Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Ghuine, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Ghuine

Má tá tú ag taisteal chun na Guine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Tá fáil agus caighdeán na seirbhísí leighis leochaileach sa Ghuine. Ba cheart go mbeadh saoránaigh ar an airdeall go bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu rochtain a fháil ar bhunsheirbhísí leighis fiú, go háirithe i limistéir iargúlta.

Tá rialtas idirthréimhseach sa Ghuine i ndiaidh coup ann ar an 5 Meán Fómhair 2021. Tá cúrsaí ag forbairt agus ba cheart duit coimeád faireach, léirsithe a sheachaint, agus monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla. 

Moltar go láidir do shaoránaigh Éireannacha atá ag taisteal chun na Guine nó laistigh di clárú lenár nAmbasáid i Siarra Leon.

Taisteal chun na Guine

Ní gá do thaistealaithe vacsaínithe atá ag teacht isteach nó ag fágáil Guine cruthúnas a thaispeáint de thoradh diúltach ar thástáil COVID-19 (PCR).

Glacann Aireacht Sláinte na Guine leis na vacsaíní seo a leanas:

  • Johnson & Johnson, ar a laghad 28 lá roimh thaisteal
  • Astrazeneca, agus eatramh 8-12 sheachtain idir dáileoga, agus ar a laghad 14 lá tar éis an dara dáileog
  • Pfizer, agus eatramh 3 seachtaine idir dáileoga, agus ar a laghad 14 lá tar éis an dara dáileog
  • Moderna, agus eatramh 3-7 seachtaine idir dáileoga, agus ar a laghad 14 lá tar éis an dara dáileog
  • Sinopham agus Sinovac, agus eatramh 3 seachtaine idir dáileoga, agus ar a laghad 14 lá tar éis an dara dáileog
  • Sputnik V, agus eatramh 8-12 sheachtain idir dáileoga, agus ar a laghad 14 lá tar éis an dara dáileog

Is gá do thaistealaithe ar fad atá 6 bliana agus os a cionn nach bhfuil vacsaín faighte acu nó atá vacsaínithe go pointe cruthúnas a thaispeáint de thástáil dhiúltach COVID-19 (PCR), tástáil a tógadh laistigh de 72 uair an chloig ó tagadh isteach nó ó fágadh na Guine.

Níl aon cheanglais shonracha chun taisteal trí Ghuine.

Víosaí

Tá víosa ag teastáil ó gach náisiúnach Éireannach chun dul isteach nó chun a bheith ina gcónaí sa Ghuine. Is féidir leat iarratas a chur isteach le haghaidh víosaí don taisteal príobháideach agus gnó araon ag Ambasáid Phoblacht na Guine i Londain agus ar Thairseach Víosa ar Líne na Guine.

Ní mór d’iarratais le haghaidh víosaí teastas vacsaínithe COVID-19 a áireamh, má tá na vacsaíní seo a leanas faighte agat: Pfizer, Sputnik, Sinopharm, Astra Zeneca nó Johnson & Johnson. Ní mór don iarratas cruthúnas de dhá dháileog vacsaínithe COVID-19 a áireamh, dáileoga faighte ar a laghad 15 lá sula dtaistealófar.

Ceanglais um theastas fiabhrais buí

Caithfear teastas Fiabhrais Buí a bheith agat chun dul isteach sa tír.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Cúrsaí Polaitiúla

Tá rialtas idirthréimhseach sa Ghuine i ndiaidh coup ann ar an 5 Meán Fómhair 2021. Tá cúrsaí ag forbairt agus ba cheart duit coimeád faireach, léirsithe a sheachaint, agus monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla.

Tá na teannais pholaitiúla ard sa tír. D’fhéadfaí go dtarlódh bailiúcháin phoiblí agus léirsithe gan mórán fógartha agus d’fhéadfaí go n-éireodh siad ina rudaí foréigneacha. Ba cheart duit léirsithe móra nó slógaí a sheachaint (polaitiúil agus neamhpholaitiúil araon), go háirithe iad siúd atá gar do bheairic airm agus ba cheart monatóireacht a dhéanamh ar thuairiscí na meán áitiúil agus idirnáisiúnta go rialta.

Moltar go láidir do shaoránaigh Éireannacha atá ag taisteal chun na Guine chun clárú lenár nAmbasáid i Siarra Leon.

Coireacht

Is é uimhir na bpóilíní áitiúla do chroílár Conakry ná +224 622 039 258, i gcomhair cúnaimh nó chun coireacht a thuairisciú.

Casadh tiománaithe ar ghadaíocht faoi bhéal gunna, go háirithe san oíche. Is minic gurb iad daoine atá gléasta in éidí póilíní nó éidí airm agus daoine a mbíonn uirlisí airm ar iompar acu a dhéanann na coireanna seo. Fuadaíodh gluaisteáin ar bhealach foréigneach, go háirithe i mbruachbhailte ar imeall Conakry. Is rudaí coitianta iad buirgléireacht agus briseadh isteach.

Bíonn tuairiscí ann go rialta faoi robálacha ar bhóithre Mamou, Kissidougou, Guékédou, Macenta, N’zérékoré.

Sceimhlitheoireacht

Tá riosca ann a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, rud is féidir díriú ar áiteanna a dtéann turasóirí eachtrannacha.

Iompar

Tá na bóithre sa Ghuine contúirteach, go háirithe i rith shéasúr na báistí ó mhí Bealtaine go mí Dheireadh Fómhair. Más mian leat tiomáint, ba cheart duit do bhealach a phleanáil roimh aon aistear, go háirithe lasmuigh de Conakry, agus ba cheart duit taisteal lasmuigh de chathracha a sheachaint san oíche. Tóg do cheadúnas tiomána Éireannach agus do Chead Tiomána Idirnáisiúnta leat i gcónaí.

