Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Chróit, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Chróit

Má tá tú ag taisteal chun na Cróite, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Cróite 

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Cróite. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Is féidir eolas breise ar bhearta COVID-19 sa Chróit a fháil ag:

Roinn Ghnóthaí Baile

Suíomh Gréasáin Covid-19 tiomnaithe Rialtas na Cróite

Institiúid na Cróite um Eolas Sláinte Poiblí ar COVID-19 

Cinntigh go bhfuil do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte cothrom le dáta agus bailí i rith do thurais sa Chróit.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tá an Chróit suite i réigiún seismeach. Cé go mbíonn creathanna talún neamhchoitianta agus fánach, bhí eachtraí níos mó ann le déanaí.

Bhuail crith talún ar mhéid 5.3 Ságrab ar an 22 Márta 2020. I mí na Nollag 2020, bhuail crith talún ar mhéid 5.1 Contae Sisak-Moslavina ar an 28 Nollaig, a bhí á leanúint ag crith talún ar mhéid 6.4 ar an 29 Nollaig, agus ceann amháin eile ar mhéid 5.0 ar an 6 Eanáir 2021. Braitheadh iarchreathanna ar feadh seachtainí tar éis na gcreathanna talún. Má tá tú ag taisteal chun na Cróite nó tá tú i do chónaí ansin, bí cinnte go bhfuil tú ar eolas faoi céard a dhéanamh má tharlaíonn crith talún.

Bíonn dóiteáin fhoraoise an-choitianta le linn samhraí teo tirime na Cróite. Tarlaíonn ráigeanna go rialta agus, cé go gceansaíonn Seirbhís Dóiteáin na Cróite go tapa iad seo de ghnáth gan cur isteach ar thaisteal, tá sé tábhachtach a bheith san airdeall ar ráigeanna féideartha agus a bheith ar d’fhaichill i gcónaí.

Go sonrach, bí cúramach agus tú ar cuairt nó ag tiomáint trí áiteanna coille nó foraoise; bí cinnte go mbíonn toitíní múchta i gceart agus go bhfaightear réidh leo go cúramach; ná las beárbaiciúnna; agus ná fág bruscar i do dhiaidh, buidéil fholamha go háirithe.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Chróit ach scairt a chur ar 112. Na huimhreacha éigeandála ná:

Póilíní: 192

Briogáid dóiteáin: 193

Otharcharr: 194

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Mianaigh talún

Is rudaí contúirteacha iad mianaigh talún fós in áiteanna áirithe na Cróite. Tá áiteanna a bhfuil daonra ann, mórbhealaí agus beagnach gach suíomh turasóireachta saor ó mhianaigh agus bíonn sé sábháilte cuairt a thabhairt orthu. Níor glanadh limistéir iargúlta sna sléibhte agus faoin tuath, áfach. Bí cúramach gan dul ar strae ó bhóithre, ó áiteanna coisithe agus coisithe atá marcáilte gan treoraí a bhfuil taithí aige agus na téigh sna háiteanna a bhfuil ribín timpeall orthu. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ag Ionad Gníomhaíochta Mhianach na Cróite

Coireacht

Is tír réasúnta sábháilte í an Chróit. Ba cheart duit réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh nuair a bhíonn pasanna agus airgead ort i limistéir ghnóthacha turasóireachta, áfach.

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat ag aon am amháin - fág airgead tirim breise agus earraí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná hiompar do phas murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Tabhair aire ar leith do d’earraí luachmhara má bhíonn tú ag taisteal ar thraenacha, go háirithe is d’oíche.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Chróit, déan é a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Ságrab má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Chróit, ba cheart duit a bheith cúramach agus cuimhnigh go dtiomáintear feithiclí ar thaobh deas an bhóthair. Más mian leat tiomáint, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Chlub Ghluaisteán na Cróite agus ba cheart duit na treoracha seo a leanas a leanúint:

