Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Eastóin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Eastóin

Má tá tú ag taisteal chun na hEastóine, tá leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach le fáil sa  chomhairle taistil atá cothrom le dáta.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus gnásanna áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-réamhchúraimi

Taisteal chun na hEastóine

Níl srianta COVID-19 ann maidir le taisteal chun na hEastóine ó Éirinn. Ní gá teastais vacsaínithe/tástála maidir le COVID-19 a thaispeáint.

Ní mór do phaisinéirí atá ag teacht isteach ó áiteanna lasmuigh den Aontas Eorpach nó den Ríocht Aontaithe cruthúnas ar vacsaín, ar théarnamh nó ar thástáil dhiúltach a thaispeáint.

Tá tuilleadh eolais maidir leis na ceanglais seo ar fáil anseo. Moltar do shaoránaigh na rialacháin is déanaí a sheiceáil roimh thaisteal dóibh.

Moltar duit treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint. Féach ar an suíomh gréasáin seo le haghaidh eolas maidir le treoracha agus srianta sláinte poiblí ar fud na hEastóine. Coimeádann Bord Sláinte na hEastóine eolas agus comhairle maidir le COVID-19 agus déantar uasdátú air go rialta. Coimeádann sé nasc don eolas ar Líne Chomhairleach an Lia Teaghlaigh freisin (T: 1220 / +372 634 6630).

Is féidir teacht ar chomhairle agus ar eolas breise maidir le COVID-19 a fháil trí na naisc seo a leanas:

Aireacht Eachtrach na hEastóine

Bord Sláinte na hEastóine

Aerfort Thaillinn

Calafort Thaillinn

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Tá eitiltí díreacha ann idir an Eastóin agus Éirinn dhá uair in aghaidh na seachtaine i rith mhíonna an tsamhraidh le Ryanair faoi láthair.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála san Eastóin trí scairt a chur ar 112.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Bíodh agus gur beag an baol sceimhlitheoireachta san Eastóin, tá riosca fós ann maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú ar fud an domhain, rud a d’fhéadfaí a bheith dírithe ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann turasóirí agus easaoránaigh go minic.

Coireacht

Tá an leibhéal coireachta réasúnta íseal san Eastóin go fóill ach ba cheart duit réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas á iompar agat mura gá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • D’fhéadfaí fadhb a bheith ann maidir le peasghadaithe agus le mugáil i Seanchathair Thailinn, i gcalafoirt farantóireachta agus i bpríomhárasáin - go háirithe i rith mhíonna an tsamhraidh, mar sin bí cúramach - déan réamhchúraim chiallmhara agus seachain taobhshráideanna agus páirceanna nach bhfuil lasta san oíche.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú san Eastóin, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach. Cuir scairt ar 112 chun glaoch a chur ar na póilíní. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i dTaillinn má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Tiomáint

Más mian leat tiomáint san Eastóin, ba cheart duit a bheith an-chúramach, go háirithe nuair a thiomáintear sa dorchadas agus ar phríomh-mhórbhealaí mar gheall gur rudaí coitianta iad timpistí tráchta ar bhóithre. Más mian leat tiomáint:

  • Bíodh do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta leat agus bí cinnte go bhfuil árachas imleor agus oiriúnach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí a bheith ag tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí (is é náid an teorainn alcóil dlíthiúil) agus bíonn tú i mbaol coimeádta, fíneála nó toirmeasc tiomána a chur ort má bheirtear ort.
  • Is rudaí éigeantacha iad ceannsoilse maolaithe agus criosanna sábhála i gcónaí.
  • Ní mór do bhoinn gheimhridh a bheith ar d’fheithicil ón 1 Nollaig go dtí an 1 Márta gach bliain. D’fhéadfadh sé go n-athróidh na dátaí seo má tá aimsir chrua ann agus mar sin seiceáil an aimsir áitiúil má thiomáineann tú idir mí Dheireadh Fómhair agus mí Aibreáin.
  • Má tá sé i gceist agat taisteal de charr nó de ghluaisrothar chun na hEastóine, ní mór duit do Theastas Cláraithe Feithicle a bhreith leat, de bharr go ndiúltófar d’fheithicil isteach san Eastóin murar féidir leat é a chur ar fáil. Tá ceangal ort cóip de do theastas árachais a bheith agat laistigh den fheithicil freisin.

