Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Iaráic, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Iaráic

Má tá tú ag taisteal chun na hIaráice, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Iaráic nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Iaráic sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann san Iaráic, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá cúrsaí slándála san Iaráic an-chontúirteach agus tá baol an-mhór ann ó ionsaithe sceimhlitheoireachta.

Sceimhlitheoireacht

Tá ionsaithe go leor déanta ag sceimhlitheoirí agus ag fórsaí frith-rialtais ar áiteanna ina gcruinníonn eachtrannaigh, lena n-áirítear óstáin agus bialanna. Déanadh ionsaithe ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coiste Idirnáisiúnta Chumann na Croise Deirge, na NA agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOanna).

Fuadach

Tá baol ard ar fud na hIaráice go bhfuadófar náisiúnaigh coigríche. Fuadaíodh daoine ina gcuid tithe, ag an obair agus iad ag taisteal. Ní dhéanann fuadaitheoirí idirdhealú idir náisiúntachtaí ná reiligiúin. Ina measc siúd a fhuadaítear tá daoine a raibh socruithe slándála in áit acu agus maraíodh cuid acu siúd a fuadaíodh.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlithe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Weather text removed

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na hIaráice, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht na hIaráice is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hIaráice.

Embassy contact

Embassy Contact

There is no Irish Embassy or Consulate in Iraq, which limits our capacity to respond. Where emergency consular assistance is required for Irish citizens outside of opening hours, please contact the Embassy of Ireland in Jordan. Alternatively, you can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at: +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Bashir Kheir Street 12
Abdoun
Amman
Jordan

Tel: +962 6 590 3200

Embassy opening hours: Sunday to Thursday 09:00-13.00

Contact us