Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Nigéir, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Nigéir

Má tá tú ag taisteal chun na Nigéire, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Seachain taisteal neamhriachtanach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Molaimid gan taisteal chuig na ceantair a leanas:

  • Stát Adamawa
  • Stát Bauchi
  • Stát Borno
  • Stát Gombe
  • Stát Yobe
  • Limistéir chósta agus abhann stáit Delta na Nígire (stáit Akwa Ibom, Bayelsa, Delta, Trasna na hAbhann agus Aibhneacha).
  • Stát Kaduna
  • Stát Katsina
  • Stát Kogi
  • Stát Nasarawa
  • Stát Niger
  • Stát Zamfara

Moltaimid gan taisteal chuig na ceantair seo a leanas ach é a bheith riachtanach:

  • Stát Abia
  • Stár Akwa Ibom
  • Stát Bayelsa
  • Stát Delta
  • Críoch Phríomhchathrach Cónaidhme (lena n-áirítear Abuja)
  • Stát Kano
  • Stát Kebbi
  • Stát Jigawa
  • Cathair Jos, Riyom agus Barkin Ladi i stát Plateau
  • Stát Rivers
  • Stát Sokoto

Comhairle Shlándála:

Abuja, Críoch Phríomhchathrach Cónaidhme ​Tá bagairt mhéadaithe d'ionsaí sceimhlitheoireachta i Abuja agus an Críoch Phríomhchathrach Cónaidhme. D'fhéadfadh foirgnimh Rialtais, ionaid siopadóireachta, óstáin, beáir, cruinnithe móra, eagraíochtaí idirnáisiúnta, áiseanna iompair, scoileanna, margaí, ionaid adhartha agus institiúidí forfheidhmithe dlí, i measc rudaí eile, a bheith san áireamh mar thargaid.

Moltar do shaoránaigh athbhreithniú a dhéanamh ar a staid slándála pearsanta, fanacht ar an airdeall, agus cruinnithe agus gach gluaiseacht neamhriachtanach laistigh den chathair a sheachaint.

Moltar do gach saoránach atá i láthair in Abuja a láithreacht a chlárú leis an Ambasáid.

Tá an staid slándála fós éiginnte i go leor áiteanna sa Nigéir agus tá bagairt mhór sceimhlitheoireachta intíre ann. Bí ar an eolas go bhfuil bagairt leanúnach ann ó cheannairc Boko Haram / agus Stáit Ioslamacha Cúige na hAfraice Thiar (ISWAP), a bhfuil ina cúis le sciar suntasach a bheith maraithe le deich mbliana anuas.

Tá slógaí, agóidí, taispeántais agus círéibeacha coitianta agus d'fhéadfadh siad tarlú tráth ar bith. D'fhéadfadh na fórsaí slándála úsáid a bhaint as deorghás agus/nó armlón beo le haghaidh slua-rialaithe. Coinnigh suas chun dáta le himeachtaí áitiúla agus idirnáisiúnta agus seachain gach léirsiú agus cruinniú mór. Má fhaigheann tú amach faoi aon agóidí in aice láimhe, imigh ón gceantar láithreach agus déan monatóireacht ar na meáin áitiúla chun eolas cothrom le dáta a fháil.

Tá baol ard fuadaithe ann ar fud na Nigéire. Molaimid réamhchúraimí slándála a ghlacadh dála a luaitear níos faide thíos. Ina theannta sin, agus coinní á socrú sa Nigéir, cinntigh go bhfuil na daoine a fhreastalaíonn ar an gcruinniú ar d'eolas agus go reáchtáiltear an cruinniú in áit shlán. Tá go leor fuadach sa Nigéir tráchtála ina nádúr, is minic nach mbíonn siad réamhbheartaithe, agus is féidir leo tarlú in aon chuid den tír. Tharla fuadaigh sceimhlitheoireachta le déanaí, agus cé gur tharla siad seo go príomha i dtuaisceart na Nigéire roimhe seo, d'fhéadfadh siad tarlú in áiteanna eile anois freisin. Tá tuairiscí ann go bhfuil eagraíochtaí sceimhlitheoireachta Boko Haram agus ISWAP ag pleanáil go gníomhach ar fad chun eachtrannaigh a fhuadach.

