Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Fhrainc, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Fhrainc

Má tá tú ag taisteal chun na Fraince, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe. 

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus slándáil
  • Faisnéis Bhreise
  • Dlíthe agus gnásanna áitiúla
  • Sláinte
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Fraince

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Fraince ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Níl foirm aimsithe paisinéirí de dhíth a thuilleadh chun taisteal chuig an bhFrainc. 

An Taisteal tríd an bhFrainc

Mura bhfuil tú ach ag dul trí aerfort de chuid na Fraince agus ag fanacht ar thaobh an aeir, níl ort ach na doiciméid a theastaíonn don cheann scríbe deiridh a bheith agat. Féach suíomh gréasáin Ambasáid na Fraince i mBaile Átha Cliath agus Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Fraince, le haghaidh tuilleadh eolais i bhFraincis agus i mBéarla.

Srianta sa Fhrainc a bhaineann le COVID-19

Cuireadh pas vacsaíne na Fraince ar fionraí do gach áit ina raibh gá leis roimhe seo.

Cuireadh deireadh leis an gá chun masc aghaidhe a chaitheamh taobh istigh freisin, seachas nuair atáthar ar an gcóras iompar poiblí.

Srianta eile:

Féach suíomh gréasáin Rialtas na Fraince le haghaidh eolas iomlán, atá cothrom le dáta, maidir le srianta. D’fhéadfadh srianta COVID‑19 a bheith éagsúil ó réigiún go réigiún agus tá eolas mionsonraithe ar shuíomh gréasáin na maorachta áitiúla.

An Taisteal chuig Críocha Thar Lear:

Tá a coinníollacha iontrála féin socraithe ag gach críoch thar lear, agus d’fhéadfaidís a bheith faoi réir srianta áitiúla ar leith. Moltar duit láithreán gréasáin na n‑údarás áitiúil ábhartha a sheiceáil le haghaidh eolas atá cothrom le dáta. Tá dearbhuithe le haghaidh taisteal chuig críoch thar lear, nó taisteal uaithi, ar fáil ar láithreán na hAireachta Intíre. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán gréasáin Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Fraince.

 

Sábháilteacht agus slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Cáipéis Aitheantais Phearsanta 

Meabhraítear do shaoránaigh Éireannacha sa Fhrainc gur ceart foirm bhailí de cháipéis aitheantais fhótagrafach a bheith orthu i gcónaí ar nós pas nó cárta pas.

Mionaoisigh atá ag Taisteal Leo Féin

Ní mór d’aon mhionaoiseach atá ag taisteal gan tuismitheoir doiciméadacht ar leith a bhreith leis. Aimsigh anseo eolas ar riachtanais taistil do mhionaoisigh gan duine fásta in éineacht leo atá ag taisteal ón Fhrainc, rud ar a mbíonn feidhm do shaoránaigh Éireannacha a chónaíonn sa Fhrainc de ghnáth. 

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Fhrainc trí scairt a chur ar 112. Meabhraítear do shaoránaigh Éireannacha sa Fhrainc gur ceart foirm bhailí de cháipéis aitheantais fhótagrafach a bheith orthu i gcónaí ar nós pas nó cárta pas.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ann faoi láthair go ndéanfaí ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, a d’fhéadfadh a bheith i gcoinne sibhialtaigh, lena n-áirítear áiteanna ina mbíonn tarraingt ag turasóirí agus easaoránaigh orthu. Mar thoradh ar bhagairt na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú atá ann faoi láthair, athneartaigh Rialtas na Fraince a chuid bearta slándála agus moladh don phobal leibhéal airdill níos airde a ghlacadh. Molaimid do shaoránaigh ar fad aird a choimeád ar a gcuid timpeallachta, chun fanacht airdeallach agus comhairle slándála a leanúint arna eisiúint ag údaráis na Fraince. Féach ar chomhairle rialtais na Fraince maidir leis an méid gur chóir a dhéanamh má tharlaíonn ionsaí sceimhlitheoireachta.

