Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Laitvia, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Laitvia

Má tá tú ag taisteal chun na Laitvia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Sláinte
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chuig An Laitvia

Má tá sé de phlean agat taisteal chuig An Laitvia moltar duit tú féin a chur ar an eolas go hiomlán maidir leis na srianta reatha agus treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Riachtanais iontrála don Laitvia 

Ní éilítear ar dhaoine a thaistealaíonn chuig an Laitvia cruthúnas ar vacsaíniú nó tástáil i dtaca le COVID-19, nó foirm pas leictreonach COVID a sholáthar sula dtéann siad isteach sa tír a thuilleadh.

Bíodh a fhios agat go bhféadfadh na treoirlínte athrú ar gearrfhógra. Moltar duit na rialacháin is déanaí a sheiceáil le húdaráis na Laitvia sula dtaistealaíonn tú. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Is féidir teacht ar chomhairle agus ar eolas breise maidir le COVID-19 trí na naisc seo a leanas:

Ionad um Chosc agus Smachtú Galair na Laitvia

Garda Teorainn an Stáit, cuir glaoch chun ceisteanna a chur +371 67075616

Eolas ó Aireacht Sláinte na Laitvia maidir le COVID-19

Aerfort Ríge

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr le fáil in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Laitvia trí ghlaoch a chur ar 112. I measc na n-uimhreacha éigeandála ar leith eile tá:

Na Póilíní: 112 nó 110

Stáisiún na bPóilíní Lár, Matisa iela 9, Rīga: +371 67086200

Cuireann Póilíní Turasóireachta Chathair Ríge seirbhís Béarla 24 uair an chloig ar fáil: +371 671 81818

Seirbhísí Sláinte Éigeandála: 113

Cuireann an Ambasáid cúnamh consalachta éigeandála ar fáil – Más saoránach de chuid na hÉireann thú agus cúnamh consalachta éigeandála de dhíth ort glaoigh ar +371 6703 9370

Ár Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Ceannaigh árachas cuimsitheach taistil a chlúdaíonn gach gníomhaíocht atá beartaithe agat.
  • Faigh Cárta Árachais Sláinte Eorpach
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean sinn ar Twitter @dfatravelwise chun teacht ar na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ábhartha ‘Eolas Roimh Thaisteal.‘.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Bíodh agus gur beag an baol sceimhlitheoireachta sa Laitvia, tá riosca ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú idir grúpaí éagsúla ar fud an domhain, a d’fhéadfaí a bheith dírithe ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann turasóirí agus easaoránaigh go minic.

Coireacht

Tá an leibhéal coiriúlachta réasúnta íseal sa Laitvia, ach ba cheart réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena chéile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas á iompar agat mura gá leis agus fág cóip de do phas (mar aon le cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Rinneadh gadaíocht ó roinnt brúnna, mar sin tabhair aire ar leith do do chuid giuirléidí agus iad seo á n-úsáid agat.
  • Tá roinnt camscéimeanna á reáchtáil ag roinnt beáir rincí téisiúla nó beáir/clubanna eile trí úsáid a bhaint as banóstaigh. Má thagann banóstach chugat chun tú a spreagadh teacht chuig beár ar leith, bí airdeallach gur mór an dóchúlacht atá ann go mbeadh costas i bhfad níos mó ar dheoch a cheannófá ón mbanóstach ná mar a bheadh ar ghnáthdheoch. Fiafraigh an praghas dí i gcónaí sula n-ordaíonn tú é agus íoc as gach deoch de réir mar a ordaítear é. Sonraigh an deoch atá uait go cruinn (i.e. d’fhéadfadh ceannach an bhuidéil seaimpéin is daoire sa bheár a bheith mar thoradh ar seaimpéin a lorg). Bhí roinnt gearán ó shaoránaigh Éireannacha maidir le roinnt clubanna oíche ag gearradh praghsanna an-arda. Tá roinnt clubanna dá leithéid tar éis diúltú do dhaoine fágáil sular íocadh an bille (breis agus €5,000 i roinnt cásanna.)

