Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bhealarúis, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Bhealarúis

Má tá tú ag taisteal chun na Bealarúise, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándá

Ná Taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Bhealarúis nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Bhealarúis sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin. 

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht de chuid na hÉireann sa Bhealarúis, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má bhíonn cabhair agus comhairle uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Vilnius sa Liotuáin.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí de thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Moltar go láidir duit léirsithe polaitiúla, slógaí, máirseálacha nó cruinnithe poiblí a sheachaint, mar go bhfuil seans níos mó go n-éireoidh siad luaineach agus nach mbeifear in ann a thuar céard a tharlóidh. D’fhéadfadh sé go mbainfí brí as a bheith thart ar a leithéid de léirsithe nó slógaí, go bhfuil baint ghníomhach agat leis an ócáid, agus d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh na h-údaráis faoi choinneáil tú. Coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoina bhfuil ag tarlú thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil le bainistíocht d’óstáin nó do thionscnóir turas.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil baol íseal ó sceimhlitheoireacht sa Bhealarúis, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh. Bí airdeallach agus lean na treoracha agus an chomhairle ó na póilíní áitiúla i gcónaí.

Phléasc buama i stáisiún metro Oktyabryskaya i lár Minsk i lár an tráthnóna in 2011, agus maraíodh 15 duine agus gortaíodh os cionn 200. 

Coiriúlacht

Ba chóir duit a bheith airdeallach i gcónaí roimh choiriúlacht ar thurasóirí, go háirithe mugálacha, peasghadaíocht agus goid ó fheithiclí nó ó sheomraí óstán. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Bí thar a bheith cúramach nuair a bhíonn tú ag taisteal ar an traein mar is féidir le goid tarlú, go háirithe ar thraenacha ina mbíonn daoine ina gcodladh orthu thar oíche agus a théann chuig Vársá agus chuig Moscó

Sábháilteacht phearsanta

Nuair a théann tú isteach i gclubanna oíche, coinnigh súil ar leith ar do thimpeallacht agus ar dheochanna, mar tarlaíonn sé go coitianta go gcuirtear drugaí in deochanna.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhealarúis, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Vilnius má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Bhealarúis, bí thar a bheith cúramach mar go n-athraíonn caighdeáin thiomána go mór agus tiomáintear ar thaobh na láimhe deise den bhóthar. Tá mórbhealaí ‘grád-A’ na Bealarúise ar an meán i gcaoi mhaith, ach tá an bhail atá ar bhóithre ‘grád-B’ éagsúil ar fad agus ní féidir tiomáint ar chuid acu ar feadh tréimhsí sa gheimhreadh.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead idirnáisiúnta tiomána agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí orts
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Tabhair faoi deara gur iondúil nach mbíonn oibreacha bóthair ná linntreoga marcáilte go maith
  • Is guais ar leith do thiománaithe i gceantair faoin tuath nach bhfuil soilse iontu   capaillín agus trap le chéile
  • Ba chóir duit fios a bheith agat go bhféadfaí fíneáil a ghearradh ort faoi shiúl ainrialta
  • Ba chóir go mbeadh soilse lasta ar gach feithicil i gcónaí ón 1 Samhain go 31 Márta iniata
  • Tá formhór na gcomharthaí tráchta i script Choireallach amháin (ní Laidin)

Luasteorainneacha

Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Bealarúise, mar shampla luasteorainneacha. Is é an luasteorainn i gceantair faoi fhoirgnimh ná  60 ciliméadar/uair, mura sonraítear a mhalairt. Lasmuigh de cheantair faoi fhoirgnimh, is é 90 ciliméadar/uair an teorainn, agus is é an luasteorainn ar mhótarbealaí ná 100 ciliméadar/uair. Má tá do cheadúnas tiomána agat ar feadh níos lú ná dhá bhliain, ní féidir leat tiomáint thar 70 ciliméadar/uair.

Doiciméadúchán cairr

Nuair atá tú ag taisteal i bhfeithicil phríobháideach, ní mór duit a bheith in ann doiciméid úinéireachta a chur ar fáil d’oifigigh chustaim ag trasbhealaí teorann. Mura tú úinéir an chairr, ní mór duit litir ‘cumhacht aturnae’ a chur ar fáil. Ní ghlactar ach le bunleagan na ndoiciméad seo.