Mar chuid de chlár slándála Vigipirate an Rialtais, tá láithreacht an-shoiléir de phóilíní agus den arm i gcathracha agus iad gar d’áiteanna a mbíonn an-tóir ag turasóirí orthu. Tá cláir scagthástála slándála ag an-chuid músaem, dánlann agus áiteanna a mbíonn tóir ag turasóirí orthu agus d’fhéadfaí go n-iarrfar ort do mhálaí a chur a fáil le haghaidh iniúchta sula ligfear isteach tú.

Corraíl Shóisialta

Tá an cás polaitiúil sa Fhrainc réasúnta socair ach féadfaidh taomanna corraíola sóisialta tarlú ó am go chéile. Tarlaíonn coimhlint idir léirsitheoirí agus póilíní círéibe de thoradh stailceanna, mórshiúlta agus léirsithe agus molaimid go seachnaíonn tú limistéir a mbíonn léirsithe ar scála mór iontu.

Coinnigh tú féin ar an eolas maidir lena bhfuil ag tarlú timpeall ort i gcónaí trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí theagmháil rialta a dhéanamh le d’óstán nó leis an té a d’eagraigh do thuras.

Coireacht

Tá an choireacht fós sách íseal sa Fhrainc ach ba cheart duit réamhchúraimí ciallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat ag aon am amháin - fág airgead tirim spártha agus earraí luachmhara in áit shábháilte. 
  • Ná bíodh do phas ort ach amháin más géarghá dó agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Tóg fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal agus fág ceann amháin i do lóistín.
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná bain úsáid as Uathmheaisíní Bainc sa dorchadas, go háirithe má bhíonn tú i d’aonar. Seiceáil nár lean aon duine thú tar éis duit do ghnó a dhéanamh
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí ar nós caiféanna idirlín, stáisiúin traenach agus bus
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan solas, socraigh go mbaileofar nó go scaoilfear amach thú chomh gar agus is féidir le príomhdhoras d’óstáin nó d’árasáin

Féach ar an gcomhairle agus eolas is déanaí as Béarla ó phóilíní na Fraince ar A Bheith Sábháilte i bPáras.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Fhrainc, déan é a thuairisciú don stáisiún póilíní áitiúil ‘commissariat’ nó gendarmerie láithreach. Foghlaim níos mó faoin méid gur chóir a dhéanamh má cailleadh/má goideadh do phas.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i bPáras má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Thug údaráis na Fraince rialacháin nua isteach le déanaí maidir le mionaoisigh gan duine fásta in éineacht leo atá ag taisteal ón Fhrainc, rud ar a mbíonn feidhm do shaoránaigh Éireannacha a chónaíonn sa Fhrainc de ghnáth. Féach ar mhionsonraí anseo

Faisnéis Bhreise

Iompar

Tá stailceanna iompair agus rialaithe aerthráchta tréimhsiúla ar fud na Fraince ag cur isteach ar thaisteal ráille, tacsaí/Uber agus aerthaistil ar fud na Fraince chomh maith le meitreo agus seirbhísí bus Pháras. Seiceáil le do sholáthraí taistil nó le d’aerlíne le haghaidh na nuashonruithe is déanaí. Féadfaidh tú eolas fíor-ama a fháil faoi thrácht ráille ar shuíomh gréasáin SNCF chomh maith le meitreo agus córais bhus Pháras ar shuíomh gréasáin RATP.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Fhrainc, cuimhnigh go dtaistealaíonn trácht ar an taobh deas. Muna bhfuil tú cleachta le bheith ag tiomáint ar an taobh deas, bí an-chúramach, go háirithe ag crosbhóthair, áiteanna a mbíonn ceart bealaigh ag an trácht a thagann ón taobh deas.

Más mian leat tiomáint:

•Beir leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus ábhartha agat. Ní mór duit a bheith ar a laghad 18 mbliana déag d’aois chun tiomáint sa Fhrainc agus níl ceadúnas foghlaimeora bailí.

•Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an alcóil nó drugaí agus tá an baol ann go gcoinneofar, go ngearrfar fíneáil ghéar ort nó go gcuirfear cosc ort tiomáint má ghabhfar tú.

•Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Fraince, ar nós teorainneacha luais. Is rudaí coitianta iad ceamaraí luais agus tá póilíní na Fraince airdeallach.

•Coinnigh doirse d’fheithicle faoi ghlas agus coinnigh do mhálaí as radharc ionas nach féidir sciobadh mála faille a dhéanamh má stopfar ag soilse tráchta thú.

Teastas um Chaighdeán an Aeir

D’fhógair údaráis na Fraince córas nua maidir le Teastas um Chaighdeán an Aeir chun feithiclí a cháiliú bunaithe ar leibhéil astaíochtaí truailleáin aeir agus is rud riachtanach é do gach feithicil i bPáras, i Grenoble agus i Lyon. Teastaíonn an córas a tugadh isteach le déanaí go dtaispeánann gach feithicil greamán cairr Crit’Air - lena n-áirítear feithiclí atá cláraithe thar lear. www.certificat-air.gouv.fr

Tugadh an córas greamáin isteach chun astaíochtaí a laghdú i gcathracha níos mó, ionas gur féidir feithiclí atá ag déanamh an-chuid truaillithe a dhiúltú ó theacht isteach bunaithe ar an ngreamán Crit’Air a thaispeánann siad ar an ngaothscáth, ar laethanta a mbíonn cathracha áirithe i mbaol a gcuid teorann astaíochtaí Euro a shroicheadh.

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Fhrainc, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar líne chun an greamán atá de dhíth ort a fháil, rud a mbeidh costas €4.80 air d’fheithiclí atá cláraithe thar lear. Féadfaidh íocaíocht a dhéanamh ar líne agus cuirfear an greamán sa phost. Bunaítear aicmithe ar aois d’fheithicle agus tá feidhm ag an gcóras do gach feithicil, gluaisteáin, gluaisrothair agus trucailí. Molann údaráis na Fraince go bhféadfaí fíneáil a ghearradh ar thiománaithe a thiomáineann gan teastas Crit’Air ar an láthair, fíneáil a bhféadfaí costas €68 suas go €135 a bheith air.

Pionóis tiomána

Lean na dlíthe tráchta go cúramach toisc go mbíonn pionóis ghéara ann nuair a bhristear an dlí. D’fhéadfadh na dlíthe seo a bheith ina bhfíneálacha ar an láthair, ina gcoigistiú de do cheadúnas tiomána, nó ina dtréimhse príosúnachta (le haghaidh cionta dáiríre ar nós ag tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí nó tiomáint fhaillitheach).

Má choigistítear do cheadúnas, ní cheadófar duit leanúint ar aghaidh ag tiomáint agus gaibhneofar d’fheithicil mura bhfuil tiománaí ar fáil chun é a thiomáint, tiománaí a bhfuil láncheadúnas aige.

Gadaíocht ó fheithiclí

Is rud coitianta é seo, go háirithe i ndeisceart na Fraince, mar sin coinnigh do dhoirse faoi ghlas, d’fhuinneoga dúnta agus d’earraí luachmhara as radharc agus tú ag tiomáint agus páirceáilte. I limistéir turasóireachta áirithe feadh an chósta ó dheas, is rud coitianta é an tseilf chúil a bhaint ionas go bhféadfadh gadaithe féideartha a fheiceáil nach bhfuil aon rud sa bhúit ar fiú a ghoid.

Díríonn gadaithe ar thithe soghluaiste agus ar veaineanna campála chomh maith, mar sin déan cinnte go nglacfar na céimeanna ábhartha ar nós úsáid a bhaint as aláram nó taisceadán chun do ghiuirléidí a chosaint ansin.

