Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Liotuáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Liotuáin

Má tá tú ag taisteal chun na Liotuáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Liotuáine

Níl srianta COVID-19 ann maidir le taisteal chun na Liotuáine ó Éirinn. Ní gá teastais vacsaínithe/tástála maidir le COVID-19 a thaispeáint, nó Ceistneoir do Phaisinéirí a chomhlánú.

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Is féidir srianta sláinte poiblí atá ann faoi láthair sa Liotuáin a fháil anseo.

Ní gá maisc aghaidhe a chaitheamh ach amháin nuair a thugtar cuairt ar shaoráid leighis (amhail ospidéil agus clinicí.)

Cuir glaoch ar an mbeolíne COVID-19 ar 1808 nó trí chlinic príobháideach chun tástáil PCR maidir le COVID-19 a dhéanamh. Féadfaidh tástálacha antaigine a cheannach sna siopaí poitigéara.

Cuireann suíomh gréasáin Aireachta Sláinte na Liotuáine eolas cothrom le dáta ar fáil maidir le cúrsaí COVID-19 sa tír agus tugann sé eolas faoi aon athrú ar na rialacha/rialacháin reatha.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Bíodh agus gur beag an baol sceimhlitheoireachta sa Liotuáin, tá riosca fós ann maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú ar fud an domhain, rud a d’fhéadfaí a bheith dírithe ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann turasóirí agus easaoránaigh go minic.

Coireacht

Tá an leibhéal coireachta ar shaoránaigh réasúnta íseal sa Liotuáin go fóill ach ba cheart duit réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas á iompar agat mura gá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Cé go bhfuil cathracha na Liotuáine réasúnta sábháilte de ghnáth, d’fhéadfadh mionchoireacht a tharlú amhail peasghadaíocht agus sciobadh málaí. Seachain sráideanna agus páirceanna atá lasta go dona chomh maith le háiteanna cúlráideacha sa dorchadas.
  • Bí ar d’airdeall faoi bhia agus deoch a ghlacadh ó strainséirí i dtigh tábhairne, clubanna oíche agus bialanna.
  • Moltar duit praghas na ndeochanna a sheiceáil sula n-ordaíonn tú iad agus má tá táille ‘cumhdaithe’ ann maidir le teacht isteach chun tí tábhairne, bialanna agus gnólachtaí eile. Ba cheart duit a bheith ar d’aire agus tú ag baint úsáid as do chárta creidmheasa/dochair.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Liotuáin, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na póilíní tríd an uimhir ghutháin éigeandála náisiúnta, 112.

Tiomáint

Más mian leat tiomáint:

  • Bíodh do cheadúnas tiomána leat agus bí cinnte go bhfuil árachas imleor agus oiriúnach agat.
  • Tiomáin ar thaobh deas an bhóthair
  • Is riachtanas dlíthiúil é boinn gheimhridh a bheith agat sa Liotuáin idir an 10 Samhna agus an 1 Aibreán
  • Caithfear ceannsoilse maolaithe a bheith agat ó cheann ceann na bliana

Féadfaidh feithiclí deas-stiúrtha a thiomáint sa Liotuáin go sealadach - agus tú ar saoire, mar shampla, ar feadh suas le 90 lá in aghaidh na bliana.  Má tá tú ag bogadh chun na Liotuáine ar bhonn fadtéarmach tabhair do d’aire nach féidir feithiclí deas-stiúrtha a chlárú de ghnáth sa Liotuáin.

Cáipéisíocht ghluaisteáin

Tá bundoiciméid ghluaisteáin de dhíth ar oifigigh teorannacha agus ar phóilíní agus má tá tú ag tiomáint isteach sa tír, tá árachas gluaisteáin ata bailí don Liotuáin de dhíth ort.

Nuair a thiomáineann tú sa ghluaisteán, iarrfaidh oifigigh teorann na doiciméid a seo a leanas uait:

  • Pas a bhfuil bailíocht ar a laghad 6 mhí ag gabháil leis
  • Bundoiciméid chlárúcháin an ghluaisteáin (ní ghlacfar le cóipeanna)
  • Árachas feithicle idirnáisiúnta (Cárta Glas)

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineál urrúis. Má ligfear fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann dlíthe áitiúla leat agus tú i do chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara i gceist le húsáid agus le sealbhú drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta. 

Alcól

Déileálfaidh údaráis na Liotuáine go dian le meisciúlacht phoiblí (i.e. sna sráideanna, ar iompar poiblí, srl.), agus é de cheart acu daoine a choimeád in ionaid díthocsainithe má chreideann siad go bhfuil siad ar steallaí meisce. Tá sé in aghaidh an dlí alcól a sholáthar d’aon duine faoi bhun 20 bliain d’aois sa Liotuáin.