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Laitvia, tuairiscigh é do na póilíní áitiúla láithreach, glaoigh ar 110 nó ar 112, sula ndéanfaidh tú teagmháil leis an Ambasáid i Ríge (nasc).

Póilíní Turasóireachta Chathair Ríge

Cuireann an Roinn Póilíneachta Turasóirí seirbhís Béarla 24 uair an chloig ar fáil do thurasóirí i Ríge a mbíonn deacrachtaí acu, nó ar mhaith leo gearán a dhéanamh maidir leis an tslí a gcaitear leo i Ríge.  Is é +371 67181818 an uimhir ghutháin.

Cailleadh/Goid Pas

Má chailltear nó má ghoidtear do phas i Ríge, ba cheart duit an cailleadh nó an ghoid a thuairisciú do stáisiún na bpóilíní ag Matīsa iela 9 (idir Brīvības agus Tērbatas iela, guth: +371 67086200). Tá an stáisiún seo freagrach as limistéar na Seanchathrach.

Eiseoidh na póilíní tuairisc a dhearbhaíonn gur thuairiscigh tú gur cailleadh nó gur goideadh do phas. Beidh ort an tuairisc seo a sholáthar agus iarratas á dhéanamh agat chuig an Ambasáid chun cáipéis taistil ionadaíoch a fháil. Beidh dhá ghrianghraf pas, cineál aitheantais eile agus táille riaracháin 30 EUR de dhíth ort chomh maith.  Ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid a luaithe agus a fhaigheann tú an tuairisc ó na póilíní ar mhaithe le socruithe a dhéanamh le haghaidh táirgeadh Cáipéis Taistil Éigeandála. Tá grianghraif ar fáil ó shiopaí grianghrafadóireachta agus, lasmuigh de ghnáthuaireanta cloig, ag both i stáisiún bus idirnáisiúnta Ríge (Prāgas iela 1, gar don Mhargadh Lárnach). Tá rochtain air 24 uair an chloig an lae tríd an tslí isteach cliathánach.

Tiomáint agus Coisithe

Má bhíonn tú ag tiomáint sa Laitvia ba cheart duit a bheith an-chúramach. As tíortha an AE tá an ráta básanna is airde ar na bóithre in aghaidh an duine sa Laitvia.

Ba cheart go nglacfadh coisithe cúram agus iad ag trasnú sráideanna, fiú nuair a bhíonn comhartha an ‘fir ghlais’ á thaispeáint, toisc go bhféadfadh solas glas a bheith ag tiománaithe ag an am céanna.

Agus tú ag dul isteach sa Laitvia i gcarr agus i gcónaí nuair a bhíonn tú ag tiomáint sa Laitvia, caithfidh tú teastas cláraithe agus árachais bhunaidh d’fheithicle a bheith agat, chomh maith le do cheadúnas tiomána.

Más mian leat tiomáint moltar:

  • Do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta a bhreith leat agus a bheith cinnte go bhfuil árachas imleor agus cuí agat.
  • Tá toirmeasc ar thiomáint agus tú ag caitheamh tobac nó ag úsáid guthán póca.
  • Bain úsáid as ceannsolas maolaithe i gcónaí agus tú ag tiomáint.
  • Tá costas ard ar pháirceáil sa tSeanchathair, mar sin molaimid go bpáirceálann tú Dé Sathairn óna 5i.n. agus Dé Domhnaigh, toisc go mbíonn sé sin saor in aisce (ón 08/03/2016).

Carr a Thógáil ar Cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineál urrúis. Má ligeann tú leo fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Iompar Poiblí

Ba cheart go mbeadh daoine a thaistealaíonn ar iompar poiblí a bheith ar an eolas go ngearrtar fíneálacha láithreach bonn má bheirtear ort ag taisteal gan ticéad nó le ticéad nach ndearnadh bailiú air. Is féidir ticéid a cheannach ón tiománaí nó ó shiopaí/bhothanna ach caithfear iad a bhailiú trí úsáid a bhaint as meaisín ar bhus/thram/thralaí. Ba cheart ticéid bhreise a cheannach ó thiománaithe le haghaidh píosaí móra bagáiste agus/nó peataí. Bíonn na ticéid níos saoire má cheannaítear iad roimh ré ó shiopaí/bhothanna.