Anáileadáin

Ó 2012, tá tú i dteideal anáileadán a bheith agat i d’fheithicil go dlíthiúil, (cuimsítear gluaisrothair leis seo). Ceannaigh fearas a chloíonn le rialacháin na Fraince agus a bhfuil lipéad ‘NF’ air. Molaimid duit ar a laghad dhá anáileadán a bheith ort i gcónaí.

Trealamh sábháilteachta

Ní mór duit triantán rabhaidh frithchaiteach dearg agus veist ard-fhrithchaiteach a bheith i d’fheithicil i gcónaí. Tá seicphointí póilíní ann go minic ag slite amach na mórchalafort farantóireachta chun seiceáil má tá trealamh sábháilteachta de dhíth ar thiománaithe, mar sin cinntigh go bhfuil stoc iomlán i d’fheithicil sula dtaistealaíonn tú chun na Fraince. Munar féidir leat trealamh sábháilteachta a chur ar fáil ag timpiste nó ag radharc cliste nó le linn iniúchta póilíní, d’fhéadfaí go ngearrfar fíneáil ort.

Ní mór duit triantán rabhaidh a thaispeáint 30 méadar ó d’fheithicil ar eagla aon chliseadh nó timpiste (seachas i gcás cliste ar an mótarbhealach, áit nach mbíonn sé sábháilte siúl 30 mhéadar siar – sa chás sin, cuir an triantán i bhfad ó d’fheithicil, agus ceisteanna sábháilteachta á gcur san áireamh agat).

Ní mór duit veist ard-fhrithchaiteach a bheith ort i gcorp na feithicle (ná bíodh sé sa bhúit). Is gá duit veist a chaitheamh ar eagla cliste ag am ar bith agus ní mór duit é a chur ort sula bhfágann tú an fheithicil.

Séasúr ard-tráchta

Bíonn trácht fíor-throm i dtréimhsí saoire samhraidh na Fraince go traidisiúnta thar dheireadh seachtaine an 7 Iúil, an 14 Iúil, an 4 Lúnasa, an 11 Lúnasa agus an 18 Lúnasa. Tabhair neart ama duit féin agus glac bristeacha go rialta ar d’aistear ar na deireadh seachtaine sin, go háirithe ar bhealaí a nascann Páras leis an ndeisceart.

D’fhéadfadh róphlódú tráchta a bheith ar mhótarbhealaí, mar sin cinntigh go bhfuil a dhóthain breosla agat, agus athbhreoslaigh go rialta, toisc go bhféadfaí níos mó ama a bheith i gceist chun an chéad seirbhís eile a shroicheadh ná mar a ceapadh.

Tá mapaí agus grafaicí dathchódaithe ag suíomh gréasáin na Fraince seo ar féidir le daoine nach labhraíonn Fraincis tuiscint a bhaint uathu mar sin d’fhéadfaí go gcabhróidh siad leat d’aistear a phleanáil.

Cúnamh teagmhais

Is cion é sa Fhrainc má fheiceann tú teagmhas (ar an mbóthar nó in áit eile), agus muna stopfar agus tabharfar cabhair do dhuine éigin atá i dtrioblóid. Más gá duit stop ar an mbóthar chun cabhair a thabhairt do dhuine éigin, ní mór duit do veist ard-fheiceálachta a chur ort sula bhfágann tú d’fheithicil.

Tacsaithe

Níor cheart duit ach úsáid a bhaint as tacsaithe atá ceadúnaithe agus marcáilte i gceart. Bí aireach roimh dhaoine a mhaíonn gur tiománaithe tacsaí iad a bhíonn ag mangaireacht le haghaidh oibre ag limistéir iontrála an aerfoirt, ag stáisiúin traenach nó ag mórstáisiúin bus – níl cead ag tiománaithe tacsaí atá cláraithe obair a dhéanamh ar an mbealach seo.