Tá drochbhail ar thacsaithe agus ar bhusanna cianturais, agus is minic nach mbíonn na tiománaithe cáilithe. Is annamh a bhíonn foirm árachais ag tiománaithe. Cuireann mórchuid na bpríomhóstán agus na gcomhlachtaí taisteal gluaisteáin ar fáil ar cíos, agus tiománaí más gá.

Tá caighdeán na cothabhála bóithre íseal. Seachain na poill dhoimhne sna bóithre. Níl an-chuid bóthair miotalaithe agus ní dheisítear iad tar éis shéasúr na báistí. D’fhéadfadh tuillte a tharla go tapa ar bhóithre laistigh de Conakry agus príomhbhailte eile agus d’fhéadfaí nach féidir taisteal orthu.  

Cúnamh Éigeandála

Má tá cás éigeandála ann, nó má tá cabhair agus comhairle de dhíth ort, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nAonad um Chabhair Chonsalachta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 1 408 2000.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht Éireannach sa Ghuine, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Féadfaidh náisiúnaigh Éireannacha, faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Chonsalach cabhair a iarraidh ó Ambasáid nó ó Chonsalacht d’aon bhallstát an Aontais eile i dtír nach bhfuil Ambasáid na hÉireann nó ionadaíocht bhuan ar Éirinn ann. Is féidir sonraí teagmhála le haghaidh ambasáidí de bhallstáit an Aontais sa Ghuine a aimsiú anseo.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalach Éireannach i An Ghuine, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin. 

Sláinte

Sláinte

Tá fáil agus caighdeán na seirbhísí leighis leochaileach sa Ghuine. Ba cheart do shaoránaigh a bheith ar an eolas go bhféadfaí go mbeadh deacrachtaí acu rochtain a fháil ar bhunseirbhísí leighis fiú, go háirithe i limistéir iargúlta.

Má tá riocht sláinte agat atá ann cheanna féin nó bunghalar ort, ba cheart duit tabhairt faoi deara go bhféadfaí nach mbeidh tú in ann drugaí nó cóir leighis oiriúnach a fháil le linn d’fhanachta.

Má roghnaíonn tú taisteal thart, tóg a dhóthain cógais leat fad do chuairte agus le haghaidh aon mhoill nach bhfuil tú ag súil leis. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Tá tinnis thrópaiceacha an-choitianta sa Ghuine. Má thagann fiabhras, tuirse nach féidir míniú a thabhairt air, buinneach nó aon siomptóm trom ort agus tú sa Ghuine, nó sna seachtainí ina dhiaidh duit an Ghuine a fhágáil, ba cheart duit scairt a chur ar do dhochtúir ginearálta nó ar an Roinn Timpistí agus Éigeandála agus do shiomptóim chomh maith le stair do thaistil a lua leo; d’fhéadfaí go mbeadh fiosrúchán agus cóir leighis de dhíth ort.

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Tá fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) riachtanach chun dul isteach i roinnt tíortha. Teastaíonn teastas um vacsaín ar fhiabhras buí chun dul isteach i dtíortha san Afraic Thiar. 

Ebola, Fiabhras Lassa agus an Víreas Marburg

Is diantinnis fiabhrais víreasacha fuilithe iad Ebola agus fiabhras Lassa, tinnis a tharchuirtear chuig daoine daonna trí theagmháil le bia nó earraí tí atá truaillithe; nó trí theagmháil le sreabháin choirp duine atá ionfhabhtaithe.

I mí Feabhra 2021, dearbhaíodh ráig nua Ebola i réigiún Nzerekore na Guine. Ar an 19 Meitheamh 2021, i ndiaidh 42 lá, d’fhógair an Aireacht Sláinte go raibh deireadh leis an eipidéim Ebola sin. Tháinig deireadh leis an eipidéim dheireanach Ebola i mí Meithimh 2016.

Is fiabhras eindéimeach é fiabhras Lassa san Afraic Thiar; bíonn ráigeanna coitianta ann. 

Tá tuilleadh eolais faoi Ebola agus fiabhras Lassa ar fáil ó Shuíomh Gréasáin na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS).

Ar an 15 Meán Fómhair 2021, d’fhógair an Ghuine go raibh deireadh le ráig an Ghalair Víris Marburg, galar a dearbhaíodh ar an 6 Lúnasa 2021 in Guekkédou, sa Réigiún Forestiére. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú faoi ghalar víris Marburg ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

D’fhógair an Aireacht Sláinte ar an 7 Meitheamh 2022 go raibh fliú na nÉan ann in Forecaraiah agus Coyah de réir torthaí ó shaotharlann san Iodáil.

Molaimid do shaoránaigh Éireannacha atá ag obair i saoráidí leighis nó atá ag tabhairt aire do dhaoine tinn sa Ghuine aire ar leith a thógáil agus sainchomhairle ar chosc ionfhabhtuithe a iarraidh.

Má thagann fiabhras, tuirse nach féidir míniú a thabhairt air, buinneach nó aon siomptóm trom ort agus tú sa Ghuine, nó sna seachtainí ina dhiaidh duit fágáil, ba cheart duit scairt a chur ar do dhochtúir ginearálta nó ar an Roinn Timpistí agus Éigeandála agus do shiomptóim chomh maith le stair do thaistil a lua leo; d’fhéadfaí go mbeadh fiosrúchán agus cóir leighis de dhíth ort.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Pasanna

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun Ghuine agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua

 

 

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland,
8 St Joseph's Avenue,
Off Spur Road,
Freetown,
Sierra Leone

Tel: +232 79 250628

Monday to Thursday 9am to 4pm; Friday 9am to 12pm

Contact us