Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Congó, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Congó

Má tá tú ag taisteal go Congó, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ná taisteal chuig an limistéar atá laistigh 50km den teorainn le Poblacht na hAfraice Láir. Seachain taisteal neamhriachtanach go dtí an Pool (seachas Brazzaville) agus na Rannóga Bouenza.
Moltar duit bailiúcháin phoiblí nó áiteanna ar dócha go dtarlóidh léirsithe a sheachaint. Féadfar go dtiontaíonn agóidí ina rudaí foréigneacha go tapa gan rabhadh. Moltar duit na meáin áitiúla a leanúint le haghaidh eolais ar chúrsaí.

Taisteal chun an Chongó

Is gá do na paisinéirí ar fad atá ag taisteal chun Poblacht an Chongó Foirm Dhearbhúcháin um Sláinte agus Inimirce a chomhlíonadh agus toradh diúltach ar thástáil PCR a chur ar fáil laistigh de 72 uair an chloig ó theacht isteach dóibh.

Ní gá do leanaí faoi bhun 10 mbliain d’aois tástáil dhiúltach PCR a thaispeáint.

Caithfidh paisinéirí aon bhearta scagtha breise atá curtha i bhfeidhm ag na húdaráis a chomhlíonadh agus coimeád cothrom le dáta le heolas ó do chomhlacht taistil, iompar, nó soláthraí lóistín ar an tionchar ar aon phleananna taistil atá ann faoi láthair.

Is gá tástáil PCR a fháil chomh maith sula bhfágtar Poblacht an Chongó.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalach Éireannach i gChongó, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Má bhíonn éigeandáil i gceist, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár nAonad Cúnaimh Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 1 408 2000.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Pasanna

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun Chongó agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua

Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil. Féadfaidh castachtaí breise a bheith ann i bpróiseáil iarratais le haghaidh doiciméad taistil nua de thoradh nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht ag Éirinn i gChongó.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis nAonad Cúnaimh Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 1 408 2000  chun a fháil amach cad is gá duit a dhéanamh chun doiciméad taistil nua a fháil. 

Embassy contact

Embassy Contact

Please contact our Consular Assistance Unit if you need guidance on the nearest assistance and we will help you as best we can.

Our number is: +353 1 408 2000.

Department of Foreign Affairs
Iveagh House
80 St Stephen’s Green
Dublin 2
D02 VY53

Tel: + 353 (0) 1 408 2000

24 hours a day, 7 days a week

Contact us