Níl meas ag tiománaithe nach bhfuil ceadúnas acu ar rialacha maidir le táillí de ghnáth, agus níos tábhachtaí ná sin, ní dhearnadh seiceálacha slándála agus póilíní orthu, rudaí atá riachtanach do thiománaithe tacsaí atá cláraithe. Tá cásanna ann le déanaí inár ionsaigh tiománaithe tacsaí turasóirí eachtracha, mar sin má bhíonn amhras ar bith ort, ná bain úsáid as an tseirbhís.

Marcáiltear tacsaithe atá ceadúnaithe le comhartha dín bán agus bíonn cárta aitheantais gairmiúil an tiománaí ar thaobh chlé an ghaothscátha. Beidh méadar le feiceáil i lár na deaise agus beidh greamán sa chúlfhuinneog ar chlé, rud a leagfaidh amach na bunrialacha a rialaíonn tacsaithe agus táillí.

Tiománaithe trucaile

Má tá tú i do thiománaí trucaile, cinntigh go mbíonn cur amach agat ar rialacháin tráchta na Fraince, go háirithe ar shonraí faoin am ar féidir nó nach féidir úsáid a bhaint as na mótarbhealaí.

Rothaithe

Tá scéimeanna rothair ar cíos ar fáil go poiblí i bPáras agus in an-chuid cathracha eile anois. Agus tú i do rothaí, níl cead agat rothaíocht ar chosáin ach amháin má bhíonn lána rothaíochta marcáilte mar chuid den chosán. Géill do rialacha tráchta ábhartha ar fad agus déan réamhchúraimí sábháilteachta ábhartha, go háirithe muna bhfuil cur amach agat ar rothaíocht ar thaobh deas an bhóthair. Déan rothaíocht a sheachaint má tá tú faoi thionchar alcóil.

Ní mór do rothaithe ar fad veist ard-fheiceálachta a chaitheamh nuair a rothaíonn siad lasmuigh de limistéir uirbeacha is d’oíche.

Feithicil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Gluaisteáin a roinnt

Táimid ar an eolas faoi shuíomhanna gréasáin éagsúla a chuireann deiseanna ar fáil gluaisteáin a roinnt ach ní féidir linn bailíocht na gcomhlachtaí sin a dhearbhú. Is ar do phriacal féin a bhaineann aon chinneadh leas a bhaint as seirbhísí den chineál sin.

Traein

Má bhíonn tú ag taisteal ar an traein, cinntigh go marcáiltear do bhagáiste go soiléir le d’ainm agus ná fág é gan aon duine ina bhun. Dúnadh an-chuid oifigí bagáiste i stáisiúin traenach mar gheall ar chúiseanna slándála, mar sin déan iarracht a gcuid infhaighteachta a fháil amach roimh ré nó déan socruithe eile.

Tá traenacha thar oíche áirithe ann i lár na cathrach ar a mbíodh gadaithe dírithe orthu. Déan cúram ar leith le do ghiuirléidí, ar mheitreo agus ar thraenacha, nuair a dhúnann na doirse, toisc gur eol go ngoideann gadaithe faille málaí paisinéirí ar an ardán díreach agus doirse na traenach á ndúnadh.

Feidhmíonn gach Eurostar ó Pháras, Lille, Calais agus ón mBruiséil go Londain St Pancras. Déantar áirithintí trí www.eurostar.com nó (ó laistigh den Fhrainc – tá feidhm ag préimhrátaí) 0892-353539.

Féadfaidh tú áirithint a dhéanamh ar thraenacha ó laistigh den Fhrainc trí www.voyages-sncf.com.

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara ag dul le húsáid drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist). Má ghabhfar ort agus drugaí mídhleathacha nó earraí smuigleáilte ort, d’fhéadfaí tú a choimeád faoi choinneáil réamh-thriail ar feadh tréimhse an iniúchta (rud arbh fhéidir fad roinnt míonna a ghabháil leis nó roinnt blianta fiú). Féadfaidh Custaim na Fraince d’fheithicil a ghaibhniú ar feadh na tréimhse iniúchta, dá mbeadh drugaí mídhleathacha nó earraí smuigleáilte á n-iompar aige.

