Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Cósta Eabhair, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Cósta Eabhair

Má tá tú ag taisteal don Chósta Eabhair, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas breise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

An Fógra Taistil is Déanaí

Tá sé beartaithe go mbeidh toghcháin ar siúl sa Chósta Eabhair ar an 2 Meán Fómhair agus ar an 16 Meán Fómhair.

Le blianta beaga anuas, bhí agóidí polaitiúla in Abidjan agus ar fud na tíre, agus tá an fhéidearthacht ann go n-éireoidh siad foréigneach. Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann a bheith cúramach agus slógaí agus cruinnithe polaitiúla, láithreacha léirsithe, agus agóidí a sheachaint. I gcás go mbeidh corraíl ann, déan monatóireacht ar na meáin áitiúla agus lean treoracha agus fógraí ó na húdaráis áitiúla.

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

De bharr go bhfuil grúpaí mílíste armtha sa cheantar, molaimid gan gach taisteal seachas taisteal riachtanach chuig réigiúin thiar an Chósta Eabhair laistigh de 50 km den teorainn leis an Libéir.

Mar gheall ar bhagairt na sceimhlitheoireachta agus na fuadaithe i réigiúin thuaidh na Saiheile sa Chósta Eabhair, molaimid gan taisteal chuig na háiteanna seo a leanas:

  • Laistigh de 40 km de na teorainneacha le Mailí agus Buircíne Fasó
  • Cúigí Northern Zanzan agus Savenes
  • Páirc náisiúnta Comoé

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun dul isteach sa Chósta Eabhair.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig an gCósta Eabhair. Ba chóir go mbeadh íosbhailíocht 6 mhí ag pasanna Éireannacha le leathanach bán amháin ar a laghad. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le víosaí agus pasanna, féach ar an táb Eolas Breise.

Moltar do chuairteoirí chuig an gCósta Eabhair treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh an Ambasáid a leanúint ar na meáin shóisialta (Twitter agus Facebook) chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Chósta Eabhair ach scairt a chur ar na huimhreacha éigeandála a chuirtear ar fáil thíos:

  • Na Póilíní: 170/110/111
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 112
  • An tOtharcharr: 185

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i dTóga, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Abuja, an Nigéir, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus slándáil

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt sceimhlitheoireachta sa Chósta Eabhair.   Tá grúpaí sceimhlitheoireachta ag feidhmiú i Mailí agus Buircíne Fasó, a roinneann teorainn leis an gCósta Eabhair. Ba cheart na limistéir sin a sheachaint mar go bhfuil na teorainneacha éadaingean agus gur féidir ionsaithe trasteorann a dhéanamh. Tá baol ann freisin go dtarlóidh ionsaithe sceimhlitheoireachta in áiteanna eile sa Chósta Eabhair, an phríomhchathair Abidjan san áireamh. Tharla ionsaí sceimhlitheoireachta ag Grand Bassam in aice le Abidjan in 2016, inar maraíodh 18 duine lenar áiríodh roinnt eachtrannach. Mhaígh cleamhnaí de Al-Qaeda gurb iad a thug faoin ionsaí. D'fhéadfadh ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú díriú ar áiteanna sibhialta a bhíonn turasóirí agus easaoránaigh ann amhail óstáin, tránna, séipéil nó ceantair eile ina gcruinníonn daoine.

Léirsithe

Bhí roinnt imeachtaí foréigin agus agóide ann a bhain leis an míleata le linn 2017 agus 2018. I gcás tuilleadh agóidí, moltar duit treoracha na n-údarás áitiúil a leanúint agus monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla chun nuashonruithe a fháil.

Ba chóir duit agóidí agus cruinnithe móra poiblí a sheachaint óir tá an fhéidearthacht ann go n-éireoidh siad foréigneach.

Coireacht

Tá baol robála armtha agus coiriúlacht fhoréigneach sa Chósta Eabhair chomh maith le mionchoireacht. Moltar duit réamhchúraimí stuama a dhéanamh agus comhairle a fháil go háitiúil faoi na rioscaí.

Tuairiscíodh ionsaithe ag robálaithe armtha ar an mórbhealach ó Yamoussoukro go Korogho agus an mórbhealach ó Abidjan go Yamoussoukro chomh maith le hionsaithe i gcodanna eile den tír.

Tiomáint

Tá caighdeáin tiomána agus coinníollacha bóthair sa Chósta Eabhair go dona agus tá siad faoi bhun an chaighdeáin a bhfuil taithí againn air in Éirinn. Seachain tiomáint lasmuigh de bhailte agus de chathracha san oíche mar is féidir le bóithre agus feithiclí a bheith soilsithe go dona. Is féidir leis an taisteal de bhóthar a bheith fealltach, go háirithe ar bhóithre tuaithe gan phábháil i rith shéasúr na báistí.

Snámh

Tá feachtaí aigéin an-láidir feadh an chósta, agus is iomaí sruth cuilitheála is cúis le timpistí snámha. Níl aon seirbhís bád tarrthála ann agus tarlaíonn go leor báite gach bliain.

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal Duit le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár gcomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas roimh duit taisteal agus faigh comhairle áitiúil nuair a bhaineann tú an tír amach.
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo.
  • Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.
  • Níl homaighnéasacht mídhleathach sa Chósta Eabhair, ach níl aon aitheantas dlíthiúil ann do lánúineacha LADT. D'fhéadfadh nach mbeadh dearcadh an phobail chomh fulangach céanna le hÉirinn, áfach, agus mar sin ba chóir duit a bheith discréideach.

Sláinte

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas cuimsitheach taistil a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n‑áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaínithe

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

Teastaíonn deimhniú vacsaínithe den fhiabhras buí do gach taistealaí chuig an gCósta Eabhair os cionn 9 mí d'aois.

Cógas

Cinntigh go dtógfar a dhóthain cógais leat do do thuras ar fad agus do mhoill ar bith nach mbeifear ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Eolas breise

Eolas breise

Eolas breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun dul isteach sa Chósta Eabhair.  Is féidir tuilleadh faisnéise faoi conas iarratas a dhéanamh ar víosa a fháil ó ​Ambasáid an Chósta Eabhair sa Ríocht Aontaithe​.

Ní mór do phasanna a bheith bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad tar éis duit teacht i dtír agus leathanach bán amháin ar a laghad a bheith acu. Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chuig an gCósta Eabhair agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann sa Nigéir. Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil.

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála a chur ar fáil le go mbeidh tú in ann dul abhaile;
  • Más gá, comhairle a thabhairt duit maidir le hiarratas a dhéanamh ar phas nua. 

Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní chuirfimid doiciméid taistil ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Ivory Coast (Cote d'Ivoire), please contact Embassy of Ireland Nigeria.

If you need urgent assistance, you can contact the Department of Foreign Affairs and Trade in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama District
Abuja
Nigeria

Tel: +234 9 462 1080
Fax: + 234 9 4131805

Monday to Thursday 9am to 4pm; Friday 9am to 12pm

Contact us