Coisithe agus rothaithe

Is rud éigeantach é frithchaiteoirí do choisithe agus do rothaithe i gcónaí.

Feithicil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineál urrúis. Má ligfear fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Dlíthe agus nósanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann dlíthe áitiúla leat agus tú i do chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara i gceist le húsáid agus le sealbhú drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Sláinte

Sláinte

Muiscítí agus creabhair

Is rudaí coitianta iad muiscítí agus creabhair san Eastóin i rith mhíonna an tsamhraidh, chomh maith le sceartáin agus fíneoga, rudaí ar féidir ionfhabhtú a scaipeadh. Is réamhchúram ciallmhar é éarthach feithidí má bheartaíonn tú cuairt a thabhairt i rith an tsamhraidh, go háirithe má tá sé i gceist agat dul chun foraoiseacha agus portaigh na hEastóine.

Árachas Taistil

Ní féidir linn a íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó costais mar thoradh ar chás éigeandála pearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, fad agus nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha sáraithe agat.

D’fhéadfaí go leor airgid a shábháil duit féin agus do do theaghlach má cheannófar árachas taistil cuimsitheach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfaighidh tú an cúram sláinte a bheidh de dhíth ort nuair a bhíonn sé de dhíth ort. Is féidir le billí ospidéil cnuasach go mear ina mílte Euro, agus is féidir na mílte Euro eile a bheith mar chostas ar aslonnú sláinte ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí na himeachtaí ar fad a bhfuil sé de phlean agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Árachas na hÉireann go gceannaíonn tú polasaí a sholáthraíonn íosmhéid €1 mhilliún clúdach sláinte.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdaíonn do pholasaí an méid seo a leanas:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó trí ghnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fhanachta níos faide gan choinne.
  • Do thuras ar fad, ó fhágann tú go dtí go bhfilleann tú. Cuimhnigh ar pholasaí ilthurais bliantúil má bhíonn níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat san aon bhliain amháin.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (ar eagla go gcuirfí cás cúirte i do choinne i dtaca le tú a bheith freagrach as gortú nó damáiste réadmhaoine a dhéanamh).
  • Sealúchais a cailleadh nó a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá de phlean agat a dhéanamh nach gcuimsítear i ngnáthpholasaithe (e.g. gníomhaíochtaí spórt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Ba cheart duit a bheith ar an eolas nach gclúdaíonn formhór polasaithe árachais tarluithe a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram leighis tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má thagann tinneas ort nó má ghortaítear thú agus tú ar fhanacht shealadach ansin. Cinntigh go bhfaigheann tú do Chárta Árachais Sláinte Eorpach (CÁSE) (an t-ainm nua don E111) nó go ndéantar é a athnuachan sula bhfágann tú, agus cuimhnigh, tá ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Is féidir iarratas a dhéanamh do do CÁSE agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Ní ionadaí é an CÁSE le haghaidh árachas taistil ceart a chuireann árachóir creidiúnach ar fáil. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóir leighis atá ag ann go fóill nó cóir leighis nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí nach nglacfaidh roinnt ospidéil phríobháideacha leis an CÁSE, agus mar sin ba cheart duit seiceáil a dhéanamh leis an riarthóir ospidéil roimh ré.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní bhíonn víosa de dhíth ar shaoránaigh de chuid na hÉireann chun cuairt a thabhairt ar an Eastóin.

Airgeadra

Is é an Euro airgeadra na hEastóine.

Aeráid

Bíonn an Eastóin an-fhuar sa gheimhreadh agus de ghnáth bíonn sé clúdaithe le sneachta go dtí mí Márta. Má bheartaíonn tú cuairt a thabhairt, ba cheart duit éadaí teo a thógáil leat chomh maith le bróga oiriúnacha.

Bíonn cosáin an-chontúirteach i gcathracha agus i mbailte, lena n-áirítear Seanchathair Thailinn, i rith mhíonna an gheimhridh, mar gheall ar oighear imbhuailte.

 

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy is open to the public from Tuesday to Thursday, 11.00 - 13.00, by appointment only. To make an appointment, please call +372-6-811-870 or contact us through the below link:

Outside office hours, in case of a genuine consular emergency for Irish citizens, the Duty Officer is available at: + 372-56-908340.

The Embassy’s address is:

Embassy of Ireland
Rävala pst 5
10143
Tallinn
Estonia

Tel: +372 6811 870
Fax: +372 6814 827

Contact us