  • Beir leat do láncheadúnas tiomána Éireannach agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus ábhartha agat.
  • Tá suíocháin faoi leith de dhíth ar naíonáin agus ní féidir le leanaí faoi dhá bhliain déag d’aois suí i suíochán tosaigh an ghluaisteáin.
  • Ní mór ceannsoilse (léis mhaolaithe) a úsáid i gcónaí.
  • Ní mór ceannsoilse a úsáid i rith an gheimhridh (is é sin, lasmuigh de thréimhse Ama Coigilte Sholas an Lae) agus i rith na hoíche nó nuair atá drochléargas ann.
  • Ní mór duit boinn gheimhridh a bheith ar an acastóir tiomána agus slabhraí sneachta a bheith i d’fheithicil i rith ‘choinníollacha an gheimhridh’. Is rudaí riachtanacha iad ceithre bhonn geimhridh nó samhraidh, agus íosdomhain 4mm den snáithe/sliotán rubair ag gabháil le gach ceann.
  • Ní mór veist fhluaraiseach a bheith agat sa ghluaisteán (ná bíodh sé sa bhúit) nuair a thiomáintear agus ní mór é a chaitheamh má fhágann tú d’fheithicil ag tráth ar bith (mar shampla, cliseadh).
  • Faoi dhlí na Cróite, tá sé in aghaidh an dlí do thiománaithe gairmiúla (mar shampla, iompróirí, tiománaithe tacsaí, srl.) agus daoine óga (16-24 bliain d’aois) chun tiomáint le halcól ar bith ina gcuid córas (tá beartas neamhfhulaingthe ann dóibh siúd atá i gceannas ar luamh agus ar bháid). Ó thaobh tiománaithe eile de, is é 0.05 teorainn na fola/an alcóil.
  • Déanann na póilíní spotseiceáil go rialta ar thiománaithe maidir le tiomáint faoi thionchar an óil agus déanfaidh siad tástálacha anáileadáin ar shuíomh na timpiste is mine fiú. Glacfar go bhfuil tiománaithe ag tiomáint faoi thionchar an alcóil má dhiúltaíonn siad tástáil anáileadáin a dhéanamh. Tá póilíní na Cróite faoi cheangal samplaí fola a thógáil chun leibhéil alcóil fola a thástáil i gcás teagmhais ina dtarlaíonn bás nó gortú dáiríre dá thoradh.

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara ag dul le húsáid drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Ceannach réadmhaoine

Tá saoránaigh agus daoine dleathacha ó bhallstáit an Aontais i dteideal réadmhaoin a cheannach i bPoblacht na Cróite faoi na coinníollacha céanna le saoránaigh na Cróite. Bíonn gnáthaimh an-éagsúil ann de ghnáth ó na gnáthaimh atá ann in Éirinn maidir le réadmhaoin a cheannach, áfach, agus ba cheart duit taighde a dhéanamh ar an ábhar sula dtagtar ar aon chomhaontú. Má tá sé i gceist agat réadmhaoin a cheannach sa Chróit, molaimid go láidir go dtéann tú i gcomhairle le comhairleoir dlí neamhspleách ó thús an phróisis agus go gcinntíonn tú go bhfuil teideal soiléir ann chun úinéireachta maidir leis an réadmhaoin atá i gceist. Is féidir leis an Ambasáid sonraí teagmhála a chur ar fáil duit do chomhairleoirí dlí a labhraíonn Béarla ach ní féidir leo aon chomhairle dlíthiúil nó riaracháin a chur ar fáil maidir le réadmhaoin a cheannach sa Chróit.

Clárú

Ní mór duit clárú leis na póilíní áitiúla laistigh de 48 uair an chloig den am a thagann tú isteach sa Chróit. Féadfaidh é seo a dhéanamh de ghnáth trí do lóistín - bíonn óstáin, tithe lóistín agus seirbhísí lóistín eile lena n-áirítear suíomhanna campála, i dteideal clárú lena gcuid aíonna. Gearrtar táille chaighdeánach de €1 ar do bhille lóistín don tseirbhís seo de ghnáth. Féadfaidh tú clárú ag an stáisiún póilíní, nó ag oifigí turasóireachta i gcathracha agus i mbailte móra. Mura gcláraítear, d’fhéadfaí go ngearrfar suas go €500 ort mar fhíneáil nó d’fhéadfaí go dtabharfar ort an Chróit a fhágáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar chlárúcháin ón Aireacht Gnóthaí Baile.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Sláinte

Vacsaínithe

Seiceáil le do dhochtúir ar a laghad ocht seachtaine sula dtaistealaíonn tú chun féachaint má tá aon vacsaín de dhíth ort don Chróit.