Is minic a tharlaíonn ráigeanna d'fhoréigean i gceantair ar leith sa Mheánchrios, nasctha le corraíl shibhialta, díospóidí idir feirmeoirí agus aoirí agus toghcháin, agus is féidir le ráigeanna den sórt sin tarlú ar fhógra gearr. Is minic a leanann cuirfiúnna áitiúla a fhorchuireann na húdaráis i ndiaidh eachtraí den chineál sin. Moltar duit sluaite móra, slógaí polaitiúla, léirsithe agus aon agóidí nó cruinnithe móra poiblí a sheachaint.

Sa chás go mbíonn deacrachtaí agat sna réimsí ina gcuireann an Roinn comhairle ort maidir le taisteal chuig an tír ar fad nó maidir le taisteal riachtanach, is dócha go mbeidh an cúnamh a d'fhéadfadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha nó ár nAmbasáid in Abuja a chur ar fáil a bheith thar a bheith teoranta. Sula smaoinímid ar thaisteal chuig na ceantair seo, molaimid duit comhairle ghairmiúil slándála a ghlacadh.

I gcás gach réimse eile, molaimid duit réamhchúraimí slándála breise a ghlacadh. D'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

  • ainm agus uimhir theileafóin an tiománaí a bhaileoidh tú ag an aerfort;
  • a bheith cúramach maidir le haon athruithe tiománaí ag an nóiméad deireanach;
  • pleanáil a dhéanamh roimh ré ar an gcaoi a bhfuil tú ag dul chuig gach cruinniú agus ar ais uaidh;
  • breithniú a dhéanamh ar thionlacan slándála má tá tú ag taisteal i gceantair thuaithe nó san oíche;
  • do ghnáthchúrsaí lae a athrú;
  • daoine eile a choinneáil ar an eolas faoi do phleananna taistil;
  • comhairle slándála d'fhostóra a leanúint;
  • ag fanacht i gcóiríocht shlán amháin;
  • athbhreithniú a dhéanamh ar do bhearta slándála go rialta.

Ba chóir do thaistealaithe chun na Nigéire na fachtóirí seo a choinneáil i gcuimhne agus aird chúramach a thabhairt ar nuacht áitiúil roimh thaisteal chun/sa Nigéir agus lena linn. Tabhair cuairt ar an táb ‘Sábháilteacht agus Slándáil' le haghaidh tuilleadh eolais.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Nigéir trí ghlaoch a chur ar 199.

Taisteal chun na Nigéire

COVID-19

Ba cheart do shaoránaigh atá ag pleanáil taisteal thar lear an riosca leanúnach a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 a fháil thar lear a chur san áireamh agus moltar dóibh árachas taistil cuimsitheach a thógáil amach, árachas lena n-áirítear clúdach COVID-19.

Tá cásanna dearfacha de COVID-19 fós ann sa Nigéir. Tá bearta sláinte poiblí, amhail prótacail do theacht isteach idirnáisiúnta agus úsáid maisc aghaidhe fós i bhfeidhm i roinnt suíomhanna. Mar gheall ar an méid tástála íseal, níl fíormhéid na n-ionfhabhtuithe COVID -19 sa Nigéir soiléir; ba cheart do thaistealaithe réamhchúraimí a dhéanamh, fiú má tá figiúirí oifigiúla cásanna dearfacha íseal.

