Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bhreatain Mhór, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Bhreatain Mhór

Má tá tú le taisteal chuig an mBreatain Mhór, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Breataine

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Breataine. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Tuilleadh eolais: 

Taisteal go Sasana

Taisteal chuig Albain

Taisteal chun na Breataine Bige 

GOV.UK

Má tá tú sa Bhreatain Mhór, ba cheart duit súil a choinneáil ar fhorbairtí go rialta agus comhairle ó na húdaráis áitiúla a leanúint. 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Tá an baol ó sceimhlitheoireacht sa Bhreatain Mhór ardaithe ó “shuntasach” go “géar,” an dara leibhéal foláirimh is airde, rud a thugann le tuiscint go bhfuil baol ard ionsaithe ann. Ciallaíonn sin go bhfuil baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh. Tá bearta slándála breise curtha i bhfeidhm in aerfoirt agus ar feadh líonraí iompair sa Ríocht Aontaithe. D’fhéadfadh moill a bheith ar thurais.  

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal sa Bhreatain Mhór ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhreatain Mhór, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Londain nó Chonsalacht na hÉireann, Edinburgh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Bhreatain Mhór, cuimhnigh, cé go bhfuil na rialacháin an-chosúil le rialacháin na hÉireann, ba chóir duit a bheith cúramach i gcónaí.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Breataine Móire, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Riachtanais Iontrála

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Weather text removed

Sláinte

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Tá Comhlimistéar Taistil (CTA) ann idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe (lena n-áirítear Oileáin Mhuir nIocht agus Manainn). Faoin CTA, ní gá do shaoránaigh de chuid na hÉireann a bpas a bheith ar iompar acu agus iad ag taistil chun na RA. Caithfidh siad, áfach, céannacht oiriúnach le grianghraf a bheith ar iompar acu, mar shampla:

  • Pas bailí
  • Ceadúnas tiomána le grianghraf air
  • Cárta mic léinn idirnáisiúnta
  • Cárta céannachta idirnáisiúnta
  • Pas bus le grianghraf air
  • Cárta céannachta na nGardaí Síochána le grianghraf air
  • Cárta céannachta oibre le grianghraf air

Tabhair ar aird, áfach, go n-éilíonn roinnt aerlínte agus iompróirí eile go mbíonn pas bailí agat sula bhféadfaidh tú taisteal leo. Seiceáil le do chuideachta taistil maidir lena riachtanais sula dtéann tú ag taisteal.

Sláinte

Níl aon vacsaíniú ag teastáil ó shaoránaigh de chuid na hÉireann don Bhreatain Mhór.

Cóireáil liachta

Ba chóir do chuairteoirí a dteastaíonn cóireáil láithreach uathu do dhíobhálacha/bhreoiteacht tromchúiseach glaoch ar 999 nó dul chuig an ospidéal is gaire a bhfuil roinn Timpiste agus Éigeandála ann (A&E). Maidir le mionbhreoiteacht agus díobhálacha nach bhfuil tromchúiseach, tá roinnt ionad siúl-isteach de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte (NHS), mionsonraí ar fáil ar www.nhs.uk . 

Tá seirbhís teileafóin 24 uair an chloig ag NHS Direct a thugann eolas ar riochta sláinte faoi leith ag 0845 4647. Tugann Roinn Sláinte na RA mionsonraí iomlána ar theidlíochtaí agus costais do chuairteoirí ó thar lear ar an láithreán gréasáin www.dh.gov.uk.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 0207 235 2171, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox.

This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
17 Grosvenor Place,
London SW1X 7HR
Great Britain

Tel: +44 20 72352171
Fax: +44 20 7589 8450

Monday – Friday 9:30am to 12:30pm and 2:30pm to 4:30pm

Contact us

Consulate Contact

Consulate General of Ireland, Cardiff
2 Caspian Point
Caspian Way
Cardiff CF10 4DQ
Wales

Tel: +44 29 2045 5558

Monday to Friday 09.30 – 13.00 and 14.30 – 17.00

Contact us

Consulate Contact

Consulate General of Ireland
16 Randolph Crescent
Edinburgh EH3 7TT
Scotland

Tel: +44 131 226 7711
Fax: + 44 131 226 7704

Monday to Friday 09.30 – 13.00 and 14.30 – 17.00

Contact us

Consulate Contact

Consulate General of Ireland for the North of England, Manchester
Lowry House
17 Marble Street
14th Fl.
Manchester M2 3AW
England

Tel: +44 161 638 9240

Monday to Friday 09.30-16.30

Contact us