Tacsaithe

Ar chúiseanna sábháilteachta agus eacnamaíocha, molaimid úsáid a bhaint as mórchomhlachtaí tacsaithe, ar nós:

  • Baltic Taxi guth: 8500
  • Red Cab guth: 8383
  • Panda Taxi.: +371 6700 0000

Inseoidh na comhlachtaí seo cineál agus uimhir tacsaí an chairr a bheidh do do bhailiú duit roimh ré. Bí aireach maidir le hoibritheoirí níos lú nó neamhspleácha toisc gur minic a ghearrann siad praghas ró-ard ar eachtrannaigh. 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann dlíthe áitiúla leat agus tú i do chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara i gceist le drugaí mídhleathacha a úsáid, a cheannach agus/nó iad a bheith i do sheilbh agat (is cuma cén druga a bhíonn i gceist), áirítear fíneálacha agus tréimhsí príosúnachta fada i measc na bpionós seo.

Alcól agus Caitheamh Tobac 

Tá sé in aghaidh an dlí caitheamh i spásanna agus in áiteanna poiblí. Chomh maith leis sin, ní cheadaítear caitheamh i ngiorracht 10 méadar do shlí isteach chuig institiúidí poiblí nó rialtais áitiúil. Is fearr gan caitheamh in aice le foirgnimh in aon chor.

Déileálfaidh údaráis na Laitvia go dian le meisciúlacht phoiblí (.i. sna sráideanna, ar iompar poiblí, srl.), agus é de cheart acu daoine a choimeád in ionaid díthocsainithe má chreideann siad go bhfuil siad ar steallaí meisce.

Tá sé in aghaidh an dlí buidéal dí alcólaí a bheith i do sheilbh agat in áiteanna poiblí (lena n-áirítear ar na sráideanna, agus i bpáirceanna) i Ríge.

Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil.

Coireanna Oird Phoiblí

Bhí líon beag cásanna ann chomh maith ina ndearna saoránaigh Éireannacha iad féin coireanna oird phoiblí. Tá póilíniú géar á dhéanamh orthu seo agus d’fhéadfadh suas le 7 mbliana príosúnachta, agus/nó fíneáil mhór a bheith mar thoradh orthu.

Tá Leac na Saoirse, atá ar imeall na Cathrach Nua, i measc roinnt siombailí tábhachta le haghaidh Laitviaigh ar cheart ardmheas a léiriú orthu.

Is minic a fhreagraíonn na húdaráis i Ríge agus in áiteanna eile sa Laitvia do choireanna trí na daoine amhrasta a choimeád sa phríosún go dtí gur féidir éisteacht a thabhairt don chás sa chúirt. Glacann sé seo 7-14 lá de ghnáth.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Riachtanais iontrála

Ní bhíonn víosa de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha le haghaidh cuairteanna gairide chuig an Laitvia ach má bhíonn tú ag fanacht níos faide ná 90 lá bíonn ort ceadúnas cónaitheachta a fháil.

Agus tú ag dul isteach sa Laitvia i gcarr agus i gcónaí nuair a bhíonn tú ag tiomáint sa Laitvia, caithfidh tú teastas cláraithe bhunaidh d’fheithicle a bheith agat, chomh maith le do cheadúnas tiomána.

Aitheantas

Moltar do chuairteoirí foirm aitheantais a bhreith leo i gcónaí agus iad in áiteanna poiblí. Seans gur fiú cóipeanna de do phas a sheoladh chugat féin ar ríomhphost nó roinnt fótachóipeanna dó a bhreith leat.

Agus tú ag dul isteach sa Laitvia i gcarr agus i gcónaí nuair a bhíonn tú ag tiomáint sa Laitvia, caithfidh tú teastas cláraithe bhunaidh d’fheithicle a bheith agat, chomh maith le do cheadúnas tiomána.

