Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Airméin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Airméin

Má tá tú ag taisteal chun na hArméine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Airméin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Airméin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann san Airméin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Sóifia má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Ceantair Teorann

Cé go bhfuil sos comhraic ar bun ó 1994, tá na teorainneacha idir an Asarbaiseáin agus an Airméin agus críocha faoi fhoghabháil na hAirméine araon fós dúnta. Tarlaíonn lámhach uaireanta agus tá mianaigh agus ordanás neamhphléasctha sna ceantair teorann. Tá sé dóchúil go stopfaidh póilíní nó an t-arm aon eachtrannaigh a rachaidh i bhfoisceacht 20 ciliméadar de na teorainneacha sin.

Mar gheall air sin, moltar gan taisteal i ngar do theorainn na hAsarbaiseáine, go háirithe ceantair Tavush agus Gegharkunik, mura bhfuil sé riachtanach. Moltar freisin gan taisteal ar an mbóthar ó Ijevan go Noyemeryan ná ar na bóithre thar Berd, mar go bhfuil an díospóid maidir le Nagorno Karabakh fós gan réiteach.

Tá teorainn talún na hAirméine leis an Tuirc dúnta, ach tá eitiltí díreacha ar fáil le Armavia ó Eireaván go hIostanbúl.

Léirsithe

Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann léirsithe agus áiteanna a bhfuil go leor daoine cruinnithe a sheachaint más féidir é ar chor ar bith. D’fhéadfadh léirsithe polaitíochta tarlú i lár Eireaváin, gar don Amharclann Ceoldrámaíochta ach go háirithe, agus i gcathracha agus i mbailte eile ar fud na tíre.

Tá léirsithe den sórt sin, fiú má tá sé i gceist iad a bheith síochánta, in ann éirí achrannach uaireanta. Má tá sé riachtanach a bheith i ngar do léirsiú nó tionóil, ba chóir duit a bheith an-airdeallach i gcónaí.

Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht san Airméin íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Airméin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Airméin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Sóifia má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint san Airméin, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Is féidir leis na bóithre a bheith i ndroch-chaoi agus tá droch-chaighdeán tiomána ann go háitiúil, is minic go ndéanann tiománaithe neamhaird de dhlíthe tráchta. Bítear ag tiomáint ar thaobh na láimhe deise den bhóthar san Airméin.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas iomlán tiomána Éireannach agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hAirméine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Coisithe

Má tá ag siúl san Airméin, ba chóir duit a bheith cúramach ag dul trasna an bhóthair.

Iompar Poiblí

Is iondúil go mbíonn iompar poiblí plódaithe agus déantar droch-chothabháil air. Ní bhíonn busanna ann ag tráthanna rialta agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair do bhealach a dhéanamh ann mura labhraíonn tú Airméinis nó Rúisis.  

Tacsaithe

Tá tacsaithe sách saor agus tá sé sách éasca iad a fháil in Eireaván. Is féidir iad a stopadh go héasca ar an tsráid. Seiceáil go bhfuil an méadar ar siúl. Mura bhfuil méadar ann, socraigh praghas don turas sula dtosóidh amach. Bíonn meánphraghsanna do thurais i lár na cathrach thart ar 700-1000 dram.

Sábháilteacht Aeir

Moltar eitilt chun na hAirméine ar eitilt idirnáisiúnta sceidealaithe. Is iad Air France, Austrian Airlines, BMI, CSA Czech Airlines agus Lufthansa na haerlínte ón Iarrthar a théann chun na hAirméine.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Creideamh

Is tír cheartchreidmheach Chríostaí í an Airméin agus de ghnáth féadfaidh mná gnáthéadaí ar stíl an iarthair a chaitheamh. Tá daoine níos coimeádaí áfach, lasmuigh den phríomhchathair.

Grianghrafadóireacht

Seachain pictiúir a thógáil de láithreáin mar bhunáiteanna, trealamh agus suiteálacha míleata, cibé cén bhail atá orthu. Meastar gur áiteanna íogaire iad agus coimeádadh agus ceistíodh turasóirí nuair a thriail siad pictiúir a thógáil díobh.