Réadmhaoin a cheannach sa Fhrainc

Má tá sé ar i gceist agat réadmhaoin a cheannach sa Fhrainc, molaimid go láidir duit dul i gcomhairle le comhairleoir dlí neamhspleách a bhfuil saineolas aige ar dhlí na réadmhaoine ó thús an phróisis. Bí ar an eolas go bhféadfadh tú a bheith faoi dhliteanas cáin bhliantúil ar luach do réadmhaoine, agus tú i d’úinéir réadmhaoine.

Ní féidir leis an Ambasáid comhairle a thabhairt duit maidir le réadmhaoin a cheannach nó idirghabháil a dhéanamh in aighnis réadmhaoine.

Sláinte

Sláinte

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil ábhartha, cumhdófar na costais seo, ar choinníoll nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha briste agat.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gcumhdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 mhilliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fanachta níos faide nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais a cailleadh agus a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Mar chónaitheoir Éireannach tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má éiríonn tú tinn nó gortaithe agus tú ar fhanacht sealadach ann. Cinntigh go bhfaigheann nó go ndéanann tú athnuachan ar do CEAS (an t-ainm nua ar an E111) sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Déan iarratas ar do CEAS agus faigh tuilleadh eolais.

Ní hionann an CEAS agus árachas taistil ceart arna sholáthar ag árachóir creidiúnach. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil de chineál neamhphráinneach. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach nglacfaidh roinnt ospidéal príobháideach leis an CEAS, mar sin ba chóir duit seiceáil le riarthóir an ospidéil roimhe ré.

Aedes Albopictus (Muiscít Thíograch)

Tá an Aedes albopictus, a bhfuil cáil níos mó air mar mhuiscít thíograch, ann i réigiúin thiar theas agus thoir theas na Fraince, chomh maith le Alsace, Vendée agus ceantar uirbeach Pháras. Meastar go n-iompraíonn an aedes albopictus galair amhail fiabhras deinge, víreas zika, chikunguya nó víreas na Níle Thiar. Tolgadh formhór de chásanna na ngalar seo lasmuigh den Fhrainc, galair a aimsíodh sa Fhrainc, gan ach líon an-bheag de chásanna tarchurtha áitiúla fiabhrais deinge, víreas na Níle Thiar agus chikunguya aimsithe i ndeisceart na Fraince. Spreagtar taistealaithe chun réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh ar nós úsáid a bhaint as éarthach feithidí in áiteanna a bhféadfaí muiscítí a bheith ann.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 0033(0) 1 44 17 67 00, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox.

This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
12 ave Foch
75116 Paris
(entrance 4 rue Rude)
France

Tel: +331 44176700
Fax: +331 4417 6750

Monday to Friday 09:30am - 12:00pm

Contact us

Consulate Contact

Consulate General of Ireland in Lyon
23 rue Crepet
69007 Lyon
France

Tel: +33 1 44 17 67 81

Contact us

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Pierre Joannon
Honorary Consulate General of Ireland
St. Michel
69, avenue du Roi Albert
La Californie
06400 Cannes
France

Tel: + 33 6 77 69 14 36

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Ole Gregre Bockmann
Honorary Consul of Ireland
Gare Maritime Sud
50100 Cherbourg
France

Tel: + 33 2 33 44 11 11
Fax: + 33 2 33 23 44 40

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Kevin McGreevy
Honorary Consul of Ireland
8, rue des Trente-Six Ponts
31400 Toulouse
France

Tel: +33 6 49 73 82 68

Email: Email us

Consulate Contact

Mr. Jean Marc Roué
Honorary Consul of Ireland
Rue Alexis Gourvennec
29680 Roscoff
France

Tel: + 33 2 9829 2703

Email: Email us