Má tá tú ag tiomáint sa Bhealarúis bí cinnte nach sáraíonn tú na téarmaí sealadacha iompórtála do do fheithiclí. Má sháraíonn tú an spriocdháta imeachta, d’fhéadfaí d’fheithicil a choigistiú ag teorainn na Bealarúise nó ag seicphointe póilíní in-tíre.

Tiomáint ar an mótarbhealach

Tá córas táillí i bhfeidhm ar mhórbhealaí na Bealarúise do dhaoine a thiomáineann feithiclí eachtrannacha. Bailítear na híocaíochtaí ag seicphointí teorann agus beidh siad éagsúil ag brath ar cén fhad é do chuairt. 

Árachas

Ní mór duit árachas cairr tríú páirtí a bheith agat nó d’fhéadfaí fíneáil ‘ar an láthair’ a ghearradh ort. Ní féidir é seo a cheannach ach amháin nuair a thagann tú isteach sa Bhealarúis. Faigh eolas ag oifigí teorann Chustaim na Bealarúise. 

Seicphointí póilíní

Tá seicphointí póilíní ar bhealaí ar fud na tíre. Ba chóir duit stopadh acu seo i gcónaí nuair a iarrtar ort é, agus do dhoiciméadúchán feithicle a bheith agat, mar mura mbeidh d’fhéadfadh sé go ngearrfaí fíneáil ort agus go gcuirfí moill ort. 

Teorainn

D’fhéadfadh sé go mbeadh scuainí fada ag an teorainn agus is féidir le custaim agus inimirce a bheith fada agus maorlathach. Déan neamhaird ar ‘éascaitheoirí príobháideacha’ a thairgeann cúnamh do thaistealaithe trasbhealaí teorann agus seicphointí a thrasnú.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Spóirt eachtraíochta

Ní bhíonn go leor de na hoibreoirí spórt eachtraíochta rialáilte, agus mar sin bí cúramach nuair a roghnaíonn tú duine acu agus téigh i gcónaí le hoibreoirí creidiúnaithe turas.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Céannacht phearsanta

Ní mór duit do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí. Má stopann na póilíní tú chun spotseiceáil cláraithe (víosa) a dhéanamh, agus mura féidir leat d’aitheantas a chruthú le cárta céannachta a aithnítear go hidirnáisiúnta, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh na póilíní tú faoi choinneáil go dtí go ndéantar do chéannacht a fhíorú.

Déshaoránacht

Ní féidir le déshaoránaigh (saoránaigh de chuid na hÉireann a bhfuil saoránacht de chuid na Bealarúise acu freisin) dul isteach agus amach as an Bhealarúis ach amháin ar phas bailí de chuid na Bealarúise. Ní féidir leat do phas de chuid na hÉireann a úsáid, fiú amháin má tá víosa chuí agat. 

Ba chóir go mbeadh a fhios ag déshaoránaigh de chuid na hÉireann agus na Bealarúise nach féidir le hAmbasáid na hÉireann ach cúnamh consalachta a thabhairt dóibh sa Bhealarúis agus sin faoi lánchead ó údaráis na Bealarúise.

Drugaí Neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar choireanna a bhaineann le drugaí sa Bhealarúis. Má bheirtear ort agus drugaí i do sheilbh d’fhéadfaí pionós ar bith ó fhíneálacha suas go dtí cúig bhliana i bpríosún a ghearradh ort. D’fhéadfaí téarma idir 7-15 bliain i bpríosún a ghearradh ort  do choireanna a bhaineann le lastais mhóra drugaí.

Grianghrafadóireacht

Seachain grianghraif a ghlacadh d’fhoirgnimh rialtais, d’ionaid mhíleata, d’institiúidí stát agus d’oifigigh in éide.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas dleathach faoi dhlí na Bealarúise.  Is sochaí choimeádach í an Bhealarúis, áfach, agus bíonn cúrsaí aerach/leispiach coinnithe an-chiúin agus ní mórán homaighnéasach a admhaíonn go hoscailte gur homaighnéasaigh iad. Moltar duit a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Aeráid

Tá aeráid mheasartha ilchríochach sa Bhealarúis agus bíonn an geimhreadh fuar agus bogthais (-4.5°C go -8°C an teocht ar an meán) agus bíonn an samhradh te (17°C go 18.5°C an teocht ar an meán). Is féidir le teocht éagsúil a bheith ar fud na tíre, áfach, agus d’fhéadfadh fíortheocht a bheith i gceist. Mar is dual do shéasúr an gheimhridh titeann sneachta trom ann agus bíonn sé ag báisteach go minic idir Aibreán agus Deireadh Fómhair.