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil ábhartha, cumhdófar na costais seo, ar choinníoll nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha briste agat.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gcumhdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 mhilliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fanachta níos faide nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais a cailleadh agus a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Mar chónaitheoir Éireannach tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má éiríonn tú tinn nó gortaithe agus tú ar fhanacht sealadach ann. Cinntigh go bhfaigheann nó go ndéanann tú athnuachan ar do CEAS (an t-ainm nua ar an E111) sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Faigh tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh do do CEAS.

Ní hionann an CEAS agus árachas taistil ceart arna sholáthar ag árachóir creidiúnach. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil de chineál neamhphráinneach. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach nglacfaidh roinnt ospidéal príobháideach leis an CEAS, mar sin ba chóir duit seiceáil le riarthóir an ospidéil roimhe ré.

Cógas

Cinntigh go dtógfar a dhóthain cógais leat do do thuras ar fad agus do mhoill ar bith nach mbeifear ag súil leo. Tóg cóipeanna de d’oideas dochtúra ar eagla go gcailleann tú do chógas, nó ar eagla go n-iarrfar ort údar a thabhairt leis an bhfáth a bhfuil cógais áirithe agat ag pointe iontrála (aerfort, calafort, críoch talún srl.)

Cuimhnigh nach bhfuil gach cógas thar an gcuntar atá ar fáil in Éirinn dleathach i dtíortha eile agus cuimhnigh chun do chuid taighde a dhéanamh sula n-imíonn tú. Seiceáil le hAmbasáid nó le Consalacht na tíre is gaire atá i gceist ort cuairt a thabhairt air muna bhfuil tú cinnte cén cógais is féidir a thógáil leat.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní bhíonn víosa de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha chun cuairt a thabhairt ar an gCróit. Cé go bhfuil an Chróit mar bhall den Zón Schengen, níl Éire. Cinntigh go bhfuil do phas bailí ar feadh fhad iomlán do thréimhse fanachta. Molaimid duit cóipeanna leictreonacha agus/nó páipéir a thógáil leat i gcónaí.

Clárú

Má tá sé i gceist ag saoránach Éireannach fanacht ar feadh níos mó ná 90 lá sa Chróit is gá dóibh tréimhse fanachta shealadach a chlárú ag an stáisiún póilíní áitiúil is gaire. Beidh ort comhartha aitheantas a chur ar fáil agus tú ag clárú, chomh maith le cruthúnas lóistín ar feadh fhad do thréimhse fanachta, agus an chúis a bhfuil tú ag fanacht ann.

Airgead

Ón 1 Eanáir 2023, is ball í an Chróit de Chrios an Euro. Glactar le haon mhórchárta creidmheasa/dochair i dromlach na mbanc agus na n-óstán. Tá Uathmheaisíní Bainc ann go forleathan. Má tá siombail Maestro nó Cirrus ar do chártaí Uathmheaisín Bainc, féadfaidh tú airgead a thógáil amach ó do chuntas Éireannach.

 

 

Embassy contact

Embassy Contact

If you are in need of emergency assistance in Croatia outside office hours, please contact the Embassy at +385 (0)1 627 8920 and leave a message on the answering machine.

Embassy of Ireland
Miramarska Avenue 23/lll
10000 Zagreb
Croatia

Monday to Friday from 09:30 - 12:30 and 14:30 - 16:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Emil Tedeschi
Rovinjska 4
2100 Split

Tel: +385 (0)21 362 008
Fax: +385 (0)21 480 513

09:00 - 13:00

Email: Email us