Ba chóir duit a bheith eolach freisin maidir le híogaire cultúir agus pictiúir á dtógáil agat de shéipéil agus láithreáin chráifeacha eile. Iarr cead má tá aon amhras ort.

Homaighnéasachas

Rinneadh homaighnéasachas a dhíchoiriú i Lúnasa 2003, ach is stíl bheatha é fós nach nglacann tromlach de mhuintir na hAirméine leis. Moltar do thaistealaithe a bheith discréideach agus iad ar cuairt chun na hAirméine.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Creathanna talún.

Is crios seismeach gníomhach í an Airméin. Bhí eipealár an chreatha talún a tharla go deireanach, i 1988, i réigiún Lori ó thuaidh. Maraíodh idir 25,000 agus 50,000 duine, gortaíodh na mílte agus fágadh go leor cathracha scriosta. Lean treoracha na n-údarás áitiúil i gcás éigeandála i gcónaí.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann le dul isteach san Airméin. Is féidir leat víosa a fháil ag an aerfort in Eireaván agus ag teorainneacha talún nó trí iarratas a dhéanamh ar ríomh-víosa ar líne trí an Aireacht Gnóthaí Eachtracha.

Má tá sé i gceist agat dul isteach san Airméin ar thraein, déan cinnte go bhfuil do víosa agat sula dtéann tú ar an traein. Ba chóir do dhaoine a bhfuil pasanna oifigiúla agus taidhleoireachta acu a víosaí a fháil sula dtaistealaíonn siad.

Is féidir tuilleadh a fháil amach faoi inimirce agus riachtanais víosa don Airméin ó Ambasáid na hAirméine chun na hÉireann i Londain.

Ag taisteal le leanaí

Ba chóir go mbeadh daoine ag dul isteach san Airméin a bhfuil dhá phas acu agus a bhfuil a bpas Airméanach in úsáid acu agus atá ag taisteal le leanaí ar phas Éireannach a bheith eolach ar dhlí náisiúntachta na hAirméine sula dtéann siad isteach sa tír.

Faoi dhlí na hAirméine, féachtar ar leanbh duine le pas Airméanach go huathoibríoch mar Airméanach. Is féidir impleachtaí a bheith i gceist leis sin má tá iarratas á dhéanamh agat ar shíneadh ama a chur le víosa nó nuair atá tú ag fágáil na hAirméine, mar d’fhéadfadh údaráis na hAirméine iarradh ort pas Airméineach a thaispeáint.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hAirméine.

Saoráidí liachta

Tá drochshaoráidí liachta ann tríd is tríd agus ní mholtar cóireáil ach le haghaidh mion-easláinte.

Baincéireacht

Ní úsáidtear seiceanna ná cártaí creidmheasa tríd is tríd laistigh den Airméin. Luaitear praghsanna earraí agus seirbhísí i nDollair na Stát Aontaithe, ach de réir an dlí, ní mór íocaíocht a dhéanamh i nDram na hAirméine. Is féidir teacht ar go leor ATManna in Eireaván. Tá malartáin airgeadra eachtraigh ar fáil freisin i gcraobhacha de chuid na mbanc mór, i mbiúrónna malartaithe agus i roinnt ollmhargaí. Moltar duit gan airgead a mhalartú ar an tsráid.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of an emergency while the Embassy is closed, you can contact the main Embassy number, +359 2 985 3425, to receive further information on emergency consular assistance.

Embassy of Ireland
Platinum Business Centre
26-28 Bacho Kiro Street
Sofia 1000
Bulgaria

Tel: +359 2 985 3425
Fax: +359 2 983 3302

Monday to Friday 09:15 - 16:45

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Jonathan Stark,
Honorary Consul of Ireland,
3rd Floor,
18/1 Vardanants str.,
Yerevan 0010,
Armenia

Tel: +37410 526330
Tel: +37410 526331
Fax: +37410 547883

Please be advised that the Consulate is not staffed full time. For emergency consular assistance please contact our Honorary Consul Mr Jonathan Stark via phone or email.

Email: Email us