Tine foraoise

Tá codanna den Bhealarúis clúdaithe le dlúthfhoraoisí agus bíonn tinte foraoise ann go minic nuair a bhíonn aimsir thirim ann. Seachain áiteanna a bhféadfadh foláirimh faoi thinte a bheith in áit.

Tuilte

Bhí tuilte ann a rinne damáiste uaireanta tar éis leá an earraigh agus mar sin tabhair aird ar thuairiscí áitiúla sula dtéann tú ag taisteal.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Bealarúise, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Ambasáid na Bealarúise i Londain. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas. 

Sa chás nach bhfuil ach tuismitheoir/caomhnóir amháin ag taisteal le leanbh chun na Bealarúise nó uaithi, beidh litir ón tuismitheoir/ón gcaomhnóir eile, a thugann cead don leanbh taisteal, de dhíth ó údaráis na Bealarúise. Beidh an litir aistrithe (murar scríobhadh í sa Bhealarúisis nó sa Rúisis) agus sínithe ag nótaire. Má dhéantar nótaireacht ar an litir seo i mBaile Átha Cliath, beidh Apastaile de dhíth ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath.  Féach an chuid “Fíordheimhniú Cáipéisí” chun tuilleadh eolais faoi Apastailí a fháil.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat.

Clárú

Má tá tú ag fanacht sa Bhealarúis ar feadh níos mó ná trí lá, ní mó duit clárú leis an oifig áitiúil póilíní (OVIR) sa limistéar ina bhfuil tú ag fanacht.  Má tá tú ag fanacht in óstán, déanfar é seo ar do shon. Mura bhfuil tú ag fanacht in óstán, caithfidh d’óstach é seo a eagrú. Tá fíneálacha i gceist mura gcláraíonn tú in am.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Bealarúise.

Saoráidí liachta

Tá caighdeáin chúraim liachta go maith faoi bhun na gcaighdeán atá in Éirinn agus ba chóir duit do dhóthain cógais riachtanacha pearsanta a thabhairt leat a mhairfeadh ar feadh do chuairte, mar d’fhéadfadh sé nach mbeadh tú in ann soláthairtí a fháil sa Bhealarúis.

Radaíocht

Seachain bia-ábhair ar leith (táirgí áitiúla déiríochta, muisiriúin fhoraoise agus torthaí na foraoise go príomha), mar go bhféadfadh léibhéil arda radaíochta a bheith iontu mar gheall ar thruailliú ó thubaiste Shearnóbail.

Uisce

Ná hól uisce tobair baile mar is iondúil go mbíonn sé truaillithe go mór ag neamhghlainí. I gcathracha, ba chóir duit uisce buacaire a fhiuchadh ar dtús agus a scagadh ansin sula n-ólann tú é. Moltar duit uisce buidéalaithe a cheannach, atá le fáil go forleathan sna siopaí.

Airgead

Moltar duit meascán de dhollair US agus den Euro a iompar nuair a bhíonn tú ag taisteal sa Bhealarúis agus déan cinnte go bhfuil do dhóthain airgid agat ar feadh tréimhse do chuairte. Tá ardú ag teacht i gcónaí ar líon na n-inneall ATM atá ins na cathracha móra. Ní úsáidtear cártaí creidmheasa go forleathan ach glacfaidh roinnt bialanna agus siopaí móra leo agus is féidir leat iad a úsáid chun airgead a aistarraingt i mbainc agus in óstáin mhóra.

Airgeadra

Ná malartaigh airgeadra eachtrannach ach ag bothanna atá ceadúnaithe ag an Rialtas, atá le fáil laistigh nó gar de bhainc, óstáin agus siopaí móra agus i ngach ionad siopadóireachta. D’fhéadfadh fíneálacha agus/nó gabháil a bheith i gceist as neamhchomhlíonadh.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the Embassy Duty Officer on +370 6551 5235. Please note this number is monitored outside of office hours only.

Embassy of Ireland
Gedimino pr. 1,
LT-01103 Vilnius
Lithuania

Tel: +370 5262 9460

Monday to Friday 10:00 and 12:00 and between 14:00 and 16:00

Contact us