Sláinte

Sláinte

Árachas Taistil

Ní féidir linn a íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó costais mar thoradh ar chás éigeandála pearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, fad agus nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha sáraithe agat.

D’fhéadfaí go leor airgid a shábháil duit féin agus do do theaghlach má cheannófar árachas taistil cuimsitheach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfaighidh tú an cúram sláinte a bheidh de dhíth ort nuair a bhíonn sé de dhíth ort. Is féidir le billí ospidéil cnuasach go mear ina mílte Euro, agus is féidir na mílte Euro eile a bheith mar chostas ar aslonnú sláinte ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí na himeachtaí ar fad a bhfuil sé de phlean agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Árachas na hÉireann go gceannaíonn tú polasaí a sholáthraíonn íosmhéid €1 mhilliún clúdach sláinte.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdaíonn do pholasaí an méid seo a leanas:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó trí ghnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fhanachta níos faide gan choinne.
  • Do thuras ar fad, ó fhágann tú go dtí go bhfilleann tú. Cuimhnigh ar pholasaí ilthurais bliantúil má bhíonn níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat san aon bhliain amháin.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (ar eagla go gcuirfí cás cúirte i do choinne i dtaca le tú a bheith freagrach as gortú nó damáiste réadmhaoine a dhéanamh).
  • Sealúchais a cailleadh nó a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá de phlean agat a dhéanamh nach gcuimsítear i ngnáthpholasaithe (e.g. gníomhaíochtaí spórt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Ba cheart duit a bheith ar an eolas nach gclúdaíonn formhór polasaithe árachais tarluithe a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram leighis tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má thagann tinneas ort nó má ghortaítear thú agus tú ar fhanacht shealadach ansin. Cinntigh go bhfaigheann tú do Chárta Árachais Sláinte Eorpach (CÁSE) (an t-ainm nua don E111) nó go ndéantar é a athnuachan sula bhfágann tú, agus cuimhnigh, tá ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Cláraigh do do Chárta Árachais Sláinte Eorpach agus faigh tuilleadh eolais.

Ní ionadaí é an CÁSE le haghaidh árachas taistil ceart a chuireann árachóir creidiúnach ar fáil. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóir leighis atá ag ann go fóill nó cóir leighis nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí nach nglacfaidh roinnt ospidéil phríobháideacha leis an CÁSE, agus mar sin ba cheart duit seiceáil a dhéanamh leis an riarthóir ospidéil roimh ré.

Einceifilíteas sceartán-iompartha

Is rudaí coitianta iadeinceifilíteas sceartán-iompartha agus an galar Lyme sa Liotuáin, go háirithe i limistéir foraoise i rith mhíonna an tsamhraidh. Ba cheart duit comhairle leighis a iarradh maidir le hionacluithe in aghaidh an chonfaidh agus einceifilíteas sceartán-iompartha má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar limistéir foraoise.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní bhíonn víosa de dhíth ar shaoránaigh de chuid na hÉireann chun teacht isteach sa Liotuáin. D’fhéadfaí go n-athródh riachtanais iontrála ó am go ham, áfach, agus ba cheart duit seiceáil a dhéanamh le hAmbasáid na Liotuáine is gaire roimh thaisteal duit. Is ball í an Liotuáin den Limistéar Schengen.

Pasanna

Moltar roinnt fótachóipeanna de do phas a bhreith leat. Ba cheart duit fótachóip de do phas a bheith leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má tá sé i gceist agat maireachtáil sa Liotuáin ar feadh níos mó ná trí mhí, beidh sé de dhíth ar údaráis na Liotuáine go mbeidh a pas nó a phas féin ag aon leanbh atá ag taisteal nó ag maireachtáil leat. D’fhéadfaí go mbeadh deacrachtaí agat ar theacht isteach nó ar fhágáil duit i gcás linbh atá liostaithe ar phas a thuismitheoirí.

Stoirmeacha

Tá an aimsir the thais ina údar an-chuid stoirmeacha i rith na bliana, agus déanann cuid de na stoirmeacha sin damáiste d'fhoirgnimh, do chrainn, etc. Ba cheart duit a bheith cúramach le linn aimsir stoirmeach, agus taisteal nach bhfuil gá leis a sheachaint.

Tinte foraoise

Tá os cionn 30% den Liotuáin clúdaithe i bhforaois. Is annamh an rud iad tinte foraoise, ach d’fhéadfadh leo tarlú i dtréimhsí aimsire tirime. Molaimid duit na limistéir a bhféadfaí foláirimh tine a bheith iontu a sheachaint.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, you can contact the Duty Officer at phone number +370 65515235.

Embassy of Ireland
Gedimino pr. 1,
LT-01103 Vilnius
Lithuania

Tel: +370 5262 9460
Fax: +370 5262 9462

Monday to Friday 10:00-12:00 and 14:00-16:00

Contact us