Treoirlínte Taistil do Phaisinéirí atá ag teacht chun na Nigéire:

  • Ní cheanglaítear ar phaisinéirí atá vacsaínithe go hiomlán a thagann chun na Nigéire dul faoi thástáil COVID-19 sula dtéann siad ar bord eitiltí atá ag teacht i dtír sa Nigéir ná nuair a thagann siad i dtír.. Baineann sé seo le leanaí faoi bhun 18 mbliana d'aois;
  • Ceanglaítear ar phaisinéirí nach bhfuil vacsaínithe nó nach bhfuil vacsaínithe go páirteach tástáil PCR COVID-19 a dhéanamh 48 uair an chloig sula n-imíonn siad agus dul faoi thástálacha PCR i ndiaidh dóibh teacht i dtír ar Laethanta 2 agus 7 ar a gcostas féin;
  • Ní mór do phaisinéirí uilig atá ag teacht i dtír clárú trí​ Thairseach Taistil Idirnáisiúnta na Nigéire ar líne​.

Is féidir faisnéis faoi phrótacail taistil COVID 19 don Nigéir, agus rochtain ar an tairseach ar líne a fháil anseo: https://nitp.ncdc.gov.ng/.  Moltar do shaoránaigh teagmháil a dhéanamh lena n-aerlíne sula dtaistealaíonn siad má bhíonn ceist ar bith acu.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi shaincheisteanna a bhaineann le COVID-19 sa Nigéir a fháil ar na suíomhanna gréasáin thíos:

Lárionad na Nigéire um Ghalair a Rialú - https://ncdc.gov.ng/ Twitter: https://twitter.com/NCDCgov?s=20 ​ 

Suíomh Gréasáin -  Aireacht Sláinte Chónaidhme na Nigéire: https://www.health.gov.ng/

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt mhór ón sceimhlitheoireacht intíre sa Nigéir. Feidhmíonn líon grúpaí sa Nigéir, lena n-áirítear, Boko Haram, ceannaircí gan mórán eagrú atá freagrach as líon mór ionsaithe. Bhí sraith ionsaithe buamála i gcathracha Abuja, Kaduna, Kano agus Lagos idir mhí na Bealtaine agus mhí Iúil na bliana 2014, agus maraíodh go leor daoine. Tá sé sin sa bhreis ar ionsaithe ar bhonn rialta ar chathracha agus ar shráidbhailte i stáit thoir thuaidh Borno agus Yobe.

Is féidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta intíre a bheith neamh-idirdhealaitheach agus d’fhéadfadh na hionsaithe a bheith dírithe ar thargaidí éagsúla, lena n-áirítear institiúidí rialtais, slándála agus oideachais, eagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith le bialanna, beáir, margaí, ionaid siopadóireachta, ionaid adhartha. Ba chóir do thaistealaithe chun na Nigéire réamhchúraim a ghlacadh, aird chúramach a thabhairt ar nuacht áitiúil agus a bheith ullmhaithe lena gcuid pleananna taistil a athrú ar bheagán fógra.

Mar gheall ar an mbagairt ón sceimhlitheoireacht intíre, níor chóir duit taisteal, ar chúinse ar bith, chuig stáit thoir thuaidh Borno agus Yobe (áit a bhfuil staid éigeandála i bhfeidhm) ná chuig stáit chomharsanachta Bauchi agus Gombe. (Chun é sin a chur i gcomhthéacs, tá an t-achar ó chathair Damatru in Yobe chuig Lagos thart ar 1425 km, agus tá an t-achar ó chathair Maiduguri i stáit Borno chuig Abuja thart ar 815 km. Is ionann an t-achar ó Chionn Mhálanna chuig Carn Uí Néid agus 668 km.)

Mar gheall ar dhúshláin bhreise slándála sa tuaisceart, molaimid gan taisteal chuig stáit Katsina, Kaduna, Kano, Kebbi agus Sokoto mura bhfuil géarghá leis agus cathair Kano a sheachaint mar gheall ar ionsaithe buamála le gairid. Má tá gnó atá ríthábhachtach agat sna stáit sin, agus i státchathair Jos i Plateau, moltar duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Abuja tamall maith roimh do thuras.

