, má tá gá le cóireáil leighis bhreise.

Tá sonraí na gcógas atá údaraithe lena n-úsáid ag Éirinn ar fáil ó láithreán gréasáin an HPRA agus tá roinnt bileog treorach eisithe ag an HPRA d’othair agus do bhaill an phobail chun tacú le húsáid shábháilte agus chuí, ar fáil ar a láithreán gréasáin freisin.

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, ar choinníoll nár bhris tú na téarmaí agus coinníollacha.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir leat agus do theaghlach go leor airgid a shábháil má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Ní bhíonn gach polasaí mar an gcéanna, agus d’fhéadfadh go mbeadh an ceann is saoire saor de dheasca droch-chúis. Déan cinnte de go gclúdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí uilig atá beartaithe agat do do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 milliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostais eile a bhaineann le fanacht thar ama nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéantar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais caillte agus goidte.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht breise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt guaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gclúdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Mar chónaitheoir Éireannach tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má éiríonn tú tinn nó gortaithe agus tú ar fhanacht sealadach ann. Cinntigh go bhfaigheann nó go n-athnuann tú do CEAS (an t-ainm nua ar an E111) sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go dteastaíonn sé ó gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Déan iarratas ar do CEAS agus faigh tuilleadh eolais.

Ní hionann an CEAS agus árachas taistil cuí arna sholáthar ag árachóir creidiúnach. Ní chlúdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil neamhphráinneach. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach nglacfaidh roinnt ospidéal príobháideach leis an CEAS, mar sin ba chóir duit seiceáil le riarthóir an ospidéil roimhe ré.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Pasanna

Tá sé riachtanach go mbeidh pas agat chun dul isteach sa Spáinn. Cé nach bhfuil aon íoscheanglas bailíochta pas ann, caithfidh do phas a bheith bailí don tréimhse cuairte atá beartaithe agat.

Fanacht níos faide ná trí mhí

Ní mór do gach saoránach AE atá ag iarraidh fanacht sa Spáinn ar feadh níos mó ná trí mhí clárú go pearsanta ag an Oficina de Extranjeros (Oifig na nEachtrannach). Eiseofar Teastas Clárúcháin duit le d'ainm, seoladh, náisiúntacht, uimhir aitheantais (NIE) agus dáta clárúcháin air. Feidhmíonn an teastas mar dheimhniú go bhfuil tú cláraithe, ach níl sé aitheanta ag na húdaráis áitiúla mar fhoirm aitheantais bhailí.

Cúnamh consalachta

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Maidrid nó i gceann de Chonsalachtaí Onóracha na hÉireann má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Iompar

Tiomáint

Tiomáineann tú ar thaobh na láimhe deise sa Spáinn. Ar an iomlán tá rialacha an bhóthair sa Spáinn cosúil leo siúd in Éirinn, agus tá na bóithre nua-aimseartha agus dea-bhail orthu. Tá luas níos tapúla ag an trácht ná mar atá in Éirinn agus tá nósanna tiomána difriúil acu. Ba cheart go mbeifeá cúramach agus tú ag tiomáint san oíche go háirithe. Má tá sé i gceist agat tiomáint:

  • Beir leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus cuí agat
  • Tá tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí in aghaidh an dlí agus tá an baol ann go gcoinneofar, go ngearrfar fíneáil ort nó go gcuirfear cosc ort tiomáint má ghabhtar tú.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Spáinne, amhail teorainneacha luais
  • Caith do chriosanna sábhála i gcónaí, i suíocháin tosaigh agus cúil
  • Coinnigh doirse d’fheithicil faoi ghlas agus coinnigh do mhálaí as radharc ionas nach féidir sciobadh mála faille a dhéanamh má stoptar ag soilse tráchta tú.
  • Is féidir fíneáil agus cosc tiomána a chur ar úsáid fón póca gan gléas lámhshaor agus tú sa Spáinn
  • Caithfidh tú veist fhrithchaiteach a chaitheamh agus comharthaí rabhaidh triantáin fhrithchaiteacha a úsáid más gá duit stopadh ar thaobh an bhóthair

