Stádas Slándála
- Gnáth-réamhchúraimí
- Bí an-chúramach
- Seachain taisteal neamhriachtanach
- Ná taistil
- Forléargas
- Sábháilteacht agus Slándáil
- Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
- Sláinte
- Faisnéis Bhreise
- Embassy Contact
Forléargas
Forléargas
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas Slándála
Bí an-Chúramach
Taisteal chun na Guine Meánchiorclaí
Seiceáil anseo don eolas is déanaí faoi chúrsaí COVID-19 sa Ghuine Mheánchiorclach, lena n-áirítear srianta taistil.
Comhairle Taistil Ghinearálta
Moltar do phaisinéirí aire a thabhairt agus iad ag taisteal chun na Guine Meánchiorclaí go háirithe in Bata agus Malabo, áiteanna a dtarlaíonn robálacha armtha agus mionchoireacht go coitianta. Ba cheart léirsithe agus bailiúcháin phoiblí a sheachaint.
Más mian leat taisteal lasmuigh de Malabo ar oileán Bioko nó lasmuigh de Bata ar an mórthír beidh ort é a chur in iúl do na húdaráis áitiúla roimh ré. Moltar duit foirm oiriúnach de chomhartha aitheantais a iompar leat i gcónaí. Tá an teorainn le Camarún dúnta go hiondúil agus ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis áitiúla le haghaidh an eolas is déanaí.
Má tá cás éigeandála ann, nó má tá cabhair agus comhairle de dhíth ort, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nAonad um Chabhair Chonsalachta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 1 408 2000.
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Comhairle phraiticiúil
- Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
- Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.
Sláinte
Sláinte
Sláinte
Faigh árachas taistil agus leighis
Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.
Vacsaíní
Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.
Moltar vacsaín póilió a fháil do gach duine as Éirinn atá ag taisteal chuig tíortha a mbeadh traschur póilió mar riosca iontu. Sula dtaistealófar chuig réigiúin a bhfuil cásanna polaimiailítis fós iontu, ba cheart do thaistealaithe a chinntiú go bhfuil an sceideal um vacsaín póilió molta atá oiriúnach ó thaobh aois de comhlánaithe acu agus go bhfuil teanndáileog faighte acu, más gá. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ionaid Chosanta Sláinte agus Faireachais.
D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.
Cógas
Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Riachtanais iontrála (víosa/pas)
Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.
D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.
Pasanna
Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun An Ghuine Mheánchiorclach agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.
Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní
An méid gur féidir linn a dhéanamh:
- Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
- Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua
Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil. Féadfaidh castachtaí breise a bheith ann i bpróiseáil iarratais le haghaidh doiciméad taistil nua de thoradh nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht ag Éirinn i An Ghuine Mheánchiorclach
Má bhíonn éigeandáil i gceist, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár nAonad Cúnaimh Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 1 408 2000.
Embassy contact
Embassy Contact
Please contact our Consular Assistance Unit if you need guidance on the nearest assistance and we will help you as best we can.
Our number is: +353 1 408 2000.
Department of Foreign Affairs
Iveagh House
80 St Stephen’s Green
Dublin 2
D02 VY53
Tel: + 353 (0) 1 408 2000
24 hours a day, 7 days a week