Coiriúlacht

Tá coireanna foréigneacha, lena n-áirítear mugálacha, fuadach, fuadach carranna agus robáil armtha forleathan ar fud na Nigéire agus moltar go láidir do shaoránaigh na hÉireann atá ag taisteal sa Nigéir réamhchúraimí a ghlacadh, lena n-áirítear gan cuma an rachmais a bheith orthu. Ba chóir duit a bheith cúramach freisin laistigh de chathracha nuair a éiríonn sé dorcha, bóithre den dara grád agus ceantair nach bhfuil an trácht trom iontu a sheachaint. Ba chóir taisteal le linn na hoíche ar imeall cathracha agus bailte a sheachaint freisin. Moltar duit a bheith thar a bheith airdeallach le linn duit a bheith ag fanacht i bplódú tráchta nó ag soilse tráchta san oíche. Coinnigh fuinneoga agus doirse an chairr faoi ghlas agus ná bíodh nithe luachmhara le feiceáil.

Fuadach

Tá baol mór ó thaobh fuadach sa Nigéir do thaistealaithe ón iarthar, go háirithe dóibh siúd atá ag obair in earnálacha gáis agus ola. Is buíonta coiriúlachta a thugann faoi fhuadach sa Nigéir ar mhaithe le cúiseanna airgid, go háirithe i ndeisceart na tíre. Tharla líon beag fuadach a bhaineann le polaitíocht i dtuaisceart na tíre freisin le bliain anuas. Moltar gan taisteal chuig ceantair chósta agus abhann sna stáit ‘theas’ (stáit Delta agus Abhann Abia, Akwa Ibom, Bayelsa) agus chuig cathair Warri i stát Delta faoi láthair.

Moltar do thaistealaithe ón iarthar chun na Nigéire réamhchúraimí ar leith a thógáil le fuadach a sheachaint, lena n-áirítear:

  • Taisteal san oíche a sheachaint, go háirithe idir chathracha
  • Taisteal aonair a sheachaint
  • A chinntiú go bhfuil doirse go léir an chairr faoi ghlas nuair atáthar ag tiomáint
  • Bealaí agus amanna fágála difriúla a roghnú – patrúin a d’fhéadfaí a leanúint a sheachaint
  • Aird chúramach a thabhairt ar na meáin áitiúla i ndáil le tuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le fuadach
  • Bíodh ainm agus uimhir theileafóin an duine atá do bhailiú ón Aerfort agat.

Sábháilteacht mhuirí

Rinneadh robálacha armtha agus ionsaithe fuadaigh ar longa a bhí ar ancaire in uiscí na Nigéire, chomh maith le haibhneacha agus calafoirt i nDeilt na Nigéire. Moltar do mhairnéalaigh a bheith aireach le linn dóibh a bheith sna limistéir sin agus a chinntiú go bhfuil plean teagmhais ag a bhfostóir sa chás go dtarlódh aon ní mar sin.

Taisteal Áitiúil

 Tá drochbhail ar an gcuid is mó de na bóithre sa Nigéir agus tá go leor acu gan pábháil, gan mharc agus gan soilse sráide. Is minic go mbíonn droch-chothabháil déanta ar bhóithre idir chathracha, go háirithe. Is féidir le tiománaithe áitiúla a bheith níos míchúramaí ná mar a bhíonn tiománaithe in Éirinn agus dá réir sin moltar a bheith thar a bheith cúramach le linn a bheith ag taisteal ar bhóithre sa Nigéir.

Tá líon ard seicphointí feithicle údaraithe agus neamhúdaraithe ar fud na Nigéire. Is do sheiceálacha slándála cuid acu agus ar mhaithe le híocaíochtaí beag airgid a fháisceadh as daoine atá cuid eile ann. Ba chóir duit moilliú ag aon chineál seicphointe agus a bheith ciallmhar i gcónaí. Tagann ardú ar líon na seicphointí sin san oíche.