 Taisteal idir Giobráltar agus an Spáinn

D’fhéadfadh moill shuntasach a chur ar fheithiclí (idir charranna agus ghluaisrothair) agus iad ag teacht isteach sa Spáinn ó Ghiobráltar agus uaireanta a mhalairt.  Tóg uisce agus bia breise leat le linn míonna teo an tsamhraidh agus caith éadaí teo sa gheimhreadh.  Is féidir gluaisteáin a pháirceáil i La Línea sa Spáinn agus siúl trasna na teorann, agus d’fhéadfadh sé seo cuidiú leis na scuainí is measa a sheachaint. Cé go ngearrtar táillí ar pháirceáil i La Línea díreach in aice leis an teorainn, seiceáil an bhfuil páirceáil saor in aisce ar fud an bhaile agus in aice leis an staid (is ciliméadar breise siúil é seo). Tá sé mar bhuntáiste aige seo freisin go seachnaítear córas casta aontreo, sráideanna cúnga agus páirceáil teoranta Ghiobráltar.

Chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin tréimhse feithimh don scuaine imeachta Ghiobráltar, is féidir leat glaoch ar +350 200 42777. 

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineáil urrúis. Má tá tú ag ceadú fótachóip a dhéanamh de do phas, coinnigh i d’fheiceáil i gcónaí é.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

 HGV (feithicil earraí troma) a Thiomáint

Ba cheart go mbeadh a fhios ag tiománaithe leoraí go ndéanann póilíní na Spáinne fíneálacha a bhaineann le tacaiméadar agus neamhrialtachtaí eile a fhorghníomhú go docht. Tá na fíneálacha seo fíor-throm agus ní mór iad a íoc ar an láthair nó trí aistriú bainc. Is féidir an dara rogha a dhéanamh go díreach nó trí ghníomhaire Spáinneach na cuideachta tarlaithe, má tá ceann acu. Nuair a bheidh an íocaíocht déanta, ceadófar don fheithicil leanúint ar aghaidh. Tugtar foirm achomhairc leis an admháil.

 

 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, you should call the main Embassy number, +34 91 4364093, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox is monitored regularly

Embassy of Ireland
Ireland House
Paseo de la Castellana 46-4
28046 Madrid
Spain

Tel: +34 91 436 4093
Fax: +34 91 435 1677

Monday to Friday 10:00-14:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Rory Byrne
Honorary Consul General of Ireland
Ctra. De Madrid Km 4, Mercalicante
03007 Alicante
Spain

Tel: +34 965 107 485
Fax: +34 965 113 519

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Enrique Cucurella
Honorary Consul General of Ireland
Gran Via Carlos III, 94
08028 Barcelona
Spain

Tel: + 34 93 491 5021
Fax: +34 93 490 0986

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Rocco Caira
Honorary Consul of Ireland
Avda. Madariaga
1 - 2º Dep. 10
48014 Bilbao
Spain

Tel: +34 944 230 414
Fax: +34 944 230 414

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Tomás Diáz del Rio
Honorary Consul General of Ireland
Anton Martin Shipping S.L.
Calle Alta del Puerto
Edif. "Los Sauces"
15401 El Ferrol (La Coruna)
Spain

Tel: +34 981 351 480
Fax: +34 981 357 983

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Victor Auz Castro
Honorary Consul General of Ireland
C/ León y Castillo 195 1º der.
35004 Las Palmas de Gran Canaria
Spain

Tel: +34 92 829 7728
Fax: +34 92 829 6412

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Ms. Eileen Izquierdo Lawlor
Honorary Consul of Ireland
C/Ginés de Castro Alvarez 12, 3B
35500 Arrecife
Lanzarote
Spain

Tel: +34 928 815 262
Fax: +34 928 803 310

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Pedro Pablo Marrero Fuster
Honorary Consul of Ireland
C/San Miguel, 68 A-7°/8°
07002 Palma de Mallorca

Tel: +34 971 719244
Fax: +34 971 718229

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Ignacio de la Oliva Agulló
Honorary Consul of Ireland
Avenida de Jerez Nº 21
Edificio Bayort
41013 – Sevilla
Spain

Tel: +34 954 690 689
Fax: +34 954 689 112

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Consulado de Irlanda,
C/Villalba Hervás 9-9º,
Oficina 2,
38002 Santa Cruz de Tenerife,
Canary Islands

Tel: + 34 922 245 671
Fax: + 34 922 283 308

Email: Email us