Taisteal chuig an Laitvia sa gheimhreadh

Bí ullamh le haghaidh aimsir an-fhuar agus aimsir a d’fhéadfadh a bheith baolach má bhíonn sé de phlean agat taisteal chuig an Laitvia sa gheimhreadh (Deireadh Fómhair go dtí Márta) Is dóchúil go mbeadh sneachta ar an talamh agus d’fhéadfadh an teocht titim chuig -25 céim Celcius nó faoina bhun.

Tuilte Áitiúla

Cruthaíonn leá an earraigh tuilte áitiúla lasmuigh de Ríge.

Go ginearálta, an t-am is fearr le cuairt a thabhairt ná Bealtaine-Meán Fómhair, tráth a mbíonn an teocht sa raon 20-25 C le linn an lae, agus na hoícheanta idir 4-15 C. Is iad Eanáir agus Feabhra na míonna is fuaire.

Rialacháin Chustaim

Teastaíonn ceadúnas easpórtála seandachtaí má cheannaíonn tú deilbhín, leabhar, péintéireacht nó earra cultúrtha eile atá níos mó na 50 bliain d’aois, nó a bhfuil costas níos airde ná €300 air. Is féidir é seo a lorg ón Iniúchóireacht Stáit um Chosaint Oidhreachta, 19 Mazā Pils Street, Rīga [sa Seanbhaile] (guth.:  +371 67229272).

Airgead

Ón 1 Eanáir 2014 is é an Euro airgeadra na Laitvia.

Glactar le gach mórchárta creidmheasa agus tá go leor UMBanna ann chun airgead a aistarraingt.

Sláinte

Sláinte

Tá seirbhís otharchairr ar fáil i gcás éigeandála trí ghlaoch a chur ar 113.

Níl bhíonn aon vacsaíniú de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha agus iad ag taisteal chuig an Laitvia ach ba cheart dóibh a bheith suas chun dáta ar ghnáthvacsaínithe agus iad ag taisteal chuig aon cheann scríbe.

Tá einceifilíteas a iompraíonn sceartáin agus an galar Lyme go forleathan ar fud na Laitvia.  Cuirtear ina luí orthu siúd a bhfuil de phlean acu cuairt a thabhairt ar pháirceanna nó ar limistéir foraoise (laistigh de Ríge fiú) labhairt lena gcleachtóirí sláinte maidir le vacsaíní sula ndéanann siad amhlaidh.

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó costais mar thoradh ar chás éigeandála pearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, fad agus nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha sáraithe agat.

Is féidir le ceannach árachais shláinte chuimsithigh neart airgid a shábháil duit féin agus do do chlann má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfaighidh tú an cúram sláinte a bheidh de dhíth ort nuair a bhíonn sé de dhíth ort. Is féidir le costas billí ospidéil cnuasach go mear ina mílte Euro, agus is féidir na mílte Euro eile a bheith mar chostas ar aslonnú sláinte ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí na himeachtaí ar fad a bhfuil sé de phlean agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Árachas Éireann go gceannaíonn tú polasaí a sholáthraíonn íosmhéid €1 mhilliún clúdach sláinte.

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí an méid seo a leanas:

  • Gach cúram sláinte thar lear, lena n-áirítear aslonnú ar aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fhanachta níos faide gan choinne.
  • Do thuras ar fad, ó fhágann tú go dtí go bhfilleann tú. Cuimhnigh ar pholasaí ilthurais bliantúil má bhíonn níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat san aon bhliain amháin.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (ar eagla go gcuirfí cás cúirte i do choinne i dtaca le tú a bheith freagrach as gortú nó damáiste réadmhaoine a dhéanamh).
  • Sealúchais a cailleadh nó a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá de phlean agat a dhéanamh nach gcuimsítear i ngnáthpholasaithe (e.g. gníomhaíochtaí spórt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Ba cheart duit a bheith ar an eolas nach gclúdaíonn formhór polasaithe árachais tarluithe a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram leighis tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má thagann tinneas ort nó má ghortaítear thú agus tú ar fhanacht shealadach ansin. Cinntigh go bhfaigheann tú CÁSE (ainm an E111) nó go ndéanann tú athnuachan air sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Is féidir cur isteach ar CÁSE agus tuilleadh eolais a fháil anseo.