Tá contúirt ag baint le hiompar poiblí agus moltar gan é a úsáid. Ní bhíonn tacsaithe ná busanna fad-achair coinnithe go maith agus cuireann taistealaithe a mbaineann úsáid astu iad féin i mbaol ó ghoid nó ó ionsaí ón tiománaí nó ó phaisinéirí eile. Ba chóir do thaistealaithe a chinntiú, go háirithe, go bhfuil réamhshocrú déanta acu maidir le taisteal ón aerfort sula dtaistealaíonn siad chun na Nigéire agus ba chóir dóibh iompar poiblí ó aerfoirt a sheachaint. Bí cinnte go bhfuil ainm agus uimhir theileafóin an duine atá do bhailiú ag an Aerfort agat.

Sábháilteacht Aeir

Cé go bhfuil tubaistí aeir, ar nós timpiste Dana Air i Lagos a tharla i mí an Mheithimh na bliana 2012, nuair a maraíodh an 153 duine a bhí ar bord, neamhchoitianta, ba chóir do shaoránaigh na hÉireann na himpleachtaí maidir lena gcuid slándála agus sábháilteachta a mheas go cúramach sula ndéanann siad cinneadh tabhairt faoi thaisteal aeir intíre. Ba chóir do thaistealaithe a thabhairt ar aird go gcuirtear eitiltí intíre ar ceal ar bheagán fógra go minic agus ba chóir do thaistealaithe smaoineamh ar eitiltí idirnáisiúnta díreach chun na Nigéire a thógáil, seachas taisteal aeir intíre.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Tá víosa riachtanach do náisiúnaigh Éireannacha le taisteal chun na Nigéire. Ní féidir víosaí don Nigéir a fháil ag an teorainn agus ní mór iad a fháil roimh thaisteal. Ní féidir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála comhairle a chur ar náisiúnaigh Éireannacha maidir le riachtanais iontrála chun na Nigéire - moltar do thaistealaithe a bhfuil súil acu taisteal chun na Nigéire teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid/Consalacht/Ard-Choimisiún de chuid na Nigéire is gaire dóibh.

NÍ MÓR do thaistealaithe chun na Nigéire vacsaín bailí in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí a bheith faighte acu agus Leabhrán Vacsaínithe in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí, ceadaithe ag An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) a bheith acu.

Is poblacht chónaidhme í an Nigéir atá roinnte i 36 stát agus Críoch Chónaidhme Príomhchathrach. Tá údarás ag an Rialtas Cónaidhme maidir le saincheisteanna áirithe ar fud na tíre agus tá údarás ag na Rialtais Stáit maidir le saincheisteanna eile. Is fórsa póilíneachta náisiúnta cónaidhme é Fórsa Póilíneachta na Nigéire.

Tá coinníollacha i bpríosúin agus i saoráidí coinneála na Nigéire go mór faoi na caighdeáin atá i bhfeidhm in Éirinn agus d'fhéadfadh siad a bheith thar a bheith gránna.

Tá homaighnéasachas neamhdhleathach faoi dhlí cónaidhme na Nigéire. D'fhéadfadh pianbhreitheanna choinneála de suas go 14 bliain phríosúnachta a bheith mar thoradh ar ionchúiseamh.

D’fhéadfadh pianbhreitheanna príosúin atá trom a bheith mar thoradh ar chionta a bhaineann le drugaí sa Nigéir.

Tá sé in aghaidh an dlí grianghraif d’fhoirgnimh rialtais a thógáil agus d’fhéadfadh coinneáil a bheith mar thoradh air.

Tá sé in aghaidh an dlí ealaín Afracach, go háirithe seandachtaí a onnmhairiú ón Nigéir gan údarú i scríbhinn Roinn na Seaniarsmaí.

