Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Ghuáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Ghuáin

Má tá tú ag taisteal chun na Guáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh Éireannacha chun cuairt a thabhairt ar an nGuáin mar thurasóir, agus go hiondúil tugtar cead dóibh fanacht ar feadh suas le 30 lá. Ba chóir go mbeadh do phas bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí ón dáta a tháinig tú i dtír sa Ghuáin. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa táb Eolas Breise.

Tá na leibhéil choireachta sa Ghuáin ard. Ba chóir duit a bheith san airdeall agus a bheith cúramach i gcónaí.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Ghuáin ach scairt a chur ar na huimhreacha seo a leanas:

  • Na Póilíní: 911
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 912
  • An tOtharcharr: 913

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach sa Ghuáin, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Brasília nó leis an ​gConsal Oinigh sa Ghuáin​áfach, má theastaíonn cúnamh uait.  ​Is féidir le saoránaigh Éireannacha teacht ar an tseirbhís éigeandála lasmuigh d'uaireanta oibre freisin ach glaoch a chur ar +55 61 3248 8800.​

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní shlándála.
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil.
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil go léir agus faigh comhairle áitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin go bhfuil tú as bealach, naimhdeach nó go bhfuil tú ag briseadh an dlí

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Weather text removed

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na tíre, lena n-áirítear maidir le víosaí agus cúrsaí inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is gaire duit de chuid na tíre.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na tíre.

Embassy contact

Embassy Contact

If you are in need of emergency assistance, please contact the Embassy at + 55 61 3248 8800 and leave a message on the answering machine.

The answering machine is monitored regularly and the Duty Officer will contact you as soon as possible.

Embassy of Ireland
SHIS QL 12 conjunto 5 casa 9
Lago Sul
Brasília - DF
CEP 71630-255
Brasil

Tel: +55 61 3248 8800
Fax: +55 61 3248 8816

Monday to Friday 10:00 to 13:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Dr. Deen Sharma
Honorary Consul of Ireland
10 Bel Air Springs
Greater Georgetown
Guyana

Tel: +592 2269 339
Fax: +592 2269 339

Email: Email us