Ní ionadaí é an CÁSE le haghaidh árachas taistil ceart a chuireann árachóir creidiúnach ar fáil. Ní chlúdaíonn sé aisdúichiú ar bhonn sláinte, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, seans nach nglacfadh roinnt ospidéil phríobháideacha leis an CÁSE, mar sin ba cheart duit seiceáil leis an riarthóir ospidéil roimh ré.

Ospidéil sa Laitvia

Rīgas 1. Slimnīca, Bruņinieku 5, Rīga (ní bhíonn sé oscailte 24 uair an chloig): +371 67366321

P. Stradiņa klīniskā universitātes slimnīca, Pilsoņu 13, Rīga:  +371 6706 9600

Rīgas Austrumu klīniskā universitātes slimnīca, stacionars “Gaiļezers”, Hipokrāta 2, Rīga  (24 uair an chloig): +371 6704  1001

Liepājas reģionālā slimnīca, Slimnīcas 25, Liepāja: +371 6340 3255

Daugavpils reģionālā slimnīca, Vasarnīcu 20, Daugavpils: +371 6540 5252

Ziemeļkurzemes reģionālā slimnīca, Inženieru 60, Ventspils: +371 6362 4721

Jelgavas pilsētas slimnīca, Brīvības bulv. 6,Jelgava: +371 6302 1802

Vidzemes slimnīca, Jumaras 195, Valmiera: +371 6420 2602

Siopaí poitigéara 24/7 i Ríge

Ar eagla go mbeadh gá práinneach agat le siopa poitigéara le linn na hoíche, tá roinnt siopaí poitigéara i lár na cathrach. Sa chás go dtagann tú ar shiopa poitigéara dá leithéid, ach go mbíonn an doras dúnta, brúigh an cloigín díreach in aice leis an doras agus freastalóidh an poitigéir ort.

Mēness aptieka atá sa Seanbhaile, Rīga, Vaļņu iela 28 - guth: +371 6721 3340

Mana Aptieka atá i lár na cathrach, in aice leis an Stáisiún Iarnróid Lárnach, Rīga, Marijas iela 3 –

guth: +371 6721 0773

Mēness aptieka  Brīvības iela 74, Riga - guth: +371 67271619

Dochtúirí i Ríge a labhraíonn Béarla

Ionad Leighis ARS, Skolas iela 5    

+371 6720 1006 (oifig fáilte)

+371 6720 1003 (éigeandáil sa mbaile)

Dr Anda Karina, Skolas iela 2: +371 6724 0202; póca. +371 2911 9036

Dr Livija Caune, Elizabetes iela 2 a: +371 6732 1980; póca. +371 2913 9115

Dr E. Tirans, Dochtúir Ginearálta, Bruninieku iela 67:  +371 6731 5594

Comhlachtaí dlí a chuireann seirbhís ar fáil i mBéarla

A Baumana birojs, Stabu iela 87, Rīga:  +371 2927 3361

Rode & Partneri, Strelnieku 1-8, Rīga:  +371 6722 5228; póca.+371 2646 8232

Spigulis & Kukainis, Valnu iela 3, Rīga: +371 6721 4272

Nótairí a chuireann seirbhís ar fáil i mBéarla

Ilona Ķibilde, Blaumana iela 16/18-1, Riga: +371 6728 4548

Agrita Gustafssone, Kaļķu iela 26, Rīga: +371 6721 0252

 

Embassy contact

Embassy Contact

If you are an Irish citizen, in need of emergency assistance only, please follow the instructions provided on the out-of-hours message at + 371 6703 9370.

Embassy of Ireland
Alberta iela 13
Rīga, LV-1010
Latvia

Tel: +371 6703 9370
Fax: +371 6703 9371

Monday to Friday 10.00-12.00

Contact us