Coinníonn an Nigéir pionós an bháis go foirmiúil do líon cionta.

An Dlí Sharia

Tá glactha ag líon stát i dTuaisceart na Nigéire, ar Mhoslamaigh an chuid is mó acu, le dlí Sharia. Is iad sin: Zamfara, Sokoto, Kano, Niger, Katsina, Bauchi, Borno, Jigawa, Kebbi agus Yobe. Is ionann Dlí Sharia agus corpas dlí agus cód morálta Ioslámach. D’fhéadfadh pionóis do Mhoslamaigh a chiontaítear faoin Dlí Sharia i dtuaisceart na Nigéire a bheith thar a bheith dian, go háirithe do chionta ar nós gadaíocht agus adhaltranas. Sá chás go bhfuil gnó ríthábhachtach le déanamh ag taistealaithe sna stáit sin, ba chóir dóibh a bheith coimeádach ó thaobh gléasadh agus moltar do mhná a gceann, a gcosa agus a lámha a chlúdach. Tá sochaí na Nigéire thar a bheith diaganta agus ba chóir go mbeadh meas ag taistealaithe chuig gach páirt den Nigéir ar thraidisiúin reiligiúnach áitiúla agus gan cur as do mhothálacht áitiúil.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tá aeráid na Nigéire trópaiceach, a athraíonn óna thránna bogthais sa deisceart go fásach te an tuaiscirt. Is féidir le teochtaí a bheith idir 21°C go 44°C. Tá ceantair arda na tíre ar nós ardchlár Jos níos fionnuaire agus níos fliche. Ag tógáil an ardteocht san áireamh, éiríonn taistealaithe chun na Nigéire díhiodráithithe go minic agus moltar do thaistealaithe soláthar uisce óil a iompar i gcónaí.

Ritheann séasúr na báistí sa Nigéir ó Mheitheamh-Samhain le roinnt éagsúlachtaí réigiúnacha. Bíonn sé ag báisteach beagnach gach lá le linn shéasúr na báistí agus éiríonn na bóithre dothrasnaithe agus is féidir le maidhm thuile tarlú trasna na tíre mar thoradh air sin mar nach mbíonn ar chumas an chórais draenála déileáil leis.

Dá réir sin moltar do thaistealaithe a bheith thar a bheith cúramach le linn shéasúr na báistí.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Sláinte

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a fháil a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, lena n-áirítear aslonnú liachta, roimh thaisteal chun na Nigéire. Ba chóir duit seiceáil a dhéanamh maidir le haon eisiaimh agus, go háirithe, a sheiceáil go gclúdaíonn do pholasaí tú ó thaobh aon ghníomhaíochtaí ar mian leat tabhairt fúthu.

Ba chóir do thaistealaithe a thabhairt ar aird nach soláthraíonn Rialtas na hÉireann maoiniú le haghaidh aisdúichiú éigeandála liachta nó le haghaidh aisdúichiú taisí daonna.

Tá saoráidí liachta thar a bheith bunúsach sa chuid is mó den Nigéir agus tá an leibhéal cúraim liachta an-teoranta fiú sna lárionaid daonra ollmhóra, agus de ghnáth ní mór íocaíocht a dhéanamh sula bhfaigheann tú aon chóiríocht. Dá réir sin bíonn gá le haisdúichiú liachta chun na hEorpa nó chun na hAfraice Theas go minic d’aon ní atá níos tromchúisí ná miontimpiste nó mionbhreoiteacht. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil árachas taisteal agus liachta cuimsitheach agat a chlúdaíonn go hiomlán aisdúichiú liachta ón Nigéir.

Moltar do thaistealaithe chun na Nigéire dul i gcomhairle leis an Dochtúir Teaghlaigh (GP) agus comhairle liachta a fháil roimh thaisteal. Is galar coitianta sa Nigéir í an Mhaláire agus is féidir léi bheith ina cúis báis gan cóir leighis. Ba chóir duit breithniú a dhéanamh ar labhairt le do GP maidir le próifiolacsas maláire a fháil roimh thaisteal. D’fhéadfadh úsáid a bhaint as sprae frithfheithide an baol ó thaobh maláire a fháil a laghdú.

Tugann liachleachtóirí comhairle do thaistealaithe go minic líon mór vacsaínithe a fháil nach mbeadh riachtanach de ghnáth in Éirinn. Tá vacsaín in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí agus Leabhrán Vacsaínithe bailí in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí, ceadaithe ag An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), riachtanach le dul isteach sa Nigéir – tá taistealaithe nach bhfuil ar a gcumas fianaise a sholáthar maidir le vacsaín in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí faoi dhliteanas díbeartha ag Seirbhís Inimirce na Nigéire.

Tá HIV/AIDS forleathan agus ba chóir do thaistealaithe réamhchúraimí cuí a ghlacadh. Tá baol mór i dtuaisceart na Nigéire freisin maidir le hionfhabhtú póilió. Bíonn ráigeanna calar agus bruitíneach ar fud na tíre ar bhonn rialta.

Fadhb mhór sa Nigéir iad galair uisce-iompartha. Moltar duit soláthar uisce glan as buidéal a bheith i do sheilbh i gcónaí.

Baincéireacht

Is geilleagar atá bunaithe den chuid is mó ar airgead tirim í an Nigéir. Is glacadh teoranta atá le cártaí creidmheasa agus le cártaí dochair sna cathracha móra agus ní minic a ghlactar leo sa chuid eile den tír. Ní féidir slándáil ATMnna sa Nigéir a ráthú.

Ba chóir do thaistealaithe dóthain airgead tirim a thabhairt leo le caiteachas an t-achar a bheidh siad sa Nigéir a chlúdach. Tá srianta i bhfeidhm maidir leis an méid airgid tirim is féidir a thabhairt isteach sa tír agus ba chóir do thaistealaithe na riachtanais is deireanaí a fhíorú le hAmbasáid/Consalacht/Ard-Choimisiún na Nigéire áitiúil roimh thaisteal. Is é dollar na Stát Aontaithe an t-airgeadra eachtrach is mó a ghlactar leis.

Sceamáil Ríomhphoist

Ba chóir do náisiúnaigh Éireannacha a bheith ar an eolas maidir leis an mbaol atá ann ó sceamáil ríomhphoist agus teachtaireacht téacs. Baintear úsáid as sceamáil le híospartaigh a mhealladh le hairgead a thabhairt ar láimh. Mar shampla, feidhmíonn roinnt coirpeach trí láithreáin idirlín, ag cruthú muiníne leis na híospartaigh thar thréimhse ama sula gcuireann siad in iúl go bhfuil siad i dtrioblóid agus go dteastaíonn airgead uathu ar bhonn práinne. Tá tuilleadh eolais áisiúil maidir le Calaois Réamhtháillí san Afraic Theas ar fáil ó láithreán gréasáin Economic and Financial Crimes Commission na Nigéire: Ar mhaithe le cúiseanna slándála chomh maith le cúiseanna tráchtála, ba chóir do lucht gnó atá chun taisteal chun na Nigéire arna n-óstáil ag comhpháirtí nua áitiúil cúlra an chomhpháirtí a sheiceáil sula dtugann siad a gcuid socruithe chun críche.

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000. The Duty Officer will refer the matter to the Embassy.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama District
Abuja
Nigeria

Tel: +234 9 4621080
Fax: +234 9 4131805

Monday to Thursday 09:00-16:00; Friday 09:00-12:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Cornelius Guilfoyle
Honorary Consul of Ireland
22A Lugard Avenue
Ikoyi
Lagos
Nigeria

Tel: +234 7062107778/+234 7053800255

Email: Email us